Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 19

XIX.

Ar bhfás don tsliocht-soin Breoghain mic Brátha do bhádar neartmhar daoineach san Easpáinn; agus ar mhéid a n-oirbheart, do chuireadar rompa tuilleadh flaithis do ghabháil do leith éigin oile. Adhbhar oile fós do bhí aca, mar tharla ré linn na haimsire sin teirce bídh san Easpáinn feadh sé mbliadhan bhfichead, tré iomad tiormaigh na haimsire an feadh soin, agus fós tré iomad coinbhliocht tarla eatorra is na Goti is gach drong oile eachtrann ré rabhadar ag gleic fá iomchosnamh na h-Easpáinne. Cinnid uime sin comhairle cia an chríoch ar a ndéandaois braith nó cia do cuirfidhe da braith. Is í comhairle ar ar chinnsiod, Íoth mac Breoghain mic Brátha do bhí 'n-a dhuine ghaisceamhail, is do bhí fós eagnaidhe eolach sna healadhnaibh, do thogha ré dul do bhraith oiléin na h-Éireann. Agus is é áit ar ar chinneadar ar an gcomhairle-se ag Tor Breoghain san Galisia.

Is mar sin tarla dhóibh Íoth do chur go h-Éirinn, agus ní mar adeirid drong oile gurab i néallaibh nimhe oidhche gheimhridh do chonnairc do mhullach Thuir Breoghain í. Óir do bhí caidreamh is roinn roimhe sin idir Éirinn is an Easpáinn, ón tráth fá dtug Eochaidh mac Eirc rí déidheanach Fhear m-Bolg Taillte inghean MhaghmhóirEaspáinne 'n-a mnaoi. Do chleachtdaois trá leath ar leath bheith ag ceannaidheacht is ag malairt a n-earradh is a seod ar gach taoibh ré chéile, ionnus go raibhe aithidhe na h-Éireann ag Easpáinneachaibh agus aithne na h-Easpáinne ag Éireannchaibh sul rugadh Íoth mac Breoghain; ionnus da réir sin nach ó amharc aonoidhche d'fhagháil do mhullach Thuir Breoghain fuair Íoth náid clann Breoghain eolas ar Éirinn, acht ó chaidreamh imchian aimsire roimhe sin do bheith idir an Easpáinn is Éirinn.


p.52

Dála Íotha iomorro ollmhuighthear long leis is cuiris trí chaogad laoch toghtha innte, is triallais ar muir go rángadar don leith thuaidh d' Éirinn, gur ghabhadar cuan i m-Bréantrácht Mhaighe Íotha; agus mar ráinig Íoth i dtír ann do rinne iodhbairt do Neaptúin, dia na mara, is do rinneadar na deamhain drochthuar dhó. Leis sin tángadar drong do lucht na críche do labhairt ris i Scoitbhéarla .i. i n-Gaedhilg, is do fhreagair seisean san teangaidh chéadna iad, agus adubhairt gurab ó Mhagog táinig féin amhail tángadar-san; agus gurab Scoitbhéarla, fá teanga bhunadhasach dó féin amhail do b'eadh dhóibh sin. Atáid na seanchaidhe, ar lorg na háite-se san Leabhar Ghabhála, ag a rádh gurab é an Scoitbhéarla, ré ráidhtear Gaedhealg, fá teanga bhunadhasach do Neimhidh is da aicme, agus da réir sin ag Fearaibh Bolg is ag Tuathaibh Dé Danann. Óir is inchreidte sin as an ní adubhramar thuas gurab é Gaedheal mac Eathóir ar fhoráileamh Féiniusa Farsaidh rí na Scitia do chuir an Scoitbhéarla i n-eagar is i n-ordughadh; gonadh ón n-Gaedheal soin ráidhtear Gaedhealg ris an Scoitbhéarla, amhail adubhramar thuas.

