Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 21

XXI.

Ag so síos do thigheacht mhac Míleadh i n-Éirinn:

Ar n-a chlos do mhacaibh Míleadh is do shliocht Breoghain uile go ndearnadar clann Chearmada feall ar Íoth mac Breoghain is ar a mhuinntir, agus ar bhfaicsin a chuirp créachtnuighthe marbh, do mheasadar teacht da dhíoghail i n-Éirinn ar chloinn Chearmada, agus tionóiltear sluagh leo ré teacht i n-Éirinn da gabháil ar Thuathaibh Dé Danann i ndíoghail na feilbheirte do rinneadar ar Íoth mac Breoghain is ar a mhuinntir. Adeirid cuid do na seanchaidhibh gurab ón m-Bioscáin do thrialladar mic Mhíleadh i n-Éirinn as an áit ré ráidhtear Mondaca láimh ré hInnbhear Uerindo; agus is uime mheasaid sin, do bhrígh go raibhe Mílidh 'n-a rígh ar an m-Bioscáin tar éis mar do ruagadh lé foirneart iomad eachtrann a ceartlár na Spáinne é don Bhioscáin, mar a rabhadar iomad coillteadh is cnoc is daingneach ré cosnamh na Bioscáine ar anfhorlann eachtrann. Gidheadh ní hí so céadfaidh choitcheann na seanchadh, acht is eadh adeirid gurab ó Thor Breoghain san Galisia do thrialladar i n-Éirinn; agus is í sin céadfaidh is mó mheasaim do bheith fírinneach. Óir léaghthar san Leabhar Gabhála gurab ag Thor Breoghain do chinneadar ar Íoth mac Breoghain do chur do bhraith na h-Éireann, agus gurab ann táinig Lughaidh mac Íotha iar dtilleadh a h-Éirinn dó lé corp a athar da thaispeánadh do chloinn Mhíleadh is do mhacaibh Breoghain; agus measaim da réir sin gurab as an áit chéadna do thrialladar i n-Éirinn iar n-éag do Mhílidh go grod roimhe sin, agus do bhíthin bháis Mhíleadh, táinig Scota mar aon ré n-a chloinn i n-Éirinn, ar mbeith don Spáinn an tráth soin 'n-a cnáimh choinghleaca idir an bhfuirinn do bhí san Spáinn féin agus iomad eachtrann táinig a tuaisceart na h-Eorpa do ghabháil neirt orra.


p.80

Dála chloinne Míleadh, tionóiltear sluagh leo ré teacht i n-Éirinn do dhíoghail Íotha ar Thuathaibh Dé Danann is ar chloinn Chearmada, is do ghabháil na h-Éireann orra; agus is é líon taoiseach do bhí aca ré ceannas feadhna do dhéanamh, dá fhichid, do réir mar léaghthar san duain darab tosach: Tóisigh na luingse tar lear, do rinne Eochaidh Ó Floinn:

    1. Tóisigh na luingse tar lear
      'N-a dtángadar mic Mhíleadh;
      Budh meabhair liom-sa rém lá
      A n-anmann, a n-oidheadha.
    2. Eibhle Fuad Breagha Bladh binn
      Lughaidh Muirtheimhne ón muirlinn;
      Buas Breas Buaidhne na mbríogh mór,
      Donn Ír Éibhear Éireamhón .
    3. Aimhirgin Colpa gan chrádh
      Éibhear Airioch Arannán;
      Cuala Cuailgne Nár amne,
      Muimhne Luighne is Laighne,
    4. Fulmán Manntán Bile séimh
      Ér Orba Fearón Feirghéin;
      Én Ún Eatan Goistean gle
      Séadgha Sobhairce Suirghe.
    5. Palap mac Éireamhóin áin
      Agus Caichér mac Manntáin;
      Do dhíoghail Íotha na n-each
      Tríochad deichneabhar tóiseach.
    6. Tóisigh.

Tríochad long líon an chabhlaigh do bhí aca, agus tríochad laoch i ngach luing díobh, gan áireamh a mban ná a ndaoscarshluagh. Ag so a n-anmanna: Breagha mac Breoghain ó ráidhtear Magh Breagh i Midhe; Cuala mac Breoghain ó ráidhtear Sliabh Cuala; Cuailgne mac Breoghain ó ráidhtear Sliabh Cuailgne; Fuad mac Breoghain ó bhfuil Sliabh Fuaid; Muirtheimhne mac Breoghain ó ráidhtear Magh Muirtheimhne; Lughaidh mac Íotha táinig i n-Éirinn do dhíoghail a athar is


