Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 8

An t-ochtmhadh alt.

Do ghabháil Fhear m-Bolg ann so

Iar mbeith do shliocht Simeoin Bric [mic Stairn mic Neimheadh] 'san n-Gréig, eadhon, Tracia, amhail adubhramar, ro fhásadar gur bho líonmhar an lucht do bhí ann díobh. Gidheadh,


p.190

do chuirsiod Greugaigh daoirse agus dochraide mhór orra, eadhon, a mbeith ag tochailt na talmhan, ag tógbháil úire, agus ag a hiomchar i mbolgaibh nó i sacaibh leathair re a gcur ar chreagaibh cloch, go beith 'na húir ionthorthaigh dhi. Ghabh atuirse mór agus miosgais re Greugaibh iad tre san mbroid a rabhadar aca: agus leis sin ro comhairligheadh aca an dochraide sin d'fágbháil. Gabhaid cúig míle le chéile dhíobh iar gcinneadh ar an gcomhairle sin dóibh, agus do-ghníd bárca do na bolgaibh, nó do na tiachaibh leathair a mbídís ag tarraing na húire: nó is iad loingeas rígh Greug do ghadsad amhail adeir Cin Droma Sneachta, go dtángadar ar a n-ais go h-Éirinn an sliocht so Simeoin Bhric mic Stairn i gcionn seacht mbliadhan ndeug ar dá chéad d'éis Neimheadh do ghabháil Éireann.

Ag so na taoisigh bhádar orra an tan soin, eadhon, Sláinghe, Rughruidhe, Gann, Geanann, agus Seanghann, eadhon, cúig mic Deala, mic Lóich, mic Teachta, mic Triobuait, mic Othoirb, mic Goistean, mic Oirtheachta, mic Simeoin, mic Argláin, mic Beoáin, mic Stairn, mic Neimheadh, mic Aghnamain, &c. A gcúigear ban sin, Fuad, Eudar, Anust, Cnucha, agus Liobhra, a n-anmanna: agus is dóibh do ráidheadh:—

    1. Fuad, bean Shláinghe —ní cam libh
      Eadar, bean do Ghann go ngail,
      Anust, bean Sheangháin na sleagh,
      Cnucha, fa bean Gheanoinn ghloinn
      Liobhra bean Rughruidhe ar ród,
    2. &c.

Cúig míle líon an tslóigh táinig leo; deich longa fichead ar chéad ar mhíle, idir loing, báirc, curachán, agus


p.192

naomhóig, áireamh a loingis, amhail foillsighid na rainn seanchusa so i n-ár ndiaidh:—
    1. Deich longa fichead ar chéad,
      Agus míle—nocha brég—
      Is é líon táinig a n-oir,
      Sláinghe maith go n-a slóghaibh
    2. Rob iomdha Fir Bolg, gan bréig,
      Ag toigheacht dóibh as an n-Gréig;
      Maith dream nachar malla amach,
      Nochar bho cranda an cobhlach.
    3. Dia ceudaoin do chuadar siar,
      Tar muir dtroimleathain d-Toirrian;
      Reimhios trí lá ar bhliadhain bháin,
      Go riachtadar go h-Easpáin:
    4. As sin dóibh go h-Éirinn áin,
      Seoladh iongar a h-Easpáin:
      Méte ann ó chách gan a chleith,
      Reimhios trí dtráth for a deich.
Rannaid an cúigear taoiseach so Éire i gcúig rannaibh eadarro, amhail adeir an rann so:—
    1. Cúig taoisigh i dtús an tsluaigh.
      Rannsad i gcúig Banbha mbuain;
      Geanann, Rughruidhe, réim glé,
      Gann, Seanghann, agus Sláinghe.

Do ghabh Sláinghe (ó ráidhtear Innbhear Sláinghe ag Lochgarman, sóisear na clainne) cúigeadh Laighean ó Innbhear Colptha ag Droicheadátha go Cumar na dtrí n-Uisge, agus míle líon a shluaigh. Gabhais Gann ó Chumar na dtrí n-Uisge go Bealach Chonglais, agus míle líon a shluaigh. Gabhais Seanghann ó Bealach Chonglais go Luimneach, agus míle líon a shluaigh. Gabhais Geanann cúigeadh Chonnacht, ó Luimneach go Drobhaois, agus míle líon a shluaigh. Gabhais Rughruidhe


p.194

cúigeadh Uladh, eadhon, ó Drobhaois go Droicheadátha, agus míle líon a shluaigh.

Is do na taoiseachaibh seo go n-a bhfoirnibh gairthear Fir Bolg, Fir Domhnann, agus Gaileoin. Fir Bolg, iomorro, ó na bolgaibh leathair do bhíodh aca 'san n-Gréig, ag iomchar úire d'á cur ar leacaibh loma go ndéandaois mágha míonscothacha fó bhláth dhíobh. Fir Domhnann ó na doimhne do thochlaidís i n-úir re n-a hiomchar d'Fhearaibh Bolg. Gaileoin, tra, ó na gáibh ro hainmnigheadh iad; do bhrígh gurab iad do bhíodh a n-arm ag cosnamh cháich an tan do bhídís ag déanamh a bhfeadhma; agus ó na gáibh nó ó na sleaghaibh fá hairm dhóibh ro hainmnigheadh iad.

Tuig, a léaghthóir, gurab aon ghabháil [do rinne an cúigear mac sin Deala], agus gurab i n-aoin sheachtmhain tángadar i n-Éirinn, [mar atá] Sláinghe Dia Sathairn i n-Innbhear Sláinghe, Gann agus Seanghann an Mháirt iar sin i n-Iorrus Domhnann, Geanann agus Rughruidhe an Aoine as a haithle, i d-Trácht Rughruidhe. Ar Shláinghe go n-a mhuinntir do beirthear Gaileoin. Ar Ghann agus ar Sheanghann go n-a muinntir do beirthear Fir Bolg; agus ar Gheanann agus ar Rughruidhe do beirthear Fir Domhnann. Agus adeirid cuid do na seanchadhaibh gurab i n-Innbhear Domhnann (i n-iarthuaidh re cúigeadh Chonnacht) tángadar an dias so i dtír go dtrian an tsluaigh, agus gurab uatha gairthear Innbhear Domhnann: gidheadh, gairthear Fir Bolg go coitcheann díobh uile. Sé bliadhna deug ar fhichid fad flaitheasa Fhear m-Bolg ar Éirinn; agus níor ghabh neach


p.196

d'ár' gaireadh ainm áirdrígh i n-inis rómpa; gonadh d'á dhearbhadh sin do rinneadh an rann so i n-ár ndiaidh:—
    1. Sé bliadhna dég is dá dheich,
      Fir Bolg ós Banbha d'éin-leith,
      Go toighiocht Tuatha Dé do'n dream,
      Gor ghabhsad uile Éirinn.