Is túsca trá do bhí an Gaedheal-so ag múnadh scol gcoitcheann san Scitia ioná do thriall Neimhidh ar eachtra ón Scitia go h-Éirinn; agus ós é an Scoitbhéarla fa teanga choitcheann san Scitia an tráth do thriall Neimhidh aiste, do réir na seanchadh, is é an Scoitbhéarla fá teanga dhíleas do Neimhidh is da fhuirinn ag teacht i n-Éirinn dóibh; agus da réir sin ag gach gabháltas da dtáinig ar Éirinn uaidh nó da shliocht; ní áirmhim mic Mhíleadh dar teanga dhíleas an Scoitbhéarla ó do fhágaibh Niúl an Scitia gus an am-so. Tig Risteard Craobhach príomháidh Éireann leis an ní-se san leabhar do scríobh sé do bhunadhas na Gaedhilge is aicme Ghaedhil. Ag so mar adeir: Atá (ar sé) an Ghaedhealg i ngnáthughadh i n-Éirinn ó theacht Neimhidh 630 mbliadhan iar ndílinn gus an ló aniú. {Gaelica locutio est in usu in Hibernia ab adventu Nemedii anno 630 a Diluvio in hunc usque diem.}’’

Do réir a ndubhramar ní díchreidthe

p.54

gurab i Scoitbhéarla do agaill Íoth is Tuatha Dé Danann a chéile.

Iomthúsa Íotha, do fhiafruigh da éis sin ainm na críche dhíobh agus cia do bhí i bhflaitheas uirre an tan soin. Nochtaid an fhuireann soin tarla air ar dtús gurab Inis Ealga fá hainm don chrích, is gurab iad trí mic Chearmada Milbheoil mic an Daghdha do bhí i bhflaitheas innte ar sealaidheacht gach ré mbliadhain, amhail adubhramar thuas, go dtarla an tráth soin iad i n-Oileach Néid i dtuaisceart Uladh, agus iad i n-imreasan fá sheodaibh a sean. Triallais iomorro Íoth ar n-a chlos sin mar aon ré dhá dtrian na foirne táinig 'n-a luing leis, agus is é líon do bhí 'n-a luing trí chaogad laoch. Agus mar tháinig do láthair chloinne Cearmada fáiltighid roimhe, is foillsighid fáth a n-imreasain dó. Nochtais seisean dóibh-sean don leith oile gurab tré mhearughadh mara táinig féin don chrích, is nach raibhe a bhara faoi comhnuidhe do dhéanamh innte, acht triall tar a ais da thír féin. Gidheadh mar do measadh leo-san Íoth do bheith foghlumtha, do thoghadar n-a bhreitheamh san imreasan do bhí eatorra é, agus is í breath rug, na seoide do roinn tréanach eatorra; agus leis sin do ghabh ag moladh na h-Éireann is adubhairt gurab éagcóir do bhí imreasan eatorra agus líonmhaire na hinse fá mhil is fá mheas, fá iasc is fá lacht, fá íoth is fá arbhar, agus measardhacht a haieoir ar theas is ar fhuacht. Adubhairt fós dá roinntí an tír tréanach eatorra go raibhe a bhforthainn uile innte. Ceileabhrais Íoth da éis sin dóibh agus triallais mar aon ré n-a chéad laoch d'fhios a luinge.

Dála chloinne Cearmada tugadar da n-aire méid an mholta thug Íoth ar Éirinn; agus is eadh do measadh leo dá roicheadh lais dul da chrích féin go dtiubhradh iomad sluagh leis do ghabháil na h-Éireann; agus is é ní ar ar chinneadar mac Cuill go líon trí chaogad laoch do chur 'n-a thóraidheacht; is rugadar air, is do ghabh Íoth féin deireadh ar a mhuinntir,


p.56

is rug leis iad go Maigh Íotha budh thuaidh, gur fearadh coimheascar eatorra, gur thuit Íoth ann; agus rugadar a mhuinntear leo é 'n-a luing, gur éag sé ar muir aca, agus gur hadhnaiceadh san Easpáinn é iar dtaispéanadh a chuirp do mhacaibh Míleadh da ngreannughadh ré teacht da dhíoghail go h-Éirinn ar chloinn Chearmada. Is céadfaidh do dhruing ré seanchus gurab ar Druim Lighean do marbhadh Íoth is gurab ar Maigh Íotha do hadhnaiceadh é. Gidheadh is cinnte agus is fírinnighe an chéadfaidh thuas.

Do ghabháil mhac míleadh ar Éirinn annso, agus da ndálaibh, agus cia an chríoch as a dtángadar go h-Éirinn.