p.82

uaidh adeirthear Corca Laighe i n-deisceart Mumhan; Eibhlinne mac Breoghain ó bhfuil Sliabh nÉibhlinne san Mhumhain; Buas Breas is Buaidhne trí mic Tighearnbhaird mic Brighe; Nár ó ráidhtear Ros Náir i Sliabh Bladhma; Séadgha Fulmán Manntán Caichér is Suirghe mac Caichér; Ér Orba Fearón is Feargna cheithre mic Éibhir; Én Ún Eatan is Goistean; Sobhairce, ní feas dúinn a athair; Bile mac Brighe mic Breoghain; ocht mic Mhíleadh Easpáinne, mar atá Donn is Airioch Feabhruadh Éibhear Fionn is Aimhirgin Ír is Colpa an Chloidhimh Éireamhón is Arannán an sóisear agus cheithre mic Éireamhóin, mar atá Muimhne Luighne is Laighne is Palap, agus aonmhac Ír .i. Éibhear . Is iad soin iomorro an dá fhichid taoiseach tángadar mic Mhíleadh i n-Éirinn. Irial Fháidh mac Éireamhóin, cheana, i n-Éirinn féin rugadh é.

Dála chloinne Míleadh is a gcabhlaigh, ní haithristear aoinní da scéalaibh gur ghabhadar cuan ag Innbhear Sláinghe i n-íochtar Laighean, áit ris a ráidhtear Cuan Locha Garman aniú. Cruinnighid is coimhthionóilid Tuatha Dé Danann 'n-a dtimcheall gur chuireadar ceo draoidheachta ós a gcionn, ionnus gur taidhbhrigheadh dóibh gur dhruim muice an t-oiléan ar a gcionn, agus is de sin ráidhtear Muicinis ré h-Éirinn. Ruaigthear iomorro lé draoidheacht Thuatha Dé Danann mic Mhíleadh ón dtír amach, gur ghabhadar timcheall Éireann, agus do ghabhsad cuan i n-Innbhear Scéine i n-iarthar Mhumhan; agus ar dteacht i dtír dhóibh triallaid go Sliabh Mis go dtarla Banbha go n-a bantracht is go n-a draoithibh orra ann. Fiafruighis Aimhirgin a hainm dhi. ‘Banbha mh'ainm’ ar sí ‘agus is uaim ráidhtear Inis Banbha ris an oiléan-so.’ Triallaid as sin i Sliabh Eibhlinne go dtarla Fódla dhóibh ann, agus fiafruighis Aimhirgin a hainm dhi. ‘Fódla mh'ainm’ ar sí ‘agus is uaim ráidhtear Fódla ris an


p.84

gcrích-se.’ Triallaid as sin go h-Uisneach Midhe, go dtarla Éire dhóibh san áit sin agus fiafruighis an file a hainm dhi. ‘Éire mh'ainm’ ar sí ‘agus is uaim ráidhtear Éire ris an oiléan-so.’ Agus is ag faisnéis an neithe-se thuas atá an rann-so as an duain darab tosach: Canam bunadhas na n-Gaedheal:
    1. Banbha i Sliabh Mis go slóghaibh
      Séithreach tuisleach;
      Fódla i Sliabh Eibhlinne asnach,
      Éire i n-Uisneach.
Ag so thuas an triúr bainríoghan fá mná do thrí macaibh Cearmada; agus adeirid cuid dona seanchaidhibh nach roinn tréanach do bhí ar Éirinn ag cloinn Chearmada, acht sealaidheacht bliadhna ag gach fear díobh agus is é ainm mhná an té aca do bhíodh i bhflaitheas do bhíodh ar an gcrích ar feadh na bliadhna soin. Ag so deismireacht ar an sealaidheacht flaithis sin:
    1. Gach ré mbliadhain do bhíodh soin
      An ríghe ag na flathaibh,
      Éire Fódla is Banbha
      Triúr ban na laoch lánchalma.

Triallaid mic Mhíleadh as sin go Teamhair go dtarladar trí mic Chearmada .i. Eathúr Ceathúr Teathúr go n-a sluagh draoidheachta orra ann; agus iarraid mic Mhíleadh cath nó ceart um cheann na críche ar chloinn Chearmada, agus adubhradar-san go dtiubhradaois breath Aimhirgin a ndearbhráthar féin dhóibh agus dá mbeireadh breath éagcóir orra, go muirbhfidís tré dhraoidheacht é. Is í breath rug Aimhirgin ar chloinn Mhíleadh triall tar a n-ais go h-Innbhear Scéine, is iad féin go líon a sluagh do dhul 'n-a longaibh agus dul feadh naoi dtonn san muir amach, agus dá roicheadh leo teacht i dtír


p.86

d'aimhdheoin Tuatha Dé Danann ceart na críche do bheith aca. Agus do ba lór lé Tuathaibh Dé Danann sin, óir do mheasadar go dtiocfadh da ndraoidheacht féin gan a léigean tar a n-ais don chrích chéadna go bráth.