Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 9

An naomhadh alt.

Do na céid ríoghaibh ro ghabh flaitheas Éireann; agus do gach righ 'na ndiaidh d'ár ghabh í, do réir oird na n-aimsear agus na ngabháltas, ann so síos.

Do ghabh Sláinghe mac Deala mic Lóich flaitheas Éireann bliadhain, go bhfuair bás i n-Dionn Righ, d'á ngairthear Dumha Sláinghe: agus dob' éisidhe céid rí Éireann riamh; agus fós ba hé ceud mharbh Éireann d'Fhearaibh Bolg é.

Do ghabh Rughruidhe mac Deala mic Lóich ríoghacht Éireann dá bhliadhain, gur thuit i san m-Brugh ós Bóinn.

Do ghabh Gann agus Geanann ríoghacht Éireann ceithre bliadhna, gur eugsad do thámh i bh-Fréamhainn Mídhe.

Do ghabh Seanghann an ríghe cúig bliadhna, gur thuit le Fiachaidh Ceinnfhionnán.

Do ghabh Fiachaidh Ceinnfhionnán mac Stairn mic Rughruidhe mic Deala mic Lóich an ríghe cúig bliadhna, gur thuit le Rionnal mac Geanainn mic Deala mic Lóich. Ceinn-fhionna do bhíodh ar fhearaibh Éireann re n-a linn: is aire ro hainmnigheadh Ceinnfhionnán de.

Do ghabh Rionnal ríoghacht Éireann sé bliadhna, gur thuit le Foidhbghein mac Seanghainn mic Deala mic Lóich.


p.198

Do ghabh an Foidhbghein seo an ríghe ceithre bliadhna go dtorchair le h-Eochaidh mac Eirc i Maigh Muirtheimhne.

Do ghabh Eochaidh mac Eirc mic Rionnail mic Geanainn an ríghe deich mbliadhna. Ní raibhe fearthain ná doinionn re a linn, ná bliadhain gan meas agus toradh. Is i n-a aimsir do cuireadh eugcóir agus aindligheadh Éireann ar gcúl, agus do horduigheadh dlighthe dearbhtha dearsgnaighthe innte. Do thuit an t-Eochaidh seo le trí macaibh Neimheadh mic Badhraoi (Ceasarb, Luamh, agus Luachra a n-anmanna) i gcath Maighe Tuireadh. Is é an t-Eochaidh seo fá rí Fhear m-Bolg ré dteacht Tuaithe Dé Danann i n-Éirinn. Is í fá ríoghan dó, Taillte inghean MhadhmóirEaspáine, agus i d-Tailltinn do hadhnaiceadh í, gonadh uaithe ro hainmnigheadh Taillte. Nuadha Airgeadlámh fá rí an tan soin ar Thuathuaibh Dé Danann. Is imchian baoi an cath so Maighe Tuireadh ag a chur idir an dá rígh reamhráidhte. Gidheadh do briseadh ar Eochaidh agus ar Fhearaibh Bolg fa dheoidh, gur marbhadh Eochaidh agus go dtorchair céad míle d'á mhuinntir ó Mhaigh Tuireadh go Tráigh Eothuile. I san gcath so do beanadh a lámh do Nuadha Airgeadlámh, go raibhe ag a léigheas seacht mbliadhna, gur cuireadh lámh n-airgid air, gonadh de ro hainmnigheadh Nuadha Airgeadlámh dhe.

An beagán d'Fhearaibh Bolg teurna as an gcath so, do chuadar ar teitheadh ré Tuathaibh Dé Danann, gur háitigheadh riu Árainn, Íle, Reachrainn, Inse Gall, agus iomad oiléan ar cheana, agus do chomhnuigh siad ionnta go haimsir na gcúigeadhach do bheith i bhflaitheas Éireann gur dhíbirsiod na Cruithnigh, eadhon Picti, as na hoiléanaibh sin iad, go


p.200

dtángadar d'fhios Chairbre Niadh Fir, rí Laighean, go bhfuairsiod fearann ar ghabháltas uaidh. Gidheadh, baoi do throime a gcíosa go ná'r fhéadsad a fhulang. Tiaghaid as sin d'fhios Meadhbha agus Oiliolla, go dtugadar fearann dóibh, gonadh í sin imirce mac n-Ughmhóir. Aonghus mac Ughmhóir fá flaith orra thoir. Is uatha ainmnighthear na fearainn i n-ár' ghabhsad comhnuidhe i n-Éirinn, mar atá Loch Cime ó Chime Ceithircheann, Rinn Thamain i Meadhruidhe, Loch Cútra, Rinn m-Beara Molinn, Dún Aonghusa i n-Árainn, Carn Conaill, i g-crích Aidhne, Magh n-Aghar mic Ughmhóir an fhileadh, Druim n-Asail, Magh Maoin mic Ughmhoir, Loch UairUar] mic Ughmhóir. Agus do ghabhsad dúinte [agus inseadha] mar an gceudna i n-Éirinn, gur díbreadh re Coingculainn, re Conall Cearnach, agus re h-Ultaibh ar cheana iad. Ní háirimhthear rátha do thógbháil, locha do thomhaidhm, náid mágha do bhuain a coilltibh i bhflaitheas bh-Fear m-Bolg. Adeirid drong re seanchus gurab díobh na trí haicmeadha so fil i n-Éirinn nach do Gaedhealaibh, eadhon, Gabhraidhe Shuca i g-Connachtaibh, Uí Thairsidh i gcrích Ua bhFailghe, agus Gaileoin Laighean. Is iad sin imtheachta Fhear m-Bolg, do réir an tseanchaidhe, Thanuighe eolaigh Uí Mhaoilchonaire, i san duain darab tosach an rann so:
    1. Fir Bholg bhádar sonna seal,
      I n-Inis mhóir mac Míleadh;
      Cúig taoisigh tángadar ann,
      Atá liom iul a n-anmann.


p.202