Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 31

XXXI.

Do ghabh Duach Dallta Deaghaidh mac Cairbre Luisc mic Luighdheach Luaighne mic Ionnadmháir mic Nia Seaghamain mic Adhamair Fholtchaoin mic Fir Chuirb mic Mogha Cuirb mic Cobhthaigh Chaoimh mic Reachtadha Ríghdheirg do shíol Éibhir ríoghacht Éireann deich mbliadhna. Is uime ghairthear Duach Dallta Deaghaidh dhe, dá mhac do bhí ag Cairbre Luisc .i. Duach is Deaghaidh a n-anmanna, agus do bhí imreasan eatorra fá ríoghacht Éireann; óir ba hinneamhail mar adhbhar ríogh gach mac dhíobh ar dheilbh is ar dhéanamh ar ghníomh is ar ghaisceadh. Gidheadh do thogair Deaghaidh an mac do b'óige don dís teacht fá bhrághaid a dhearbhráthar do ba sine ioná é féin .i. Duach. An tan do chonnairc Duach an ní sin do chuir teachta uaidh ar cheann a dhearbhráthar .i. Deaghaidh. Táinig iomorro Deaghaidh go hairm a raibhe Duach agus mar ráinig do láthair gabhthar lé Duach é, gur bhean a dhá shúil as, go raibhe 'n-a dhall go dearbhtha; gonadh de sin do lean Duach Dallta Deaghaidh mar fhorainm air. Is ag faisnéis an ghníomha soin do rinne file éigin an rann-so:

    1. Do gabhadh Deaghaidh 'n-a thoigh
      Ag Duach, ag a dhearbhráthoir;
      Agus do dalladh go dian
      An Deaghaidh sin, gér dhroichchiall.
Do thuit an Duach-so lé Fachtna Fáthach mac Cais.

Do ghabh Fachtna Fáthach mac Cais mic Rudhruighe mic Sithrighe mic Duibh mic Fomhóir mic Airgeadmháir mic Síorláimh do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann sé bliadhna déag gur thuit lé h-Eochaidh Feidhlioch.


p.184

Do ghabh Eochaidh Feidhlioch mac Finn mic Fionnlogha mic Roighnéin Ruaidh mic Easamain Eamhna mic Bláthachta mic Labhradha Luirc mic Éanna Aighnigh mic Aonghusa Thuirbhigh Teamhrach mic Eochach Fhoiltleathain mic Oiliolla Chaisfhiaclaigh mic Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil m-Breagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann dhá bhliadhain déag. Beinia inghean Chriomhthainn máthair Eochach Feidhligh. Is uime ghairthear Eochaidh Feidhlioch dhe do bhrígh go raibhe osna i bhfad ann. Ionann iomorro feidhil is fada; ionann fós uch is osna; uime sin, is ionann feidhlioch is feidhil uch .i. fadosna; óir níor dhealuigh osna ré n-a chroidhe ó do marbhadh a mhaca leis i gcath Droma Criaidh go bhfuair féin bás. Na trí Finneamhna do gairthí do na trí macaibh sin. Agus is uime do gairthí Eamhna dhíobh ón fhocal-so amhaon, da dhiúltadh nach 'n-a aonar rugadh neach aca, acht gurab i n-aoinfheacht rugadh iad; agus Cloithfhionn inghean Eochach Uichtleathain bean Eochach Feidhligh fá máthair dhóibh, agus d'aon toirbheart rug sí iad. Breas is Nár is Lothar a n-anmanna. Agus is é an t-Eochaidh Feidhlioch-so do roinn is do orduigh cúigeadhaigh ar Éirinn ar dtús. Óir do roinn sé Cúigeadh Connacht 'n-a trí míribh ar thriar .i. Fidheac mac Féig, Eochaidh Allad, Tinne mac Connrach. Tug do Fhidheac Fir na Craoibhe ó Fhidheac go Luimneach; tug d'Eochaidh Allad Iorrus Domhnann ón n-Gaillimh go Duibh agus go Drobhaois; tug do Thinne mac Connrach Magh Sainbh agus Seantuatha Taidhean ó Fhidheac go Teamhair Bhrogha Niadh; tug fós Cúigeadh Uladh d'Fearghus mac Léide; tug Cúigeadh Laighean do Rossa mac Fearghusa Fairrge; tug dá Chúigeadh Mumhan do Thighearnach Théadbhannach is do Dheaghaidh; ionnus gur chuir Éire fá n-a smacht is fá n-a ordughadh féin go hiomlán feadh a fhlaithis.


