Léaghthar ar Labhraidh Loingseach gurab cuma chluas gcapall do bhí ar a chluasaibh; agus uime sin gach aon do bhíodh ag bearradh a fhuilt, do mharbhadh do láthair é, d' fhaitchios go mbiadh fios na hainmhe sin aige ná ag aonduine eile. Fá gnáth leis iomorro é féin do bhearradh gacha bliadhna, mar atá a mbíodh ó n-a dhá chluais síos da ghruaig do theascadh dhe. Fá héigean crannchur do chur da fhios cia da roichfeadh an rí do bhearradh gacha bliadhna, do bhrígh go gcleachtadh bás do thabhairt da gach aon da mbearradh é. Acht cheana tuitis an crannchur ar aonmhac baintreabhthaighe do bhí i n-earr a haoise agus í ag áitiughadh láimh ré longphort an ríogh. Agus mar do chualaidh an crannchur do thuitim ar a mac táinig do ghuidhe an ríogh ag a iarraidh air gan a haonmhac do bhásughadh agus í taoibh ris do shliocht. Geallais an rí dhi gan an mac do mharbhadh da ndearnadh rún ar an ní do chífeadh is gan a nochtadh do neach go bás. Agus iar mbearradh an ríogh don mhacaomh do bhí tormach an rúin sin ag siadadh 'n-a chorp gur bh'éigean dó bheith i luighe othrais go nachar ghabh leigheas san bhith greim dhe. Ar mbeith i bhfad i gcróilidhe dhó tig draoi deigheolach da fhios agus innsis da mháthair gurab tormach sceoil rúnda fá hadhbhar tinnis dhó, agus nach biadh slán go nochtadh a rún do ní éigin; agus adubhairt ris ó do bhí d'fhiachaibh air gan a rún do nochtadh do dhuine dul i gcomhgar cheithre rian, agus tilleadh ar a láimh dheis agus an céadchrann do theigéamhadh dhó do agallmha, is a rún do léigean ris. Is é céadchrann tárla dhó, soileach mhór, gur léig a rún ria. Leis sin scéidhis an t-oircheas tinnis do bhí fá n-a bhroinn, go raibhe slán do láthair, ag tilleadh go teach a mháthar tar ais dó. Acht cheana go grod da éis sin tárla gur briseadh cruit Chraiftine agus téid d'iarraidh adhbhair cruite go dtárla an tsoileach chéadna rér léig mac na baintreabhthaighe a rún
Do ghabh Meilge Molbhthach mac Cobhthaigh Chaoil m-Breagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna gur thuit lé Mogh Corb mac Cobhthaigh Chaoimh.
Do ghabh Mogh Corb mac Cobhthaigh Chaoimh mic Reachtadha Ríghdheirg mic Luighdheach Laighde mic Eochadha mic Oiliolla Finn mic Airt mic Luighdheach Láimhdheirg mic Eochach Uaircheas do shíol Éibhir ríoghacht Éireann seacht mbliadhna. Is uime ghairthear Mogh Corb dhe, ar mbeith da mhac i gcarbad lá n-aon, bristear ball don charbad agus cóirighthear lé Mogh Corb é. Gonadh trés an bhfeidhim sin do dhéanamh da mhac dar bh'ainm Corb gairthear Mogh Corb dhe; gur thuit lé h-Aonghus Ollamh.
Do ghabh Aonghus Ollamh mac Oiliolla mic Labhradha Loingsigh mic Oiliolla Áine mic Laoghaire Luirc mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann ocht mbliadhna déag gur thuit le h-Iarainnghleo mac Meilge.
Do ghabh Iarainnghleo Fáthach mac Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil m-Breagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna; agus is uime ghairthear Iarainnghleo Fáthach dhe do bhrígh go raibhe seisean fáthamhail glic gaosmhar; agus fá dheireadh do thuit sé lé Fear Corb mac Mogha Cuirb.
Do ghabh Fear Corb mac Mogha Cuirb mic Cobhthaigh Chaoimh mic Reachtadha Ríghdheirg do shíol Éibhir ríoghacht Éireann aonbhliadhain déag gur thuit lé Connla mac Iarainnghleo Fháthaigh.
Do ghabh Connla Cruaidhchealgach mac Iarainnghleo Fháth aigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil m-Breagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre bliadhna, gur thuit i d-Teamhraigh.
Do ghabh Oilill Caisfhiaclach mac Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil m-Breagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cúig bliadhna fichead, gur thuit lé h-Adhamair Foltchaoin.
Do ghabh Adhamair Foltchaoin mac Fir Chuirb mic Mogha Cuirb mic Cobhthaigh Chaoimh mic Reachtadha Ríghdheirg do shíol Éibhir ríoghacht Éireann cúig bliadhna, gur thuit lé h-Eochaidh Foiltleathan.
