Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 15

XV.

Ag so síos do dhálaibh Féiniusa Farsaidh seanathair Ghaedhil go teacht tar a ais ó Mhaigh Seanáir dó agus go bhfuair bás.

Ar mbeith d'Fhéinius Farsaidh 'n-a rígh ar an Scitia do mheas bheith go rói-eolach sna hilbhéarlaibh tar éis an choimhmheasctha tarla cian roimhe sin ar na teangthaibh ag tor na Baibiolóine do bhí dá thógbháil tré uabhar ré ré dá fhichid bliadhan ag Nemroth go n-a ranntaibh. Óir sul táinig an coimhmheascadh soin ar na teangthaibh ag an tor, is aoin teanga amháin choitcheann do bhí ag na daoinibh uile do bhí ar marthain aca ó Ádhamh anuas. Agus is é ainm ghairmeas an Leabhar Gabhála dhi Goirtighern, amhail adeir an file:

    1. Gortighern ainm an bhéarla
      Do bhí ag mac Dé deagheargna,
      Agus ag síol Ádhaimh uair,
      Ré gcumhdach an tuir Neamhruaidh.
Agus is é ainm ghairmid ughdair na Laidne dhi lingua humana .i. an teanga dhaonna. Gidheadh ar mbeith ag tógbháil an tuir do Nemroth go n-a bhráithribh mar tháinig coimhmheascadh ar a dteangthaibh da dtoirmeasc ó chríochnughadh an tuir do tionnscnadh leo tré uabhar, do beanadh an teanga dhaonna fuaradar ó Ádhamh dhíobh, an líon do bhádar ag tógbháil an tuir. Gidheadh do an sí ag Éibhear mac Sáile agus ag a threibh ionnus gur hainmnigheadh uaidh í; mar go dtugadar Eabhra uirre ó Éibhear. Ar n-a chlos iomorro d'Éibhear gurab é adhbhar fá rabhadar ag tógbháil an tuir ar tí iad féin do chaomhna ar an dara dílinn do bhí i

p.4

dtairrngire do theacht ar na daoinibh— do mheasadar nach biadh an dara dílinn ní-sa aoirde ioná an chéiddílinn agus do chuireadar rompa an tor do dhéanamh chomh hard soin go nach roichfeadh an dílinn go na hárusaibh uachtaracha do bhiadh ann, agus da réir sin go bhféadfadaois na huaisle do bhí orra bheith go hinnill ionnta gan baoghal na díleann— agus mar do chualaidh Éibhear gurab é sin fáth fá rabhadar ag tógbháil an tuir, adubhairt nach tiubhradh congnamh dhóibh agus nach raibhe acht díomhaoineas dóibh-sean gliocas d'iarraidh i n-agaidh toile Dé do choimhlíonadh. Agus mar sin do dhealuigh riú gan chommaoin ar bith do thabhairt dóibh ré tógbháil an tuir; agus fós an tan táinig coimhmheascadh ar chách do fhágaibh Dia mar chomhartha buidheachais ar Éibhear an teanga dhaonna úd an tsinnsir go haonaránach aige féin is ag a threibh da éis.

Is é adhbhar iomorro is mó fá ndeachaidh Féinius Farsaidh go Maigh Seanáir mar aon ré n-a scoil mar cheannach ar bheith i bhfochair na druinge dar theanga dhíleas an Eabhra, ionnus go dtiocfadh dhe sin fíreolas forusta do bheith aige féin is ag a scoil san teangaidh Eabhra.