p.186

Acht cheana téid Eochaidh iar sin i g-Connachtaibh; agus tigid na trí rígh sin is trí ranna Connacht 'n-a dháil. Do iarr Eochaidh ionadh longphuirt ríogh i g-Connachtaibh orra dhó féin. Adubhairt Eochaidh Allad is Fidheac nach tiubhradaois féin sin dó, is gur bh'fhearr leo a chíos is a dhualgas do chur chuige go Teamhair. Gidheadh do ba toil lé Tinne mac Connrach .i. an treas fear dhíobh ionadh longphuirt do bheith ag Eochaidh. Tug Eochaidh a inghean féin .i. Meadhbh 'n-a mnaoi do Thinne, agus do cheangladar cáirdeas ré chéile. Do fhiafruigh Eochaidh Feidhlioch da dhraoithibh c'áit a ndéanadh longphort; agus adubhradar ris a dhéanamh i n-Druim na nDruadh ris a ráidhtear Cruachain. Do tionnscnadh an ráith ann sin leis an n-Gamhanruidh ó Iorrus Domhnann agus do rinneadar cloidh na rátha soin Eochach i n-aonló, amhail adeir an file:

    1. Tug i n-aonló ar oireacht Domhnann
      Déanamh na diongna is a dheilbh;
      Ní thug rí Fáil go na fleadhaibh
      Dáil do na fearaibh mu'n bhfeidhm.
Do rinneadh foirghneamh iar sin innte; agus tug Eochaidh ríoghacht Chonnacht do Thinne mac Connrach, agus do phós a inghean féin .i. Meadhbh ris. Do mharbh Tinne Eochaidh Allad da éis sin agus tug ríghe Domhnannach d'Oilill Fhionn. Tug trá Meadhbh ceannas Rátha hEochach do Chróchain Chróidheirg máthair Mheidhbhe féin; agus is ón Chróchain sin ghairthear Cruachain do Ráith Cruachan aniú, amhail adeir an file san rann-so:
    1. Druim na nDruadh is Tulach Oichne,
      Ráith hEochach a hainm iar soin;
      Ráith Cruachan ó Chróchain Chróidheirg,
      Do luathuigh móirfheirg san moigh.
Do bhí Meadhbh 'n-a mnaoi i bhfad 'n-a dhiaidh sin ag Tinne mac Connrach, gur thuit sé i d-Teamhraigh do láimh Mhonuidhir

p.188

da ngairthí mac Céacht. Do bhí cheana Meadhbh deich mbliadhna i ríghe Connacht d'éis Tinne gan feis lé fear ar bith ós ard, acht gach fear ós íseal da sanntuigheadh féin do bheith aici. Tug Meadhbh Oilill Mór mac Rossa Ruaidh do Laighnibh mar chéile iar sin. Mada Muirisc bean Chonnachtach fá máthair dó; agus rug Meadhbh móirsheisear mac .i. na seacht Maine d'Oilill; agus is é Conall Cearnach ar mbeith 'n-a sheanóir i g-Cruachain do mharbh Oilill d'urchor do ghai: agus leanaid fir Chonnacht é féin is marbhaid 'n-a dhíol soin é.

Is fada iomorro do bhí cogadh is coinbhliocht idir Chonnachtaibh is Ulltaigh ré linn Mheidhbhe do bheith i gceannas Chonnacht agus Chonchubhair do bheith 'n-a rígh Uladh. Ionnus cheana go mbeith fios fátha na heasaonta tarla eatorra agat, a léaghthóir, cuirfead síos annso mar do marbhadh clann Uisneach tar slánadh nó tar chomairce Fhearghusa mic Róigh agus Chormaic Conluingios agus Dubhthaigh Daoil Uladh. Ag so síos go cumair éirim na heachtra.


p.190