Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 20

XX.

Is inmheasta gurbh é oiléan na h-Éireann an t-oiléan soin as a thrialladar na draoithe don Fhrainc do bhrígh gur bh' í Éire tobar draoidheachta iarthair Eorpa an tan soin, agus gur bh' í an Ghaedhealg fá teanga do na draoithibh céadna. Nó ma's ón Mhanainn do thrialladar, is follus gurab í an Ghaedhealg fá teanga dhíleas ann sin, do réir Ortelius ag labairt ar Mhanainn, mar a n-abair: Gnáthuighid (ar sé) teanga na Scot nó an Ghaedhealg atá ionann. {Lingua Scotica, seu Hibernica quae eadem est, utuntur.}’’

Da réir sin, ré linn bheith ag múnadh do na draoithibh san bh-Fraingc, is cosmhail gur thógbhadar aos óg na Fraingce, ó bheith i gcaidreamh na ndruadh, suim éigin d'fhoclaibh na Gaedhilge is go bhfuilid ar aithidhe i measc na Fraingcise ó shoin i le; agus fós go n-abair Camdenus, san leabhar da ngairthear Britannia Camdeni, gurab mó do theagascdaois na draoithe fán am soin ó theagasc beoil ioná ó scríbhinn da scolaibh.

Adhbhar oile fós as nar bh'iongnadh focail Ghaedhilge do bheith i measc na Fraingcise, ar mhéid an chaidrimh do bhí ag ÉireannchaibhFrangcaibh, óir adeir an Leabhar Gabhála gur bh' inghean do rígh Frangc fá bean d' Ughaine Mhór fá hairdrí ar Éirinn, agus do chuaidh an t-Ughaine-se do ghabháil neirt na Fraingce. Do chuaidh fós airdrí oile do bhí ar Éirinn .i. Niall Naoighiallach, aimsear imchian d'éis Ughaine, do ghabháil neirt na Fraingce, gur marbhadh ag sruth Loeir san bh-Fraingc é lé h-Eochaidh mac Éanna Chinnsealaigh rí Laighean. Do chuaidh Criomhthann mac Fiodhaigh rí Éireann ria Niall don Fhraingc. Do chuaidh fós airdrí oile do bhí ar Éirinn, mar atá Dáthí mac Fiachrach d'iarraidh neirt do ghabháil ar an bh-Fraingc gur mharbh caor theintighe san leith thoir don Fhraingc láimh ré sliabh Alpa é. Adeir mar an gcéadna Cornelius Tacitus go raibhe roinn is caidreamh


p.66

ceannaidheachta idir Éirinn is an Fhraingc. Do réir a ndubhramar, ní hiongnadh airleagadh focal do bheith ón Ghaedhilg san bhFraingcis, is ón bhFraingcis i n-Gaedhilg. Gidheadh ní hiontuigthe as sin go héigeantach gurab ón bh-Fraingc do thrialladar fine Ghaedhil i n-Éirinn. Uime sin is suarach an dara baramhail do-bheir Buccananus.

Is bréagach fós an treas baramhail do bheir Buccananus, mar a n-abair gurab ionann nóis is béasa do Fhrangcaibh is d' Éireannchaibh. Cibé iomorro léighfeas Ioannes Bohemus san leabhar ro scríobh do bhéasaibh is do nósaibh an uile chinidh, do-ghéabha go follus ann nach ionann nóis náid béasa na bh-Frangcach is na n-Éireannach anois ná i n-allód. Da réir sin is bréagach an treas réasún do-bheir mar chruthughadh ar shliocht Gaedhil do thriall ar dtús ón bh-Fraingc i n-Éirinn.

Adeirid cuid do na nuaGhallaibh-se ag scríobhadh ar Éirinn gurab ón Bhreatain Mhóir tángadar mic Mhíleadh ar dtús; agus is é fáth fá saoilid sin, do bhrígh go bhfuilid iomad focal ionann i n-Gaedhilg is i m-Breathnais. Mo fhreagra ar an réasún-so nach suidhiughadh ar aicme Ghaedhil do thigheacht ón Bhreatain Mhóir é ar dtús. Dá adhbhar atá ris sin. An céadadhbhar dhíobh, do bhrígh gurab í an Ghaedhealg fá teanga dhíleas do Bhriotán mac Fearghusa Leithdheirg mic Neimhidh, agus gurab uaidh ráidhtear Britannia re Breatain do réir Chormaic mic Cuilleannáin is Leabhar n-Gabhála na h-Éireann; agus gurab i m-Breatain do áitigh sé féin is a shliocht da éis; gur chuir Éireamhón mac Míleadh Cruithnigh ré ráidhtear Picti ag comhroinn na h-Alban riú, agus go dtáinig Brutus mac Siluias, ma's fíor do chuid da gcroinicibh féin, isteach orra is Rómhánaigh 'n-a dhiaidh sin, agus Saxones da éis sin, agus Lochlonnaigh is fá dheireadh Uilliam Concúr is na Frangcaigh, ionnus go dtáinig an oiread soin d' anfhorlann eachtrann orra nar bh' iongnadh an Scoitbhéarla,


