Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 25

XXV.

Do ghabhsad trí mic Éireamhóin da éis féin ríoghacht Éireann trí bliadhna, mar atá Muimhne Luighne is Laighne. Trí bliadhna dhóibh i gcomhfhlaitheas go bás Mhuimhne i Maigh Cruachan agus gur marbhadh Luighne is Laighne lé macaibh Éibhir i g-Cath Arda Ladhrann.

Do ghabhadar cheithre mic Éibhir, Ér Orba Fearón is Feargna ríoghacht Éireann bladh do bhliadhain, gur mharbh Írial Fáidh mac Éireamhóin iad i ndíoghail a dhá bhráthar .i. Luighne is Laighne.

Do ghabh Írial Fáidh mac Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna, óir ní raibhe sliocht ar an dtriúr dearbhráthar do bhí aige do ba sine ioná é féin. Taire sin an tan ráinig Irial san ríoghacht is do ghabh oirbheart is arrachtas ré a ais, do marbhadh cheithre mic Éibhir leis, mar atá Ér Orba Fearón Feargna, i ndíoghail a dhá bhráthar do marbhadh leo-san.

Do réidheadh sé maighe déag a coill i n-Éirinn i bhflaitheas Íriail. Ag so síos a n-anmanna: Magh Reichead i Laoighis; Magh Neiliu i Laighnibh; Magh Comair, Magh Seiliu i n-Uibh Néill; Magh Sanais i g-Connachtaibh; Magh nInis i n-Ulltaibh; Magh Midhe, Magh Luinge i g-Ciannachta; Magh Téacht i n-Uibh mac Uais; Magh Fearnmhuighe i n-Oirghiallaibh; Magh Foithin sna h-Iartharaibh; Magh Cobha i n-Uibh Eachach; Magh Cuma


p.118

i n-Uibh Néill; Magh Cúile Feadha, Magh Riada, Magh nAirbhrioch i bh-Fothartaibh Airbhrioch i Laighnibh. Do thógaibh Írial Fáidh mac Éireamhóin seacht ríoghrátha i n-Éirinn 'n-a aimsir féin mar atá Ráith Ciombaoith i n-Eamhain; Ráith Croichne i Maigh Inis; Ráith Bachaill i Lotharnaibh; Ráith Coincheadha i Seimhne; Ráith Mothaigh i n-Deaghcharbad; Ráith Búireach i Sleachtaibh; Ráith Lochaid i n-Glascharn.

An bhliadhain da éis sin do lingeadar na trí haibhne da ngoirthear na trí Fionna fá thír i n-Ulltaibh. An bhliadhain 'n-a dhiaidh sin do bhris Írial cheithre catha. An céadchath, Cath Arda Ionmhaith i d-Teathbha, mar ar thuit Stirne mac Duibh mic Fomhóir; an dara cath, Cath Teannmhaighe tug Írial d'Fhomhórchaibh, áit ar thuit rí Fomhórach dar bh'ainm Echtghe Ethcheann; an treas cath, Cath Lochmhaighe, i n-ar thuit Lughroth mac Mogha Feibhis; an ceathramhadh cath, Cath Cúile Márta mar ar bhris do cheithre macaibh Éibhir. Gonadh uime sin agus ag faisnéis na ngníomh soin, atá an duain darab tosach an rann-so síos:

    1. Irial sóisear na clainne,
      Mac ríogh Fódla foltchaime,
      Sléibhe Mis, rí Macha,
      Do bhris cheithre cruadhchatha.
An dara bliadhain da éis sin fuair Írial Fáidh mac Éireamhóin bás i Maigh Muaidhe, agus do hadhnaiceadh ann é.

Do ghabh Eithrial mac Íriail Fháidh mic Éireamhóin ríoghacht Éireann fiche bliadhan. Is ré linn an Eithriail-se do beanadh seacht machaire a coill i n-Éirinn, mar atá Teannmhagh i g-Connachtaibh; Magh Lioghat agus Magh m-Bealaigh i n-Uibh Tuirtre; Magh Géisille i n-Uibh Fáilghe; Magh Ochtair i Laighnibh; Lochmhagh i g-Connachtaibh; Magh Rath i n-Uibh Eachach; agus iar gcaitheamh fichid bliadhan i bhflaitheas Éireann dó do marbhadh lé Conmhaol mac Éibhir é i g-Cath Raoireann i Laighnibh.


p.120

Do ghabh Conmhaol mac Éibhir ríoghacht Éireann deich mbliadhna fichead; agus fá hé céidrí Éireann do shíol Éibhir é. Do bhris iomorro an Conmhaol-so cúig catha is fiche ar shliocht Éireamhóin. Ag so síos naoi gcatha dhíobh mar atá Cath Ucha; Cath Cnucha; Cath Éile; Cath Sléibhe Beatha; is Cath Géisille mar ar thuit Palap mac Éireamhóin; Cath Sléibhe Modhairn mar ar thuit Samhra mac Ionbhotha; Cath Locha Léin mar ar thuit Mughroth; Cath Béirre; is Cath Aonaigh Macha mar ar thuit Conmhaol féin lé h-Éibhear mac Tighearnmhais do shíol Éireamhóin. Agus do hadhnaiceadh don taoibh theas d'Aonach Macha é san áit da ngairthear Feart Conmhaoil aniú.

