Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 16

XVI.

Ag so síos do thriall Niuil don Éigipt ón Scitia agus da dhálaibh innte go bhfuair bás:

Sul laibheoram ar thriall Niuil ón Scitia don Éigipt, féach mar adeir Herodotus gurab ón m-Baibiolóin, táinig fios airde réaltann an taoibhe thuaidh is roinn na n-uaireann gus na Gréagaibh; agus adeir Solon nach raibhe fios seanchusa ag na Gréagaibh nó gur fhoghluimsiod ó lucht na Éigipte é. Adeir Iosephus san chéidleabhar da Sheanchus nach raibhe leitre ag na Gréagaibh go haimsir Homer. As na hughdaraibh-se is iontuigthe nach ón n-Gréig ré ráidhtear an Ghréig anois do chuaidh Isis ná neach oile do sheoladh na n-ealadhan do shliocht na Éigipte, acht Niúl mac Féiniusa Farsaidh do chuaidh ón Scitia do sheoladh na n-ealadhan ann. Agus cibé adéaradh nach túsca do bhí foghluim san Scitia, ór thriall Niúl, ioná san Éigipt, ní fíor dó é, do réir Polidorus san chéidleabhar ro scríobh De Rerum Inventoribus, mar a n-abair: Is fada an t-imreasan do bhí idir lucht na Éigipte is lucht na Scitia, agus san ghleic sin do chonnarcas, ar mbeith claoidhte do lucht na Éigipte, gur cianaosta lucht na Scitia ioná iad. {Magna diu inter Aegyptios et Scythas contentio fuit in quo certamine superatis Aegyptis Scythae antiquiores visi sunt.}’’

As so is iontuigthe gurab túsca do bhí seoladh is foghluim ag lucht na Scitia ioná ag lucht na Éigipte agus do bhrígh, do réir na n-ughdar thuas, gurab túsca do bhí foghluim san Éigipt ioná san Ghréig, ní hé Isis ón n-Gréig ná neach oile da shamhail do chuaidh ón n-Gréig do sheoladh scol don Éigipt acht Niúl mac

p.14

Féiniusa Farsaidh
ón Scitia rugadh ar Maigh Seanáir is tugadh suas i bhfoghluim ann san chéadscoil do suidheadh i gcrích na Baibiolóine, agus fá hí an chéadscol i ndiaidh choimhmheasctha na dteangtha san domhan, amhail adubhramar thuas.

Ar mbeith do Niúl aimsear imchian ag seoladh scol gcoitcheann san Scitia do chuaidh a chlú do leith eolasa is eagna fá na críochaibh i gcoitchinne, ionnus ar mhéid na tuarasgbhála do bhí air gur chuir Pharao CincrisÉigipte teachta 'n-a dháil 'ga iarraidh don Éigipt ré seoladh na n-ealadhan is na n-ilbhéarladh d'ógaibh na Éigipte. Do thriall Niúl don Éigipt mar sin, amhail adeir an file san rann-so do beanadh as an duain darab tosach, Canam bunadhas na n-Gaedheal:

    1. Rángadar scéala go Forann,
      Go méid ngreatha,
      Nél mac Féiniusa 'ga bhfuilid
      Béarla an bheatha.
Triallais iomorro Niúl lé teachtaibh Pharao don Éigipt, agus tug an rí fearann da ngairthear Capacyront (nó Campus Circit) láimh ré Muir Ruaidh dó; agus fós do phós a inghean féin ré ráidhtear ScotaNiúl, amhail adeir Giolla Caomháin san duain darab tosach: Gaedheal Glas ó dtáid Gaedhil:
    1. Do chuaidh san Éigipt iar soin,
      Go riacht Forann fortamhail;
      Go dtug Scota gan scéimh ngainn
      Inghean fhialghasta Fhorainn.

Iar bpósadh Scota do Niúl cuiris scola 'n-a suidhe ag Campus Circit do sheoladh na n-ealadhan is na n-ilbhéarladh d'ógaibh na Éigipte; agus is ann sin do rug Scota Gaedheal mac Niuil. Do féadfaidhe go gcuirfeadh neach éigin i n-iongantas cionnus budh éidir Niúl, an cúigeadh glún ó Iaphet, do bheith i gcomhaimsir ré Maoise ann, agus gurab seacht mbliadhna déag is cheithre fichid ar sheacht gcéad ó


