I. Adeirid drong gurab iad teora hingheana Cháin cholaigh do áitigh í ar dtús; gonadh d'á dhearbhadh sin do chuireas rann as an duain darab tosach fuaras i Saltair Chaisil ann so síos:
- Trí hingheana Cháin chain,
Maraon re Seth mac Ádhaimh,
Adchonnairc an m-Banbha ar dtús:
Is meamhair liom a n-iomthús.
Adeir leabhar Droma Sneachta gur bh' Banbha ainm na céid inghine ro ghabh Éire ria ndílinn, agus gurab uaithe gairthear Banbha d'Éirinn. Trí chaoga ban tángadar ann, agus triar fear: Ladhra ainm fir díobh, agus is uaidh ainmnighthear Árd Ladhrann. Dá fhichid bliadhan dóibh 'san inis, go dtárla galar dóibh, gur eugsad uile re haoin-tseachtmhain. Dá chéad bliadhan iar sin Éire fás, folamh, gan aoinneach beo innte, gonadh iar sin táinig an díle.
II. Adeirid drong eile gurab triar iascaireadh do seoladh le hanfadh ngaoithe ó'n Easpáin, go haimhdheonach; agus mar do thaithin an t-oiléan riu gur fhillsiod ar cheann a mban do'n Easpáin; agus iar dteacht ar a n-ais dóibh go h-Éirinn arís, do fearadh an díle dóibh ag Tuaigh-Innbhir, gur báitheadh iad: Capa, Laighne, agus Luasad, a n-anmanna. Is dóibh ro canadh an rann:
- Capa, Laighne is Luasad grinn,
Bhádor bliadhain ria ndílinn,
For inis Banbha na mbágh,
Bhádor go calma comhlán.
III. Adeirthear, trá, gurab í Ceasair inghean Bheatha mic Noe, táinig innte ria ndílinn, gonadh dó do rónadh an rann:
- Ceasair inghean bheatha bhuain,
Dalta Sabhaill mic Nionuaill,
An chéid bheanchalma ro chinn
D'inis Banbha ré ndílinn.
Madh áil, iomorro, a fhios d'fhaghbháil creud tug go h-Éirinn í: Bioth do chuir teachta go Noe, d'fhios an bhfuighbheadh féin agus a inghean Ceasair ionad i san áirc d'á gcaomhnadh ar dílinn; ráidhis Noe nach fuighbhidís. Fochtais Fionntain an gceudna, agus ro ráiadh Noe nach fuighbheadh. Téid Bioth, Fionntain, Ladhra agus an inghean Ceasair i gcómhairle iaramh. Déantar mo chómhairle-se libh, ar Ceasair. Do-ghéantar, ar siad. Maiseadh, ar síse, tabhraidh láimhdhia chugaibh, agus adhraidh dhó, agus tréigidh Dia Noe. Iar sin tugsad láimhdhia leo, agus adúbhairt [an láimhdhia] riu loingeas do dhéanamh, agus triall ar muir: gidheadh níor bh'fheas dó cá tráth do thiocfadh an díle. Do rinneadh long leo, as a haithle, agus téidhid ar muir. Is é líon do chuadar innte triar fear, eadhon, Bioth, Fionntain, agus Ladhra: Ceasair, Barrann, agus Balbha, agus caoga inghean i maille riu. Seacht mbliadhna agus ráithe dhóibh ar muir, gur ghabhsad cuan i n-Dún na mbárc i gcrích Chorca Dhuibhne, an cúigeadh lá deug d'eusga, amhail adeir an seanchaidhe:
Agus dá fhichid lá ria ndílinn sin amhail adeirthear:
- Is ann do ghabhadar port
Ag Dún na mbárc, an bantracht,
I g-Cúil Cheasrach i g-Crích Chairn,
An cúigeadh deug Dia Sathairn.
- Dá fhichit lá ria ndílinn,
Táinig Ceasair i n-Éirinn,
Fionntain, Bioth, is Ladhra luinn,
Is caoga inghean áluinn.
[Tig file eile leis an nidh gceudna mar a n-abair 'san rann so:
- Do luidh a n-oir Ceasair,
Inghean Bheatha an bhean,
Go n-a caogaid inghean,
Agus go n-a triar fear.]