Do ghabh Tighearnmhas mac Follaigh mic Eithriail mic Íriail Fháidh mic Éireamhóin ríoghacht Éireann deich mbliadhna is dá fhichidh, nó do réir dhruinge oile seascad bliadhan; agus do bhris an Tighearnmhas-so seacht gcatha fichead ar shliocht Éibhir, mar atá Cath Éille 'n-ar thuit Rochorb mac Golláin; agus Cath Cumair; Cath Maighe Téacht; Cath Lochmhaighe i n-ar thuit Deighiarna mac Guill mic Golláin; Cath Cúile hAird i Maigh Inis; Cath Cúile Fraocháin; Cath Athghuirt i Seimhne; Cath Arda Niadh i g-Connachtaibh; agus Cath Cairn Fhearadhaigh mar ar thuit Fearadhach mac Rochuirb mic Golláin; Cath Cluana Cuasa i d-Teathbha; Cath Comhnuidhe i d-Tuaith Eibhe; Cath Cluana Muirisc i dtuaisceart Bréithfne; agus Cath Cúile Fabhair ar Earbhus; agus seacht gcatha i Lughlachta ar Loch Lughdhach i n-aonló; agus dá Chath Cúile i n-Airgeadros, agus Cath Reibh mar ar marbhadh urmhór shleachta ÉibhirTighearnmhas.

An bhliadhain da éis sin do bhrúchtadar naoi locha fá thír i n-Éirinn, mar atá Loch Cé, tar Magh Sulchair do ling; agus Loch n-Aillinne i g-Connachtaibh; Loch n-Iairn; Loch


p.122

nUair; Loch Saighlionn; Loch Gabhair i Midhe agus i m-Breaghaibh; Loch Feabhail i d-Tír Eoghain, tar Feabhal mic Lodáin do mhuid sí, agus Magh Fuinnsighe ainm an Mhaighe tar a dtáinig an loch; Dubhloch Arda Ciannachta is Loch Dá Bhaill i n-Oirghiallaibh, agus trí dubhaibhne Éireann, mar atá Fobhna Toronn is Callonn.

Is é an Tighearnmhas céadna fuair mianach óir ar dtús i n-Éirinn, agus Uchadán ainm an chearda do bhíodh ag bruithneadh an óir dó. I bh-Fothartaibh oirthir Lithfe do bhíodh ag a bhearbhadh. Is ré linn Tighearnmhais do cuireadh corcair is gorm is uaine ar éadaighibh ar dtús i n-Éirinn. Is ré n-a linn fós do cuireadh gréasa is corthaire is cumhdaighthe ar bhrataibh ar dtús i n-Éirinn. Is é mar an gcéadna do chuir mar nós i n-Éirinn aondath i n-éadach moghaidh, dá dhath i n-éadach an aithigh; a trí i n-éadach an amhais nó óigthighearna, a ceathair i n-éadach bhrughaidh, a cúig i n-éadach flaithe tuaithe, a sé i n-éadach ollamhan is i n-éadaighibh ríogh is bainríoghan. Agus is é áit i n-a bhfuair Tighearnmhas féin bás ar Maigh Sléacht agus trí ceathramhna d'fhearaibh Éireann mar aon ris oidhche Shamhna agus iad ag adhradh do Chrom Chruaidh ríghiodhal Éireann. Óir is é an Tighearnmhas-so thionnscain iodhaladhradh do dhéanamh ar dtús do Chrom Chruaidh (amhail do rinne Zoroastres san n-Gréig) timcheall chéad bliadhan iar dteacht i n-Éirinn dóibh; agus is ó na sléachtaibh do-nídís fir Éireann don iodhal ráidhtear Magh Sléacht ris an machaire gcéadna soin atá san m-Bréithfne. Adeirid drong ré seanchus go raibhe Éiré seacht mbliadhna gan rígh uirre d'éis bháis Thighearnmhais i mórdháil Mhaighe Sléacht, agus gurab é Eochaidh Faobharghlas mac Conmhaoil do ghabh ríoghacht Éireann da éis. Gidheadh ní fíor dhóibh é; óir adeir an Réim Ríoghruidhe gurab é Eochaidh Éadghothach do shliocht Luighdheach mic Íotha do ghabh í.


p.124

Do ghabh Eochaidh Éadghothach mac Dáire mic Conghail mic Éadhamain mic Máil mic Luighdheach mic Íotha mic Breoghain mic Brátha ríoghacht Eireann cheithre bliadhna, gur thuit lé Cearmna mac Éibric.

