Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 17

XVII.

Ag so síos don ionnarbadh do rinne Pharao Intuir ar shliocht Ghaedhil as an Éigipt.

Iomthúsa Pharao Intuir iar sin agus shluaigh na h-Eigipte ar mbeith tréan san tír dhóibh do chuimhnigheadar an tseanfhala do chlannaibh Niuil is d'fhine Ghaedhil .i. an cáirdeas do rónsad ré clannaibh Israel agus loingeas Pharao Cincris do bhreith leis do Niúl, an tan do éalodar mic Israel. Do commóradh uime sin cogadh leo i gcoinne aicme Ghaedhil gur hionnarbadh go haimhdheonach a h-Éigipt iad. Tig Tomas Ualsingham leis an ní sin i n- Ipodigmate mar a n-abair: Iar mbáthadh luchta na Éigipte, an drong don tír do mhair da n-éis do ruaigsiod duine uasal d'áirithe, Sciteadheach do bhí n-a chomhnuidhe eatorra, go nach géabhadh flaitheas ós a gcionn. Ar mbeith dó ar n-a dhíbirt go n-a threibh, táinig gus an Spáinn, mar ar áitigh sé iomad bliadhan agus mar a ndeachadar a shliocht i líonmhaireacht go mór, agus tángadar as sin go h-Éirinn. {Aegyptiis in Mari Rubro submersis, illi qui superfuerunt expulerunt a se quemdam nobilem Scyticum qui degebat apud eos ne dominium super eos invaderet; expulsus ille cum familia pervenit ad Hispaniam ubi et habitavit per annos multos et progenies ipsius familiae multae multiplicata est nimis et inde venerunt in Hiberniam.}’’

Bíodh a fhios agat, a léaghthóir, gurab é Srú mac Easrú mic Gaedhil an duine uasal-so agus nach é Gaedheal féin, gan chead do Hector Boetius, is fós gan chead do bharamhlaibh na nuaGhall scríobhas ar Éirinn shaoileas gurab é Gaedheal féin táinig don Spáinn. Óir do réir fhírinne sheanchusa na h-Éireann, darab cóir creideamhain san ní-se, is ann san Éigipt rug Scota, inghean Pharao Cincris, Gaedhal agus is innte do chomhnuigh go bhfuair bás; agus ní hón n-Gréig, mar adeirid drong oile, táinig, acht a athair darbh ainm Niúl táinig ón Scitia. Agus tar ceann go n-abair an t-ughdar-so do haithléaghadh againn gurab don Spáinn


p.26

táinig an duine uasal do luaidheamar, ní headh, acht don Scitia do chuaidh, agus is é an cúigeadh glún déag uaidh anuas da ngairthí Brátha mac Deaghátha ráinig don Spáinn ar dtús. Ag so suidheamh an tseanchaidh air gurab é Srú mac Easrú fá taoiseach ag triall ón Éigipt ar an eachtra so, amhail adeir Giolla Caomháin san duain darab tosach, Gaedheal Glas ó dtáid Gaedhil:
    1. Srú mac Easrú mic Gaoidhil,
      Ar seanathair sluagh-fhaoilidh;
      É do luidh fá dtuaidh ó a thoigh
      Ar fud mhara Ruaidh Romhoir.
    2. Lucht cheithre long líon a shluaigh
      Ar fud mhara Romhair Ruaidh;
      Thall i ngach cláradhbha is cead
      Cheithre lánamhna fichead.

Tuig, amhail adubhramar, gurab é Srú mac Easrú fá taoiseach san eachtra soin go rángadar go hoiléan Creta, go bhfuair bás ann sin, gur ghabh a mhac Éibhear Scot ceannas feadhna cáich go rochtain don Scitia dhóibh. Gonadh uime sin adeir ughdar d'áirithe gurab é Éibhear Scot fá taoiseach orra san turas soin agus gurab ón fhorainm do bhí air .i. Scot ghairmthear cine Scuit do Ghaedhealaibh. Ionann iomorro Scot do réir ughdair d'áirithe is saighdeoir. Óir ní raibhe 'n-a chomhaimsir fear bogha do b' fhearr ioná é, agus ón bhforainm sin ráinig é do slonnadh an sliocht táinig uaidh; agus do cleachtadh leo bogha mar arm ar aithris na sean gus an aimsir ndéidheanaigh leath istigh dar gcuimhne féin. Gidheadh ní leanfam baramhail an ughdair-se do bhrígh gurab í céadfaidh choithcheann na seanchadh gurab uime ghairthear cine Scuit do shliocht Gaedhil tré bheith ar dteacht ón Scitia dhóibh do réir a mbunadhasa.

