Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 27

XXVII.

Do ghabh Lughaidh Iardhonn mac Éanna Deirg mic Duach Fhinn mic Séadna Ionnarraidh mic Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann naoi mbliadhna. Is uime ghairthear Lughaidh Iardhonn dhe, ionann iardhonn is dubhdhonn; gonadh tré fholt dubhdhonn do bheith air, ráinig Lughaidh Iardhonn d'fhorainm air; gur marbhadh lé Síorlamh i Ráith Clochair é.

Do ghabh Síorlamh mac Finn mic Brátha mic Labhradha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla do shíol Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann sé bliadhna déag. Is uime ghairthear Síorlaámh dhe, ionann síor is fada .i. lámha fada do bhí aige, óir do shoichdís a dhá láimh an talamh agus é 'n-a sheasamh; agus is lé h-Eochaidh Uaircheas do marbhadh é.

Do ghabh Eochaidh Uaircheas mac Luighdheach Iardhuinn mic Éanna Deirg mic Duach Fhinn mic Séadna Ionnarraidh mic Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann dhá bhliadhain déag. Is uime ghairthear Eochaidh Uaircheas dhe .i. ceasa fuara do bhíodh aige mar loingeas; ionann iomorro ceasa is naomhóga nó coctaoi; agus do bhrígh go raibhe seisean dhá bhliadhain ar muir is é ar deoraidheacht a h-Éirinn


p.144

is amhlaidh do-níodh fuireann da mhuinntir do chur sna ceasaibh sin do chreachadh imill gacha críche tar a ngabhadh agus na héadála do thabhairt leis sna ceasaibh sin gus an luingeas; gonadh ó na ceasaibh sin do lean Eochaidh Uaircheas dhe; gur thuit lé h-Eochaidh Feadhmhuine is lé Conuing Beigeaglach.

Do ghabh Eochaidh Fiadhmhuine agus Conuing Beigeaglach dá mhac Duach Teamhrach mic Muireadhaigh Bholgraigh mic Simeoin Bhric mic Aodháin Ghlais mic Nuadhat Finn Fáil mic Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann; cúig bliadhna i gcomhfhlaitheas dóibh. Is uime ghairthear Eochaidh Fiadhmhuine dhe do bhrígh go ngnáthuigheadh bheith ag seilg is ag fiadhach i muinidhibh nó i gcoilltibh; agus do thuit an t-Eochaidh-se lé Lughaidh Láimhdhearg mac Eochach Uaircheas.

Do gab Lughaidh Láimhdhearg mac Eochach Uaircheas mic Luighdheach Iardhuinn mic Éanna Deirg mic Duach Fhinn mic Séadna Ionnarraidh mic Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann seacht mbliadhna. Is uime ghairthear Lughaidh Láimhdhearg dhe do bhrígh go raibhe tí nó ball dearg ar a láimh; gur thuit lé Conuing Beigeaglach.

Do ghabh Conuing Beigeaglach mac Duach Teamhrach mic Muireadhaigh Bholgraigh mic Simeoin Bric mic Aodháin Ghlais mic Nuadhat Finn Fáil mic Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna. Is uime ghairthear Conuing Beigeaglach dhe do bhrígh nár ghabh taom eagla riamh é i gcath ná i gcomhrac, agus fós fá tréinfhear i n-iorghail é; gonadh uime sin do rinne an file an rann-so:

    1. Conuing na gcoinghleac gcleathghlan,
      Nachar uaimhnigh ré neach riamh;
      A deich ro chaith for gach leath
      Nó gur mharbh Art mac Luighdheach.

Do ghabh Art mac Luighdheach Laimhdheirg mic Eochach Uaircheas mic Luighdheach Iardhuinn mic Éanna Deirg mic Duach


p.146

Fhinn mic Séadna Ionnarraidh mic Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann sé bliadhna; gur thuit lé Duach Laghrach mic Fiachach Tolgraigh agus lé Fiachaidh féin.

Do ghabh Fiachaidh Tolgrach mac Muireadhaigh Bolgraigh mic Simeon Bhric mic Aodháin Ghlais mic Nuadhat Finn Fáil mic Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann seacht mbliadhna; gur thuit lé h-Oilill Fionn.

Do ghabh Oilill Fionn mac Airt mic Luighdheach Láimhdheirg mic Eochach Uaircheas mic Luighdheach Iardhuinn mic Éanna Deirg mic Duach Fhinn mic Séadna Ionnarraidh mic Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann naoi mbliadhna, gur thuit lé h-Airgeadmhár is lé Fiachaidh is lé Duach mac Fiachach.

Do ghabh Eochaidh mac Oiliolla Finn mic Airt mic Luighdheach Láimhdheirg mic Eochach Uaircheas do shíol Éibhir ríoghacht Éireann seacht mbliadhna; agus níor léig an ríghe d'Airgeadmhár, acht do rinne síoth ré Duach Laghrach, gur marbhadh lé Duach é ar aonach.

