Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 26

XXVI.

Do ghabh Aonghus Olmucaidh mac Fiachach Labhruinne mic Smiorghuill mic Éanbhotha mic Tighearnmhais mic Follaigh mic Eithriail mic Íriail Fháidh mic Éireamhóin ríoghacht Éireann ocht mbliadhna déag, agus do réir dhruinge oile bliadhain is fiche. Is uime ghairthear Aonghus Olmucaidh dhe ón fhocal-so oll .i. mór agus muca, do bhrígh gurab aige do bhádar na muca fá mó i n-Éirinn 'n-a ré; agus is leis do cuireadh na catha-so síos, mar atá Cath Cléire, Cath Sléibhe Cailge mar ar thuit Baiscionn, agus Cath Maighe Éinsciath i g-Connachtaibh, agus Cath Glaise Fraocháin mar ar thuit Fraochán Fáidh, agus caogad cath ar Chruithneachaibh is ar Fhearaibh Bolg agus ar lucht Orcades. Tomhaidhm trí loch 'n-a ré: Loch Éinbheithe i n-Oirghiallaibh, Loch Sailgheadáin agus Loch n-Gasáin i Maigh Luirg. Is 'n-a aimsir do réidhigheadh na maighe-se síos a coill, mar atá Magh Glinne Dearcon i g-Cinéal Chonaill; Magh nÉinsciath i Laighnibh; Magh Cúile Caol i m-Boghaine; Aolmhagh i g-Callruidhe; Magh Mucruimhe i g-Connachtaibh; Magh Luachra Deaghaidh is Magh Archaill i g-Ciarraidhe Luachra. Agus i g-Cath Sléibhe Cua do marbhadh Aonghus Olmucaidh féin lé h-Éanna mac Neachtain do Mhuimhneachaibh; agus adeirid cuid oile aca gurab é Éanna Airgthioch do mharbh é i g-Cath Carman; agus is í an chéadfaidh dhéidheanach is fírinnighe do réir na duaine darab tosach, Aonghus Olmucaidh atbath. Agus fós tig an Réim Ríoghruidhe leis an gcéadfaidh gcéadna.

Do ghabh Éanna Airgthioch mac Eochach Mumhó mic Mo Feibhis mic Eochach Faobharghlais mic Conmhaoil mic Éibhir Fhinn mic Míleadh Easpáinne ríoghacht Éireann seacht mbliadhna fichead; agus is é do rinne scéith airgid i n-Airgeadros ar dtús i n-Éirinn agus do bhronn d'fhearaibh Éireann iad; agus


p.130

do thuit sé i gcath RaighneRoitheachtaigh mac Maoin mic Aonghusa Olmucaidh. Do ghabh Roitheachtaigh mac Maoin mic Aonghusa Olmucaidh mic Fiachach Labhruinne mic Smiorghuill mic Éanbhotha mic Tighearnmhais mic Follaigh mic Eithriail mic Íriail Fháidh mic Éireamhóin ríoghacht Éireann cúig bliadhna fichead; agus do thuit an Roitheachtaigh-se lé Séadna mac Airt mic Airtre i Ráith Cruachan.

Do ghabh Séadna mac Airt mic Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Ír ríoghacht Éireann cúig bliadhna, gur marbhadh lé n-a mhac féin é ar dteacht ‘dubhloingis’ go Cruachain.

Do ghabh Fiachaidh Fíonscothach mac Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh Easpáinne ríoghacht Éireann fiche bliadhan. Agus is uime do gairthí Fiachaidh Fíonscothach de .i. scotha fíona do bhíodh ré n-a linn i n-Éirinn go bhfáiscthí i gcornaibh iad; agus do marbhadh an Fiachaidh-se lé Muineamhón mac Cais Chlothaigh.

Do ghabh Muineamhón mac Cais Chlothaigh mic Fir Arda mic Roitheachtaigh mic Rossa mic Glais mic Nuadhat mic Eochach Faobharghlais mic Conmhaoil mic Éibhir Fhinn ríoghacht Éireann cúig bliadhna; agus is é an Muineamhón-so do orduigh muinceadha nó slabhradha óir fá bhráighdibh na n-uasal ar dtús i n-Éirinn; agus do éag sé do thámh i Maigh Aidhne.

