Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 22

XXII.

Iomthúsa chloinne Míleadh triallaid tar a n-ais go i h-Innbhear Scéine, is téid siad 'n-a longaibh feadh naoi dtonn san muir amach, amhail do orduigh Aimhirgin dóibh. Mar do chonncadar draoithe Thuath Dé Danann iad-san ar an muir, do thógbhadar gaoth gháibhtheach gheintlidhe do chuir anfadh ar an muir; agus adubhairt Donn mac Míleadh gur ghaoth draoidheachta í. ‘Is eadh,’ ar Aimhirgin. Leis sin téid Arannán sóisear chloinne Míleadh san seolchrann suas, agus lé sonnadh da dtug an ghaoth tuitis Arannán ar chláraibh na luinge, gur marbhadh amhlaidh sin é. Agus leis sin do dhealuigh luascadh na garbhghaoithe an long 'n-a raibhe Donn ré cách, agus go grod da éis sin do báthadh é féin is lucht na luinge mar aon ris, mar atá ceathrar ar fhichid do laochraidh agus cúigear taoiseach, mar atá Bile mac Brighe Airioch Feabhruadh Buan Breas is Buaidhne agus dá mhnaoi dhéag agus ceathrar amhus agus ochtar ré hiomramh, caogad macaomh ar daltachas; agus is é áit 'n-ar báthadh iad ag na Dumhachaibh ré ráidhtear Teach Duinn i n-iarthar Mhumhan. Agus is ó Dhonn mac Míleadh do báthadh ann ghairmthear Teach Duinn de. Gonadh ag faisnéis bháis Duinn is na n-uasal-so do báthadh mar aon ris atá Eochaidh Ó Floinn san duain darab tosach: Tóisigh na luingse tar lear. Ag so mar adeir:

    1. Donn is Bile Buan a bhean,
      Dil is Airioch mac Míleadh,
      Buas Breas Buaidhne go mbloidh,
      Do báthadh ag Dumhachaibh.
Ir mac Míleadh, iomorro, do scar an t-anfadh an long 'n-a raibhe ris an gcabhlach is do cuireadh i n-iarthar Dheasmhumhan

p.88

i dtír í; gur báthadh Ír ann agus gur hadhnaiceadh ag Sceilig Mhichíl é, amhail adeir an t-ughdar céadna:
    1. Aimhirgin file na bhfear
      Marbh i gcath Bhile Theineadh;
      Marbh Ír ag Sceilig na scál,
      'S is marbh san luing Arannán.
Gabhais Éireamhón , go gcuid don luingeas mar aon ris, lámh chlé ré h-Éirinn go ráinig bun Innbheir Cholpa ré ráidhtear Droichead Átha. Is uime trá ghairthear Innbhear Cholpa don abhainn sin, do bhrígh gurab innte do báthadh Colpa an Chloidhimh mac Míleadh ag teacht i dtír ann mar aon ré h-Éireamhón mac Míleadh. Is follus as sin gur báthadh cúigear do chloinn Mhíleadh sul do bheanadar sealbh Éireann do Thuathaibh Dé Danann; gonadh uime sin do rinne file éigin an rann-so:
    1. Do báthadh cóigear díobh sin
      Do chlannaibh meara Mílidh;
      I gcuantaibh Éireann na rann,
      Lé draoidheacht Thuath Dé Danann:
mar atá Donn is Ír, Airioch Feabhruadh, Arannán is Colpa an Cloidhimh, ionnus nach raibhe beo don chloinn chéadna ré linn na h-Éireann do bhuain do Thuathaibh Dé Danann acht triúr, mar atá Éibhear Éireamhón is Aimhirgin. Iomthúsa na druinge oile do mhacaibh Míleadh tángadar i dtír i n-Innbhear Scéine, mar atá Éibhear go n-a fhuirinn féin do chabhlach. Tarla Éire bean Mhic Gréine ar Sliabh Mis riú i gcionn trí lá iar dteacht i dtír dóibh, agus is ann sin tugadh Cath Sléibhe Mis idir iad féin is Tuatha Dé Danann, áit ar thuit Fás bean Úin mic Uige, agus is uaithe ráidhtear Gleann Fáis ris an ngleann atá ar Sliabh Mis da ngairthear aniú Gleann Fáis; gonadh da dhearbhughadh sin adeir an file an rann-so:
    1. Gleann Fáis 's é an forus fíor,
      Gan imreasan gan imshníomh;
      Fás ainm na mná luaidhtear linn,
      Do marbhadh isin mórghlinn.

p.90

Is san chath chéadna do thuit Scota bean Mhíleadh, agus don leith thuaidh don ngleann soin atá sí adhlaicthe, láim ré muir; agus is do shuidhiughadh a báis is a fearta atáid an dá rann-so síos as an laoidh chéadna:
    1. Is san gcath soin fós, ní chél,
      Fuair Scota bás is bithég;
      Ó nach maireann i gclí chain
      Fuair a marbhadh san ghleann-sain.
    2. De sin atá san leith thuaidh
      Feart Scota san nglionn nglanfhuar;
      Idir an Sliabh láimh ré linn
      Ní cian do cháidh ón gcoimhling.
Fá hé sin an céadchath tugadh idir mhacaibh Míleadh is Thuatha Dé Danann, amhail adeir an laoidh chéadna:
    1. Céadchath mhac Míleadh go mblaidh,
      Ar dteacht a h-Easpáinn éachtaigh,
      Ag Sliabh Mis fá mana leoin,
      Is forus fis is fíreoil.
Is iad an dias ban úd do luaidheamar, mar atá Scota is Fás, agus an dá dhraoi ba dearscnaighthe aca, mar atá Uar is Éithiar, dream ba táscamhla d' fhine Ghaedhil dar thuit san chath soin. Acht cia do marbhadh trí chéad díobh, gidheadh do marbhadh leo-san deich gcéad do Thuathaibh Dé Danann agus cuirid i raon madhma amhail séin iad; agus gabhais Éire .i. bean Mhic Gréine deireadh orra agus triallais go Tailltean agus nochtais a dáil do chloinn Chearmada. Anaid iomorro mic Mhíleadh ar láithreach an chatha, ag adhnacal na druinge da muinntir do marbhadh, is go háirithe ag adhnacal an dá dhruadh; gonadh aire sin do rinne an file na roinn seanchusa-so síos:
    1. Fágbham san maidin Sliabh Mis,
      Fuaramar ágh is aithis;
      Ó chlannaibh an Daghdha duinn
      Do lannaibh calma comhluinn.

