Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 28

XXVIII.

Do ghabh Macha Mhongruadh inghean Aodha Ruaidh mic Badhairn mic Airgeadmháir mic Síorláimh mic Finn mic Brátha mic Labhradha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla ríoghacht Éireann seacht mbliadhna, gur mharbh Reachtaidh Ríghdhearg í. Agus is ré n-a linn do tógbhadh Eamhain Mhacha. Ag so iomorro an fáth fá ráidhtear Eamhain Mhacha ria .i. trí rígh do bhí i bhflaitheas Éireann a h-Ulltaibh, mar atá Aodh Ruadh mac Badhairn ó ráidhtear Eas Ruaidh, agus Díothorba mac Déamáin a h-Uisneach Midhe agus Ciombaoth mac Fionntain a Fionnabhair. Agus is ag an g-Ciombaoth soin do hoileadh Ughaine Mór mac Eachach Bhuadhaigh. Agus seacht mbliadhna da gach rígh díobh fá seach ar timcheall, go dtángadar fá thrí i bhflaitheas Éireann; agus is é Aodh Ruadh fuair bás ar dtús díobh; agus níor fhágaibh do shliocht da éis acht aoininghean amháin, Macha a hainm. Iarrais Macha seal don ríoghacht iar n-éag a hathar; agus adubhairt Díothorba is a chlann nach fuighbheadh bean ríoghacht uatha féin; agus do fearadh cath eatorra féin is Macha, go rug Macha buaidh an chatha soin orra; agus do ghabh flaitheas Éireann seacht mbliadhna; agus fuair Díothorba bás agus do fhágaibh cúigear mac da éis, mar atá Baoth Bédach Bras Uallach is Borbchas. Do iarradar flaitheas Éireann dóibh féin amhail do bhí ag a sinsear rompa. Adubhairt Macha nach tiubhradh dóibh acht cath tar ceann na ríoghachta. Do fearadh cath eatorra agus rug Macha buaidh orra. Téid clann Díothorba da ndídean féin i gcoilltibh dorcha diamhaire; agus tug Macha Ciombaoth mac Fionntain mar chéile agus mar cheann feadhna ar a laochraidh, agus do chuaidh féin ar lorg chloinne Díothorba i riocht claimhsighe, iar gcuimilt taois seagail da deilbh, agus fuair iad-san i gcoill diamhair i m-Buirinn,


p.154

ag bruith thuirc allta. Fiafruighid clann Díothorba scéala dhi is tugadar mír don bhiadh dhi. Nochtais sise gach scéala da raibhe aice dhóibh.

Is ann sin adubhairt fear díobh gurab álainn an rosc do bhí ag an gclaimhsigh agus go raibhe mian ar féin luighe ria. Leis sin triallais féin is Macha i ndiamhair na coille, agus ceanglais Macha an fear soin, agus fágbhais ann sin é, agus tillis go cách arís. Agus fiafruighid di ‘C'áit ar fhágbhais an fear do chuaidh leat?’ ar siad. ‘Ní fheadar,’ ar sí, ‘acht saoilim gurab nár lais teacht da bhar láthair-se i ndiaidh aontuighthe ré claimh.’ ‘Ní nár,’ ar iad-san, ‘óir do-dhéanaimne an ní céadna.’ Téid iomorro ris gach n-aon aca fá seach san gcoill; is do cheangail uile iad, ionnus go rug i n-aoncheangal do láthair fhear Uladh go h-Eamhain iad, agus fiafruighis do mhaithibh Uladh créad an díol do-dhéanadh dhíobh. Adubhradar uile d'aoinmhéin bás do thabhairt dóibh. ‘Ní hamhlaidh is cóir,’ ar Macha, ‘óir do budh claonadh reachta sin; acht daorthar iad agus tugthar orra ráith do thógbháil damh-sa bhus príomhchathair don chúigeadh go bráth.’ Leis sin beanais Macha an dealg óir do bhíodh san mbrat do bhíodh fá n-a brághaid amach, agus do thomhais leis fóir na rátha fá héigean do chloinn Díothorba do thógbháil. Eamhain iomorro ghairmthear don ráith. Eó, cheana, ainm do dhealg, agus muin, bráighe; gonadh de sin ráidhtear Eamhain .i. eo mhuin, ris an ráith. Nó is uime ghairthear Eamhain di ó Eamhain Mhacha .i. bean Chruinn mic Adhnamain; agus fá héigean don mhnaoi sin da haimhdheoin dul do chómhruith ré heachaibh Chonchubhair ríogh Uladh, gur sháruigh iad agus í torrach; agus i gceann na scríbe rug sí mac is inghean; agus tug a mallacht d'fhearaibh Uladh, gonadh de sin táinig an ceas naoidhean orra, agus do bhí an ceas soin orra ré ré naoi ríogh .i. ó Chonchubhar go flaitheas Máil mic Rochruidhe.


p.156

Eamhain, amhlaidh sin, .i. amhaon; amh, ag a dhiúltadh nach aon rug Macha mu'n am soin, acht dias; gonadh de ráidhtear Eamhain Mhacha iars an gcéadfaidh-se. Do marbhadh Macha Mhongruadh iar sin lé Reachtaidh Ríghdhearg.

