Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 10

An deachmhadh alt.

Do ghabháil Thuaithe Dé Danann ann so

Ar shliocht an treas taoisigh do shliocht Neimheadh do chuaidh ar eachtra a h-Éirinn iar dtoghail Thuir Conaing, mar atá Iobáth mac Beothaigh, atáid Tuatha Dé Danann; agus is é áit i n-ar háitigheadh riu do réir droinge re seanchus i m-Boetia i dtuaisceart Eorpa. Adeirid drong eile gurab i gcrích Ateniensis, mar a bhfuil cathair na h-Aithne d'ááitigheadar. Tuig, a léaghthóir, gurab san gcrích do'n Ghréig ré' ráidhtear Achaia do réir Pomponius Mela atá Booetia agus cathair na h-Aithne; agus gurab ann d'fhoghluim siad a ndraoidheacht agus a gcéarda go beith cliste i ngach céird gheintlidhe dhóibh.

Tárla mu'n am soin go dtáinig cobhlach mór ó chrích na Siria, do dhéanamh cogaidh ar lucht críche Ateniensis go mbíadh cathughadh laitheamhail eadorra; agus an drong do marbhtaoi do na h-Ateniensis is iad bhíodh ar a bhárach ag cathughadh re lucht na Siria. Tré dhraoidheacht Tuaithe Dé Danann do-ghníthí an siabhradh soin: óir do chuiridís deamhna is na corpaibh ceudna d'á dtoghluasacht. Agus mar thugadar lucht na Siria sin d'á n-aire, téidhid do dhéanamh comhairle re n-a ndraoi féin. Ráidhis an draoi riu, faire do chur ar láthair nó ar ionad an ármhaigh, agus cuaille do bhior caorthainn do sháthadh tré mheidhe gach mairbh do bhíodh ag aitheirghe


p.204

chuca, agus má's deamhna do-ghníodh a gcoirp do thoghluasacht go gclaochluidhfithí i gcrumhaibh fo cheudóir de sin iad; agus damadh é a n-aithbheodhadh dá ríribh do-ghníthí, nach géabhdaois na coirp truailleadh ná claochlódh chuca. Tigid lucht na Siria do chur an chatha ar a bhárach, agus maoidhtear rompa, agus sáithid na cleatha caorthainn tré sna marbhaibh amhail ro ráidh an draoi riu, agus do rinneadh crumha dhíobh do láthair; agus lingid lucht na Siria fótha iar sin d'á n-óirleach.

Dála Thuaithe Dé Danann, mar do chonncadar lucht na Siria ag buadhughadh ar lucht na críche, triallaid ar a n-eagla d'aon bhuidhin as an gcrích sin, agus ní dhearnadar comhnuidhe go rángadar do chrích Lochlonn, eadhon, Fionn-Lochlonnaigh, mar atá lucht na Noruegia, mar a bhfuairsiod fáilte ó lucht na críche ar iomad a n-ealadhan agus a n-ilchéard. Is é fá taoiseach orra 'san am soin, Nuadha Airgeadlámh mac Euchtaigh mic Edarláimh do shliocht Neimheadh. Fuaradar, iomorro, ceithre cathracha re bheith ag múnadh aosa óig na críche sin ionnta. Anmanna na gcathrach ann so: Fáilias, Gorias, Finias, agus Murias. Cuirid Tuatha Dé Danann ceithre saoithe do theagasg na n-ealadhan agus na n-ilchéard baoi aca d'ógaibh na tíre i sna cathrachaibh sin: Semias i Murias, agus Arias i bh-Finias, agus Úrus i n-Gorias, agus Morias i bh-Fáilias. Iar mbeith sealad d'á n-aimsir dóibh i sna cathrachaibh seo, triallaid go tuaisceart Alban, go mbádar seacht mbliadhna ag Dobhor agus ag Iardobhor. Bhádar


p.206

ceithre seoid uaisle aca tugsad as na cathrachaibh sin, mar atá, cloch buadha ó Fháilias; is di gairthear an Lia Fáil: [Agus is í do ghéimeadh fa gach rígh Éireann re mbeith ag a thogha dóibh go haimsir Chonchubhair, agus is do'n chloich sin gairthear i Laidin Saxum fatale. Is uaithe fós gairthear Inis Fáil d'Éirinn; conadh uime sin do rinne seanchaidhe d' áirithe an rann so:—
    1. An chloch atá fám' dhá sháil,
      Uaithe ráidhtear Inis Fáil;
      Idir dhá thráigh thuile thinn,
      Mágh Fáil uile ar Éirinn.]
Ainm eile dhi Cloch na Cinneamhna; óir do bhí i gcinneadh do'n chloich seo, cibé háit i n-a mbeidheadh, gurab duine do Chineadh Scoit, eadhon, do shíol Mhíleadh Easpáine, do bheidheadh i bhflaitheas na críche sin, do réir mar léaghtar ag Hector Boetius i stáir na h-Alban. Ag so mar adeir:—
    1. Cineadh Scoit, saor an fine,
      Mun ba breug an fháisdine,
      Mar a bhfuighid an Lia Fáil,
      Dlighid flaitheas do ghabháil.