p.68

fá teanga do Briotán is da shliocht da éis, do dhul i mbáthadh. Gidheadh, an t-iarmhar beag atá ar marthain di gan múchadh uile, atá sí féin agus an Ghaedhealg ionann, an mhéid atá ó aimsir Bhriotáin gan malairt di.

An dara hadhbhar as nach iongnadh iomad focal do bheith ionann san Bhreathnais is san Ghaedhilg, gion gurab ón m-Breatain tángadar mic Mhíleadh i n-Éirinn, do bhrígh gur bh'í Éire fá cúil dídin do Bhreathnaibh ré linn gach leathtruim da luigheadh orra, do bhíthin na Rómhánach is na Sacsanach nó gach druinge oile da n-imreadh foirneart orra, ionnus go dtigdís foirne iomdha go n-a muirear is go n-a muinntearaibh is go n-a maoin ar teitheadh i n-Éirinn díobh, go dtugdaois uaisle na h-Éireann fearann ar feadh a gcuarta dhóibh; agus an sliocht tigeadh uatha ré linn a ndeoraidheachta, do fhoghlamthaoi an Ghaedhealg leo, agus go bhfuilid bailte i n-Éirinn ainmnighthear uatha mar atá Gráig na m-Breathnach is Baile na m-Breathnach is Dún na m-Breathnach &c; agus iar dtilleadh don Bhreatain tar a n-ais dóibh do bíodh iomad focal don Ghaedhilg ar gnáthughadh aca is ag a sliocht da n-éis. Do réir a ndubhramar ní hinmheasta go héigeantach gurab ón m-Breatain tángadar mic Mhíleadh ar dtús, tar ceann go bhfuilid focail ionanna san Breathnais is i n-Gaedhilg. Gibé adéaradh fós gurab cosmhail na Breathnaigh is na Gaedhil 'n-a nósaibh is 'n-a mbéasaibh ré chéile, óir mar bhíos an Gaedheal neamhchomhuightheach fá bhiadh do thabhairt i n-aiscidh uaidh, is mar sin bhíos an Breathnach; mar bhíos fós cion ag an Éireannach ar na seanchaidhibh, ar an aos dána, ar na bardaibh, is ar aos seanma na gcláirseach, bí a shamhail sin do chion ag an m-Breathnach ar an druing céadna agus bíd mar sin cosmhail ré chéile i mórán do bhéasaibh oile; gidheadh ní suidhiughadh sin ar Ghaedhealaibh do thigheacht on m-Breatain acht is mó is suidhiughadh é ar aithidhe do bheith ag Breathnaibh i n-Éirinn, amhail adubhramar thuas; agus da réir sin ní hiontuigthe as na réasúnaibh réamhráidhte gurab ón m-Breatain Mhóir tángadar mic


p.70

Mhíleadh ar dtús. Gidheadh is éidir go fírinneach a rádh go ndeachadar drong do shliocht Bhreoghain a h-Éirinn d'áitiughadh na Breatan Móire, mar atá cuid do shliocht na dtaoiseach do chlannaibh Breoghain táinig lé macaibh Míleadh i n-Éirinn.

Ag so anmanna na mac soin Breoghain táinig i n-Éirinn lé macaibh Míleadh, mar atá Breagha Fuad Muirtheimhne Cuailgne Cuala Eibhle Bladh is Nár. Is da sliocht-so go cinnte do réir seanchusa na h-Éireann an dream ré ráidhtear Brigantes; agus is córaide sin do mheas 'n-a fhírinne mar adeir Tomasius san bhfoclóir Laidne ro scríobh gurab pobal ó Éirinn na Brigantes .i. clann Bhreoghain.

