Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 2

An dara halt

Ag so síos gach roinn d'á ndéarnadh ar Éirinn

An cheud roinn: is é Partholón do roinn í 'na ceithre míribh, idir a cheathrar mac, darbh' anmanna Er, Orba, Fearon, agus Feargna. Tug an chéidmhír d'Er, mar atá, a bhfuil ó Oileach Néid i dtuaisceart Uladh go h-Áthcliath Laighean. Tug an dara mír do Orba, eadhon, a bhfuil ó Áthcliath go h-Oiléan Árda Neimheadh, d'á ngairthear Oiléan mór an Bharraigh. Tug an treas mír d'Fhearon, ó'n Oiléan mór


p.106

go h-Áthcliath Meadhruidhe ag Gaillimh. Tug an ceathramhadh mír d'Fheargna, eadhon, ó Mheadhruidhe go h-Oileach Néid.

An dara roinn: eadhon, roinn Chlainne Neimheadh. Triur taoiseach do chlannaibh Neimheadh do roinn Éire eadorra i n-a trí míribh: — Beothach, Simeon, agus Briotán a n-anmanna. Gabhais Beothach ó Thóirinis go Bhoinn. Gabhais Simeon ó Bhoinn go Bealach Chonglais láimh re Corcaigh. Gabhais Briotán ó Bealach Chonglais go Tóirinis i dtuaisceart Chonnacht.

An treas roinn ann so: eadhon, roinn Fear m-Bolg. Cúig mic Deala, mic Loich, do rannsad Éire i n-a cúig míribh eadorra, agus is díobh sin gairthear na cúig cúigidh: agus is í sin roinn is buaine do rinneadh ar Éirinn riamh, amhail adéaram go grod d'á éis so. Tig Cambrens leis an roinn seo, 'san leabhar ro scríobh do thuarasgbháil na h-Éireann mar a n-abair: I gcúig míribh, iomorro, beagnach comhthroma, (ar sé) do ronnadh an chríoch so i n-allód, mar atá, an dá Mhúmhain, Tuath-Mhúmha agus Deas-Múmha, Laighin, Ulaidh, agus Connachta. {In quinque enim portiones (inquit) fere aequales antiquitus haec regio divisa fuit; videlicet, in Momoniam duplicem, Borealem et Australem, Lageniam, Ultoniam, et Conaciam.}’’

Ag so na cúig taoisigh d'Fhearaibh Bolg do ghabh ceannas na gcúig gcúigeadh soin: Sláinghe, Seangann, Gann, Geanann, agus Rughruidhe. Do ghabh Sláinghe cúigeadh Laighean, ó Dhroichead Átha go Cumar na dtrí n-uisge; gabhais Gann cúigeadh Eachach Abhradhruaidh, ó Chumar na dtrí n-uisge go Bealach Chonglais; gabhais Seangann cúigeadh Chonraoi mic Dáire,

p.108

ó Bhealach Chonglais go Luimneach; gabhais Geanann cúigeadh Chonnacht ó Luimneach go Drobhaois; gabhais Rughruidhe cúigeadh Uladh ó Drobhaois go Droichead-Átha.

Má tá go n-abraid cuid do na seanchadhaibh gurab roinn tréanach do bhí ar Éirinn idir trí macaibh Chearmada Milbheoil do Thuathaibh Dé Danann, ní mheasaim gur ronnadar Éire eadorra, acht is í mo cheudfaidh gurab sealaidheacht flaithis gach ré mbliadhain do bhí eadorra, do réir mar adubhramar thuas ag a fhoillsiughadh créad as a dtugthar Éire ar an gcrích seo nídh-sa-mhionca ioná FódhlaBanbha.

An ceathramhadh roinn: eadhon, roinn Chlainne Míleadh. Is í ceudfaidh droinge re seanchus gurab amhlaidh dó ronnadh Éire idir Éibhear agus Éireamhón: — a bhfuil ó Áthcliath agus ó Ghaillimh budh dheas, agus Eisgir riadha do theorainn eadorra, ag Éibhear; agus a bhfuil as sin budh thuaidh, ag Éireamhón. Gidheadh, ní hí so roinn do rónadh eadorra, amhail chruthócham 'na dhiaidh seo; acht is amhlaidh do rannsad Éire:— dá chúigeadh Mhúmhan ag Éibhear; cúigeadh Chonnacht agus cúigeadh Laighean ag Éireamhón; agus cúigeadh Uladh ag Éibhear mac Ir, eadhon, mac a ndearbhráthar: agus drong do na huaislibh táinig leó, i bhfochair gach aoin díobh i n-a roinn féin do'n chrích.

An cúigeadh roinn: eadhon, roinn Chearmna agus Shobhairce. Do roinn, iomorro, Cearmna agus Sobhairce Éire i ndá leith eadorra, eadhon, ó Innbhear Cholptha ag Droichead-Átha go Luimneach Múmhan, agus an leath budh thuaith ag Sobhairce, agus do rinne dún ar a leith féin, eadhon, Dún Sobhairce.


p.110

Gabhais Cearmna an leath budh dheas, agus do rinne dún láimh re fairrge theas, eadhon, Dún Cearmna, ris a ráidhtear Dún mic Pádraic, i gcrích Cúirseach i ndiu.

An seiseadh roinn: eadhon, roinn Ugaine mhóir. Rannais Ugaine mór Éire i gcúig rannaibh fichead, idir an gcúigear ar fhichid do chlainn do bhí aige, amhail chuirfeam síos i san Réim ríoghruidhe.

An seachtmhadh roinn: eadhon, roinn Chuinn Chéadchathaigh agus Mógha Nuadhat. Do roinn Conn agus Mógh Nuadhat Éire leathach eadorra, mar atá, a bhfuil ó Ghaillimh agus ó Áthcliath budh thuaidh, agus Eisgir riadha do theorainn eadorra, ag Conn; agus is de sin táinig Leath Chuinn do thabhairt ar an taoibh budh thuaidh; agus Leath Mhógha ag Mógh Nuadhat; agus is de sin tugadh Leath Mhógha ar an leith budh dheas.

Tar cheann, cheana, gur chuireas na seacht ranna so do rónadh ar Éirinn síos i n-eagar, do réir uird na ngabháltas agus na n-aimsear, fíllfead ar an ngnáth-roinn atá ar Éirinn ó aimsir Fear m-Bolg i leith, ó's í is mó atá ar bun do shíor, eadhon, cúig cúigidh do dhéanamh dhi amhail adubhramar. Agus is ann bhíodh comhroinn na gcúig gcúigeadh so, ag liag atá i n-Uisneach, go dtáinig Tuathal Teachtmhar i bhflaitheas, agus gur bhean mír do gach cúigeadh mar fhearann buird do gach áirdrigh d'á mbiadh i n-Éirinn; gurab díobh sin do rinneadh an Mhídhe, amail foillseocham i bhflaitheas Thuathail.


p.112