Iar n-a chlos do Chineadh Scoit an bhuaidh seo do bheith ar an gcloich, iar ngabháil neirt Alban d'Fhearghus mór mac Earca, agus iar n-a chur roimhe rí Alban do ghairm de féin, cuiris fios i ndáil a dhearbhráthar Muircheartach mac Earca (do shíol Eireamhóin) fá rí Éireann an tan soin, d'á iarraidh air an chloch so do chur chuige re suidhe uirre, re hucht ‘rí Alban’ do ghairm de. Cuiris Muircheartach an chloch chuige, agus do gaireadh ‘rí Alban’ de ar an gcloich gceudna, agus fá héisidhe céid rí Alban do Chineadh Scoit: agus bíodh go


p.208

dtugthaoi ríogha Alban ar chuid do Chruithneachaibh, eadhon, na Picti, sul do ríoghadh Fearghus, ní raibhe aon rí iomlán díobh, gan bheith fó chíos agus fó chánaigh ag ríoghaibh Éireann ó aimsir go haimsir: agus go háiridhe ó aimsir Éireamhóin mic Míleadh i leith, ler' cuireadh na Picti d' áitiughadh na h-Alban as Laighnibh (amhail adéaram i bhflaitheas Éireamhóin) go flaitheas an Fhearghusa so. Dála na cloiche, baoi aca amhlaidh sin sealad aimsire diaidh i ndiaidh go ráinig d'á éis sin go Sacsain, go bhfuil ann anois 'san gcathaoir i n-a ngairthear rí Sacsan, iar n-a tabhairt as Albain go haimhdheonach as mainistir Scón; agus an céid Eadbhard, rí Sacsan tug leis í, ionnus gur fíoradh tairrngire na cloiche sin i san rígh seo againn anois, eadon, an céid rí Séarlus, agus i n-a athair an rí Séamus (táinig do Chineadh Scoit, mar atá, do shliocht Mháine mic Chuirc mic Luighdheach, táinig ó Éibhear mac Míleadh Easpáine), d'ár' ghabhadar gairm ríogh na Sacsan ar an gcloich reamhráidhte.

An dara seod tugsad Tuatha Dé Danann i n-Éirinn an tan soin, eadhon, an claidheamh do chleachtadh Lúgh Lámhfhada, agus a Gorias tugadh é. An treas seod, eadhon, an tsleagh do bhíodh ag an Lúgh gceudna re haghaidh comhloinn, agus a Finias tugadh í. An ceathramhadh seod, coire an Dághdha: ní theidheadh dámh diomdhach uaidh, agus a Murias tugadh. Ag so laoidh as Leabhar Gabhála d' áirithe do shuidhiughadh ar na neithibh ceudna ['san duainse i n-ár ndiaidh]:—

    1. Tuatha Dé Danann na séd suim,
      Áit a bhfuaradar foghluim,
      Rángadar a saoidheacht slán,

      p.210

      A ndraoidheacht, a ndiabhaltán.
    2. Iarbhoinél fionn, fáidh go bhfeibh,
      Mac Neimheadh mic Agnomáin,
      D'ár' mhac baoth Beothach beartach,
      Fá laoch leothach láinfeartach;
    3. Clanna Beothaigh, beodha a mbládh,
      Rángadar sluagh niadh neartmhar,
      Iar sníomh is iar dtuirrsi dtroim,
      Líon a loingse go Lochlainn.
    4. Ceithre cathracha clú ceart,
      Gabhsad i léim go rói-neart,
      Do chuirdís comhlonn go cas
      Ar fhoghluim, ar fhinneolas.
    5. Fáilias agus Gorias glan,
      Finias, Murias na mór-ghal,
      Do mhaoidheamh madhmann amach,
      Anmanna na mór-chathrach.
    6. Morias agus Euras árd,
      Arias, Simias síor-gharg—
      A ngarmann is luadh leasa—
      Anmann suadh na saoir-leasa.
    7. Morias file Fáilias féin,
      Euras i n-Gorias, maith méin;
      Simias i Murias, dionn deas,
      Arias file fionn Finias.
    8. Ceithre haisgeadha leo anall,
      D'uaislibh Tuaithe Dé Danann:—
      Claidheamh, cloch, coire cumadh,
      Sleagh re haghaidh árd-churadh;
    9. Lia Fáil a Fáilias anall,
      Do gheiseadh fó rígh Éireann;
      Claidheamh lámha Lógha luidh
      A Gorias, rogha rochruidh;
    10. A Finias, tar fairrge i bhfad,
      Tugadh sleagh Lógha ná'r lag;
      A Murias, maoin adhbhal, oll,
      Coire an Daghdha na n-árd-ghlonn.