Adeir Hector Boetius, san treas caibidil do stáir na h-Alban, gurab clann do Ghaedheal Éibhear is Éireamhón . Gidheadh ní héidir sin do bheith fírinneach, do bhrígh, do réir Chormaic mic Cuileannáin 'n-a chroinic, gur bh' fhear comhaimsire do Mhaoise Gaedheal; agus adeir mar an gcéadna do réir an Leabhair Ghabhála gurab i gcionn trí mbliadhan ar cheithre fichid ar dhá chéad iar mbáthadh Pharao tángadar mic Mhíleadh i n-Éirinn, agus da réir sin nar bh'éidir Gaedheal do bheith 'n-a athair ag Éibhear ná ag Éireamhón . Is sollus fós do réir Chormaic san áireamh glún do-ní ó Ghalamh da ngairthí Mílidh Easpáinne fá hathair d'Éibhear is d'Éireamhón , go Noe, nar bh'é Gaedheal fá hathair dóibh. Ag so, do réir Chormaic, an geinealach go Noe: Galamh mac Bile mic Breoghain mic Brátha mic Deaghátha mic Earchadha mic Eallóit mic Nuadhat mic Neanúil mic Eibric Ghlais mic Éibhir Ghlúinfhinn mic Láimhfhinn mic Aghnóin mic Táit mic Ogamain mic Beodhamain mic Éibhir Scuit mic Srú mic Easrú mic Gaedhil Ghlais mic Niuil mic Féiniusa Farsaidh mic Baath mic Magog mic Iafet mic Noe.


p.58

Gibé do léaghfadh stair Hector Boetius do mheasfadh go saoileann sé gurab ó Ghaedheal éigin oile tángadar Gaedhil Alban seoch an Gaedheal ó dtángadar Éireannaigh. Gidheadh is leor liom ughdar barántamhail Albanach, da ngairthear Ioannes Maior, ag a rádh gurab ó Ghaedhealaibh Éireann tángadar Gaedhil Alban. Ag so mar adeir: Adeirim ar an adhbhar soin (ar sé) gibé dream ó bhfuil bunadhas na n-Éireannach, gurab ón ndruing gcéadna tángadar Albanaigh. {Dico ergo a quibuscunque Hibernici originem duxere ab iisdem Scoti exordium capiunt.}’’

Tig Beda leis an ní-se i Stair Eaglaise na Sacsan mar a n-abair,

Historia Ecclesiastica Gentis Anglorum, libro primo, cap. primo,

I gcionn sealad aimsire do ghlac an Bhreatain, i ndiaidh na m-Breathnach is na b-Pict, an treas cine i gcuid nó i mír na b-Pict, cine do thriall a h-Éirinn mar aon ré na dtaoiseach Rhéada, do ghreamuigh i measc na b-Pict ionadh suidhe dóibh féin, lé cáirdeas nó lé harm, atá 'n-a seilbh gus an am so. {Procedente autem tempore Britannia post Britones et Pictos tertiam Scotorum nationem in Pictorum parte recepit qui duce Rheada de Hibernia egressi vel amicitia vel ferro sibimet inter eos sedes quas hactenus habent vindicarunt.}’’

As so is iontuigthe do réir Bheda gurab a h-Éirinn do chuadar cine ScuitRhéada a dtaoiseach féin go h-Albain, agus go bhfuilid a sliocht ann ó shoin agus gurab díobh ghairmthear Scuit. Ag so mar adeir Humfredus, ughdar Breathnach, Atá a dhearbh aca féin is ag cách gurab clann d'Éireannchaibh na Scuit is gurab aonainm amháin ghairmid lucht ar dtíre-ne (.i. na Breathnaigh ) dhíobh mar atá Gaedhil. {Scotos Hibernorum proles et ipsi et omnes optime norunt eodemque nomine a nostratibus scilicet Gaidhil appellantur.}’’

