Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 12

An dara halt deug.

Do ríoghaibh Tuaithe Dé Danann ann so, agus d'fhad a bhflaithis ar Éirinn

Do ghabh Nuadha Airgeadlámh mac Euchtaig, mic Edarláimh, mic Ordan, mic Allaoi, mic Tait, mic Tabhairn, mic Euna, mic Iobáth, mic Beothaigh, mic Iarbhuineoil Fháidh, mic Neimheadh, ríoghacht Éireann triocha bliadhan, gur thuit i gcath Mhaighe Tuireadh thuaidh.

Do ghabh Breas mac Ealathan, mic Néid, mic Iondaoi, mic Allaoi, mic Tait, an ríghe seacht mbliadhna.

Do ghabh Lúgh Lámhfada mac Céin, mic Diancecht, mic Easairg bhric, mic Néid, mic Iondaoi, mic Allaoi, ríoghacht Éireann ceathracha bliadhan. Is é an Lúgh so d'orduigh Aonach Taillteann ó thús, mar chuimhniughadh bliadhna ar Tailltinn inghin Madhmóir, eadhon, rí Easpáine, fá bean d'Eochaidh mac Eirc, rí déidheanach Fhear m-Bolg, agus fá bean iar sin d'Eochaidh Garbh mac Duaich Doill, taoiseach do Thuathaibh Dé Danann. Is leis an mnaoi seo do hoileadh, agus do leasuigheadh Lúgh Lámhfada go beith ionairm dó; agus is mar chuimhniughadh onóra uirre-se d'orduigh Lúgh cluitheadha Aonaigh Taillteann, cóigdhís ré Lúghnasadh, agus cóigdhís d'á héis, i gcosmhaileacht an chluithe d'á ngairthí ‘Olimpiades’; agus is ó'n gcuimhne sin do-ghníodh Lúgh, gairthear Lúghnasadh do'n cheud lá do challuin ‘August’, eadhon, násadh nó cuimhniughadh Lúgha, [ar a bhfuil Féil Geibheann Pheadair indiu: agus do thuit le Mac Coill i g-Caondruim.]§


p.222

Do ghabh an Daghdha Mór mac Ealatha, mic Dealbhaoith, mic Néid ríoghacht Éireann deich mbliadhna ar thrí fhichid, [agus do éag 'san Bhrugh do gháibh cró an urchair do theilg Ceithlionn air i gcath Mhaighe Tuireadh. Eochaidh Ollathar ainm díleas an Daghdha]§.

Do ghabh Dealbhaoth mac Oghma Griain Éigis, mic Ealathan, mic Dealbhaoith, mic Néid an ríghe deich mbliadhna, gur thuit le Fiachaidh mac Dealbhaoith.

Do ghabh Fiachaidh mac Dealbhaoith, mic Ealathan an ríghe deich mbliadhna, gur thuit le h-Eoghan i n-Árd m-Bric.

Do ghabhsad trí mic Chearmada Milbheoil mic an Daghdha, eadhon, Mac Cuill, Mac Cécht, agus Mac Gréine a n-anmanna, ríoghacht Eireann triocha mbliadhan; agus adeirid drong re seanchus gurab roinn tréanach do rónsad ar Éirinn, amhail adeirthear i san rann so:—

    1. Gidh Éire iolar míle,
      Rannaid an tír a dtreidhe;
      Airigh uill na n-echt n-uaille,
      Mac Cuill, Mac Cécht, Mac Gréine.

Gidheadh, ní roinn tréanach do bhí eadorra, acht sealuidheacht flaithis, eadhon, gach re mbliadhan ag gach aon díobh ar uainibh, amhail adubhramar thuas i n-anmannaibh na críche seo, [agus is i gcath Thaillteann do thuiteadar a dtriar]§. Is uime do gaireadh na hanmanna so do'n triar ríogh soin, do bhrígh gurab Coll, Cécht, agus Grian fá déé adartha dhóibh. Coll, iomorro, fá dia do Mhac Cuill, agus Eathúr a ainm díleas, agus Banbha a bhean. Mac Cécht, tra, Cécht a dhia, Teathúr a ainm, agus Fódhla a bhean. Mac Gréine, iaramh, Grian a dhia, Ceathúr a ainm, agus Éire a bhean.


p.224

Oirbsean ainm díleas Mhanannáin: is uaidh ráidhtear Loch n-Oirbsean. Óir an tan do tochladh a fheart, is ann do mhoidh an loch fó thír. Is d'fhoillsiughadh an neith seo, do rinneadh na roinn seo síos:—

    1. Eathúr árd fo fuair miodh, garg an fear,
      Coll a dhia, ua an Daghdha 'nar dubh, Banbha a bhean;
      Teathur teann, trén a throid, gér a ghreith,
      Fódhla a bhean mór-n-écht ro druidh, Cécht ro chreid;
      Ceathúr caomh, caomh a lí,fá saor é;
      Éire a bhean, bean fhial í, Grian a dhé.
      Mhanannáin mac Lir ó'n loch, ro sír sreath,
      Oirbsean a ainm, iar gcéd gcloth ég adbhath.

Do réir Saltrach Chaisil, is trí bliadhna teasta do dhá chéd, fad flaithis Tuaithe Dé Danann ar Éirinn. Tig an rann so leis sin:—

    1. Seacht mbliadhna nóchad is céd—
      An t-aireamh sin nocha brég,
      Do Thuaith Dé Danann go ngus
      Ar Éirinn i n-árdfhlaitheas.