    11. p.212

    12. Rí neimhe, Rí na bhfear bhfann,
      Rom' aince, Rí na ríghreann,
      Flaith, 'ga bhfuil fulang na bhfuath,
      Agus cumhong na gcaomh-thuath.

Iomthusa Thuaithe Dé Danann, iar gcaitheamh seacht mbliadhan dóibh i dtuaisceart Alban, tángadar i n-Éirinn; agus iar dteacht i dtír dóibh, Luan Béaltaine, i dtuaisceart Éireann loisgid a longa, gonadh, d'á dhearbhadh sin, do rinneadh an rann so:—

    1. Do loisg gach laoch dhíobh a loing
      Ó do riocht Éire adhmhoill:
      Do budh gleo trom ag a chor
      Ceo na long ag a losgadh.

D'á éis sin cuirid ceo draoidheachta i n-a dtimcheall feadh trí lá go ná'r léir d'aon duine d'Fhearaibh Bolg iad, go rángadar Sliabh an Iarainn. Cuirid as sin teachta uatha go h-Eochaidh mac Eirc agus go maithibh Fhear m-Bolg d'iarraidh ríoghachta Éireann nó catha tar a ceann. Comhmórthar uime sin cath Mhaighe Tuireadh theas idir Fhearaibh Bolg agus Tuatha Dé Danann, gur briseadh an cath ar Fhearaibh Bolg, agus gur marbhadh céad míle dhíobh do réir mar adubhramar thuas.

Deich mbliadhna fichead ó chath Mhaighe Tuireadh theas go cath Mhaighe Tuireadh thuaidh, mar adeir an rann:—

    1. Deich mbliadhna fichead, ro feas,
      Ó chath Mhoighe Tuireadh theas.
      Go cath Mhoighe Tuireadh thuaidh.
      I n-ar thuit Balar an mhór-shluaigh.


p.214

Adeirid drong re seanchus gurab ó'n triar mac rug Danann, inghean Dealbhaoith, eadhon, Brian, Iuchar, agus Iucharbha, eadhon, triar do chlainn Dealbhaoith mic Ealathan mic Néid, mic Iondaoi, mic Allaoi, mic Tait, mic Tabhairn, mic Enna, mic Bathaigh, mic Iobaith, mic Beothaigh, mic Iarbhoineoil Fháidh, mic Neimheadh, gairthear Tuatha Dé Danann, do bhrígh go rabhadar an triar reamhráidhte coimh-dhearsgnaighthe a's sin i gcéardaibh geintlidhe, gur thoil leis na tuathaibh seo ag a rabhadar dée do ghairm díobh, agus iad féin d'ainmniughadh uatha. Ag so rann deismireachta ag a dheimhniughadh gurab iad an triar so na trí Dée Danann, amhail adeir an duain darab tosach Éistigh a eolcha gan on &c.:—

    1. Brian, Iucharbha, is Iuchar ann,
      Trí dée Tuaithe Dé Danann;
      Marbh iad ag Mana os muir meann,
      Do láimh Lógha, mic Eithneann.

Is ó'n Danann, fá mháthair do'n triar so, gairthear dá chích Dhanann do'n dá chnoch bhfuil i Luachair Dheaghaidh i n-Deas Mhúmhain. Adeirid araile gurab uime gairthear Tuatha Dé Danann díobh, do bhrígh gurab i n-a dtrí ndrongaibh do bhádar ar an eachtra so da ndeachsad a h-Éirinn. An cheud drong díobh, d'á ngairthear Tuath, do bhíodh ar leisg uaisle agus ceannais féadhna: ionann, iomorro, ‘tuathach’ agus ‘tighearna’, amhail is ionann ‘tuath’ agus ‘tighearnas’. Is córaide sin do chreideamhain, mar do beirthear dá bhantuathaigh ar Bheuchuill


p.216

agus ar Dhanainn, do bhí 'na mbaintighearnaibh aca: gonadh d'á chur sin i gcéill atá an rann so:—
    1. Beuchuill agus Danann dil,
      Fá marbh an dá bhantuathaigh;
      Feasgor a ndraoidheacht fo dheoigh,
      Le deamhnaibh odhra aieoir.

An dara drong d'á ngairthí dée, mar atáid a ndraoithe, is uime sin adeirthí na trí Dée Danann ris an triar thuas. Is uime do gairthí dée dhíobh ar iongantas a ngníomh ndraoidheachta. An treas drong d'á ngairthí Danann, eadhon, an drong do bhíodh re dánaibh nó re céardaibh, óir is ionann dán agus céard.