Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)
Section 13
An treas alt deug.
Do bhunadhas Chlainne Míleadh,
d'á n-imtheachtaibh, agus d'á ndálaibh, d'á ngeinealaigh, agus do gach toisg
d'á dtárla dhóibh ó Fhéinius Farsaidh anuas go
gabháil Éireann dóibh, ann so síos.
Ionnus, iomorro, go dtiocfadh linn bunadhas cinidh Scoit do lorgaireacht go
préimh, eadhon, go Jafeth: an dias mac is
oirrdhearca do
bhí ag Iafeth, mar atá, Gomer agus Magóg.
p.226
Cuiridh Maoise i san deachmhadh caibidil do Ghenesis,
mar a ndéin craobhsgaoileadh ar shliocht Jafeth,
eadhon, go rabhadar trí mic ag Gomer, mar atá, Ascenez, Riphat agus Togorma:
gidheadh, ní ainmnigheann go cinnte clann Mhagóg do réir a
n-anmann. Thairis sin, do bhrígh gurab ar sheanchadhaibh cinidh Scoit atá
d'fhiachaibh craobhsgaoileadh cinnte na n-uasal do ghein ó Mhagóg
do leanmhain, agus go háirithe sleachta Féiniusa Farsaidh, cuirfeam
síos ann so craobhsgaoileadh sleachta Mhagóg, do réir an
Leabhair Gabhála d'á ngairthear Cin Droma
Sneachta, agus sul táinig Pádraic i n-Éirinn do bhí an t-úghdar soin ann. Is eadh adeir, go rabhadar
triar mac ag Magóg, mar atá, Báath, Iobáth agus Fáthachta. Ó Bháath táinig Féinius Farsaidh, sinnsear sleachta Ghaedhil: ó Iobáth tángadar Amazones, Bactriani agus
Parti: ó Fháthachta táinig Partholón [do chéad ghabh Éirinn iar ndílinn]§, agus Neimheadh mac
Agnomain, agus, d'á réir sin, Fir Bolg agus Tuatha Dé Danann
[amhail adubhramar thuas i sna gabhálaib.]§ Is ar shliocht an Fháthachta so
táinig Attila mór, do chuir Pannonia fa
n-a smacht, agus baoi cian d'aimsir ag coimhmeasgadh flaithis na Rómha, do
scrios agus do dhíbir Aquileia, agus tug iomad ruathar fó'n n-Gearmáin. Is ó'n Scitia fós, do shliocht
Mhagóg do réir a mbunadhasa, Zeliorbes,
rí na Hunnorum do bhí i gcogadh ar Iustinian
Impir. Is ó'n Scitia, trá, tángadar Langobardi, Hungari agus Goti uile. Is ó'n Scitia, mar an gceudna, Dauni ó ráidhtear Daunia 'san Iotáile, agus is é ainm
na tíre sin indiu, Apulia. Is ó'n Scitia
fós tángadar na Túrcaigh. Cá dtáim ris? adeir Bucananus, lorgaire seandachta
p.228
craobhsgaoilidh an domhain ar aithris Epiphanius gur ghabhadar lucht na Scitia árdfhlaitheas go grod i ndiaidh dílinne, agus go raibhe a
bhflaitheas ar marthain go hanfhlaitheas na Babilóine. Adeirid na
húghdair ceudna gurab ó'n Scitia dogheibhdís na
críocha eile reachta agus dlighthe agus orduighthe, agus fós gurab iad céid chineadh do
thionsgain bheith onórach d'éis dílinne iad. Adeir Joannes
Boemus 'san naomhadh caibidil do'n dara leabhar ro scríobh do bheusaibh an uile chinidh,
ná'r' clódh lucht na Scitia le hárdfhlaitheas ar bioth. Adeir
Josephus gurab Magógai ghairid na
Greugaigh do lucht na Scitia. Adeir Joannes Nauclerus go dtángadar daoine ar shliocht na Scitia lé' ndéarnadh gníomha rómhóra. Bíodh a
fhiadhnaise sin ar Herodotus, 'san gceathramhadh leabhar, mar a n-abair gur
dhíbreadar lucht na Scitia Darius rí na Persia as an Scitia go maslaightheach. Bíodh, mar
an gceudna, a fhiadhnaise ar Justin i n-a
stáir, mar a nochtann d'árrachtas na ngníomh do rónsad lucht na Scitia; ag so briathra an úghdair seo: Do bhádar, (ar sé),
do ghnáth lucht na Scitia gan cúmhacht coigcríoch do
bhuain riu, ná do bhreith a mbuadh: do dhíbirsiod go maslaightheach Darius
rí na Persia as an Scitia; do
mharbhsad Círus go líon a shluaigh; do léirscriosadh
leó Zopiron taoiseach sluaigh Alexander
Mhóir go n-a shluagh; do chualadar neart na Rómhánach, agus
níor mhothuigh siad riamh é. {Scythae ipsi perpetuo ab alieno imperio aut intacti
aut invicti mansere: Darium regem Persarum turpi a Scythia submovere fuga; Cyrum cum omni exercitu
trucidarunt; Alexandri magni ducem Zophyron a pari ratione cum copiis universis deleverunt; Romanorum
audivere sed non sensere arma.} As na briathraibh seo is iontuigthe gurab mór an chalmacht
agus an chródhacht do bhí i bhfoirinn na Scitia go haimsir an
úghdair seo.
Adeir Policronicon i san seachtmhadh caibidil deug ar
fhichid do'n chéid leabhar gurab ó'n bhfocal so Scitia gairthear
p.230
Scoit do shliocht Ghaedhil Ghlais, agus go bhfios dam ní
córa Gaill do thabhairt ar an droing atá ag áitiughadh i n-Éirinn anois, d'á ngairthear Gaill, [ó
Ghallia]§, eadhon, ó'n bhFrainc do réir a mbunadhasa, ioná Scoit do
thabhairt ar Ghaedhealaibh ó Scitia ó' dtángadar féin
do réir a mbunadhasa: agus is uime sin gairthear Greugaigh Sciti do shliocht
Fáthachta mic Magóg do ghabh flaitheas i n-Gotia, i d-Tracia agus i n-Achaia, [mar atá
Partholón mac Searra go n-a threabhaibh]§, Neimheadh, mac Agnomain, ó' ráidhtear Clanna Neimheadh, Fir
Bolg, agus Tuatha Dé Danann, do bhrígh gurab ó'n Scitia do réir a mbunadhasa iad uile: agus measaim gurab uime gairthear
Scoit go cinnte do shliocht Ghaedhil mic Niuil mic Féiniusa
Farsaidh d'á ráinig árdfhlaitheas na Scitia, agus
d'á shliocht 'na dhiaidh, agus gurab é Niul mac tánaise
Féiniusa, agus nach fuair comhroinn críche ar bioth, amhail
fuaradar comhmbráithre Féiniusa críocha as ar' hainmnigheadh
iad féin agus a sliocht. Uime sin d'orduigh Niul d'á shliocht, iad
féin d'ainmniughadh as an Scitia, agus Scoit do thabhairt [d'ainm]
orra do shior, do bhrigh nach raibhe fearann ar bith 'na sheilbh; agus ná'r fhágaibh a athair
acht sochar na n-ealadhan agus na n-ilbheurla mar inmhe aige, iar bhfágbháil ríoghachta
na Scitia gan roinn ag Neanual, an mac fá sine
ioná Niul.
p.232