Do ghabh Eochaidh Foltleathan mac Oiliolla Chaisfhiaclaigh mic Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann aoin bhliadhain déag gur thuit lé Fearghus Fortamhail.
Do ghabh Fearghus Fortamhail mac Breasail Bhric mic Aonghusa Gailine mic Oiliolla Bhracáin mic Labhradha Loingsigh mic Oiliolla Áine mic Laoghaire Luirc mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann dá bhliadhain déag. Agus is uime ghairthear Fearghus Fortamhail de .i. ba laochta láidir foirtil é 'n-a aimsir féin; gur thuit lé h-Aonghus Tuirbheach.
Do ghabh Aonghus Tuirbheach mac Eochach Foiltleathain mic Oiliolla Chaisfhiaclaigh mic Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Caoil m-Breagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead, nó do réir dhruinge oile, trí fichid bliadhan; agus is uime ghairthear Aonghus Tuirbheach
Do ghabh Conall Collamhrach mac Eidirsceoil Teamhrach mic Eochach Foiltleathain mic Oiliolla Chaisfhiaclaigh mic Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil m-Breagh mic Ughaine Móir ríoghacht Éireann cúig bliadhna, gur thuit lé Nia Seaghamain.
Do ghabh Nia Seaghamain mac Adhamair Fholtchaoin mic Fir Chuirb mic Mogha Cuirb mic Cobhthaigh Caoimh mic Reachtadha Ríghdheirg do shíol Éibhir ríoghacht Éireann seacht mbliadhna; agus is uime ghairthear Nia Seaghamain de .i. seachmhaoineach, óir fá mór an bhreis mhaoine dó seoch cách, mar do thigdís na heillte allta do thabhairt lachta go ceannsa amhail gach boin oile 'n-a ré i n-Éirinn tré dhraoidheacht a mháthar dar bh'ainm Fliodhais; agus do thuit an Nia Seaghamain-se lé h-Éanna Aighneach.
Do ghabh Éanna Aighneach mac Aonghusa Thuirbhigh Teamhrach mic Eochach Fhoiltleathain mic Oiliolla Caisfhiaclaigh mic Connla Chruaidhchealgaigh mic Iarainnghleo Fháthaigh mic Meilge Mholbhthaigh mic Cobhthaigh Chaoil m-Breagh mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann ocht mbliadhna fichead. Is uime ghairthear Éanna Aighneach dhe, ionann aighneach agus ógh eineach .i. oineach iomlán; óir do bhronnadh gach ní da
Do ghabh Criomhthann Coscrach mac Feidhlimidh Foirthriuin mic Fearghusa Fortamhail mic Breasail Bhric mic Aonghusa Gailine mic Oiliolla Bhrácáin mic Labhradha Loingsigh mic Oiliolla Áine mic Laoghaire Luirc mic Ughaine Mhóir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna. Is uime ghairthear Criomhthann Coscrach dhe ar a mhionca do bheireadh buaidh coscair is comhlainn i ngach cath í dteagmhadh; gur thuit lé Rudhruighe mac Sithrighe.
Do ghabh Rudhruighe mac Sithrighe mic Duibh mic Fomhóir mic Airgeadmháir mic Síorláimh mic Finn mic Brátha mic Labhradha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead nó do réir dhruinge oile deich mbliadhna is trí fichid; gur thuit do thámh i n-Airgeadros.
Do ghabh Ionnadmhár mac Nia Seaghamain mic Adhamair Fholtchaoin mic Fir Chuirb mic Mogha Cuirb mic Cobhthaigh Chaoimh mic Reachtadha Ríghdheirg do shíol Éibhir ríoghacht Éireann trí bliadhna; gur thuit lé Breasal Bóidhíobhadh.
Do ghabh Breasal Bóidhíobhadh mac Rudhruighe mic Sithrighe mic Duibh mic Fomhóir mic Airgeadmháir mic Síorláimh do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann aoin bhliadhain déag. Is uime ghairthear Breasal Bóidhíobhadh dhe .i. bó-ár mór tárla i n-Éirinn ré n-a linn. Do thuit an Breasal-so lé Lughaidh Luaighne.
Do ghabh Lughaidh Luaighne mac Ionnadmháir mic Nia Seaghamain mic Adhamair Fholtchaoin mic Fir Chuirb mic Mogha Cuirb mic Cobhthaigh Chaoimh mic Reachtadha Ríghdheirg do shíol Éibhir ríoghacht Éireann cúig bliadhna, gur thuit lé Conghal Cláiringneach.
Do ghabh Conghal Cláiringneach mac Rudhruighe mic Sithrighe