Lucht [aon] loinge do bhádar ar an eachtra soin go Dún na mbárc. Táinig Ceasair, & líon na loinge sin i dtír ann sin [mar atá caoga ban & triar fear, .i. Bioth & Fionntain & Ladhra, amhail a dubhramar]. Fá hé an Ladhra soin ro ráidhsiom ceud mharbh Éireann do réir na droinge adeir ná'r ghabhsad lucht ar bith Éire ria ndílinn acht Ceasair agus a drong táinig lé; agus is uaidh ainmnighthear Árd Ladhrann. Ó Bioth ainmnighthear Sliabh Beatha, ó Fhionntain ainmnighthear Feart Fionntain ós Tultuinne i n-Dúthaigh Aradh, láimh re loch Deirgdheirc; ó Cheasair ainmnighthear Carn Ceasrach i g-Connachtaibh. Triallaid ar sin go Bun Suaimhne, eadhon, Cumar-na-dtrí-n-Uisge, áit a bhfuil suaineamh Siuire agus Feorach agus Bearbha. Rannaid ann sin a gcaoga inghean i dtrí rannaibh eatorra. Rug Fionntain Ceasair leis, agus seacht mná deug i maille ria: rug Bioth Barran leis, agus seacht mná deug eile 'na farradh: agus rug Ladhra Balbha, go sé mnáibh deug mar an gceudna leis, go ráinig Árd Ladhrann, go bhfuair bás ann. Fillis Balbha agus a sé mná deug go Ceasair arís. Cuiris Ceasair sceula go Bioth. Tig Bioth d'fhios Fhionntain, gur roinnsiod na sé mná deug soin leathach eatorra. Rug Bioth a chuid féin díobh leis go Sliabh Beatha i dtuaisceart Éireann,
- Is iad siniar n-uair bhfeachta
A n-oigheadha, a n-imtheachta;
Ní raibhe acht seachtmhain namá,
Uatha gus an gceathracha.
IV. Bíodh a fhios agat, a léaghthóir, nach mor stáir fhírinnigh chuirim an gabháil seo síos, ná aon ghabháil d'ár luaidheamar go ró so; acht do bhrígh go bhfuaras scríobhtha i sein-leabhraibh iad. Agus fós ní thuigim cionnus fuaradar na seanchadha sceula na ndrong adeirid do theacht i n-Éirinn ria n-dílinn, acht munab iad na deamhain aerdha do bhíodh 'na leannánaibh sídhe aca re linn a mbeith págánta tug dóibh iad: nó munab i leacaibh cloch fuairsiod scríobhtha iad iar dtrághadh na dílinne, dámadh fíor an sceul; óir ní ionráidh gurab é an Fionntain úd do bhaoi rés an dílinn do mhairfeadh d'á héis, do bhrígh go bhfuil an Scrioptúir 'na aghaidh, mar a n-abair
- Anmann ceathrair ceart ro chinn,
Do fhágaibh Dia fo dhílinn
Fionntain, Fearón, Fors caomh cóir,
Agus Andóid mac Eathóir.- Fors i n-oirthear thoir do dhligh;
Fearón re huardha an éididh;
Fionntain re fuineadh go beacht,
Agus Andóid re deisceart.- Gé áirmhid seanchadha sin,
Ní áirmheann Canóin cubhuidh,
Acht Noe do bhí i n-áirc 's a chlann,
'S a mná fuair caomhna a n-anman.
Is tuigthe as sin nach ceudfaidh choitcheann do na seanchadhaibh uile aon díobh so do mharthain d'éis dílinne: gidheadh, dá n-abradh aon tseanchaidhe, mar chaomhna ar chlaonadh an chreidimh, gur báitheadh Fionntain fear mar chách fó'n dílinn,
Agus ní fíor do Hanmer i n-a chroinic mar adeir gurab mór an meas atá ag Gaedhealaibh ar sceulaibh Fhionntain, d'á ngaireann seiseann Roanus, mar adeirid gur folchadh fa dhílinn é, agus gur mhair 'na diaidh tuilleadh agus dá mhíle bliadhan go rug ar Phádraic, agus gur ghabh baisdeadh uaidh, agus gur nocht iomad seanchusa dhó, agus go bhfuair bás i gcionn bliadhna iar dteacht Phádraic i n-Éirinn, agus gur hadhnaiceadh láimh re Loch Ríbh i n-Ur-Mhúmhain é, mar a bhfuil teampoll ar n-a ainmniughadh, nó ar n-a bheannughadh i n-a ainm, agus go bhfuil fós ar n-a ainmnuighadh i measg naomh Éireann. Gidheadh, is follus nach dubhairt seanchaidhe riamh, agus fós nachar fhágaibh scríobhtha an nídh seo adeir Dochtúir Hanmer. Óir atáid triar re a luadh ann so i riocht aon