Dála Féiniusa, ar mbeith do rún aige bheith eolach sna hilbhéarlaibh, amhail a dubhramar, cuiris dá dheisciobal déag is trí fichid ar a chostas féin fá chríochaibh éagsamhla na dtrí rann-so don domhan do bhí ar áitiughadh an tan soin; agus tug orra anmhain amuigh seacht mbliadhna go bhfoghlamadh gach aon díobh teanga na críche 'n-a mbiadh féin an feadh soin. Agus i gcionn seacht mbliadhan tillid tar a n-ais go Féinius don Scitia; agus téid Féinius leo go Maigh Seanáir mar aon ré hiomad d'ógaibh na Scitia iar bhfágbháil an mhic fá sine aige .i. Neanúl i gceannas na Scitia, amhail adeir file d'áirithe san duain darab tosach, Canam bunadhas na n-Gaedheal:

    1. Do luidh Féinius as an Scitia
      For an sluaghadh;
      Fear oireadha eagnuidh eolach,
      Bruthmhar buadhach.

    2. p.6

    3. Ba haoinbhéarla baoi san domhan
      Mar do ghabhsad;
      Dá bhéarla déag is trí fichid
      Tan ro scarsad.
    4. Scol mhór la Féinius ag foghluim
      As gach eargna;
      Fear adhamhra eagnuidh eolach
      I ngach béarla.
Agus adeirid cuid do na seanchaidhibh gurab trí fichid bliadhan do bhí ó dhéanamh an tuir go dtáinig Féinius go n-a scoil adtuaidh ón Scitia go Maigh Seanáir, amhail adeir file d'áirithe san rann-so:
    1. Trí fichid bliadhan go mblaidh,
      Is eadh adféd gach seanchaidh,
      Go dtáinig Féinius adtuaidh,
      Iar gcumhdach an tuir Neamhruaidh.

Cuiris Féinius scola 'n-a suidhe ré múnadh na n-ilbhéarladh ar Maigh Seanáir san gcathraigh da ngairmeann Cin Droma Sneachta Eathéna, amhail adeir an file san rann-so síos:

    1. I Maigh Seanáir, iars an dtor,
      Ro tionóileadh an chéadscol,
      I gcathair Eathéna,
      Do fhoghluim na n-ilbhéarla.
Agus tionóilid aos óg na gcríoch do b'fhoigse dhóibh d'fhoghluim na n-ilbhéarladh uatha; agus is iad trí saoithe do bhí i n-airdcheannas na scoile sin Féinius Farsaidh féin ón Scitia, is Gaedheal mac Eathóir do shliocht Gomer ón n-Gréig, is Caoi Caoinbhreathach ón Iudea, nó Iar mac Neama, amhail adeir an file:
    1. Ag so anmanna na suadh,
      Atbhéar-sa ribh go róluath;
      Gaedheal mac Eathóir go n-ius,
      Iar mac Neama is Féinius.
Ag so mar adeir file oile:
    1. Féinius an saoi sreathach,
      Gaedheal is Caoi Caoinbhreathach;
      Triar do threibh scríbhinn na scol,
      Do lean d'fhíreing na n-ughdor.

p.8

Is iad an triar-so do scríobh i gcranntáibhlibh aibghitre na dtrí bprímhbhéarladh, mar atá Eabhra Gréigis is Laidean, do réir mar chuireas Ceannfaolaidh na foghluma síos é san Uraicheapt do scríobh sé i n-aimsir Choluim Chille. Adeir an t-ughdar céadna gurab é Nion mac Béil mic Nemroth fá hardfhlaith san domhan an tan soin. Adeir fós gurab fán am soin rugadh Niúl .i. mac tánaiste Féiniusa Farsaidh, is gur fhuirigh an Féinius céadna fiche bliadhan ós cionn na scoile mar cheannach ar an mac soin rugadh dó do bheith eolach sna hilbhéarlaibh.

Do bhrígh gurab i gcionn dá bhliadhan is dá fhichid do fhlaitheas Nion mic Béil adeirid drong ré seanchus do suidh eadh scol ar Maigh SeanáirFéinius Farsaidh, measaim gur chaith sé deich mbliadhna do fhlaitheas Nion mic Béil is deich mbliadhna da éis sin ar Maigh Seanáir sul do thill ón scoil don Scitia. Óir adeirid na seanchaidhe uile gurab fiche bliadhan do chaith ós cionn na scoile ré dteacht tar a ais dó. Measaim fós gurab i gcionn dá bhliadhan is dá fhichidh ar dhá chéad d'éis na díleann do suidheadh an scol lé Féinius ar Maigh Seanáir, do réir an áirimh aimsire do-ní Bellarminus 'n-a chroinic, mar a n-abair gurab é aos an domhain míle is ocht gcéad is sé bliadhna déag is dá fhichid an tan do thionnscain Nion mac Béil ardfhlaitheas do ghabháil.