Adeir ughdar Spáinneach darab ainm Florianus del Campo, ag teacht lé seanchus na h-Éireann, gurab Spáinnigh do réir a mbunadhas na Brigantes agus gurab ón Spáinn tángadar i n-Éirinn agus ó Éirinn don m-Breatain.

Is móide is ionchreidthe gach ní da ndubhramar do leith chaidrimh na m-Breathnach lé h-Éireannchaibh; agus gur bh' í Éire fá cúil dídin dóibh, mar adeir Caradocus ughdar Breathnach 'n-a chroinic agus Albion 'n-a chroinic, agus iomad d'ughdaraibh oile na m-Breathnach, go dtigdís mórán do phrionnsaidhibh na Breatan agus da n-uaislibh go n-a muirear agus go n-a muinntir i n-Éirinn, mar a ngabhthaoi riú, agus mar a nglacthaoi go cineálta iad, agus mar a dtugthaoi fearann ré háitiughadh dhóibh, amhail adubhramar thuas. Do-ní fós Doctúir Hanmer 'n-a chroinic speisialtacht ar chuid díobh. Ar dtús, adeir gur díbreadh go h-ÉirinnEduin mac Athelfrid, rí do bhí ar an m-Breatain, dar bh'ainm Cadualin, an tan fá haois don Tighearna 635, agus go bhfuair gabháil ris go grádhach ann, agus fuair congnamh sluaigh lér bhain sé a fhlaitheas féin amach arís. Adeir fós gó dtángadar dá phrionnsa ó Bhreatain, mar atá Haralt agus Conan, go h-Éirinn, an tan fá haois don Tighearna 1050, agus go bhfuaradar a nglacadh agus fós caidreamh agus cumhdach ó Éireannchaibh. Adeir mar an gcéadna go dtáinig Allgor iarla Chester ón m-Breatain ar teitheadh


p.72

i n-Éirinn, agus gur chuireadar Éireannaigh sluagh leis lér bhain a thalamh féin amach arís, an tan fá haois don Tighearna 1054. Táinig arís prionnsa oile do Breathnaibh dar bh' ainm Bleithin ap Conan ar teitheadh i n-Éirinn an tan fá haois don Tighearna 1087; agus fuair congbháil ar feadh a chuarta innte. Mar sin dóibh i gcleamhnas is i gcaidreamh ó aimsir go haimsir.

Léaghthar iomorro i g- croinic Hanmer gur phós Arnulfus iarla Pembroc inghean Mhuircheartaigh Uí Bhriain ríogh Éireann, an tan fá haois don Tighearna 1101. Agus do pósadh an dara hinghean dó lé Maghnus mac Arailt, rí na nOiléan. I n-aimsir fós an chéad-Henrí i ríoghacht Shacsan, do bhí prionnsa ar an m-Breatain dar bh' ainm Griffin ap Conan do mhaoidheadh go minic gur bhean Éireannach fá máthair dó féin, agus fós fá seanmháthair, agus gurab i n-Éirinn rugadh agus do béasmhúineadh é. Do réir an ughdair chéadna, do bhí fós prionnsa oile ar an m-Breatain ré linn an dara Henrí, Biradus mac Guinethi fá hainm dó, agus fá bean Éireannach a mháthair. Mar sin do bhíodh iomad caidrimh cáirdeasa is cleamhnasa idir Ghaedhealaibh is na Breathnaigh, ionnus da réir sin nach ionchuir i n-iongantas iomad focal ionann do bheith 'n-a dteangthaibh leath ar leath agus cosmhaileas 'n-a mbéasaibh agus 'n-a nósaibh ré chéile, gion gurab ón m-Breatain tángadar Gaedhil riamh do réir a mbunadhasa.

Adeir Camden mar an gcéadna gur áitigheadar na Brigantes sna tíribh-se síos don Bhreatain Mhóir, mar atá críoch Yorke críoch Lancaster críoch Dhurham críoch Westmorland is críoch Chumberland; agus ní hiongnadh, do réir a ndubhramar, Breathnaigh is Éireannaigh do bheith cosmhail ré chéile 'n-a mbéasaibh is 'n-a nósaibh agus mórán focal ionann do bheith 'n-a dteangthaibh leath ar leath gion go dtángadar mic Mhíleadh do réir a mbunadhasa ó na Breathnaibh riamh, gan chead do Chamden adeir gurab ón m-Brittania tángadar áitightheoire ar dtús i n-Éirinn. Is córa


p.74

iomorro creideamhain do sheanchus Éireann, ar a bhfuil d'fhiachaibh fios is fíoreolas gach dála da dtarla d'Éirinn riamh do lorgaireacht is do choimhéad, ioná do bharamhail Chamden ris nar léig Seanchus Éireann a rún riamh as a mbeith fios dál na h-Éireann aige.

