Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 3

An treas alt

Do mhionroinn ar an Mídhe, agus ar na cúigeadhaibh ann so.

Doghéan anois mionroinn ar an Mídhe, agus ar na cúigeadhaibh ar cheana; agus dobhéar tosach na ronna so do'n Mhídhe, go bhfaisnéistear a fearainn, do bhrígh gurab í fearann buird rígh Éireann í, do réir na n-Gaedheal, agus go mbíodh saor gan dligheadh, gan smacht, gan cháin ó neach i n-Éirinn, acht ó rígh Éireann amháin. Ocht d-triocha deug líon a fearainn; triocha baile 'san triocha-chéad díobh; dá sheisrigh deug fearainn i san mbaile, do réir an tseanchusa, agus sé fichid acra 'san tseisrigh. Trí fichid agus trí céad seisreach fearainn i san triocha chéad amhlaidh sin. Ceithre fichid agus ceithre céad agus sé míle seisreach fearainn i san Mídhe uile, do réir an áirimh seo. Is uime gairthear Mídhe dhi, do bhrígh gurab do mhéidhe gach cúigidh do bhean Tuathal Teachtmhar í. Nó is uime gairthear Mídhe dhi, ó Mhídhe mac Bratha, mic Deaghfhatha, príomh-draoi clainne Neimheadh; agus is leis do fadoidheadh an chéid teine i n-Éirinn iar dteacht clainne Neimheadh, agus láimh re h-Uisneach do fhadoidh í. Do bhronnadar clanna Neimheadh an tuaith fearainn bí ann sin dó, agus ó'n draoi sin gairthear Mídhe dhi. Agus ní raibhe d'fhearann 'san Mídhe, mu'n am soin, acht an aon tuaith reamhráidhte, nó gur chuir Tuathal Teachtmhar méidhe nó muinéal gach cúigidh léi, amhail ro ráidhsiom.


p.114

Do theorantacht na Mídhe ann so ris na cúigeadhaibh, amhail do orduigh Tuathal Teachtmhar; .i. mar théid ó'n Sionainn soir go h-Áthcliath, ó Áthcliath go habhainn Righe, ó abhainn Righe siar go Cluain Connrach, ó Chluain Connrach go h-Áth an Mhuilinn Fhrancaigh, agus go cumar Chluana h-Ioraird, as sin go Tóchar Cairbre, ó Thóchar Cairbre go Crannaigh Ghéisille, go Druim Cuilinn, go Biorra, gus an abhainn d'á ngairthear Abhainn Chara, gus an Sionainn budh thuaidh, go Loch Ríbh, agus na hoiléin uile is leis an Mídhe iad: agus an tSionann go Loch Bó Dearg, as sin go Maothail, as sin go h-Áth-luain, as sin go Sgairbh uachtaraigh, go Druim leathain, go soiche an Mágh, go cumar Chluana h-Eois, go Loch-dá-eun, go Mágh Cnoghbha, go Duibhir, go Linn-átha-an-Daill ar Sliabh Fuaid, go Mágh an Chosnamhaigh i g-Cill-tSléibhe, go Snámh Eugnachair, go Cumar, agus ó Chumar go Life, amhail adeir an seanchaidh:—

    1. Ó Loch Bó Dearg go Biorra,
      ó'n Sionainn soir go fairrge,
      Go cumar Chluana hIoraird,
      's go cumar Chluana hairde.
Trí thriocha deug i gcorp na Mídhe féin, agus cúig triocha i m-Breaghaibh, amhail adeirthear i sna rannaibh seo síos:—
    1. Trí triocha deug 'san Mídhe,
      mar adeir gach aoin-fhile;
      Cúig triocha i m-Breaghmhaigh maith—
      is meamhair é re heolchaibh;
      Críoch Mhídhe inneosad daoibh,
      agus críoch Breagh go mór-ghnaoi;
      Ó Shionainn na n-Garrdha nglan,
      go fairrge—do fheadamar;
      Fir Theathbha ar imeall budh thuaidh,
      agus Cairbre go nglan-bhuaidh;
      Go líon gach saoithe 's gach ndámh,
      fir bhreagh go nuige an Casán.


