Tar éis iomorro Tuath Dé Danann do dhíbirt, is na h-Éireann do bheith ar a gcumas féin aca, roinnis Éibhear is Éireamhón Éire eatorra; agus do réir druinge ré seanchus, is í roinn do rinneadh eatorra, an leath thuaidh do bheith ag Éireamhón ó Bhóinn is ó Shruibh Broin budh thuaidh; is ón teorainn chéadna budh dheas go Tuinn Clíodhna ag Éibhear. Ag so mar adeir an seancha ar an roinn-se. Éireamhón is Éibhear ard, tosach na duaine:
- Ar an leith thuaidh, beart gan bhrón,
Gabhais an fhlaith Éireamhón
Ó Shruibh Broin, buadhach an roinn,
Tar gach mbuidhin go Bóainn.- Éibhear mac Míleadh go rath
Do ghabh an leath theas deaghmhaith;
Ó Bhóinn fuair, fá cródha an roinn,
Go tuinn inghine Geanoinn.
Téid iomorro cúigear do phríomhthaoiseachaibh shluaigh mhac Míleadh lé h-Éireamhón ar a mhír féin don roinn, agus gabhaid fearann uaidh, agus do rinne gach neach díobh dúnphort 'n-a roinn féin don fhearann. Ag so an cúigear taoiseach do ghabh lé h-Éireamhón, mar atá Aimhirgin Goistean Séadgha Sobhairce is Suirghe. Ag so síos na ríoghrátha do tógbhadh lé h-Éireamhón is lé n-a chúigear taoiseach. Ar dtús do thógaibh sé féin Ráith Beitheach i n-Airgeadros ar bruach na Feoire i n-Osruighe. Do thógaibh fós Aimhirgin Turlach Innbhir Mhóir. Do tógbhadh lé Sobhairce Dún Sobhairce. Do tógbhadh lé Séadgha Dún Deilginse i gcrích Chualann. Do
Cúig glúine déag is fiche ó Éibhear go h-Ádamh, mar adeir an file:
- Cúig glúine déag ré a ndeaghoil,
Is fiche glún geinealoigh,
Tréad féinneadh gan cruas um chradh
Suas ó Éibhear go h-Ádhamh.
Is í céadfaidh dhruinge oile ré seanchus gurab í roinn
do rinne Éibhear is Éireamhón ar
Éirinn, da Chúigeadh Mumhan do bheith ag
Éibhear; Cúigeadh Connacht is Cúigeadh Laighean do bheith ag Éireamhón; is Cúigeadh Uladh do bheith
ag Éibhear mac Ír mic Míleadh agus ag cuid oile do na
taoiseachaibh táinig lé macaibh Míleadh; is tríocha céad Chorca Laighdhe san Mhumhain teas tugadar do Lughaidh mac Íotha mac dearbhráthar a seanathar. Agus is móide
mheasaim an chéadfaidh sin do bheith fírinneach gurab i Laighnibh do
bhí príomhlongport Éireamhóin, mar atá Ráith Beitheach i n-Airgeadros, láimh ré Feoir, agus fós gurab san Mhumhain go bunadhasach do áithigheadar sliocht
Éibhir agus sliocht Éireamhóin i g-Connachtaibh is i Laighnibh, agus
sliocht Rudhruidhe mic Sithrighe táinig ó Éibhear mac Ír mic Míleadh i n-Ulltaibh. Ón Rudhruidhe
sin iomorro ghairmthear Clanna Rudhruidhe do na fíor-Ulltachaibh
agus gach drong do na sleachtaibh-se do chuaidh i gcúigeadhaibh a
chéile do dhéanamh fearainn is gabháltais, mar atá
teacht chloinne Rudhruidhe go Laighnibh .i. sliocht Conaill
Is ré linn Chormaic mic Airt fós tángadar Déisigh .i. cine do shliocht Éireamhóin, don Mhumhain, gur ghabhadar fearann innte. Is ré linn iomorro Fhiachaidh Muilleathain mic Eoghain Mhóir mic Oiliolla Óluim do bheith i ríoghacht Mumhan táinig Cairbre Músc, duine uasal do shliocht Éireamhóin, ré dán go Fiachaidh, go bhfuair a bhfuil d' fhearann ó Shlighe Dhála .i. Bealach Mór Osruighe go Cnoc Áine Cliach i nduais a dhána, amhail léaghthar i Leabhar Ard Macha, agus is ón g-Cairbre Músc-so ghairthear Múscruidhe Tíre don dá Urmhumhain. Agus go grod da éis sin rángadar cuid do shíol Éibhir mar atá sliocht Cormaic Gaileang i g-Connachtaibh, mar atáid Gaileanga is Luighne, agus is da sliocht Ó hEadhra is Ó Gadhra san leith thuaidh. Agus mar sin da gach aicme is da gach cinéal oile ráinig i dtír oile i n-Éirinn, ní do bhíthin na ronna do rinne Éibhear is Éireamhón do chuadar ionnta;