Do ghabh Ailldeargóid mac Muineamhóin mic Cais Chlothaigh mic Fir Arda mic Roitheachtaigh mic Rossa mic Glais mic Nuadhat Deaghláimh mic Eochach Faobharghlais mic Conmhaoil mic Éibhir Fhinn mic Míleadh ríoghacht Éireann seacht mbliadhna; agus is ré n-a linn do cuireadh fáinneadha óir ar ghlacaibh na n-uasal ar dtús i n-Éirinn agus do marbhadh lé h-Ollamh Fódla é i g-Cath Teamhrach.

Do ghabh Ollamh Fódla mac Fiachach Fíonscothaigh mic


p.132

Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh Easpáinne ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead agus a éag 'n-a mhúr. Is uime ghairthear Ollamh Fódla dé, do bhrígh go raibhe 'n-a ollamh i n-eagna agus i n-eolus ré reachtaibh is ré dlighthibh d'ordughadh i n-Éirinn 'n-a ré, agus is leis do rinneadh Feis Teamhrach ar dtús i n-Éirinn, amhail adeir an file:
    1. Ollamh Fódla feochair gal
      Do rinne múr na n-ollmhan;
      An céidrí rán, réim go rath,
      Lé n-a ndearnadh Feis Teamhrach.

Ionann iomorro Feis Teamhrach is ríoghdháil choitcheann, amhail pharlaimeint, mar a dtigeadh coimhthionól uasal is ollamhan Éireann go Teamhair gacha treas bliadhain um Shamhain, mar a gcleachtaoi leo reachta is dlighthe d'ordughadh is d'athnuadhadh, is fromhadh do dhéanamh ar annálaibh is ar sheanchus Éireann. Is ann fós do horduighthí ionadh suidhe da gach aon d'uaislibh na h-Éireann do réir a chéime is a gharma féin, agus fós is ann do horduighthí ionadh suidhe da gach ceann feadhna da mbíodh ós cionn na laochraidhe do bhíodh ar buannacht ag ríoghaibh is ag tighearnaibh Éireann. Do bhíodh fós do nós i bh-Feis Teamhrach cibé do-dhéanadh éigean nó goid, do bhuaileadh neach nó d'imreadh arm air, bás do thabhairt dó, agus gan neart ag an rígh féin ná ag aon oile maithmheachas do thabhairt dó san ghníomh soin. Do cleachtaoi leo fós bheith ar feadh sé lá ag comhól sul do shuidheadh an ríoghdháil, mar atá trí lá roimh Shamhain is trí lá da héis, ag snadhmadh síothchána is ag ceangal cáirdeasa ré chéile. Gonadh ag faisnéis na nós do bhíodh i bh-Feis Teamhrach, atá Eochaidh Eolach san laoidh seanchusa-so síos:

    1. Feis Teamhrach gach treas bliadhna
      Do chomhall reachta is riaghla,
      Do-níthí an tan soin go teann
      Ag ríoghaibh ána Éireann.

    2. p.134

    3. Do rinne Cathaoir cleamhnach
      Feis ró-chaomh na rígh-Theamhrach;
      Tángadar leis, feirrde dhe,
      Fir Éireann go haon bhaile.
    4. Trí lá ré Samhain do ghrés,
      Trí lá 'n-a diaidh fá deighbhés;
      Don tsluagh ro ba díomhór doigh
      Ag síoról ris an seachtmhoin.
    5. Gan ghoid is gan ghoin duine
      Aca an oiread soin uile;
      Gan imirt airm gan áladh
      Gan acradha d'iomrádhadh.
    6. Cibé do-níodh ní dhíobh sin
      Fá bíodhbha troch go dtromnimh:
      Ní gabhtha ór arann uaidh
      Acht a anam ré haonuair.

Do ghabh Fionnachta mac Ollamhan Fódla mic Fiachach Fionscothaigh mic Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann fiche bliadhan; agus is uime ghairthear Fionnachta dhe .i. Fínshneachta, do bhrígh gur fearadh fíon sneachta 'n-a fhlaitheas; agus fuair sé bhás i Maigh Inis.

