Do ghabh Laoghaire Lorc mac Ughaine Mhóir mic Eachach Buadhaigh mic Duach Laghraigh mic Fiachach Tolgraigh mic Muireadhaigh Bholgruigh mic Simeoin Bhric mic Aodháin Ghlais mic Nuadhat Finn Fáil mic Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann dá bhliadhain. Ceasair Chruthach inghean ríogh Frangc bean Ughaine Mhóir máthair Laoghaire Luirc is Chobhthaigh Chaoil m-Breagh. Agus is uime ghairthear Laoghaire Lorc de, ionann lorc is fionghal agus do rinne Laoghaire feall ar Bhadhbhchaidh mac Eachach Bhuadhaigh gur de sin do lean an forainn dhe .i. Laoghaire Lorc . Is lé Cobhthach Caol m-Breagh a dhearbhráthair féin do marbhadh Laoghaire Lorc i n-Dionn Ríogh ar bruach na Bearbha.
Is amhlaidh iomorro do bhí Cobhthach Caol m-Breagh agus é ag seargadh tré fhormad ré Laoghaire Lorc fá ríoghacht Éireann do bheith aige; agus mar do chualaidh Laoghaire eisean do bheith éagcruaidh táinig buidhean armtha da ionnsuighe. An tan do chonnairc Cobhthach é, is eadh adubhairt gur thruagh da bhráthair an neimhiocht gnátach do bhíodh aige as féin do shíor is nach tigeadh da láthair gan sluaghbhuidhin. Ní miste, ar Laoghaire, tiocfaidh mise go síodhach do láthair an céidfheacht arís gan bhuidhin armtha im fhochair. Leis sin ceileabhrais Laoghaire do Chobhthach. Dála Chobhthaigh, do rinne comhairle ré draoi do bhí 'n-a fhochair cionnus do-ghéabhadh a bhráthair ré a mharbhadh. Is eadh is indéanta, ar an draoi, bás bréige do léigean chugat agus dul i n-eiliotrom amhail mharbh agus scéala do chur go Laoghaire air sin, agus tiocfaidh ar bheagán buidhne dot fhios agus ar dteacht do láthair dhó luighfidh ar
Do ghabh Cobhthach Caol m-Breagh mac Ughaine Mhóir mic Eachach Bhuadhaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead, nó do réir dhruinge oile, caogad bliadhan. Ceasair Chruthach ingean ríogh Frangc fá máthair dhó. Is uime ghairthear Cobhthach Caol m-Breagh dhe .i. galar trom do ghabh é tré fhormad ré n-a dhearbhráthair Laoghaire Lorc fá rí Éireann roimhe féin, ionnus go ndeachaidh i seirglidhe is gur thréig a chuid fola is feola uile, gur chaol é; agus Magh Breagh ainm na háite 'n-a raibhe 'n-a luighe, go dtugadh Caol m-Breagh air uime sin; agus do marbhadh an Cobhthach-so lé Labhraidh Loingseach mac Oiliolla Áine i n-Dionn Ríogh oidhche Nodlag mór i ndíoghail a athar agus a sheanathar do
- Labhraidh Loingseach, lór a líon,
Ro ort Cobhthach i n-Dionn Ríogh;
Go sluagh laighneach tar linn lir,
Díobh ro hainmnigheadh Laighin.
Do ghabh Labhraidh Loingseach mac Oiliolla Áine mic Laoghaire Luirc mic Ughaine Móir do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna, gur thuit lé Meilge mac Cobhthaigh Chaoil m-Breagh. Agus is é ní da dtáinig a bhréagadh ón bh-Fraingc go h-Éirinn, grádh éagmaiseach tug Moiriath inghean Scoiriath ríogh críche bhFear Morc i n-iarthar Mumhan dó, ar méid na clú is na dteastas do bhí air. Ollmhuighthear lé Craiftine Cruitire, oirfideach do bhí fán am soin i n-Éirinn, ré dul 'n-a dhiaidh don Fhraingc agus iomad do ghréithibh geanamhla leis mar aon re laoidh chumainn n-ar nocht sí díoghainne a dioghraise do Mhaon; agus sinnis port síthbhinn ar a chruit ar rochtain na Fraingce do Chraiftine an tan ráinig mar a raibhe Maon; agus gabhais an laoidh chumainn do rinne Moiriath inghean Scoiriath do Mhaon. Gabhais an oiread soin lúthghára ré hoirfideadh Chraiftine é go ndubhairt gur bhinn leis an laoidh is an port; agus ar n-a chlos soin da mhuinntir is do Chraiftine, do ghuidheadar rí Frangc fá chongnamh sluagh do thabhairt dó fá theacht do bhuain a chríche féin amach; agus tug an rí líon cabhlaigh dó .i. dá chéad ar fhichid céad; agus triallaid ar muir; agus ní haithristear a bheag da scéalaibh gur ghabhadar cuan ag Loch Garman; agus ar dtigheacht i dtír dóibh fuaradar scéala Cobhthach Caol m-Breagh do bheith i n-Dionn Ríogh go n-iomad d'uaislibh Éireann 'n-a fhochair; agus leis sin triallaid do ló is d'oidhche go dtugadar amus longphuirt air gur mharbhadar Cobhthach mar aon ris na huaislibh sin. Is ann sin do fhiafruigh draoi do bhí san mbruidhin cia
Ar marbhadh iomorro Chobhthaigh Chaoil m-Breagh do Labhraidh Loingseach agus ar ndul i seilbh Éireann dó, téid féin is Craiftine d'ionnsuighe ar Mhoiriath inghin Scoiriath inghin rígh críche bh-Fear Morc, an leannán lér cuireadh Craiftine da fhios don Fhraingc. Do phós Labhraidh í, agus is í fá ríoghan aige an gcéin do mhair.
