Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 14

An ceathramhadh halt deug.

Ag so síos fo leith go cinnte do'n fhíor-bhun ór' fhásadar aicme Ghaedhil, agus d'á n-imtheachtaib go teacht do Mhacaibh Míleadh i n-Éirinn.

Adeirid cuid do na húghdaraibh Laidne, gurab mac do Argus nó do Cecrops do ghabh flaitheas Argivorum Gaedheal; gidheadh, ní féidir sin do bheith fírinneach, do bhrígh go n-abair S. Augustin gur b' é am do thionnsgain flaitheas na droinge sin an tan rugadh Iacob, i gcionn dá bhliadhan deug agus fiche ar cheithre chéad d'éis dílinne; agus fós, do réir an úghdair cheudna, nach raibhe flaitheas a shleachta sin ar bun acht cúig bliadhna deug ar dhá chéad, agus d'á réir sin, gurab i gcionn seacht mbliadhan ar trí fichid ar sé céad d'éis dílinne do críochnuigheadh flaitheas na haicme sin. Acht cheana, ní féidir sin do bheith fírinneach agus a rádh gurab ó ArgusCecrops do thiocfadh Gaedheal, óir adeir Hector Boetius i stáir na h-Alban, agus fós Leabhair Gabhála Éireann uile gurab re linn Mhaoise do bheith 'san Éigipt i gceannas Clainne Israel do bhí Gaedheal 'san Éigipt. Adeirid, iomorro, na Leabhair Gabhála gurab fo'n am soin rug Scota, inghean Pharao Cincris Gaedheal do Niul mac Féiniusa Farsaidh mic Baath mic Magóg; agus is é am fa'r thionnsgain Maoise ceannas feadhna do dhéanamh ar Chlannaibh Israel 'san Éigipt, i gcionn seacht mbliadhan ndeug agus ceithre fichid ar seacht gcéad, ionnus do réir an áirimh aimsire sin go raibhe tuairim trí chéad bliadhan agus cúig bliadhna agus dá fhichid re a gcois, ó aimsir ArgusCecrops go rugadh Gaedheal, agus, d'á réir sin, níor bh'féidir a bheith 'na mhac ag Argus nó ag Cecrops dó.


p.234

Cibé adéaradh gurab ó'n n-Gréig do ghluais Gaedheal do'n Éigipt, agus gurab uime adeirthear gurab ó'n Scitia do chuaidh do'n Éigipt, do bhrígh gurab ó thalamh Cetim (mar shaoileas úghdar d' áirithe) do thriall, agus, d'á réir sin, go n-abair gurab ionann Scitia agus iath na sceach: ‘iath’, iomorro, an tan tuigthear ar son an fhocail seo ‘fearonn’ é, bídh 'th' nó 'dh' 'na dheireadh, mar atáid iath nó iadh, gidheadh, an tan scríobhthar an focal so, Scitia, ní bhí 'c' i n-a lár mar badh cóir 'na shamhail do chomhfhocal, agus fós, ní bhí 'th' nó 'dh' i n-a dheireadh: agus, d'á réir sin, ní fhuil acht baramhail gan barántas a mheas gurab ionann Scitia, do réir sanasáin Gaedhilge, agus talamh na sceach.

Is lag, mar an gceudna, an suidhiughadh ar Ghaedheal do theacht ó'n n-Gréig do réir a bhunadhasa, a rádh go mbíodh chosmhaileas ag sliocht Ghaedhil, i mbeusaibh, i nósaibh, agus i gcluithidhibh re Greugaibh, agus, uime sin, go n-aibeorthaoi gurab ó Ghreugaibh tángadar. Óir gach gabháltas táinig i n-Éirinn d'éis dílinne, acht Fine Gaedheal agus Clanna Neimheadh amháin, is ó'n n-Gréig tángadar, [mar atá Partholón ó Mhigdonia, Fir Bolg ó'n Tracia agus Tuatha Dé Danann ó'n Achaia; mar a bhfuil Beotia agus Cathair na h-Aithne,]§ do réir mar d'fhoillsigheamar thuas i n-a ngabháltas fo seach ainm gach áite as ar' thriallsad i n-Gréig.


p.236

Ar an adhbhar soin, gion go rabhadar na nóis nó na beusa úd na n-Greugach ag Fine Gaedheal ré dteacht i n-Éirinn dóibh, dob' fhéidir leó a bhfóghluim ó iarmhar Fhear m-Bolg agus Tuatha Dé Danann, do bhí rómpa i n-Éirinn; agus a bhfágbháil ar aithidhe ag a sliocht d'á n-éis, gion go rabhadar féin 'san n-Gréig riamh, ná Gaedheal, ná neach eile d'á dtáinig rómpa.


p.2

Foras Feasa ar Éirinn