p.116

Do ronnadh an Mhídhe d'á éis so, le h-Aodh Oirdnidhe, rí Éireann idir dhá mhac Donnchaidh mic Dómhnaill, (fá rí Éireann roimh Aodh Oirdnidhe); Conchubhar agus Oilioll a n-anmanna. Tug an leath iartharach d'fhior díobh, agus an leath oirthearach do'n fhior eile, ionnus gur lean an roinn sin di ó sin i leith; agus is innte atá an Ríoghphort, Teamhair.

Do roinn cúigidh Chonnacht ann so.

Cúigeadh Chonnacht ó Luimneach go Drobhaois: naoi gcéad baile biadhtaigh atá innte, agus deich dtriocha fichead sin; agus deich mbaile fichead 'san triocha-chéad díobh, agus dá sheisrigh deug fearainn san mbaile. Sé fichid acra san tseisrigh: ocht gcéad agus deich míle seisreach fearainn i g-Connachtaibh uile. Is uime gairthear Connachta dhi: iomarbhaidh draoidheachta tárla idir dhá draoi do Thuathaibh Dé Danann, Cithneallach agus Conn a n-anmanna. Do rad Conn sneachta mór timchioll an chúigidh tré draoidheacht, gonadh de ro hainmnigheadh Connachta, eadhon, sneachta Chuinn. Nó is uime gairthear Connachta, .i. Conn-iochta, eadhon, clanna Chuinn, óir is ionann iocht agus clann: agus do bhrígh gurab iad clanna Chuinn do áitigh an cúigeadh, mar atáid sliocht Eochach Moighmheadhóin, gairthear Connachta dhíobh. Rannais Eochaidh Feidhleach cúigeadh Chonnacht i n-a thrí cotchaibh idir


p.118

thriar. Tug d'Fhidheach mac Féigh, d'fhearaibh na craoibhe, ó Fhidhic go Luimneach. Tug d'Eochaidh Alath, Iorras Domhnann, ó Ghaillimh go Duibh agus go Drobhaois. Tug do Thinne mac Chonnrach, Magh Sainbh, agus sean-tuatha Taoidhean ó Fhidhic go Teamhair Brogha niadh: is í Cruachain a ríoghphort.

Do roinn cúigidh Uladh ann so

Cúigeadh Uladh ó Dhrobhaois go h-Innbhear Cholptha, cúig triocha deug ar fhichid; nó a sé deug ar fhichid atá ann. Naoi bhfichid agus naoi gcéad baile biadhtaigh ann. Trí fichid naoi gcéad agus dá mhíle deug seisreach fearainn i san gcúigeadh so uile. Is uime gairthear Ulaidh dhíobh, ó'n bhfocal so oll-shaith, .i. mór-ionnmhas, d'á chur i gcéill gur móirionnmhasach Ulaidh do thaoibh éisg agus spréidhe. Dearbhaidh an rann so gurab ionann saith agus ionnmhas:—

    1. Ceudaoin luidh Judas tar órd,
      ar lorg deamhan díoghalgharg;
      Ceudaoin ro ghabh saint um shaith;
      Ceudaoin ro bhraith Íosa árd.

Nó is uime ro gaireadh Ulaidh dhíobh, ó Ollamh Fódhla, mac Fiachaidh fionn-scothaigh, amhail dearbhas an rann so:—

    1. Ollamh Fódhla feochair-ghail,
      uaidh ro hainmnigheadh Ulaidh,
      Iar bhfír-fheis Teamhrach na dtreabh,
      is leis ar dtús ro hoirneadh.
Agus Eamhain Mácha agus Aileach Néid a ríoghphoirt.