Do ghabh Airgeadmhár mac Síorláimh mic Finn mic Brátha mic Labhradha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann trí bliadhna fichead, nó do réir dhruinge oile ocht mbliadhna déag ar fhichid gur thuit lé Duach Lagrach is lé Lughaidh Laighdhe.

Do ghabh Duach Laghrach mac Fiachach Tolgraigh mic Muireadhaigh Bholgraigh mic Simeoin Bhric mic Aodháin Ghlais mic Nuadhat Finn Fáil mic Giallchadha do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna. Is uime ghairthear Duach Lagrach dhe, ionann iomorro ladhgra is luathagra, óir ní thabhradh cairde do neach iar ndéanamh éagcóra gan é do agra ann do láthair; gonadh de sin ráinig an forainm Duach Laghrach air.


p.148

Do ghabh Lughaidh Laighdhe mac Eochach mic Oiliolla Finn mic Airt mic Luighdheach Láimhdheirg mic Eochach Uaircheas do shíol Éibhir ríoghacht Éireann seacht mbliadhna gur thuit lé h-Aodh Ruadh mac Badhairn. Adeir an Chóir Anmann gurab do na cúig Luigheachaibh fá clann do Dháire Dhoimhtheach an Lughaidh Laighdhe sin. Is eadh iomorro nochtas an leabhar céadna gur fhaisnéis draoi d'áirithe tré fháistine do Dháire Dhoimhtheach go mbeith mac aige da ngairfidhe Lughaidh do-ghéabhadh flaitheas Éireann; agus rugadh da éis sin cúigear mac diaidh i ndiaidh dó, agus tug Lughaidh d'ainm ar gach aon díobh. Ar bhfás don chloinn téid Dáire d'fhios an draoi chéadna is fiafruighis de cia an Lughaidh don chúigear do-ghéabhadh flaitheas Éireann. ‘Triall amárach go Tailltin’ ar an draoi ‘mar aon réd chúigear mac agus tiocfaidh amárach laogh álainn alla fán aonach agus lingfid cách is do chlann ar a lorg; agus cibé dod chloinn-se chinnfeas air is muirbhfios é budh rí Éireann é.’ Ráinig an laogh ar n-a mhárach fán aonach is téid fir Éireann is clann Dáire 'n-a dhiaidh go rángadar Binn Éadair. Cuirthear ceo draoidheachta idir mhacaibh Dáire agus fir Éireann. Triallaid mic Dáire i ndiaidh an laoigh as sin go Dál Maschorb Laighean, agus táirthidhis Lughaidh Laighdhe an laogh agus marbhais é; gonadh ón laogh soin ghairthear Lughaidh Laighdhe .i. Lughaidh Laoghdha dhe.

Is ar an Lughaidh-se atá an finnscéal filidheachta mar a n-aithristear go dtarla agus é ag seilg i ndíthreibh é ré cailligh urghránna ar a raibhe cealltair dhraoidheachta, agus go ndeachaidh 'n-a leabaidh gur bhean a cealltair dhraoidheachta dhi, gur taidhbhrigheadh dhó a beith 'n-a hógmhnaoi álainn da éis; agus go fáthach is í Éire an chailleach-so lér luigh Laighdhe, mar go bhfuair duadh is doghruing fá a ceann ar dtús agus áineas is soirbheas da éis sin.

Tar ceann go n-abair an Chóir Anmann gur mhac do


p.150

Dháire Dhoimhtheach Lughaidh Laighdhe, ní mheasaim gurab é an Lughaidh Laighdhe-se luaidheas an Chóir Anmann fá rí ar Éirinn an Lughaidh úd, tar ceann gur tairrngireadh leis na draoithibh gomadh rí Éireann Lughaidh Laighdhe mac Dáire Dhoimhthigh.

Do ghabh Aodh Ruadh mac Badhairn mic Airgeadmháir mic Síorláimh mic Finn mic Brátha mic Labhradha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann bliadhain is fiche; gur báthadh ag Eas Ruaidh é.

Do ghabh Díothorba mac Déamáin mic Airgeadmháir mic Síorláimh mic Finn mic Brátha mic Labhradha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann bliadhain is fiche; gur thuit leis na Cuanaibh san Chorann .i. Cuan Mara Cuan Muighe is Cuan Sléibhe.

Do ghabh Ciombaoth mac Fionntain mic Airgeadmháir mic Síorláimh mic Finn mic Brátha mic Labhradha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla do shliocht Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann fiche bliadhan, nó do réir dhruinge oile ocht mbliadhna fichead, gur thuit do thámh i n-Eamhain Mhacha.


p.152