Ionann sin do réir áirimh na n-Eabhraidheach leantar lé Bellarminus agus gurab dá chéad bliadhan d'éis díleann do thionnscain flaitheas Nion. Do bhrígh do réir na n-Eabhraidheach gurab míle is sé céad is sé bliadhna déag is dá fhichid do bhí ó thús domhain go dílinn; cuirthear leis sin dá bhliadhain is dá fhichid do fhlaitheas Nion do caitheadh sul do thionnscain Féinius an scol, ionnus da réir sin gurab i gcionn dá bhliadhan is dá fhichid ar dhá chéad d'éis na díleann do thionnscain í, agus gur chaith fiche bliadhan ós a cionn, mar atá na deich mbliadhna do bhí roimhe do fhlaitheas Nion is deich mbliadhna da éis.


p.10

Acht cheana i gcionn fhichead bliadhan tig Féinius tar a ais don Scitia is cuiris scola 'n-a suidhe innte is do rinne taoiseach do Ghaedheal mac Eathóir ós a gcionn. Is ann sin tug Féinius fá deara ar Ghaedheal an Ghaedhealg do chur i n-eagar is i n-ordughadh do réir mar atá sí 'n-a cúig codchaibh, mar atá Béarla na Féine, Béarla na bhFileadh, Béarla an Eadarscartha, Béarla Teibidhe is Gnáithbhéarla; agus a hainmniughadh go cinnte uaidh féin, da réir sin gonadh ó Ghaedheal mac Eathóir ghairmthear Gaedhealg di agus nach ó Ghaedheal Ghlas, amhail adeirid drong oile; agus fós is tré bháidh ré Gaedheal mac Eathóir tug Niúl mac Féiniusa Farsaidh Gaedheal ar a mhac féin rug Scota inghean Pharao Cincris dó, amhail adeir Ceannfaolaidh na Foghluma san Uraicheapt.

Gidheadh is ceist ar ughdaraibh créad ó bhfuil an focal-so Gaedheal. Adeir Becanus gurab ón fhocal-so goedin .i. goethin .i. uasal, is ón fhocal-so all .i. uile adeirthear Gaedheal .i. uasal uile; nó ón fhocal Eabhraidheach gadhal .i. mór, do bhrígh go raibhe Gaedheal mac Eathóir ré ndubhradh Gaedheal ar dtús mór i bhfoghluim is i n-eagna is ann sna teangthaibh. Gidheadh adeirid na seanchaidhe gurab uime ghairthear Gaedheal de ón gcomhfhocal-so gaoith dhil .i. grádh uightheoir na heagna. Óir is ionann gaoith is eagnaidhe agus is ionann dil is grádhach, amhail adeir an Gréigeach philosophos .i. grádhuightheoir na heagna ré duine eagnaidhe.

Dála Féiniusa Farsaidh ní haithristear do chloinn do bheith aige acht dias mac, mar atá Neanúl is Niúl, amhail adeir an file san rann-so:

    1. Dá mhac ag Féinius, fíor dhamh,
      Neanúl is Niúl ba hághmhar;
      Rugadh Niúl ag an dtor thoir,
      Neanúl san Scitia sciathghloin.

Ar mbeith dá bhliadhain is fiche d'Fhéinius i bhflaitheas na Scitia, iar dtilleadh ó Mhaigh Seanáir dó, do thiomain, agus é


p.12

ré hucht bháis, flaitheas na Scitia do Neanúl an mac fá sine aige; is níor fhágaibh ag Niúl an mac fá hóige acht sochar na n-ealadhan is na n-ilbhéarladh do bhíodh aige 'ga seoladh do scolaibh coitcheanna na críche.