Do roinn cúigidh Laighean ann so

Cúigeadh Laighean, ó thráigh Innbheir Cholptha go Cumar na dtrí n-Uisge, aoin-triocha deug ar fhichid ann. Deich mbaile


p.120

fichead agus naoi gcéad baile biadhtaigh sin: trí fichid agus céad agus aoin-mhíle deug seisreach i san gcúigeadh so uile. Is uime gairthear Laighin díobh ó na Laighnibh leathan-ghlasa tugsad DubhGhaill leó i n-Éirinn an tan tángadar le Labhraidh Loingseach; ionann, cheana, laighean agus sleagh. Agus do bhrígh go rabhadar na sleagha so go gceannaibh slinn-leathna orra, is uatha ro hainmnigheadh an cúigeadh. Iar marbhadh Chobhthaigh Chaoilmbreágh, rí Éireann i n-Dionnríogh, ro ghabhsad Laighin ainmniughadh. Is d'fhoillsiughadh gurab ó na sleaghaibh seo ro hainmnigheadh Laighin do rinneadh an rann so:—
    1. Dá céad ar fhichid céad Gall,
      go Laighnibh leathna leó anall;
      Ó na laighnibh sin, gan oil,
      díobh ro hainmnigheadh Laighin.

Dá phríomhlongphort do bhí i Laighnibh, i n-a gcleachtadaois a ríoghraidh bheith 'na gcomhnuidhe, eadhon, Dionnríogh agus Nás.

Do roinn cúigidh Eochaidh Abhradruaidh ann so

Cúigeadh Eochaidh Abhradruaidh, ó Chorcaigh agus ó Luimneach soir go Cumar na dtrí n-Uisge; cúig triocha deug ar fhichid ann. Deich mbaile seacht bhfichid agus naoi gcéad baile biadhtaigh atá innte. Sé céad agus dá mhíle deug seisreach fearainn atá 'san Múmhain thoir. Dá ríoghphort comhnuighthe do bhíodh ag ríoghaibh an chúigidh seo, eadhon, Dún g-Crot agus Dún Iasgaigh.


p.122

Do roinn cúigidh Chonraoi mic Dáire ann so

Cúigeadh Chonraoi mic Dáire ó Bhealach Chonglais [ag Corcaigh] go Luimneach, agus ó Luimneach siar go hiarthar Éireann. Cúig triocha deug ar fhichid ann: a deich, seacht bhfichid, agus naoi gcéad baile biadhtaigh ann sin. Sé céad agus dhá mhíle deug seisreach fearainn atá 'san Múmhain thiar. Dá ríoghphort comhnuighthe do bhíodh ag ríoghaibh an chúigidh seo i n-allód, mar atá, Dún g-Cláire agus Dún Eochair Mháighe.

Dá shliocht do bhíodh i seilbh an dá chúigeadh so Múmhan, mar atá, sliocht Dáirfhine agus sliocht Deirgthine, go haimsir Oiliolla Óloim, do shliocht Deirgthine, do ghabh ceannas an dá chúigeadh, iar n-ionnarbadh Mic Con a h-Éirinn, do bhí do shliocht Dáirfhine. Agus do fhágaibh ceannas an dá chúigeadh ag a shliocht féin ó sin anall; i maille re sealaidheacht, gach re nglún, do bheith ag sliocht Eoghain Mhóir mic Oiliolla Óloim, agus ag sliocht Chorbmaic Cais, (an dara mac d'Oilioll Óloim), i bhflaitheas dá chúigeadh Múmhan.