    2. p.92

    3. Do chuirsiom cath go calma
      Ar shiabhraibh Inse Banbha;
      Dar thuit deich gcéad ceann i gceann
      linn do Thuathaibh Dé Danann.
    4. Sé caogad fear dar ndáimh-ne
      do shluagh adhbhal Easpáinne,
      Ag sin a dtorchair dar sluagh,
      Ré heasbhaidh an dá dheaghdhruadh:
    5. Uar agus Eithiar na n-each
      ionmhain dias dhána dheimhneach;
      leach ós a leachtaibh go lom,
      'N-a bhfeartaibh Féine fágbhom.

Ochtar iomorro do thaoiseachaibh an tsluaigh do thuit ar muir lé draoidheacht Thuaithe Dé Danann, amhail adubhramar thuas, mar atá Ír i Sceilig Mhichíl, Arannán as an seolchrann Donn go n-a chúigear taoiseach ar n-a mbáthadh ag Teach Duinn. Do thuiteadar fós ocht ríoghna ann .i. dias díobh mar aon ré Donn, mar atá Buan bean Bhile, is Dil inghean Mhíleadh Easpáinne, bean is siúr Dhuinn. Do báthadh iomorro Scéine bean Aimhirgin i n-Innbhear Scéine, gonadh uaithe ghairmthear Innbhear Scéine don abhainn atá i g-Ciarraidhe. Fuair Fial bean Lughaidh mic Íotha bás do náire ar bhfaicsin a nochta da céile ar dteacht ó shnámh dhi; gonadh uaithe ghairmthear Innbhear Féile don abhainn sin ó shoin i le; do marbhadh fós Scota is Fás i g-Cath Sléibhe Mis, amhail adubhramar thuas. Do éagadar fós dias eile dhíobh, mar atá bean Ír is bean Muirtheimhne mic Breoghain; gonadh iad sin na hocht ríoghna is na hocht dtaoisigh do cailleadh do shluagh chloinne Míleadh ó theacht i n-Éirinn dóibh go cur Chatha Tailltean. Ag so síos anmanna an mhóirsheisir sin ban is fearr táinig lé macaibh Míleadh i n-Éirinn do réir an Leabhair Ghabhála: Scota Tea Fial Fás Líobhra Odhbha agus Scéine. Ag so síos suidhiughadh an tseanchaidh air sin, agus


p.94

cia an fear do bhí ag gach mnaoi dhíobh ag ar mhair a fear ag teacht i n-Éirinn dóibh.
    1. Seacht mná is fearr táinig i le
      Lé macaibh Míleadh uile:
      Tea Fial Fás, feairrde dhe,
      Líobhra Odhbha Scot Scéine.
    2. Tea bean Éireamhóin na n-each,
      Is Fial fós fá bean Luighdheach;
      Fás bean Úin mic Oige iar sin,
      Agus Scéine bean Aimhirgin.
    3. Líobhra bean Fhuaid, caoin a bla,
      Scota an aontumha is Odhbha;
      Ag sin na mná nachar mhear
      Táinig lé macaibh Míleadh.
Iomthúsa chloinne Míleadh, an drong díobh táinig i dtír le h-Éibhear , lér cuireadh Cath Sléibhe Mis, triallaid i ndáil Éireamhóin go bun Innbhir Cholpa; agus mar rángadar a chéile ann sin do fhógradar cath ar thrí macaibh Cearmada is ar TuaithaibhDanann ar cheana. Is ann sin do cuireadh Cath Tailltean eatorra agus do chuaidh an briseadh ar chloinn Chearmada ag macaibh Míleadh áit ar thuit Mac Gréine lé h-Aimhirgin, Mac Cuill lé h-Éibhear , agus Mac CéachtÉireamhón , amhail adeir an seancha:
    1. Atrorchair Mac Gréine geal
      i d-Tailltean lé h-Aimhirgean;
      Mac Cuill lé h-Éibhear an óir,
      Mac Cécht do láimh Éireamhóin.
Do thuiteadar fós a dtrí ríoghna ann, mar atá Éire is Fódla is Banbha; gonadh uime sin is da dhearbhadh cia an dream lér thuiteadar, do rinne an seancha an rann-so:
    1. Fódla lé h-Eatan go n-uaill,
      Caichér Banbha go mbuaidh;
      Éire sonn lé Suighre iar sin:
      Is iad oidheadha an trír sin.
Tuitid iomorro urmhór shluagh Thuath Dé Dhanann ar cheana agus ar mbeith ag leanmhain na ruaige do shluagh mhac

p.96

Míleadh san aird budh thuaidh marbhthar san tóraidheacht soin dá thaoiseach do shluagh mhac Míleadh, mar atá Cuailgne mac Breoghain ar Sliabh Cuailgne agus Fuad mac Breoghain ar Sliabh Fuaid.