Brátha iomorro mac Deaghátha an t-ochtmhadh glún ó Éibhear Ghlúinfhionn anuas, is é do thriall as an n-Gotia láimh ré Creta is ré Sicilia deiseal Eorpa go h-Easpáinn, go lucht cheithre long leis, amhail adeir Giolla Caomháin san rann-so:
Ó Bhrátha ráidhtear Bragansa san Phoirtingéil mar atá diuice na Bragansa. Ag so na cheithre taoisigh táinig mar aon ré Brátha san turas soin don Easpáinn .i. Oige agus Uige dias mac Eallóit mic Neanúil, Manntán is Caichér. Ceithre lánamhna déag is seisear amhus i ngach luing díobh agus tugadar trí madhmanna ar lucht na críche iar dteacht i dtír dóibh .i. sliocht Tubal mic Iafet. Acht cheana, da éis sin táinig támh aonláithe go muinntir mhic Eallóit gur eagadar uile go deichneabhar. Táinig fás 'n-a dhiaidh sin orra, agus rugadh Breoghan mac Brátha.
- Brátha mac Deaghátha dil
Táinig do Chreit do Shicil;
Lucht cheithre long seolta slán
Deiseal Eorpa go h-Easpán.
Adeir croinic choitcheann na Spáinne do scríobhadh lé duine uasal Frangcach dar bh'ainm Lobhaois, do réir mar léaghthar ag Éadbhard Grimston san treas leathanach, gurab é céidrí do ghabh ceannas iomlán na Spáinne an tí da ngairthí Brigus lér tógbhadh iomad caisléan; agus is é sin an tí da ngoirthear san Leabhar Gabhála Breoghan, seanathair Mhíleadh Easpáinne, agus is uaidh ráidhtear Brigantes; agus is uaidh, do réir na croinice céadna, do gairthí Brigia i n-allod don chrích ré ráidhtear anois Castilia; agus is caislean fá suaitheantas 'n-a scéith, amhail atá aniú ag rígh na Spáinne.
Is é fós an Breoghan soin do bhris iomad cath ar an Easpáinn, agus is é do chumhduigh nó do thógaibh Brigansia láimh ris an g-Cruinne, agus tor Breoghain san g-Cruinne féin; gonadh uime sin do rinne Giolla Caomháin an rann-so:
- Do bhris mór gcomhlann is gcath
Ar shluagh Easpáinne uallach,
Breoghan na ngleoghal 's na ngliadh,
Lé n-a ndearnadh Brigansia.
Do bhádar deich mic ag an m-Breoghan soin .i. Breogha Fuad Muirtheimhne Cuailgne Cuala Bladh Eibhle Nár Íoth is Bile; gonadh aire sin do rinne an t-ughdar céadna an rann-so:
Mac iomorro don Bhile sin Galamh da ngairthí Mílidh Easpáinne; agus tar ceann gurab é Bile duine déidheanach áirmhighthear do chloinn Bhreoghain san rann thuas, maseadh adeirid ughdair an tseanchusa gurab é Bile mac fá sine ag Breoghan.
- Deich mic Breoghain gan meirbhe,
Breogha Fuad is Muirtheimhne
Cuailgne Cuala Bladh amne
Eibhle Nár Íoth is Bile.
Ar bhfás iomorro do shliocht Breoghain agus ar ngabháil neirt urmhóir na Spáinne dhóibh, tárla mac arrachta oirbheartach ag Bile mac Breoghain da ngairthí Galamh, agus is ris ráidhtear Mílidh Easpáinne; agus do ghabh mian é dul líon cabhlaigh d' ógbhaidh na Spáinne don Scitia d' fhios a bhraithreach is do dhéanamh feadhma dhóibh. Agus iar gcinneadh ar an gcomhairle sin dó, cóirighthear tríochad long leis, is do chuir a bhforthainn laochruidhe ionnta agus téid ar Muir dToirrian, is do thriall go réimdhíreach soir budh thuaidh do Shicilia is do Chreta go ráinig an Scitia; agus ar rochtain i dtir ann sin dó do chuir scéala uaidh go Reaflóir mac Neomainn .i. an rí do bhí ar an Scitia an tan soin; agus fá do shliocht Reaflóir mic Rifill do luaidheamar thuas an Reaflóir-se mac Neomainn. Mar ráinig iomorro Mílidh
Iar gcaitheamh cheana sealad aimsire do Mhílidh san Scitia do éirigh iomad áithis leis i n-aghaidh díbhfeargach is luchta foghla do dhéanamh san gcrích, ionnus tríd sin gur ghrádhuigheadar lucht na críche go mór é. Agus mar do mhothuigh an rí Reaflóir sin do ghabh eagla é go dtiocfadh Mílidh 'n-a aghaidh ré buain ríoghachta na Scitia dhe; agus do chogair da bhíthin sin Mílidh do mharbhadh tar ceann go raibhe sé 'n-a chliamhain aige; agus mar do chualaidh Mílidh sin iarrais árach ar an rígh Reaflóir gur marbhadh leis é; agus leis sin cuiris cruinniughadh is coimhthionól ar a mhuinntir dílis féin, agus tig ar muir go líon trí bhfichid long agus do thriall go réimdhíreach ar Muir dToirrian go ráinig bun srotha Níl; agus ar dteacht i dtír ann sin dó, do chuir teachta go Pharao Nectonibus 'ga fhaisnéis dó é féin do theacht don tír; agus cuiris an rí teachta i gcoinne Míleadh, agus ar rochtain da láthair dó, fáiltighis roimhe, agus tug fearann dó féin is da mhuinntir ré áitiughadh san tír; gonadh ag faisnéis an turais sin Mhíleadh ón Scitia go h-Éigipt atá Giolla Caomháin san rann-so:
- Ro ghoin Mílidh fá maith clann
Refelóir nochar bh'anbhfann;
Ro scuch go cruaidh ón tír thall
Go sruth Níl go bhfuair fearann.