Do ghabh Slánoll mac Ollamhan Fódla mic Fiachach Fíonscothaigh mic Séadna mic Airt mic Airtire mic Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann cúig bliadhna déag. Agus is uime ghairthear Slánoll de, ionann oll is mór .i. sláinte mhór do bhí ag gach aon feadh a fhlaitheasa, óir ní raibhe támh ná galar ar aonduine d' fhearaibh Éireann 'n-a fhlaitheas. Agus i d-Tigh Miodhchuarda i d-Teamhraigh fuair sé bás; agus adeirid drong oile nach feas cá galar rug é.

Do ghabh Geidhe Ollghothach mac Ollamhan Fódla mic Fiachach Fíonscothaigh mic Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann seacht mbliadhna déag; agus is uime ghairthear Ollghothach dhe .i. fá mór guth


p.136

gach aonduine i n-Éirinn 'n-a fhlaitheas. Agus is lé Fiachaidh mac Fionnachta do marbhadh é.

Do ghabh Fiachaidh mac Fionnachta mic Ollamhan Fódla mic Fiachach Fíonscothaigh mic Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead; gur thuit lé Bearnghal mac Geidhe Ollghothaigh.

Do ghabh Bearnghal mac Geidhe Ollghothaigh mic Ollamhan Fódla mic Fiachach Fíonscothaigh mic Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann dhá bhliadhain déag, gur thuit lé h-Oilill mic Slánuill.

Do ghabh Oilill mac Slánuill mic Ollamhan Fódla mic Fiachach Fionscothaigh mic Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh ríoghacht Éireann sé bliadhna déag gur thuit lé Siorna mac Déin.

Do ghabh Siorna Saoghlach mac Déin mic Roitheachtaigh mic Maoin mic Aonghusa Olmucaidh mic Fiachach Labhruinne mic Smiorghuill mic Éanbhotha mic Tighearnmhais mic Follaigh mic Eithriail mic Íriail Fháidh mic Éireamhóin ríoghacht Éireann bliadhain ar fhichid; agus is uime ghairthear Siorna Saoghlach dhe, ar fhad na ré fuair tar a lucht comhaimsire; gur thuit lé Roitheachtaigh mac Roáin i n-Aillinn, amhail adeir an duain darab tosach, Éire ard inis na ríogh:

    1. Ro chaith Siorna go srianaibh
      Ré trí sheacht do shaoirbhliadhnaibh:
      Oidhidh Shiorna go sleachtaibh
      I n-AillinnRoitheachtaigh.

Do ghabh Roitheachtaigh mac Roáin mic Failbhe mic Cais Chéadchaingnigh mic Ailldeargóid mic Muineamhóin mic Cais Clothaigh mic Fir Arda mic Roitheachtaigh mic Rossa mic Glais


p.138

mic Nuadhat Deaghláimh mic Eochach Fhaobharghlais mic Conmhaoil mic Éibhir Fhinn mic Míleadh Easpáinne ríoghacht Éireann seacht mbliadhna, gur loisc teine ghealáin é i n-Dún Sobhairce.

Do ghabh Éilim mac Roitheachtaigh mic Roáin mic Failbhe mic Cais Chéadchaingnigh mic Ailldeargóid mic Muineamhóin mic Cais Chlothaigh mic Fir Arda mic Roitheachtaigh mic Rossa mic Glais mic Nuadhat Deaghláimh mic Eochach Faobharghlais mic Conmhaoil mic Éibhir Fhinn mic Míleadh ríoghacht Éireann aoinbhliadhain amháin, gur thuit lé Giallchadh mac Oiliolla Ólchaoin.

Do ghabh Giallchaidh mac Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh mic Déin mic Roitheachtaigh mic Maoin mic Aonghusa Olmucaidh mic Fiachach Labhruinne mic Smiorghuill mic Éanbhotha mic Tighearnmhais mic Follaigh mic Eithriail mic Íriail Fháidh mic Éireamhóin ríoghacht Éireann naoi mbliadhna, gur thuit i Maigh Muaidhe lé h-Art Imleach.

