Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 7

An seachtmhadh alt.

Do'n dara gabháil do rinneadh ar Éirinn ann so, eadhon, gabháil clainne Neimheadh

Do bhí, iomorro, Éire fás triocha bliadhan d'éis táimh sleachta Phartholóin, go dtáinig Neimheadh mac Agnomain, mic Paimp, mic Tait, mic Seara, mic Srú, mic Easrú,


p.174

mic Fraimint, mic Fathachta, mic Magog, mic Iafeth, d'á háitiughadh. Óir is do chlainn Mhagog gach gabháil d'ár' ghabh Éire iar ndílinn. Ag Srú mac Easrú scaras Partholón agus Clanna Neimheadh re' raile; agus ag Seara scaraid Fir bolg, Tuatha Dé Danann, agus mic Míleadh. Agus is Scoitbheurla do bhí ag gach cineadh dhíobh. Is follus sin as an uair táinig Ioth mac Breogáin i n-Éirinn; óir is tré Scoitbheurla do labhair féin agus Tuatha Dé Danann re' raile, agus adubhradar gurab do shliocht Mhagog iad, leath ar leith. Adeir drong eile gurab do shliocht an mhic do fhágaibh Partholón thoir (Adhla a ainm) do Neimheadh. Is é raon i n-ar' ghabh Neimheadh ag teacht i n-Éirinn dó, ó'n Scitia ar an bhfairrge gcaoil atá ag teacht ó'n aigéan d'á ngairthear Mare Euxinum, is í is teora idir an leath thiar-thuaidh do'n Asia agus an leath thoir-thuaidh do'n Eoraip; agus ar an roinn thiar-thuaidh do'n Asia atáid Sléibhte Riffe, do réir Pomponius Mela, i gcomhroinn na caol-mhara do luaidheamar agus an aigéin tuaisceartaigh. Tug láimh ndeir do Shléibhte Riffe, go ndeachaidh 'san aigéan budh thuaidh; agus láimh chlí do'n Eoraip go ráinig i n-Éirinn. Ceithre longa deug agus fiche líon a chobhlaigh, agus deichneabhar agus fiche i ngach loing díobh.

Starn, Iarbhoinel Fáidh, Ainninn, agus Fearghus Leithdhearg, anmanna ceithre mac Neimheadh.


p.176

Ceithre loch-mhadhmanna i n-Éirinn i n-aimsir Neimheadh, eadhon, Loch m-Breunainn ar Magh n-Asail i n-Uibh Nialláin, Loch Muinreamhair ar Magh Sola i Laighnibh: i gcionn deich mbliadhan iar rochtain Éireann do Neimheadh, ro ling Loch Dairbhreach agus Loch Ainninn ar Maigh Mór i Mídhe. Óir an tan do clasadh feart Ainninn, is ann do ling Loch Ainninn. Is do dhearbhadh gurab i n-aimsir Neimheadh ro mhuidhsiod na locha so, do rinneadh an rann so:—

    1. Ceithre locha fo linn lóir
      Do bhrucht tar Fhodhla bhfíor-mhóir:—
      Loch Dairbhreach, Loch m-Breunainn mbinn,
      Loch Muinreamhair, Loch n-Ainninn.

Is túsga do eug bean Neimheadh i n-Éirinn ioná Ainninn,— Mácha a hainm; agus an dara bliadhain deug iar dteacht i n-Éirinn dóibh, fuair an Mhácha so bás; agus fá híse ceudmharbh Éireann iar dteacht Neimheadh innte. Agus is uaithe ainmnighthear Árd Mácha, óir is ann do hadhnaiceadh í. Do tógbhadh dá ríoghráith le Neimheadh i n-Éirinn, eadhon Ráith Chinneich i n-Uibh Nialláin, agus Ráith Ciombaoth i Seimhne. Ceithre mic Mhadáin Mhuinreamhair d'Fhomhórchaibh do thógaibh Raith Chinneich i n-aon ló, Bog, Robhog, Ruibhne, agus Rodan a n-anmanna: agus do mharbh Neimheadh ar a bhárach iad i san maidin, i n-Daire Lighe, d'eagla go gcinnfidís ar thógháil na rátha arís; agus do hadhnaiceadh ann sin iad.