Tuig, a léaghthóir, go rabhadar an dias mac rug Seang inghean Reaflóir do Mhílidh, mar atá Donn is Airioch Feabhruadh, mar aon ris ag teacht don Éigipt iar n-éag a máthar san Scitia.
Tárla fán am soin cogadh mór idir an rígh Pharao is rígh na Aetiopia. Do-ní Pharao taoiseach sluaigh do Mhílidh, iar meas a chródhachta is a chalmachta dó, i gcoinne shluaigh na
Iomthúsa Míleadh do smuain 'n-a mheanmain gur thairrngir Caichér Draoi cian roimhe sin da shinnsear, do Láimhfhionn, gurab i n-Éirinn do-ghéabhdaois a shliocht flaitheas go bunadhasach, agus ollmhuighthear trí fichid long leis gur chuir forthainn sluagh ionnta, agus ceileabhrais do Pharao. Triallais iomorro leis sin ó bhun srotha Níl ar Muir dToirrian go ráinig i dtír i n-oiléan atá láimh ré Tracia, Irena ghoirthear dhe; agus is ann rugadh Ír mac Míleadh. Triallais as sin go hoiléan da ngairthear Gotia atá san bhfairrge chaoil téid san aigéan budh thuaidh, agus do rinne seal comhnuighthe ann sin, gonadh ann rug Scota mac dó da ngairthí Colpa an Chloidhimh. Triallaid as sin san gcaolmhuir budh thuaidh scaras an Asia is an Eoraip ré chéile, agus láimh chlé ris an Eoraip siar, go ráinig Cruitheantuaith ré ráidhtear Alba. Airgthear iomorro imeall na críche sin leo agus triallaid da éis sin láimh dheas ris an m-Breatain Mhóir, go rángadar bun srotha Réin, agus láimh chlé ris an b-Fraingc siar budh dheas, gur ghabhsad cuan da éis sin san Bhioscáin.
Ar rochtain iomorro san chrích sin dóibh, tigid a bhráithre d' fháiltiughadh ré Mílidh; agus nochtaid dó na Goti go
Do bhádar iomorro cheithre mic fichead díobh sin rugadh ar leannántacht dó, sul do thriall as an Spáinn don Scitia; agus an dias ban do bhí diaidh i ndiaidh aige pósta rug an t-ochtar oile dhó, mar atá Seang inghean Reaflóir flaith na Scitia rug dias díobh san Scitia, mar atá Donn is Airioch Feabhruadh, is Scota inghean Pharao Nechtonibus rug an seisear oile dhíobh, mar atá dias san Éigipt .i. Éibhear Fionn is Aimhirgin, Ír ar Muir Tracia, Colpa an Chloidhimh i n-Gotia, Arannán agus Éireamhón san Galisia, amhail adeir Conaing file san laoidh seanchusa-so síos:
- Tríochad mac agus dá mhac
Ag Mílidh go ngile nglac;
Ní ráinig dhíobh, deimhin linn,
Acht aonochtar go h-Éirinn.
- Ocht mic Ghalaimh na ngáire,
Darbh ainm Mílidh Easpáine,
Ro shleachtadar míle magh;
Cidne tíre a ngeinsiodar?- Airioch Feabhruadh 's Donn go ngliadh,
Ro geineadh iad san Scitia;
Rugadh san Éigipt aibhnigh
Éibhear Fionn is Aimhirgin.
- Ír, ní raibhe laoch ba lia,
Ro genair i dtaobh Tracia;
Ro genair Colpa an Chlaidhimh
I n-Glionn Colpa i n-Gaothlaidhibh.- Ruga ag Tur Breoghain gan brón
Arannán is Éireamhón,
Dá shóisear na laoch gan locht,
Mac Dé ro thraoth a dtothocht.Ocht.