p.16

dhílinn gus an am fár ghabh Maoise ceannas Chloinne Israel. Mo fhreagra ar sin, nach doichreidthe go mairfeadh Niúl iomad do chéadaibh bliadhan, óir do-gheibhdís na daoine ré fhada fán am soin; bíodh a fhiadhnaise sin ar Éibhear mac Sáile, an ceathramhadh glún ó Shéim anuas, do mhair cheithre bliadhna is trí fichid ar cheithre chéad, agus ar Shéim do mhair cúig céad bliadhan d'éis mar rugadh Arfaxad dó, amhail léaghthar san aonmhadh caibidil déag in Genesi; uime sin nach cuirthe i gconntabhairt go bhféadfadh Niúl marthain ón dara bliadhain is dá fhichid do fhlaitheas Nion mic Béil, amhail adubhramar, go haimsir Mhaoise. Agus fós is lughaide is ionchuirthe i n-iongantas an ré fuair Niúl agus go mbéaradh ar aimsir Mhaoise san Éigipt, ma's fíor an ní adeir Marianus Scotus mar go n-abair gurab i gcionn aoin bhliadhna déag ar fhichid ar thrí chéad d'éis díleann táinig coimhmheascadh na dteangthadh san Bhaibiolóin agus do réir mar adubhramar thuas gurab cian d'éis comhmbuaidheartha na Baibiolóine rughadh Niúl. Do réir a ndubhramar is inchreidthe ughdair seanchusa chinidh Scuit do leith aoise Niuil mic Féiniusa Farsaidh, agus go raibhe 'n-a fhior comhaimsire ag Maoise san Éigipt.

Dála Niuil ar mbeith ag áitiughadh ag Capacyront láimh lé Muir Ruaidh, agus ar mbeith do Ghaedheal ar n-a bhreith ó Scota, is ann sin do éalodar mic Israel ó Pharao is do thrialladar go bruach Mara Ruaidhe, go ndearnadar foslongphort láimh ré Capacyront mar a n-áitigheadh Niúl. Ar n-a chlos sin iomorro do Niúl, téid 'n-a ndáil da n-agallamh is da fhios cia do bhí ann. Tarla Aaron do leathtaoibh an tsluaigh air agus do innis scéala mac nIsrael is Mhaoise dhó agus na míorbhaile fiadhnaiseacha do imir Dia ar Pharao is ar a shluagh tré dhaoirse chloinne Israel. Do cheangail iomorro Niúl is Aaron cumann is caradradh ré chéile; agus do fhiafruigh Niúl do Aaron an rabhadar biadha náid lóinte aca; agus adubhairt fós an raibhe do chruithneacht is do mhaitheas aige féin go mbiadh uile ar a gcumas-san. Fá


p.18

buidheach Aaron de tríd sin. Táinig iomorro an oidhche iar soin, is téid Aaron go Maoise agus do innis dó na tairgsiona tug Niúl dó, agus fá buidheach Maoise is Aaron de tríd sin.

Iomthúsa Niuil ráinig go n-a mhuinntir féin iar sin, agus do innis dóibh mic Israel do bheith láimh riú; agus do innis gach ní do dhálaibh mac nIsrael dóibh. Agus an oidhche chéadna tarla nathair neimhe do Ghaedheal mac Niuil is é ag snámh, gur chréachtnuigh é, go raibhe i nguais bháis. Agus adeirid drong oile gurab ón bhfásach táinig da chréachnughadh 'n-a leabaidh. Adubhradar a mhuinntear ré Niúl an mac do bhreith i ndáil Mhaoise; agus beiris leis Gaedheal do láthair Mhaoise. Do rinne Maoise guidhe go Dia agus do tháith an slait do bhí 'n-a láimh ris an gcréacht gur shlánuigh mar sin é. Agus adubhairt Maoise an áit a mbiadh treabh bhunaidh an mhic sin, nach biadh brígh i nathair neimhe ann go bráth; agus atá sin follus ar Chreta, oiléan atá san n-Gréig mar a bhfuil cuid da shliocht, ní bhfuil nathair neimhe ann acht mar Éirinn. Agus tar ceann go rabhadar nathracha neimhe i n-Éirinn go teacht Phádraig, ní shaoilim go raibhe neimh ionnta; nó saoilim gurab do na deamhnaibh ghairmthear nathracha neimhe i m- Beathaidh Phádraig.

Adeirid cuid do na seanchaidhibh gur chuir Maoise glas ar an bhfleisc do bhí fá n-a láimh féin ar bhrághaid Ghaedhil, agus gurab uime sin ghairthear Gaedheal Glas de. Do bhíodh iomorro an tan soin fleasc fá láimh gacha taoisigh mar chomhartha ceannais feadhna, agus is uaidh sin adeirthear fleascach uasal ré ceann buidhne anois. Is da fhaisnéis gurab ó shnas na nathrach neimhe do lean do bhrághaid Ghaedhil ghairthear Gaedheal Glas de, is da fhoillsiughadh gurab é Maoise do fhóir é, atáid na rainn-se síos:

    1. Gaedheal Glas cionnus do rádh
      Ris in bhfear gcrithir gcomhlán?
      An ní ó bhfuil Gaedheal Glas,
      Is tearc ga bhfuil a sheanchas.

