Do ghabh Éireamhón, iar mbeith i gcomhfhlaitheas Éireann ré h-Éibhear feadh bliadhna, flaitheas iomlán Éireann cheithre bliadhna déag d' éis mharbhtha Éibhir i g-Cath Airgeadrois, do réir dhruinge ré seanchus, amhail adeir an rann-so:
Gidheadh is í céadfaidh choithcheann na seanchadh nach i g-Cath Airgeadrois do marbhadh Éibhear acht i g-Cath Géisille, amhail adubhramar thuas. Is ré linn Éireamhóin do rinneadh na gníomha-so síos, mar atá Cath Cúile Caichéir i gcionn bliadhna d'éis mharbhtha Éibhir; agus is ann sin do thuit Caichér .i. taoiseach do mhuinntir Éibhir, lé h-Aimhirgin mac Míleadh. I gcionn bliadhna da éis sin, do thuit Aimhirgin lé h-Éireamhón i gcath Bile Theineadh i g-Cúlaibh Breagh; agus is ann san mbliadhain sin do lingeadar naoi m-Brosnacha Éile is trí h-Uinnsionna Ua nOiliolla fá thír i n-Éirinn. An treas bliadhain da éis sin do thuit Fulmán agus Manntán .i. dias taoiseach do mhuinntir Éibhir, lé h-Éireamhón i gCath Breoghain i bhFréamhainn. Do lingeadar ocht locha fó thír i n-Éirinn i
- Cheithre bliadhna déag rodfeas
D'Éireamhón i n-ardfhlaitheas;
Iar g-Cath Airgeadrois go n-ágh
Mar ar thuit Éibhear iomlán.
Adeirid drong ré seanchus gurab é Éireamhón do roinn cúig cúigeadha Éireann d' éis bháis Éibhir ar chuid do na taoiseachaibh do bhí aige. Tug ar dtús Cúigeadh Laighean do Criomhthann Sciathbhéal do Dhomhnannchaibh, duine uasal d' iarmhar bh-Fear m-Bolg. Tug fós dá Chúigeadh Mumhan do cheithre macaibh Éibhir, mar atá Ér Orba Fearón is Feargna. Tug arís Cúigeadh Connacht d' Ún mac Oige agus do Eatan, dias taoiseach da dtáinig leis ón Easpáinn. Mar an gcéadna do fhágaibh Cúigeadh Uladh ag Éibhear mac Ír .i. mac a dhearbhráthar féin.
Is i bhflaitheas Éireamhóin iomorro tángadar Cruithnigh .i. Picti, sluagh do thriall ón Tracia, go h-Éirinn; agus do réir Chormaic mic Cuileannáin 'n-a Psaltair is é fáth fár fhágbhadar an Tracia tré mar do thogair Policornus, rí na Tracia, inghean álainn aontumha do bhí ag Gud ardtaoiseach na g-Cruithneach d' éigniughadh, agus iad féin i seilbh bhuannachta na críche. Ar n-a bhraith cheana do Ghud agus da Chruithneachaibh go raibhe an rí ar tí na hinghine d' éigniughadh, marbhthar leo é, agus tréigid an tír uime sin, agus triallaid ó chrích go crích go rochtain na Fraingce dhóibh mar a bhfuaradar congbháil buannachta agus fearann ó rígh Frangc áit ar thógbhadar cathair ris a ráidhtear Pictauium ó na Pictibh .i. Cruithnigh lér tógbhadh í. Agus mar do chualaidh rí Frangc teist scéimhe na hinghne do thogair a beith 'n-a leannan leaptha
Is iad fá taoisigh don chabhlach soin Gud agus a mhac Cathluan; agus is uime do cheangail Criomhthann cáirdeas riú, do bhrígh go rabhadar dronga d' uaislibh na Breataine da ngairthí Tuatha Fiodhgha ag gabháil neirt i bh-Fothartaibh do gach leith do bhun na Sláinghe. Is amhlaidh do bhádar an drong soin agus neimh ar arm gach aoin aca, ionnus madh beag nó mór an chréacht do-níthí leo ní ghabhadh leigheas ar bith greim don othar go bhfaghadh bás. Agus do chualaidh Criomhthann go raibhe draoi deigheolach da ngairthí Trostán i bhfochair na g-Cruithneach do-bhéaradh leigheas dó féin agus da mhuinntir i gcoinne na neimhe do bhíodh ar armaibh Tuaithe Fiodhgha; agus do fhiafruigh do Throstán créad an leigheas do dhéanadh i n-aghaidh neimhe arm na druinge úd do luaidheamar. Cuirthear leat, ar Trostán, trí caogad bó mhaol fhionn da gcrúdh is cuirthear an lacht do géabhthar uatha i log ar
- Ard Leamhnachta san tír theas,
Fionnadh gach án is éigeas;
Créad ó ngairthear ainm an fhuinn
Do ghabh ó aimsir Chriomhthuinn;- Criomhthann Sciaithbhéal é ro ghabh,
Do shaoradh ár a churadh;
Da ndídean ar ghéirneimh arm
Na n-athach n-uathmhar n-athgharbh.- Seisear Cruithneach, ro chinn Dia,
Tángadar a tír Thracia;
Soilen Ulpia Neachtain nár
Aonghus Leathan is Trostán.- Ro thiodhnuic Dia dhóibh tré ghus
Da n-íoc ar ghéarghoimh othrus,
'S da ndídean ar ghéirneimh arm
Na n-athach reachtmhar rógharg.- Is é fíreolas fuair dóibh
Draoi na g-Cruithneach, fá chéadóir
Trí chaogad bó mhaol don mhaigh
Do bhleodhan i n-aon chuthaigh.- Do cuireadh an cath go cacht
Mu'n log a raibhe an leamhnacht;
Do mhuidh an cath go calma
Ar athachaibh Ardbhanbha.
Dála na g-Cruithneach ann sin, mar atá Gud is Cathluan a mhac, cuirid rompa neart Laighean do ghabháil; agus mar
- Cruithnigh do ghabhsad iardtain
Ar dtigheacht a h-Éireannmhaigh;
Deich rígh is seascad ríoghrán
Do ghabh díobh an Cruitheanchlár.- Cathluan an céidrí dhíobh sain,
Inneosad daoibh go cumair;
Ro b'é an rí déidheanach díobh
An cur calma Constaintín.
Acht cheana anais Trostán Draoi is an cúigear Cruithneach oile luaidhtear san laoidh thuas i n-Éirinn d'éis Chathluain,