Na ceithre ríoghphoirt reamhráidhte fá príomh-áruis comhnuighthe do ríoghaibh an dá chúigeadh seo, go haimsir Chuirc mic Luighdheach do bheith i bhflaitheas Múmhan. Óir is re n-a linn frith Caiseal ar dtús; agus is é fá hainm do'n áit re' ráidhtear Carraig Chaisil indiu, Siothdhruim. Do gairthí fós Leac na g-Céad agus Druim Fiodhbhuidhe do'n ionad ceudna, óir do bhádar iomad coillteadh timchioll an


p.124

droma soin i n-aimsir Chuirc. Tangadar, trá, dá mhucaidhe do bhiathadh a dtorc fa choilltibh an droma so mu'n am soin, mar atá mucaidhe rígh Éile, Ciolarn a ainm, agus mucaidhe rígh Mhusgraidhe-tíre, d'á ngairthear Urmhúmha, Duirdre a ainm-siomh, Do bhádar ag aithidhe na tulcha feadh ráithe, gur taisealbhadh dhóibh dealbh budh comhghlan ris an ngréin, agus budh binne ioná gach ceol d'á gcualadar riamh, agus í ag beannachadh na tulcha agus an bhaile, agus ag tairngire Pádraic do theacht ann. Agus is í dealbh do bhí ann, Uictor, aingeal Phádraic féin. Iar bhfilleadh tar a n-ais d'á dtighthibh do na mucaidhibh, nochtaid an nídh seo d'á dtighearnadhaibh féin. Iar rochtain na sceul so go Corc mac Luighdheach, tig gan fuireach go Síothdhruim, agus do rinne longphort ann, d'a ngairthí Lios na laochraidhe; agus ar mbeith 'na rígh Múmhan dó, is ar an gcarraig d'á ngairthear Carraig Phádraic anois do ghlacadh a chíos ríoghdha. Is aire gairthear Caiseal do'n charraig sin, óir is ionann Caiseal agus Cíosáil: áil, iomorro, ainm do charraig; gonadh aire sin gairthear Caiseal, eadhon, carraig an chíosa, do'n áit sin.

Ag so dearbhadh ar an nídh seo, as an duain darab tosach, Caiseal cathair clann Mhógha, do rinne Ua Dubhagáin:—

    1. Corc mac Luighdheach laochdha an fear,
      céid-fhear ro shuidh i g-Caiseal;
      Fa mhúich-chiach do bhí an baile,
      go bhfuair é an dá aodhaire.
      Muicidhe rígh Mhusgraidhe i n-óir,
      Duirdre a ainm 's ní heugcóir;
      'S Ciolarn tre réidhe ruibh,
      muicidhe rígh Éile oirdheirc.
      Is iad fuair fáth an bhaile
      ar dtús i n-Druim Fiodhbhuidhe.
      Druim Fiodhbhuidhe gan locht libh,
      ionmhaine le Corc Chaisil.


p.126

Do mhionroinn Múmhan ann so

Iar rochtain, iomorro, dá chúigeadh Múmhan do shliocht Oiliolla Óloim, rannaid iad i n-a gcúig rannaibh, ar a dtugthar na Cúig Múmhain. An chéidmhír ar a dtugthar Tuadh-Mhúmha, is é a fad ó Léim Chongculainn go Slighe Dhála, .i. an Bealach mór i n-Osraidhe, agus a tarsna ó Shliabh Eichtghe go Sliabh Eibhlinne. [Agus tar cheann gurab do shean-roinn Chonnacht a bhfuil o Shliabh Eichtghe go Luimneach, maiseadh,] do rinne Lughaidh Meann, mac Aonghusa Tírigh, mic Fir Chuirb, mic Mogha Chuirb, mic Chorbmaic Cais, mic Oiliolla Óloim, fearann claidhimh d'á bhfuil ó Eichtghe go Luimneach agus ó Shionainn siar go Léim Chongculainn, gur chuir leis an Múmhain é: agus is é ainm do gairthí dhe, Gairbh-fhearann Luighdheach, agus do bhíodh sé saor ag Dál g-Cais gan cíos gan cánaigh ó ríoghaibh Éireann. An dara mír Ur-Mhúmha, is é a fad ó Ghabhran go Cnámhchoill ag Tiobruid Árann, agus a tarsna ó Bhéarnan Éile go h-Oiléan Uí Bhric. An treas mír, eadhon Meadhon Múmhan, is é a fad ó Chnámhchoill go Luachair Dheaghaidh, agus a tarsna ó Shliabh Eibhlinne go Sliabh Caoin. An ceathramhadh mír, Deas-Mhúmha, is é a fad ó Shliabh Caoin go fairrge budh dheas. An cúigeadh mír Iar-Mhúmha, is é a fad ó Luachair Dheaghaidh go fairrge siar, agus a tarsna ó Ghleann ua Ruachta go Sionainn.


