Ar dtús do cruthuigheadh Ádhamh an seiseadh lá d'aois an domhain: an cúigeadh bliadhain deug do ré Ádhaimh rugadh Cáin agus a shiur Calmana: an deachmhadh bliadhain fichead do ré Ádhaimh rugadh Abel agus a shiur Delbora: i gcionn céid agus triochad bliadhan do ré Ádhaimh rugadh Séth, do réir na n-Eabhruidheach, amhail léaghtar ag Policronicon.
Noe, mac Laimhiach, mic Matusalem, mic Enoch, mic Iareth, mic Malaleel, mic Cainan, mic Enos, mic Shéith, mic Ádhaimh: óir a maireann d'éis na dílinne is do shliocht Shéith iad uile, agus do báitheadh sliocht Cháin uile fa'n dílinn. Agus is é fad ó chruthughadh Ádhaimh go dílinn, do réir na n-Eabhruidheach, sé bliadhna deug a's dá fhichid ar shé céad ar mhíle; gonadh aire sin do ráidh an seanchaidhe an rann so:
- Ceud aimsear an bheatha bhinn,
ó tá Ádhamh go dílinn;
Sé bliadhna caogad, rádh nglé,
ar shé céadaibh ar mhíle.
Ag so mar thig seanchaidhe eile leis an áireamh gceudna:
- Sé bliadhna agus caoga,
agus sé céad, mar rímhim,
A's míle, mar áirmhim,
ó Ádhamh go dílinn.
Tig fós úghdar eile re seanchus ar an gcomháireamh gceudna:
- Deich gcéad bliadhan, sé-chéad cáin,
ar chaogaid, go sé bliadhnaibh,
Mar rímhim, is rús gan oil,
ó dhílinn go tús domhain.
Ag so ré gach nduine ór' fhás Noe i san líne díreach:Ádhamh, triocha ar naoi gcéad; bliadhan; Séth, dá bhliadhain deug ar naoi gcéad; Enós, cúig bliadhna ar naoi gcéad; Cainan, deich mbliadhna ar naoi gcéad; Malaleel, naoi gcéad acht cúig bliadhna d'á n-easbaidh; Iareth, dá bhliadhain, a's trí fichid ar naoi gcéad; Enoch, cúig bliadhna agus trí fichid ar thrí céad; Matusalem, naoi mbliadhna, trí fichid, ar naoi gcéad; Laimhiach, seacht mbliadhna deug, trí fichid, ar sheacht gcéad; Noe, deich mbliadhna, dá fhichid ar naoi gcéad.
Ag so dearbhadh an tseanchaidhe ar ré gach árdathar díobh, amhail léaghtar 'san duain darab tosach: Athair cháich choimsigh neimhe, &c.:
- Triocha naoi gcéad bliadhan bán,
Saoghal Ádhaimh re a iomrádh;
Deich mbliadhna ris sin uile
Saoghal a mhná mongbhuidhe:- Saoghal Shéith is eol dam sin,
A dhó-dheug ar naoi gcéadaibh;
Cúig bliadhna naoi gcéad, ro clos,
Nó go rug an t-eug Enós:- Deich mbliadhna naoi gcéad, gan gráin,
Aois mic Enóis, Caináin:
Naoi gcéad acht a cúig, go mbloidh,
Saoghal Mhalaleel mór-ghloin;- Dá bhliadain seasgad naoi gcéad,
Do Iareth ré ndul d'eug;
Trí céad, seasga, cúig, ro clos,
D'Enoch ré ndul i bParrthas:- Naoi mbliadhna seasgad, go mbloidh,
Agus naoi gcéad do bhliadnaibh,
Is é sin an saoghal, seang,
Tugadh do Mhatusalem;- Saoghal Láimhiach, luaidhtear leat,
Seacht gcéad, seachtmhogha, 'sa seacht:
Saoghal Nóe, niamhghlan a bhloidh,
Caoga ar naoi gcéad bliadhan.
Mar do chonnairc Dia, 'iomorro, sliocht Shéith ag dul tar a thiomna féin, mar do aithin díobh gan cumasg ná cleamhnas do dhéanamh re sliocht Cháin cholaigh, agus ná'r choiméad siad an fógradh soin, do chuir dílinn do bháthadh na ndaoine uile, acht Noe agus a bhean d'arbh' ainm Coba, agus a thriar mac, Sem, Cham, agus Jafeth, agus a dtriar ban, Olla, Olibha, agus Olibhana: óir níor chumaisg Noe re sliocht Cháin, agus do bhí sé fíreunta. iar dtrághadh [na] dílinne, rannais Noe trí ranna an domhain idir a thrí macaibh, amhail adeir an seanchaidhe:
- Sem ro ghabh i n-Asia n-áit;
Cham go n-a chlainn 'san Afraic;
Jafeth uasal agus a mhic,
Is iad ro ghabh an Eoraip.
Seacht mic fichead ag Sem, um Arfaxat, um Asur, um Persius; agus is d'á shíol sin na h-Eabhruidhe. Triocha mac ag Cam, agus is díobh sin Cus agus Canaan. A cúig-deug
- Triocha mac mín, monor nglé,
Cinsiod ó Cham mac Noe;
A seacht fichead fil ó Shem,
A cúig deug ó Jafeth.
Ó Jafeth do chinsiod mórán do lucht na h-Asia, agus lucht na h-Eorpa uile. Do shliocht Mhagog mic Jafeth lucht na Scíthia, agus go háirithe na treabha do ghabh Éire iar ndílinn ria macaibh Mhíleadh, amhail foillseocham i ngabhálaibh Éireann iar ndílinn. Gidheadh, cuirfeam síos ann so ar dtús, do ghabhálaibh Éireann ria ndílinn, do réir droinge re seanchus, sul luaidhfeam na fíor-ghabhála do rinneadh uirre d'éis dílinne.