An ceud ainm tugadh ar Éirinn, Inis na bh-Fiodhbhadh, eadhon, oiléan na gcoillteadh; agus is é duine do ghair an t-ainm sin di, óglaoch do mhuinntir Nín mic Béil, táinig uaidh do bhraith na h-Éireann, agus iar dteacht innte dhó, fuair 'na haon doire coille í, acht Magh n-Ealta amháin. Trí huaire, iomorro, do bhí Éire 'na haon-choill, do réir an tsean-fhocail seo atá 'san seanchus: Trí huaire do chuir Éire trí monga agus trí maola dhi.
An dara hainm, Críoch na bhfuineadhach, ó bheith i bhfuineadh, nó i gcrích na dtrí rann do'n domhan do bhí ar faghbháil an tan soin; ionann, iomorro, fuin agus críoch, ó'n bhfocal so Laidne finis.
An treas ainm, Inis Ealga, eadhon, oiléan uasal; óir is ionann inis agus oiléan, agus is ionann ealga agus uasal: agus is re linn Fear m-Bolg fá gnáth an t-ainm sin uirre.
An ceathramhadh hainm, Éire, agus adeirthear gurab uime gairthear sin di, do réir úghdair d' áirithe, ó'n bhfocal so Aeria, fá sean-ainm do'n oiléan d'á ngairthear Créta nó Candia anois; agus is uime mheasas an t-úghdar soin sin, do bhrígh gur áitigheadar sliocht Ghaedhil ghlais i san oiléan sin seal aimsire i ndiaidh Shrú mic Easrú mic Ghaedhil d'ionnarbadh as an Éigipt; agus do-bheirthear fós Aere d'ainm ar an Éigipt ó'r ghluaiseadar Gaedhil. Gidheadh, is í céadfaidh choitcheann na seanchadh gurab uime gairthear Éire dhi, ó ainm na bainríoghna do Thuathaibh Dé Danann, do bhí 'san gcrích re linn clainne Mhíleadh do theacht innte: Éire, inghean Dealbhaoith fá hainm di, agus is í fá bean do Mhac Gréine d'á ngairthí Ceathúr, fá rí Éireann an tan tángadar mic Mhíleadh innte.
An cúigeadh hainm, Fódhla, ó bhainríoghain do Thuathaibh Dé Danann, d'á ngairthí Fódhla: is í fá bean do Mhac Cécht d'ár bh'ainm díleas Teathúr.
An seiseadh hainm, Banbha, ó bhainríoghain do Thuathaibh
An seachtmhadh hainm, Inis Fáil, agus is iad Tuatha Dé Danann tug an t-ainm sin uirre, ó chloich tugsad leó innte, d'á ngairthí an Lia Fáil: agus Saxum fatale, eadhon, Cloch na Cinneamhna, gaireas Hector Boetius di, i stáir na h-Alban; agus fá cloch í ar a rabhadar geasa, óir do ghéiseadh sí fá an neach d'ár chóra flaitheas Éireann d' fhaghbháil re linn bhfear n-Éireann do bheith i mórdháil i d-Teamhraigh re togha rígh orra. Gidheadh, níor ghéis sí ó aimsir Chonchubhair i leith, óir do balbhuigheadh bréig-dhealbha an domhain an tan rugadh Críost;. Ag so rann deismireachta ag a shuidhiughadh gurab ó'n gcloich so gairthear Inis Fáil d'Éirinn [amhail adubhairt Cionaoth file]:
- An chloch atá fóm' dhá sháil,
uaithe ráidhtear Inis Fáil;
Idir dhá thráigh thuile theinn,
Magh Fáil uile for Éirinn.
An t-ochtmhadh hainm, Muicinis; agus is iad Clanna Mhíleadh tug an t-ainm sin uirre, sul rangadar i dtír innte. Mar tángadar, iomorro, go bun Innbheir Sláinghe, d'á ngairthear cuan Locha-garman indiu, tionólaid Tuatha Dé Danann go n-a ndraoithibh 'na gcoinne ann, agus imrid
An naomhadh hainm, Scotia; agus is iad mic Míleadh tug an t-ainm sin uirre, ó n-a máthair, d'ár bh'ainm Scota, inghean Pharao Nectonibus; nó is uime tugadar Scotia uirre, do bhrígh gurab iad féin Cineadh Scuit ó'n Scitia.
An deachmhadh hainm, Hibernia; agus is iad mic Míleadh tug an t-ainm sin uirre. Gidheadh, adeirthear gurab ó abhainn atá 'san Spáin d'á ngairthear Hiberus tugthar Hibernia uirre. Adeirthear fós gurab ó Éibhear mac Míleadh gairthear Hibernia dhi; acht cheana, adeir Cormac naomhtha mac Chuileannáin gurab uime adeirthear Hibernia ria, ó'n gcomhfhocal Greugach so hiberoc, .i. occasus i Laidin, agus nyaon, .i. insula; ionann sin re a rádh agus insula occidentalis, eadhon, oiléan iartharach.
An t-aonmhadh hainm deug, Iernia do réir Ptolomeus, nó Iuerna do réir Solínus, nó Ierna do réir Claudianus, nó Uernia, do réir Eustatius. Measaim nach fuil do chéill 'san deithbhir atá idir na húghdaraibh seo do thaoibh an fhocail seo Hibernia, acht ná'r thuigeadar créad ó dtáinig an focal féin; agus, d'á réir sin, go dtug gach aon fa leith dhíobh, amus uaidh féin air, ionnus gurab de sin táinig an mhalairt seo ar an bhfocal.
An dara hainm deug Irin, do réir Diodorus Siculus.
An treas ainm deug Irlanda; agus measaim gurab é fáth fa dtugadh an t-ainm sin uirre, do bhrígh gurab é
An ceathramhadh hainm deug Ogigia do réir Plutarcus: ionann, trá, Ogigia i n-Gréigis agus Insula perantiqua, eadhon, oiléan ró-ársaidh; agus is cneasta an t-ainm d'Éirinn sin, do bhrígh gurab cian ó do háitigheadh ar dtús í, agus gurab foirbhthe an fír-eolas atá ag a seanchadhaibh ar dhálaibh a sean ó thús na n-aimsear, diaidh i ndiaidh.