Ro sleachtadh dá mhaigh deug a coill le Neimheadh i n-Éirinn, eadhon, Magh Ceara, Magh Neara, Magh Cúile Toladh, Magh Luisg i g-Connachtaibh, Magh Tochair i d-Tír


p.178

Eoghain, Leacmhagh 'san Múmhain, Magh m-Breasa i Laighnibh, Magh Lughadh i n-Uibh Tuirtre, Magh Seiriodh i d-Teathbha, Magh Seimhne i n-Dál nÁruidhe, Magh Muirtheimhne i m-Breaghaibh, agus Magh Mácha i n-Oirghiallaibh.

Do bhris Neimheadh trí catha ar Fhomhórchaibh, eadhon, loingsigh do shliocht Chaim ro thriall ó'n Aifric; táinig ar teitheadh go hoiléanaibh iarthair Eorpa, agus do dhéanamh gabháltais dóibh féin, agus ar teitheadh ré sliocht Seim d'eagla go rachadh aca orra, a los na mallachta do fhágaibh Noe ag Cam ó' dtángadar, ionnus gur mheasadar, ó bheith i n-imchian uatha, iad féin do bheith innill ó smacht sleachta Seim: go dtángadar, uime sin, go h-Éirinn, gur briseadh na trí catha reamhráidhte orra; eadhon, cath Sléibhe Bádhna, cath Ruis Fraocháin i g-Connachtaibh, i n-ar' thuit Gann agus Geanann, dá thaoiseach na bh-Fomhórach, agus cath Murbhuilg i n-Dál Riada, eadhon, an Rúta, áit i n-ar' thuit Starn mac Neimheadh le Conaing mac Faobhair a Leitheadh Lachtmhaighe. Do chuir fós cath Cnámhrois i Laighnibh, mar ar' cuireadh ár bhfear Éireann um Artur mac Neimheadh, eadhon, mac rugadh i n-Éirinn dó; agus um Iobcán mac Stairn mic Neimheadh. Gidheadh, is le Neimheadh ro briseadh na trí catha so for Fhomhórchaibh, amhail dearbhaid na rainn seo síos:—

    1. Do bhris Neimheadh,—niamhdha a neart,—
      Ro sáitheadh a leacht, dar liom,
      Gann agus Geanann dia ghreis,
      Attrochair leis, ceann a gceann.

    2. p.180

    3. Geanann re Neimheadh ba sgíth
      A leacht fríth, ga leacht is mó
      Le Starn mac Neimheadh anall
      Torchair Gann, agus ní gó.
    4. Cath Murbhuilg, é ró chuir,
      Go ro-dluigheadh, ro ba dúr;
      Do mhuidh re Neimheadh na n-arm,
      Gion go dtáinig Starn ar gcúl.
    5. Re cath Cnámhrois, do bhí an-all,
      Is mór ann do chíorbhadh cnis;
      Artúr, Iobcán torchair ann
      Acht gidh ann ar Gann do bhris.

Iar sin fuair Neimheadh bás do thámh i n-Oiléan Árda Neimheadh, i g-Crích Liatháin 'san Múmhain, d'á ngoirthear Oiléan Mór an Barraigh: agus dá mhíle do dhaoinibh i maille ris, idir fhear agus mnaoi.

Baoi daoirse agus dochraide mór as a haithle sin ar chlainn Neimheadh ag Fomhórchaibh, ag díoghailt na gcath do bhris Neimheadh orra. Morc, iomorro, mac Deileadh, agus Conaing mac Faobhair, ó' ngairthear Tor Conaing i n-imeal Éireann thuaidh, ag a raibhe loingeas, agus iad 'na gcómhnuidhe i d-Tor Conaing, d'á ngairthear Toirinis, ag tabhach cíosa ar chlannaibh Neimheadh: agus ba hé méid an chíosa soin dá dtrian clainne, eatha, agus bleachta fear n-Éireann do thiodhlacadh dóibh gacha bliadhna Oidhche Samhna go Magh g-Céidne idir Drobhaois agus Éirne. Is uime gairthear Magh gCéidne dhe, ar a mhionca do beirthí an cháin gus an Magh gceudna.