Tuig, a léaghthóir, gurbh fear comhaimsire do Mhaoise Gaedheal, agus da réir sin go raibhe cheithre fichid bliadhan d'aois an tan do báthadh Pharao, agus go raibhe an ceathramhadh glún uaidh féin síos ar n-a bhreith mar atá Éibhear


p.28

Scot mac Srú mic Easrú mic Gaedhil sul do thrialladar mic Israel trés an Muir Ruaidh agus Maoise i gceannas feadhna ós a gcionn. Measaid drong do na seanchaidhibh gurab cheithre céad is dá fhichid bliadhan ó bháthadh Pharao san Muir Ruaidh go tigheacht chloinne Míleadh i n-Éirinn, agus da dhearbhughadh sin ag so mar adeir ughdar dhíobh san rann-so:
    1. Ceathracha is cheithre chéad
      Do bhliadhnaibh, ní hiomairbhréag,
      Ó do luidh Tuaith Dé, dearbh dhuibh,
      Tar muincheann mhara Romhair.
      Gur ghabhsad sceinn don Mhuir Meann
      Mic Míleadh i dtír n-Éireann.

Acht cheana do réir an áirimh do-ní an Leabhar Gabhála ní fhuil acht seacht mbliadhna déag teasta do thrí chéad ón tráth fár ghabh Maoise ceannas chloinne Israel san Éigipt go teacht chloinne Míleadh i n-Éirinn. Óir i gcionn seacht gcéad is seacht mbliadhan déag ar cheithre fichid d'éis díleann do ghabh Maoise ceannas mac nIsrael san Éigipt, agus do réir na haimsire do-bheir seanchus Éireann do Ghabhálaibh Éireann, is i gcionn míle ar cheitre fichid bliadhan d'éis díleann do ghabhadar mic Mhíleadh sealbh Éireann. Ag so mar adeir an Leabhar Gabhála gurab i gcionn trí céad bliadhan iar ndílinn táinig Parthalón, agus gurab trí chéad bliadhan do bhádar a shliocht i seilbh Éireann, agus gurab deich mbliadhna fichead do bhí Éire 'n-a fásach go teacht chloinne Neimhidh innte, agus gurab seacht mbliadhna déag ar dhá chéad fad flaitheasa na cloinne sin ar Éirinn, agus sé bliadhna déag ar fhichid do bhádar Fir Bolg i bhflaitheas, agus Tuatha Dé Danann trí bliadhna teasta do dhá chéad; agus ré cur an áirimh-se uile i n-aontsuim is cheithre fichid ar mhíle bliadhan an nuimhir iomlán do-níd ó dhílinn go tigheacht mac Míleadh i n-Éirinn. Agus dá bhféachtar an t-áireamh-so ris na seacht mbliadhnaibh déag is cheithre fichid ar sheacht gcéad do bhí ó dhílinn go barántas Maoise ar chloinn Israel,


p.30

is follus nach fuil ón am soin go teacht chloinne Míleadh i n-Éirinn acht seacht mbliadhna déag teasta do thrí céad, agus da réir sin gurab bréagach an chéadfaidh thuas adeir gurab i gcionn dá fhichid ar cheithre céad bliadhan d'éis mac nIsrael do dhul trés an Muir Ruaidh rángadar mic Mhíleadh i n-Éirinn.