Tárla file foghlumtha is cruitire ceoilbhinn .i. Cir mac Cis an file, agus Ónaoi an cruitire, ar an druing táinig lé macaibh Míleadh i n-Éirinn; agus adubhairt Éibhear gurab aige féin do bheidís; adubhairt Éireamhón cheana gurab aige féin do bheidís. Acht cheana is é ordughadh do chuaidh eatorra a roinn ré chéile tré chrannchur do chur ortha; agus tuitis crann Éibhir ar an oirfideach agus crann Éireamhóin ar an bhfile; gonadh ag faisnéis an imreasain-se atáid na roinn-se síos a Psaltair Chaisil:
- Do chuirsiod crannchor go cóir
Ar an dias ndána ndíomhóir;
Go ráinig don fhior a ndeas
An cruitire cóir coimhdheas.- Ráinig fós don fhior a dtuaidh
An t-ollamh gus an ollbhuaidh;
Gonadh de sin ráinig smacht
Ordan agus ollamhnacht,- Téidbhinneas ciuil caoine dreann
I ndeas i ndeisceart Éireann;
Is amhlaidh bhias go bráth mbras,
Amhail atá san seanchas.
Tángadar cheithre moghaidh fichead lé macaibh Míleadh i n-Éirinn, agus do bheanadar cheithre maighe fichead a coill iar dteacht i n-Éirinn dóibh, agus is uatha féin ainmnighthear na maighe sin. Ag so anmanna na bhfear soin: Aidhne Ai Asal Méidhe Morbha Midhe Cuibh Cliú Ceara Réir Slán Léighe Lithfe Line Lighean Trea Dula Adhar Airiu Déise
Tug fós Tea inghean Luighdheach mic Íotha .i. bean Éireamhóin fá deara múr do thógbhail di féin i Liathdruim ré ráidhtear Teamhair aniú; agus is ó Thea inghin Luighdheach ghoirthear Teamhair don tulaigh sin .i. múr Tea.
Do bhádar mic Mhíleadh i gcomhfhlaitheas Éireann feadh bliadhna go dtárla imreasan eatorra fá sheilbh na dtrí ndromonn is fearr do bhí i n-Éirinn .i. Druim Clasaigh i gcrích Mhaine is Druim Beitheach i Maonmhaigh is Druim Finghin i g-Connachtaibh. Is ann sin iomorro tugadh cath idir Éibhear is Éireamhón i n-Uibh Fáilghe ag Brú Bhriodáin ag tóchar idir dá mhagh i dtuaith Ghéisille. Do briseadh d'Éibhear san chath soin; is do marbhadh é féin is triar taoiseach da mhuinntir ann mar atá Suirghe Sobhairce is Goistean. Ag so mar adeir an file ar an ní-se ag faisnéis adhbhair an imreasain:
Ag so mar adeir an file Tanuidhe ag teacht leis an ní gcéadna:
- Do roinnsiod Banbha gan brón
Éibhear agus Éireamhón,
Go dtáinig uabhar a mban,
Bliadhain gan chreich gan chogadh,- Do ráidh bean Éibhir na gcath
Mun budh lé Druim caoin Clasach,
Druim Beitheach, Druim Finghin finn,
Nach beith aonoidhche i n-Éirinn.- Torchair Éibhear, anba an fear,
Lé h-Éireamhón mac Míleadh;
Fuair i dtuath Géisille a ghoin,
San maidin ar Maigh Smearthoin.
- A éigse Banbha go mblaidh,
An feas daoibh nó an bhfeadbhair,
Créad fár cuireadh an cath mór
Ar Éibhear lé h-Éireamhón?
- Inneosad uaim daoibh-se sain
An fáth fá ndearna an fhionghail,
Um thrí dromannaibh gan dreim
Is fearr do bhí i n-Éireinn:- Druim Finghin Druim Clasaigh cain,
Druim Beitheach i g-Connachtaibh;
'Ga gcosnamh sin ní rádh glé.
Tugadh an t-ár-so, a éigse.