Do bhí tuilleadh daoirse ag Fomhórchaibh ar chlannaibh Neimheadh, eadhon, trí lán-sluaisde as gach aoin-teallach i


p.182

n-Éirinn, d'uachtar bainne, do mhin cruithneachta, agus d'im, do bhreith go Morc agus go Conaing go Toirinis; agus ban-mhaor d'á ngairthí Liagh, ag tabhach na cána soin seachnóin Éireann gonadh do'n cháin sin do ráidheadh an rann so:—
    1. An cháin sin ro cumadh ann,
      Trí liacha nocha lán-ghann;
      Liach uachtair bainne bleachta,
      Is liach mine cruithneachta,
      An treas fiach,—linne ba lonn,—
      Liach ime uaisde d'annlann.

Gabhais, tra, fearg agus loinne fir Éireann tré thruime an chiosa agus na cána soin, ionnus go ndeachsad do chathughadh ris na Fomhórchaibh. Is aire do gairthí Fomhóraigh dhíobh, eadhon, ó n-a mbeith ag déanamh fóghla ar muir: Fomhóraigh .i. fomhuiribh.

Bhadar, tra, trí deagh-laoich ag Clannaibh Neimheadh 'san ionbhuidh seo, eadhon, Beothach, mac Iarbhoineoil fháthaigh mic Neimheadh; Fearghus Leithdhearg mac Neimheadh; agus Earglan mac Beoáin mic Stairn mic Neimheadh, go n-a dhá bhráthair, eadhon, Manntán agus Iarthacht: agus ba hé a líon, triocha míle ar muir, agus an uimhir cheudna ar tír, amhail foillsigheas an rann so:—

    1. Trí fichid míle, —modh nglé,—
      Ar tír agus ar uisge;
      Is é líon lodor ó a dtoigh,
      Clanna Neimheadh do'n toghail.

Ro toghladh an tor ann sin, agus tuitis Conaing go n-a chlainn le clannaibh Neimheadh. Iar sin tug Morc mac Deileadh lucht trí bhfiche long ó'n Afraic go Toirinis, go


p.184

dtug cath do chlannaibh Neimheadh, gur comhthuitsiod leath ar leith, agus gur báitheadh gach aon ná'r marbhadh dhíobh, acht Morc agus beagán d'á bhuidhin do ghabh sealbh an oiléin; óir níor mhothuighsiod an fhairrge ag teacht fútha re dúire an chathuighthe, ionnus nach teurna do chlannaibh Neimheadh (an mhéid do bhí 'san gcathughadh so dhíobh) acht lucht aon-bháirce i n-a raibhe triocha tréin-fhear, um triar taoiseach, eadhon, Simeon Breac mac Stairn mic Neimheadh; Iobáth mac Beothaigh mic Iarbhoineoil Fáidh, mic Neimheadh, agus Briotán Maol, mac Fhearghusa Leithdheirg mic Neimheadh, amhail adeir an rann:—
    1. Acht aon-bhárc go n-a lucht lór,
      Ní theurna dhíobh, líon a slógh,
      Simeon, agus Iobáth bil,
      Is Briotán Maol, 'san loing sin.

Iar dteacht ó'n gcoinbhliocht sin dóibh, is í comhairle ar ar' chinnsiod, triall a h-Éirinn do theitheadh ré hanbhroid na bh-Fomhórach. Bhádar seacht mbliadhna ag a n-ullmhughadh re hucht na heachtra so, agus ullmhuighthear loingeas leis gach taoiseach dhíobh, agus téidhid foireann do'n droing táinig le Neimheadh i n-Éirinn, agus d'á shliocht, leis gach fear do na taoiseachaibh reamhráidhte; agus anaid drong díobh d'á n-éis i n-Éirinn, eadhon, deichneabhar laoch do fhágbhadar ag gabháil ceannais an iarmhoir do chlannaibh Neimheadh do fhágsad fa mhóghsaine na bh-Fomhórach ag a háitiughadh go haimsir Fear m-Bolg.