p.128

Do réir Bhreasail Uí Threasaigh, an tan do roinneadh an Mhúmha 'na cúig míribh, do bhíodh cúig aicme 'san mír, agus cúig buidhne 'san aicme, agus cúig céad fear infheadhma 'san mbuidhin. Agus dá meastaoi neart Éireann uile an tan soin, is éigcneasta baramhail na druinge do shaoil go bhféadfadh an Romhánach le ‘legion’ nó le dá ‘legion’, Éire do chur fa ghion gai agus claidhimh [dó féin]; agus Éireannaigh do shíor 'na ndaoinibh gaisgeamhla.

Is uime gairthear Múmha do'n dá chúigeadh so Múmhan, .i. gurab mó, do bhrígh gurab mó í ioná aon chúigeadh eile d'Éirinn. Óir atáid cúig triocha deug agus fiche i ngach cúigeadh do'n dá chúigeadh so Múmhan, agus gan an oiread soin i n-aon chúigeadh eile i n-Éirinn. Óir, ar son go n-áirmhthear a sé deug agus fiche i gcúigeadh Uladh, ní raibhe acht a trí deug agus fiche innte go haimsir na gcúigeadhach. Óir is é Cairbre Nia Fear rí Laighean do léig trí triocha-chéad do Laighnibh, (mar atá ó Loch an Chóigidh go fairrge), le cúigeadh Uladh, i gcomaoin inghine Chonchubhair mic Neasa d'faghbháil 'na mnaoi dhó, amhail adéaram d'á éis so i gcorp na stáire.

Cúig triocha agus naoi bhfichid triocha céad i n-Éirinn uile: deich mbaile agus dá fhichid, cúig céad agus cúig míle baile biadhtaigh atá innte: sé céad, agus sé míle, agus trí fichid míle seisreach fearainn innte, do réir sean-ronna na nGaedheal. Tuig, a léaghthóir, gurab mó, fa dhó nó fa thrí, acra do thomhas na n-Gaedheal, ioná acra do roinn Gall anois.


p.130

Do shuidhiughadh na h-Éireann ann so

Is é suidhiughadh atá ar Éirinn; an Spáin do'n leith thiar-theas di, an Fhrainc do'n leith thoir-theas di, an Bhreatain mhór do'n leith thoir di, Alba do'n leith thoir-thuaidh, agus an t-aigéan do'n leith thiar-thuaidh, agus do'n leith thiar di. Agus ar cuma uighe atá sí dealbhtha, a bonn re h-Albain, soir budh thuaidh, a ceann ris an Spáin, siar budh dheas; agus do réir Mhaginus, ag scríobhadh ar Ptolomeus, is ceithre céime go leith do'n chrios grianda, d'á ngairthear ‘Zodiacus’, atá i n-a leithead; agus adeir an fear ceudna gurab sé huaire deug agus trí ceathramhna bhíos ar fad 'san ló is faide 'san mbliadhain i san leith is ria budh dheas d'Éirinn, agus ocht n-uaire deug 'san ló is faide i san leith budh thuaidh. Fad na h-Éireann ó Charn Uí Néid go Cloich an Stocáin, agus a tarsna ó'n Innbhear mór go h-Iorrus Domhnann.

Tuig, a léaghthóir, nach tré dhearmad nach luaidhim ann so cuanta, náid cathracha, náid bailte móra Éireann; acht go dtabhair Camden agus na croinicidhe nuadha so a dtuarasgbháil síos go soiléir, agus nach é so áit a gcuirthe síos, acht i dtús gabháltais Gall, lér' horduigheadh iad.


p.132