Do ghabh Reachtaidh Ríghdhearg mac Luighdheach Laighdhe mic Eochach mic Oiliolla Finn mic Airt mic Luighdheach Láimhdhearg mic Eochach Uaircheas do shíol Éibhir ríoghacht Éireann fiche bliadhan. Is uime ghoirthear Reachtaidh Ríghdhearg de .i. rígh dhearg do bhí aige .i. bun ríghe deirg; agus is lé h-Ughaine Mór do marbhadh i ndíoghail a bhuimighe é.

Do ghabh Ughaine Mór mac Eachach Buadhaigh mic Duach Laghruigh mic Fiachach Tolgraigh mic Muireadhaigh Bholgraigh mic Simeoin Bhric mic Aodháin Ghlais mic Nuadhat Finn Fáil mic Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead, nó do réir dhruinge oile, dá fhichid bliadhan. Is uime ghairthear Ughaine Mór dhe, do bhrígh gur mhór a fhlaitheas, óir do bhí cur ar oiléanaibh iarthair Eorpa aige; agus do bhádar cúigear ar fhichid do chloinn ag an Ughaine sin, mar atá dias is fiche do chloinn mhac is triar inghean. Ar bhfás don chloinn sin do ghabh gach aon díobh fá leith buidhean 'n-a dhiaidh féin. Agus an tan do beirthí saorchuairt Éireann leo, mar a mbíodh mac dhíobh anocht, do bhíodh an mac oile amárach ann. Mar sin dóibh diaidh i ndiaidh ionnus gach taobh 'n-a dtugdaois aghaidh go gcaithtí leo a mbíodh do bhiadh is do lón ann. Agus mar thugadar fir Éireann sin da n-aire do chuadar do cheisneamh an dochair sin ris an rígh Ughaine. Agus is é ní ar ar chinneadar leath ar leath Éire do roinn i gcúig rannaibh fichead, agus a mhír féin do thabhairt da gach aon don chloinn sin di, agus gan ar breith do neach díobh caitheamh ar chuid a chéile; gonadh uime sin do rinne file éigin an rann-so:

    1. Ughaine uallach amhra,
      Diar bha brugh buadhach Banbha;
      Rannsad a chlanna go ceart
      Éire i gcóig ranna fichead.


p.158

Agus is do réir na ronna soin do tógthaoi cíoschána is dualgais da gach rígh da raibhe ar Éirinn feadh trí céad bliadhan, mar atá ó aimsir Ughaine go haimsir na gcúigeadhach do mhair ré linn Eochach Feidhligh do bheith 'n-a rígh Éireann, amhail adeir an file san rann-so:

    1. Trí céad bliadhan, buan an oil,
      Go dtángadar cóigeadhaigh;
      Cóigear gan chreideamh i gcrí
      Ronnsad Éirinn Ughaini.

Is é Eochaidh Feidhlioch do roinn cúigeadha Éireann idir an druing-se síos. Tug Cúigeadh Uladh do Fhearghus mac Léide. Tug Cúigeadh Laighean do Rossa mac Fearghusa Fairrge. Tug dá Chúigeadh Mumhan do Tighearnach Téidbheannach mac Luchta is do Dheaghaidh mac Sin. Tug mar an gcéadna Cúigeadh Connacht do thriúr, mar atá d' Fhidhic mac Féig d' Eochaidh Allad is do Thinne mac Connrach, do réir mar chuirfeam síos da éis so an tan laibheoram ar fhlaitheas Eochach Feidhligh féin. Agus ní lughaide do bhí an roinn sin chloinne Ughaine ar Éirinn go ndeachadar clann Ughaine gan shliocht acht dias, mar atá Cobhthach Caol m-Breagh is Laoghaire Lorc ó dtáinig a maireann do shíol Éireamhóin. Agus is lé Badhbhchaidh mac Eachach Bhuadhaigh a dhearbhráthair féin do marbhadh Ughaine Mór i d-Tealaigh an Choscair; agus ní raibhe féin i ríghe n-Éireann acht lá go leith an tan do marbhadh lé Laoghaire Lorc é i ndíoghail a athar.


p.160