Téid taoiseach do'n triar thuas [go bhfoirinn leis], mar atá, Simeon Breac mac Stairn, do'n Ghréig, eadhon, go Tracia; is ann bhádar fo dhaoire, agus is uaidh tángadar Fir Bolg, amhail adéaram d'á éis so.


p.186

Téid an dara taoiseach, eadhon, Iobáth mac Beothaigh, i gcríochaibh tuaiscirt na h-Eorpa; agus adeirid drong re seanchus gurab go ‘Boetia’ do chuaidh: is uaidh do shíolsad Tuatha Dé Danann.

Téid an treas taoiseach, eadhon, Briotán Maol go bhfoirinn leis go Dobhar agus go h-Iardhobhar i dtuaisceart Alban, gur áitigh féin agus a shliocht 'na dhiaidh ann. Is é líon cobhlaigh bhádar na taoisigh seo clanna Neimheadh ar an eachtra so, idir loing, báirc, curachán, agus naomhóig, triocha ar chéad ar mhíle eathar.

Acht cheana, do bhí Briotán Maol, mac Fhearghusa Leithdheirg, mic Neimheadh, agus a lorg, ag áitiughadh tuaiscirt na h-Alban go ndeachadar Cruithnigh, eadhon Picti, a h-Éirinn d'áitiughadh Alban i n-aimsir Éireamhóin. Adeir Cormac naomhtha mac Cuileannáin i n-a Shaltair, gurab ó Bhriotán gairthear Britannia do'n oiléan d'á ngairthear Breatain Mhór indiu; agus atá seanchus Éireann teacht leis air sin, amhail adeir an duain darab tosach Adhamh athair sruith ár slógh, mar a n-abair:—

    1. Luidh Briotán tar muir, gan mheirg,
      Mac fial Fhearghusa leith-dheirg;
      Breathnaigh uile, buaidh go mbloidh,
      Uaidh, gan ghaoi, ro gheinsiodar.
Tig úghdar eile leis air sin mar a n-abair:—
    1. Briotán Maol, mac na flatha,
      Saor an sliocht-rámh tar sreatha,
      Mac an Leithdheirg do'n Leagmhoigh
      Ó' dtád Breathnaigh an bheatha.


p.188

Is córaide a mheas sin do bheith fírinneach, nach inmheasta gurab ó Brutus gairthear í: óir dámadh uaidh, is cosmhail gurab ‘Brutania’ do gairfidhe dhi; agus fós is mó do múchadh a hainm le clainn Brutus, do réir Monomotensis, mar go dtug Laegrus mac Brutus Laegria d'ainm ar an mír ráinig é féin do'n Bhreatain; Camber, an dara mac do Brutus tug Cambria mar ainm ar an mír ráinig é féin di; agus Albanactus an treas mac do Brutus tug Albania d'ainm ar a chuid féin do'n chrích cheudna.

Dála an iarmhair do chlannaibh Neimheadh, do fhuirigh ag áitiughadh Éireann d'éis na dtaoiseach soin; bhádar ag a gcomhmbuaidhreadh ag Fomhórchaibh ó aimsir go haimsir, go rochtain do shliocht Shimeoin Bric mic Stairn mic Neimheadh i n-Éirinn ó'n n-Gréig. Seacht mbliadhna deug ar dhá chéad ó theacht do Neimheadh i n-Éirinn go dteacht Fhear m-Bolg innte, amhail dearbhas an rann so:—

    1. Seacht mbliadhna deug is dá chéad
      Re a n-áireamh, ní hiomairbhrég,
      Ó tháinig Neimheadh a n-oir,
      Tar muir go n-a mhór-mhacaibh
      Go dtángadar clanna Stairn
      As an n-Gréig uathmhair, athghairbh.