Adeirid drong ré seanchus gurab é raon 'n-ar ghabh Srú mac Easrú go n-a fhuirinn ar an Muir Ruaidh agus soir budh dheas san aigéan, láimh dheas ré Taprobana, is láimh chlé ris an Asia soir, agus láimh chlé timcheall budh thuaidh dhi, agus as sin go rinn Sléibhe Rife san leith thiar thuaidh don Asia, agus san chaolmhuir ó dheas scaras an Eoruip is an Asia ré chéile, agus as sin don Scitia. Gidheadh ní hé sin raon do ghabh Srú ag triall ón Éigipt don Scitia go lucht cheithre long is tríochad i ngach luing díobh; acht a bun srotha Níl ar Muir dTorainn go Creta ris a ráidhtear Candia aniú, áit ar chomhnuigh sé sealad aimsire go bhfuair bás ann agus 'n-ar fhágaibh cuid da shliocht diaidh i ndiaidh; gonadh da bhithin sin do réir ughdar an tseanchusa nach bí nathair neimhe i g-Creta acht mar Éirinn; agus triallaid as sin don Scitia agus Éibhear Scot 'n-a thaoiseach orra; agus gibé adéaradh nar bh'éidir dul ón Éigipt don Scitia i luing nó i n-eathar do réir na ronna do bhí ar an Scitia an tan soin, ní fíor do é, do bhrígh gur follus as gach aonstaruidhe thráchtas ar thuarasgbháil na gcríoch go bhfuil an t-innbhear da ngoirthear Tanais ag snighe go Muir Lárthalmhan agus an mhuir sin ag snighe gus an Éigipt mar a bhfuil sruth Níl; agus do réir na ronna do bhí ar an Scitia an tan soin áirmhighthear sruth Tanais ar aibhnibh na Scitia do réir sheanughdair bharántamhail Herodotus san cheathramhadh leabhar mar a n-abair: Sruth Tanais chomhroinneas an Asia ón Eoruip áirmhighthear é idir na srothaibh atá ag lucht na Scitia. {Tanais fluvius dividens Asiam ab Europa enumeratur inter flumina quae apud Scitas sunt.}’’

Agus ar rochtain don Scitia dhóibh tarla cogadh is coinbhliocht eatorra féin is a

p.32

gcomhmbráithre, mar atá sliocht Neanúil mic Féiniusa Farsaidh agus do bhí imreasan eatorra fá iomchosnamh na críche go dtarla d'Aghnón mac Táit, an cúigeadh glún ó Éibhear Scot anuas, a bhráthair féin, Reaflóir mac Rifill do shliocht Neanúil, do mharbhadh agus é 'n-a rígh ar an Scitia an tan soin, amhail adeir Giolla Caomháin san duain darab tosach: Gaedheal Glas ó dtáid Gaedhil:
    1. Reaflóir is Aghnón gan on,
      Seacht mbliadhna fá iomchosnomh;
      Go dtorchair Reaflóir go nglóir
      Do láimh áitheasaigh Aghnóin.

Don ionnarbadh do rinneadh ar sliocht Ghaedhil as an Scitia.

Iomthúsa chloinne Reaflóir mic Rifill, tarla dias mac aige, mar atá Neanúl is Rifill is tionóilid sluagh i gcoinne sleachta Gaedhil da n-ionnarbadh as an dtír uile; agus coimhthionóilid fine Ghaedhil is triallaid d'aonbhuidhin as an gcrích tré thír na g-Cíochloisceach da ngairthear Amazones go himeall mhara Caisp; is gabhaid loingeas ann sin go ndeachadar ar an muir amach gur ghabhadar tír i n-oiléan atá ar muir Chaisp áit ar comhnuighsiod feadh bliadhna; agus is iad fá taoisigh dóibh ar an eachtra soin Aghnón is Éibhear , dá mhac Táit mic Aghnamain mic Beodhamain mic Éibhir Scuit mic Srú mic Easrú mic Gaedhil.