Atá fós Cambrens san seiseadh caibidil déag don treas distinct don leabhar do scríobh ar thuarasgbháil na h-Éireann, da fhoillsiughadh gurab ré linn Néill Naoighiallaigh do bheith i bhflaitheas Éireann do chuaidh seisear mac Mhuireadhaigh ríogh Uladh go h-Albain gur ghabhadar neart is arrachtas ann; agus gurab fán am soin tugadh Scotia d'ainm ar Albain ar dtús, agus gurab ón gcloinn sin ríogh Uladh ghairmthear cine Scuit d' Albanchaibh. Ag so mar adeir, ag labhairt ar

p.60

an gcloinn sin, Agus as sin, (ar sé), is uatha do craobhscaoileadh is do gairmeadh go speisialta cine Scuit do Ghaedhealaibh Alban ón am soin gus aniú. {Unde et gens ab his propagata et specificato vocabulo Scotica vocata usque in hodiernum.}’’

Do réir a ndubhramar is bréagach an dá ní mheasas Hector Boetius i Stair na h-Alban: an chéadní dhíobh, mar saoileas gurab é Gaedheal fá hathair do chloinn Mhíleadh; agus an dara ní mar mheasas gurab ó Ghaedheal éigin ar leith tángadar fine Ghaedhil na h-Alban seoch an Gaedheal ó dtángadar mic Mhíleadh lér gabhadh Éire.

Adeir Buccananus ughdar Albanach san Stair ro scríobh ar Albain gurab ón bh-Fraingc tángadar mic Mhíleadh i n-Éirinn; agus do-bheir, dar leis féin, trí réasúin ris sin; an céidreasún díobh, mar a n-abair go raibhe an Fhraingc cómh daoineach soin go ndéineadh an chuid don Fhraingc ré ráidhtear Gallia Lugdunensis trí chéad míle fear infheadhma; agus uime sin gur chosmhail gur bhrúcht sí foirne uaithe d' áitiughadh críoch oile, agus da réir sin gur chuir sí fuireann d'áitiughadh na h-Éireann, mar atáid fine Ghaedhil. Mo fhreagra ar an réasún-so, nar bh'fheas don ughdar-so cá tráth tángadar mic Mhíleadh i n-Éirinn, agus mar sin nar bh'fheas dó ar dhaoineach nó ar bh'uaigneach don Fhraingc an tan tángadar mic Mhíleadh i n-Éirinn. Dá mbeith fós go mbiadh an Fhraingc comh líonmhar is adeir seisean a beith fá dhaoinibh an tan tángadar mic Mhíleadh i n-Éirinn, ní hiontuigthe go héigeantach as sin gurab ón bh-Fraingc tiocfadaois mic Mhíleadh. Óir ciodh fár chóra don Fhraingc bheith líonmhar fá dhaoinibh an tráth soin ioná don Spáinn ó dtángadar mic Mhíleadh? Dá bhrígh sin is iontuigthe gurab suarach an réasún-so chuireas Buccananus síos ag a chruthughadh gurab ón bh-Fraingc tángadar mic Mhíleadh do réir a mbunadhasa.

An dara baramhail baothánta do-bheir gurab ón bh-Fraingc tángadar mic Mhíleadh i n-Éirinn, do bhrígh go bhfuilid focail Fhraingcise is Ghaedhilge ionann, mar atá dris agus dún atá


p.62

ionann i bhFraingcis is i n-Gaedhilg, agus beagán oile da gcosmhaileas. Mo fhreagra ar an réasún-so go bhfuilid focail as gach aointeangaidh ar airleagadh san cheathramhadh mír don Ghaedhilg ré ráidhtear Béarla Teibidhe ó aimsir Féiniusa Farsaidh anuas; agus mar sin amhail atáid focail ón bhFraingcis innte atáid focail ón Spáinnis ón Eadáilis ón n-Gréigis ón Eabhra ón Laidin is ó gach prímhtheangaidh oile innte. Agus uime sin ní suidhiughadh ar Ghaedhealaibh do thigheacht ón bh-Fraingc go mbiadh beagán focal ionann i n-Gaedhilg is i bhFraingcis. Agus fós an beagán focal atá ionann eatorra, measaim gurab ó Éirinn rugadh don Fhraingc iad, agus is móide mheasaim sin mar adeir Caesar san seiseadh leabhar da Stair gurab ó oiléanaibh na Breatan do chuadar draoithe don Fhraingc do bhíodh 'n-a mbreitheamhnaibh aca, agus ag a mbíodh tearmann is saoirse is cádhas ó uaislibh na Fraingce.