- Dá chéad ar fhichid céad Gall,
Go laighnibh leathna leo anall;
Ó na laighnibh sin gan oil
Ghairmthear Laighin do Laighnibh.
Is é fáth iomorro fá ndeachaidh Maon ré ráidhtear Labhraidh Loingseach don Fhraingc do bhíthin a ghaoil ré rígh Frangc; óir fá hí inghean ríogh Frangc, Ceasair Chruthach a hainm, fá bean d' Ughaine Mhór is fá máthair da chloinn, mar atá Laoghaire Lorc is Cobhthach Caol m-Breagh agus mac mic don Laoghaire Lorc soin Labhraidh Loingseach. Gonadh tré n-a ghaol ré Frangcaibh do chuaidh ar a gcomairce.
Adhbhar oile fós fá ndeachaidh don Fhraingc seoch dhula i dtír oile; do bhrígh go raibhe rann cinnte comhmbaidhe idir Laighnibh is Frangcaigh. Do bhíodh iomorro rann cinnte carad ag gach cúigeadh i n-Éirinn don leith thall d'fhairrge, mar atá idir chlannaibh Néill is Albanaigh, idir fhearaibh Mumhan is
- Fríthe gach da chosmhaileas,
Gion gurb ionann a mbunadh;
Uí Néill agus Albanaigh;
Sacsain agus fir Mhumhan;- Ulaidh agus Easpáinnigh;
coinnmhe cogaidh gach críche;
Connachtaigh is Briotáinigh;
Laighin lé Frangcaibh fríthe.
Táinig don chomhmbáid do bhí idir na cúigeadhaibh is na críocha réamhráidhte go raibhe cosmhaíleas 'n-a mbéasaibh eatorra leath ar leath do réir an cháirdeasa is an chumainn do bhí ré chéile aca.
Bíodh a fhios agat, a léaghthóir, gurab ar lorg an Labhraidh Loingsigh-se atáid a maireann do na fíor-Laighnibh do shíol Éireamhóin acht Ó Nualláin táinig do shliocht Chobhthaigh Chaoíl m-Breagh. Ag so síos na príomhshloinnte táinig do Laighnibh, mar atá Ó Conchubhair Fáilghe go n-a ghabhlaibh geinealach Caomhánaigh Tuathalaigh Branaigh Mac Giolla Phádraig Ó Duinn Ó Díomasaigh Ó Duibhidhir muinntear Riain is gach géag dar ghabhluigh ó na sloinntibh sin. Ó Chathaoir Mhór tángadar urmhór Laighean; gidheadh ní uaidh táinig Mac Giolla Phádraig, óir do scar Mac Giolla Phádraig is é féin ré chéile ag Breasal Breac mac Fiachach Foibhric, an ceathramhadh glún déag ó Chathaoir suas. Dá mhac iomorro do bhí ag an m-Breasal-so mar atá Lughaidh Lóithfhionn is Connla; agus do roinneadh Cúigeadh Laighean idir an dias soin, mar atá ó Bearbha soir ag Lughaidh is ag a shliocht, agus ón Bearbha siar ag Connla is ag a shliocht. Gonadh ag
- Lughaidh is Connla gan chrádh,
Dá mhac do Bhreasal Bhreac nár;
Osruighe ó Chonnla na gcneadh,
Lugaidh seanathair Laighean.
Ó Lughaidh fós tángadar muinntear Duibhidhir, agus an cúigeadh glún ó Chathaoir Mhór suas scaraid féin is Cathaoir ré chéile. Cathaoir Mór iomorro mac Feidhlimidh Fíorurghlais mic Cormaic Ghealta Gaoth mic Nia Corb mic Conchorb. Mac don Choinchorb-so Cairbre Cluithiochair ó bhfuil Ó Duibhidhir; agus ó Náthí mic Criomhthainn mic Éanna Cinnsealaigh an seachtmhadh glún ó Cathaoir Mhór anuas tángadar muinntear Riain.
An dara mac cheana d'Ughaine Mhór ar a dtáinig sliocht mar atá Cobhthach Caol m-Breagh, is ar a shliocht atáid síol g-Cuinn uile idir shliocht Fiachach Sraibhtheine is Eochaidh Doimhléin is gach craobh coibhneasa oile dar fhás ó Chonn, amhail chuirfeam síos da éis so i gcraobhscaoileadh mhac Míleadh.