Do ghabh Cearmna is Sobhairce dá mhac Eibric mic Éibhir mic Ír mic Míleadh Easpáinne ríoghacht Éireann dá fhichid bliadhan, agus fá hiad céidríogha Éireann do Ulltaibh iad; agus do roinneadar ríoghacht Éireann eatorra; agus is í teora do bhí san roinn sin, ó Innbhear Colpa ag Droichead Átha go Luimneach Mumhan, agus an leath budh thuaidh ag Sobhairce; agus do rinne dún ar a leith féin .i. Dún Sobhairce. Do ghabh Cearmna an leath budh dheas, agus do rinne dún láimh ré fairrge theas .i. Dún Cearmna agus is ris ráidhtear Dún Mic Pádraig i gcrích Chúirseach aniú. Do thuit Sobhairce lé h-Eochaidh Meann mac ríogh Fomhóire. Do thuit Cearmna lé h-Eochaidh Faobharghlas mac Conmhaoil i g-Cath Dúin Cearmna.

Do ghabh Eochaidh Faobharghlas mac Conmhaoil mic Éibhir Fhinn mic Míleadh Easpáinne ríoghacht Éireann fiche bliadhan; agus is uime do gairthí Eochaidh Faobharghlas de, óir fá glas géarfhaobhrach a dhá shleigh. Agus is é do chuir na catha-so romhainn ar shíol Éireamhóin, mar atá Cath Luachra Deaghaidh i n-Deasmhumhain; Cath Fosaidh Dá Ghort; Cath Cumair na dTrí n-Uisce; Cath Tuama Dreagain i m-Bréithfne; is Cath Droma Liatháin. Do réidhigheadh seacht maighe a coill i n-Éirinn leis, mar atá Magh Smeathrach i n-Uibh Fáilghe; Magh Laighne agus Magh Luirg i g-Connachtaibh; Magh Leamhna, Magh nIonair, Magh Fubhna is Magh Dá Ghabhal i n-Oirghiallaibh. Agus do thuit an t-Eochaidh-se lé Fiachaidh Labhruinne mac Smiorghuill mic Éanbhotha mic Tighearmhais i g-Cath Carman.

Do ghabh Fiachaidh Labhruinne mac Smiorghuill mic Éanbhotha mic Tighearmhais mic Follaigh mic Eithriail mic Íriail Fháidh


p.126

mic Éireamhóin ríoghacht Éireann cheithre bliadhna fichead, nó do réir dhruinge oile seacht mbliadhna déag ar fhichid; agus is uime ghairthear Fiachaidh Labhruinne dhe, mar is 'n-a aimsir do ling Innbhear Labhruinne fá thír i n-Éirinn; agus is 'n-a ré do lingeadar na trí haibhne-se síos, mar atá Innbhear Fleisce Innbhear Mainge agus Innbhear Labhruinne ó ráidhtear Fiachaidh Labhruinne ris. Is ré n-a linn fós do bhrúcht Loch Éirne fá thír, agus Magh Geanainn ainm an mhachaire tar a dtáinig sí.

Is é mac an Fhiachach-so .i. Aonghus Ollbhuadhach do bhris iomad cath ar na Cruithneachaibh is ar na seanBhreathnaibh do bhí i n-Albain, agus do chuir Alba fá smacht iomlán na n-Gaedheal ar dtús, tar ceann ó aimsir Éireamhóin mic Míleadh go raibhe cíoscháin ag Gaedhealaibh orra. Tuairim dá chéad go leith bliadhan d'éis mhac Míleadh do theacht i n-Éirinn do cuireadh Alba fá smacht is fá chíos lé h-Aonghus Ollbhuadhach mac Fiachach Labhruinne; agus is é an Fiachaidh Labhruinne-se tug cheithre catha ar shíol Éibhir, mar atá Cath Fairrge, Cath Gallaigh, Cath Sléibhe Feimhion, is Cath Sléibhe Bealgadáin mar ar thuit sé féin lé h-Eochaidh Mumhó mac Mo Feibhis.

Do ghabh Eochaidh Mumhó mac Mo Feibhis mic Eochach Faobharghlais mic Conmhaoil mic Éibhir Fhinn mic Míleadh Easpáinne ríoghacht Éireann bliadhain is fiche, gur thuit lé h-Aonghus Olmucaidh i g-Cath Cliach.


p.128