    2. p.20

    3. Dar fhothruigh ar an dtuinn dtréin
      Gaedheal mac Niuil go ndeighmhéin;
      Gur iadh an nathair 'n-a chneas,
      Níor bh'furus é do leigheas.
    4. An tí ghlas ní dheachaidh de
      Nó gur fhóir go maith Maoise;
      Is eadh thuigid eolaigh as
      Gonadh de atá Gaedheal Glas.
Adeirid drong oile gurab uime ghairthear Gaedheal Glas de ó ghlaise a airm is a éididh. Gurab uime sin do rinne file éigin an rann-so:
    1. Rug Scota mac do Niúl nár
      Ór chin mór gcineadh gcomhlán;
      Gaedheal Glas ainm an fhir
      Ó ghlaise a airm 's a éididh.
Agus is ón n-Gaedheal soin ainmnighthear Gaedhil uile; gonadh uime sin do rinne an file an rann-so:
    1. Féine ó Fhéinius atbearta,
      Brígh gan dochta;
      Gaedhil ó Ghaedheal Ghlas gharta,
      Scuit ó Scota.
Gidheadh adeirid drong oile gurab uime tugadh Scota ar mháthair Ghaedhil, do bhrígh gurab do chine Scuit ón Scitia athair Ghaedhil, agus gur nós aca na mná do shloinneadh o n-a bhfearaibh. Tuig nach í so an Scota fá bean do Ghalamh da ngairthear Mílidh Easpáinne agus rug seisear mac dó. Óir inghean Pharao Cincris fá máthair do Ghaedheal agus is aige do bhádar mic Israel i ndaoirse. An Pharao chéana darbh inghean bean Mhíleadh, fá hé an cúigeadh Pharao déag 'n-a dhiaidh sin é. Pharao Nectonibus fá hainm dó.

Iomthúsa Niuil iomorro adubhairt ré Maoise go mbiadh fala Pharao Cincris ris féin tré fháilte do thabhairt dó. ‘Maseadh,’ ar Maoise, ‘triall-sa linne, agus dá roicheam an tír do tharngair Dia dhúinn do-ghéabhair-se roinn di; nó madh maith leat, do-bhéaram loingeas Pharao ar


p.22

do chumas féin duit, agus éirigh ionnta ar muir go bhfeasair cionnus scarfam is Pharao ré chéile.’ Is í sin iomorro comhairle ar ar chinn Niúl. Do cuireadh trá míle fear n-armach i ndáil na long leis agus tugadh dó iad ar a chumas féin, agus téid ionnta go bhfacaidh gníomhradh an laoi ar n-a mhárach, mar atá oscladh na mara ré g-cloinn Israel, is a dluidheadh 'n-a ndiaidh ar Pharao is ar a shluagh, da mbáthadh, amhail adeir an file san rann-so do beanadh as an duain darab tosach: A dhuine nach creid iar gcóir:
    1. Seascad míle dhíobh da gcois,
      Caogad míle marcachois;
      Anfa mara Romhair Ruaidh
      Ros foluigh uile i n-aonuair.
Trí fichid iomorro míle coisidhe is caogad míle marcach a líon. Seacht gcéad is seacht mbliadhna déag is cheithre fichid i ndiaidh na díleann do báthadh Pharao, amhail adubhramar thuas. Ód chonnairc iomorro Niúl Pharao go n-a shluagh do bháthadh, do an féin san bhfearann gcéadna, óir ní raibhe eagla air ó do báthadh Pharao, agus do fhás a chlann is a shíol go beith ionairm dhóibh. I gcionn aimsire da éis sin fuair Niúl bás, is do ghabh Gaedheal is a mháthair an fearann. Rugadh iaramh mac do Ghaedheal san Éigipt .i. Easrú mac Gaedhil, agus i gcionn tréimhse 'n-a dhiaidh sin rugadh mac dó sin arís, Srú mac Easrú mic Gaedhil, agus do ghabhadar sin an fearann céadna agus do áitigh siad ann.

Dála shluaigh na Éigipte, iomorro, gabhais da éis sin Pharao Intuir flaitheas na n-Éigipte d'éis Pharao Cincris do bháthadh. Do gairthí cheana Pharao da gach rígh ro ghabh an Éigipt ó Pharao Cincris do báthadh san Muir Ruaidh go Pharao Nectonibus an cúigeadh rí déag i ndiaidh Pharao Cincris.