Adeir Cambrens, ag scríobhadh ar Éirinn, gurab ar fulong ríogh do bhí ar an m-Breatain Mhóir tángadar mic Mhíleadh ón m-Bioscáin; agus fós gurab ar a tharraing tángadar 'n-a dhiaidh go h-Orcades, agus gur chuir fuireann leo go h-Éirinn da háitiughadh, ar eacht go mbeidís féin is a sliocht umhal dó féin is do ríoghaibh na Breataine Móire do shíor; agus is é ainm ghairmeas Cambrens don rígh-se Gorguntius mac Beilín. Mo fhreagra mar an gcéadna ar Chambrens gurab follus a bheith bréagach. Cibé iomorro léighfeas Croinic Stoo do-ghéabhaidh go follus nach fuil acht beagán lé trí chéad bliadhan ó fhlaitheas an Ghorguntius soin ar an m-Breatain Mhóir go tigheacht Iulius Caesar da gabháil an t-ochtmhadh bliadhain do fhlaitheas Casibellanus ar an m-Breatain Mhóir; agus léaghthar ag an ughdar gcéadna nach raibhe acht tuairim dá bhliadhan déag is dá fhichid ó Iulius Caesar go breith Chríost, ionnus do réir áirimh Stoo, nach raibhe coimhlíonadh cheithre céad bliadhan ó aimsir Ghorguntius go gein Chríost. Gidheadh adeir Cormac mac Cuileannáin is Leabhair Ghabhála Éireann gurab tuairim trí chéad déag bliadhan roimh Chríost tángadar mic Mhíleadh i n-Éirinn. Agus atá Policronicon ag teacht leo ar an áireamh gcéadna, mar a dtráchtann ar Éirinn. Ag so mar adeir: Atáid (ar sé) míle is ocht gcéad bliadhan ó thigheacht na n-Éireannach go bás Phádraig. {Ab adventu Ibernensium usque ad obitum Sancti Patricii sunt anni mille octigenti.}’’

Ionann soin ré a rádh is gurab tuairim trí chéad déag bliadhan sul rugadh Críost tángadar mic Mhíleadh i n-Éirinn. Óir, bean an dá bhliadhain déag is cheithre fichid ar cheithre chéad ó ghein Chríost go bás Phádraig do na hocht

p.76

gcéad déag bliadhan úd áirmheas Policronicon do bheith ó thigheacht mhac Mhíleadh i n-Éirinn go bás Phádraig, agus da réir sin atáid ocht mbliadhna ar thrí chéad déag ó thigheacht mhac Míleadh i n-Éirinn go gein Chríost, ionnus go dtig Policronicon is Cormac mac Cuileannáin is na Leabhair Ghabhála lé chéile ar áireamh na haimsire ó ghabháil mhac Míleadh go gein Chríost; agus dá bhfromhthar, do réir Chroinic Stoo, an t-áireamh aimsire atá ó Ghorguntius go gein Chríost, agus mar an gcéadna, an t-áireamh aimsire do-ní Policronicon is Cormac mac Cuileannáin is na Leabhair Ghabhála ar an áireamh aimsire atá ó thigheacht mhac Míleadh i n-Éirinn go gein Chríost do-ghéabhthar go follus go rabhadar mic Míleadh i n-Éirinn tuilleadh is naoi gcéad bliadhan sul do ghabh Gorguntius flaitheas na Breataine Móire. Do réir a ndubhramar, is follus gur bhréag gan bharántus do rinne Cambrens 'n-a chroinic mar a n-abair gurab é an Gorguntius thuas do dháil mic Míleadh 'n-a dhiaidh go h-Orcades, agus do chuir as sin go h-Éirinn iad. Óir cionnus budh éidir do Ghorguntius a gcur i n-Éirinn agus nach rugadh é féin, do réir gach ughdaráis da dtugamar síos annso, go ceann naoi gcéad bliadhan d'éis mhac Míleadh do thigheacht i n-Éirinn?