Do bhádar triúr mac ag Aghnón ar an eachtra soin, mar atá Eallóit Láimhfhionn is Lámhghlas. Do bhádar dias mac ag Éibhear mac Táit, mar atá Caichér is Cing; agus fuair Aghnón bás san oiléan soin; agus triallaid cách i gcionn bliadhna as an oiléan soin lucht trí long, is trí fichid i ngach luing díobh, agus bean ag an treas fear díobh. Seisear taoiseach dhóibh ar an eachtra soin; go dtugadar ucht ar an gcaolmhuir atá ó mhuir Chaisp siar gus an bhfairrge gcaoil tig ón aigéan adtuaidh agus mar rángadar an mhuir sin


p.34

do éirigh anfadh orra gur seoladh i n-oiléan iad ré ráidhtear Caronia i Muir Phontic gur chomhnuighsiod bliadhain is ráithe ann; agus san oiléan soin fuair Éibhear mac Táit is Lámhghlas mac Aghnóin bás. Triallaid as soin, ceathrar taoiseach dóibh .i. Eallóit Láimhfhionn Cing is Caichér a n-anmanna, agus tarla murrdhúchainn ar an muir rompa is do chandaois ceol do na loingseachaibh do bhíodh ag triall tarsna go gcuirdís codladh orra is go lingdís féin orra da marbhadh; agus is é leigheas do rinne Caichér Draoi air sin, céir do leaghadh 'n-a gcluasaibh go nach gcluindís an ceol d'eagla codalta ris; mar sin dóibh gur ghabhadar cuan ag rinn Sléibhe Rife thuaidh; agus is ann sin do rinne Caichér fáistine dhóibh nar bh'ionadh comnuidhe dhóibh aonáit go rochtain Éireann dóibh, agus nach iad féin do roichfeadh í, acht a sliocht. Triallaid as sin go rángadar go Gotia agus tarla go raibhe mac oirdheirc ag Láimhfhionn da ngairthí Éibhear Glúinfhionn agus do chomhnuigheadar sliocht Gaedhil san tír sin deich mbliadhna fichead is do anadar lucht díobh ann ó shoin i le; gonadh da dhearbhadh sin adeir Giolla Caomháin an rann-so:
    1. Fine Ghaoidhil ghasta dhil,
      Triochad bliadhan san tir-sin;
      Anaid lucht díobh ann ó shain,
      Go dtí deireadh an domhain.

Measaid drong oile ré seanchus gurab caogad ar chéad bliadhan do chomhnuighsiod sliocht Gaedhil san Ghotia, agus is í sin céadfaidh is fírinnighe. Óir is follus gur chaitheadar aicme Ghaedhil ocht nglúine da ngeinealaigh san Ghotia mar atá ó Éibhear Ghlúinfhionn go Brátha. Ag so iomorro an geinealach ghlún sin: Brátha mac Deaghátha mic Earchadha mic Eallóit mic Nuadhat mic Neanúil mic Eibric mic Éibhir Ghlúinfhinn rugadh san Ghotia féin mic Láimhfhinn an céadtaoiseach táinig don chrích sin d'aicme Ghaedhil; agus do bhrígh nachar bh'éidir an oiread soin glún do theacht don leith istigh


p.36

do thríochad bliadhan is dearbh liom gurab í an chéadfaidh dhéidheanach atá fírinneach.

Adeirid drong oile ré seanchus gurab trí chéad bliadhan do chomhnuighsiod sliocht Gaedhil san Ghotia. Gidheadh ní héidir sin do bheith fírinneach, do bhrígh, do réir na ngabháltas, do réir mar adubhramar thuas, nach raibhe iomlán trí chéad bliadhan ón tráth fár báthadh Pharao san Muir Ruaidh go tigheacht mhac Míleadh i n-Éirinn. Uime sin ní héidir an chéadfaidh sin do bheith fírinneach, do bhrígh gurab don leith istigh don aimsir sin do rinneadar fine Ghaedhil gach turas da ndearnadar ón Éigipt go Creta, agus ó Creta don Scitia, is ón Scitia go Gotia, ón Ghotia gus an Spáinn, ón Spáinn don Scitia, is ón Scitia go h-Éigipt, is ón Éigipt go Tracia, ón Tracia go Gotia, is ón Ghotia go h-Easpáinn, is ón Easpáinn i n-Éirinn.


p.38