Do ghabh Art Imleach mac Éilim mic Roitheachtaigh mic Roáin mic Failbhe mic Cais Chéadchaingnigh mic Ailldeargóid mic Muineamhóin mic Cais Chlothaigh mic Fir Arda mic Roitheachtaigh mic Rossa mic Glais mic Nuadhat Deaghláimh mic Eochach Faobharghlais mic Conmhaoil mic Éibhir Fhinn mic Míleadh ríoghacht Éireann dá bhliadhain is fiche, gur thuit lé Nuadha Fionn Fáil.

Do ghabh Nuadha Fionn Fáil mac Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann fiche bliadhan, nó do réir druinge oile trí fichid bliadhan, gur thuit lé Breisrígh mac Airt Imligh.

Do ghabh Breisrígh mac Airt Imligh mic Éilim mic Roitheachtaigh mic Roáin mic Failbhe mic Cais Chéadchaingnigh mic Ailldeargóid mic Muineamhóin do shíol Éibhir ríoghacht Éireann


p.140

naoi mbliadhna; agus do bhris iomad cath ar Fhomhórchaibh fris an ré sin; agus do thuit féin fá dheireadh lé h-Eochaidh Apthach i g-Carn Connluain.

Do ghabh Eochaidh Apthach mac Finn mic Oiliolla mic Floinn Ruaidh mic Rothláin mic Mairtine mic Sithchinn mic Riaghláin mic Eoinbhric mic Luighdheach mic Íotha mic Breoghain ríoghacht Éireann aoinbhliadhain amháin; agus is uime ghairthear Eochaidh Apthach dhe, ar a liacht do-gheibheadh bás i n-Éirinn ré n-a linn. Do lingeadh iomorro támh nó galar gacha míosa ar fhearaibh Éireann lé marbhthaoi iomad díobh, gonadh uime sin do lean Eochaidh Apthach dhe; ionann cheana apthach is marbhthach; gur thuit féin lé Fionn mac Brátha.

Do ghabh Fionn mac Brátha mic Labhradha mic Cairbre mic Ollamhan Fódla mic Fiachach Fíonscothaigh mic Séadna mic Airt mic Airtre mic Eibric mic Éibhir mic Iacute;r mic Míleadh ríoghacht Éireann fiche bliadhan, nó do réir dhruinge oile, tríochad bliadhan, gur thuit lé Séadna Ionnarraidh.

Do ghabh Séadna Ionnarraidh mac Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann fiche bliadhan: agus is uime ghairthear Séadna Ionnarraidh dhe .i. Séadna an Tuarastail, do bhrígh gurab é céidrí do dháil tuarastal d'amhusaibh ar dtús i n-Éirinn é: ionann iomorro Ionnarraidh is tuarastal. Agus do riadhadh a bhaill ó chéile lé Simeon Breac, go bhfuair bás amhlaidh sin.

Do ghabh Simeon Breac mac Aodháin Ghlais mic Nuadhat Fionn Fáil mic Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann sé bliadhna gur thuit lé Duach Fionn i ndíoghail a athar agus a riadhadh do rinne.

Do ghabh Duach Fionn mac Séadna Ionnarraidh mic Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann cúig bliadhna; gur thuit lé Muireadhach Bolgrach.

Do ghabh Muireadhach Bolgrach mac Simeoin Brich mic


p.142

Aodháin Ghlais mic Nuadhat Finn Fáil mic Giallchadha mic Oiliolla Ólchaoin mic Siorna Shaoghlaigh do shíol Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre bliadhna; gur thuit lé h-Éanna Dearg mic Duach Fhinn.

Do gabh Éanna Dearg mac Duach Fhinn mic Séadna Ionnarraidh mic Breisrígh mic Airt Imligh do shíol Éibhir ríoghacht Éireann dhá bhliadhain déag. Is uime do gairthí Éanna Dearg dhe .i. dearg a oineach .i. a ghnúis. Is ré n-a linn do buaileadh airgead i n-Airgeadros ar dtús i n-Éirinn. Agus fuair sé bás do thámh ar Shliabh Mis go sochruide mhóir mar aon ris.