Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)
Section 9
IX.
Ní leanta dhúinn do bhreugnughadh na Nua-Ghall so nídhsa-mhó,
bíodh gurab iomdha nídh chuirid síos i n-a stáiribh do féadfaidhe do
bhreugnughadh; do bhrígh urmhór a scríobhaid go maslaightheach ar Éirinn, nach fuil d'úghdardhás aca re n-a scríobhadh acht
innisin sceul ainteasdach do bhí fuathmhar d'Éirinn, agus aineolach
i n-a seanchus: óir is dearbh, na saoithe do bhí re seanchus i n-Éirinn, ná'r fhóbradar solus do thabhairt dóibhsean ann,
agus mar sin, ná'r bh'fhéidir dóibh eolas do bheith i seanchus nó i
sean-dálaibh Éireann aca. Agus Cambrens, do ghabh ré' ais barántas do dhéanamh
ar chách, is cosmhail ris gurab dall nó daoi tug frais-eolas fabhaill dó, mar gur
fhágaibh gabháil Tuaithe Dé Danann gan luadh do dhéanamh uirre, agus go
rabhadar trí bliadhna teasda do dhá chéad i gceannas Éireann, agus go rabhadar naoi ríogha díobh i bhflaitheas Éireann; agus é iar ngabháil ré' ais ceud ghabh la Éireann do chur síos, gémadh í gabháil Ceasrach í, agus nach gabhaid na seanchadha go cinnte mar ghabháil ria,
tar cheann go luaidhtear leó i n-a leabhraibh í. Measaim go fírinneach nach raibhe
seadh aige i seanchus Éireann do lorgaireacht, acht gurab é adhbhar
fa'r ghabh do láimh scríobhadh uirre le mítheastaibh do thabhairt ar a foirinn re n-a
linn féin, agus ar a sinnsearaibh rompa: agus fós is gearr an uain do bhí aige ar
chuartughadh seanchusa Éireann, do bhrígh nachar chaith acht
bliadhain go leith ris gan dul go Sacsaibh; agus ar mbeith d'á stáir gan
p.76
bheith críochnuighthe, do-fhágaibh cuid leith-bhliadhna teasda dhi ar chúram
compáin dó féin, d'ar bh'ainm Bertram Verdon.
Uime sin, atá dóigh agam cibé léaghthóir comhthrom léighfeas
gach breugrughadh d'á ndéinim ar Chambrens, agus ar na Nua-Ghallaibh seo leanas a lorg, gurab mó chreidfeas an
breugnughadh do-ghním ar a mbreugaibh ioná do'n innisin sceul do-ghníd cách,
óir atáim aosda, agus drong díobh-san óg; do chonnairc mé agus tuigim
prímh-leabhair an tseanchusa, agus ní fhacadar-san iad, agus dá bhfaicdís,
ní tuigfidhe leó iad. Ní ar fhuath ná ar ghrádh droinge ar bioth seach a
chéile, ná ar fhuráileamh aonduine, ná do shúil re sochar
d'fhaghbháil uaidh, chuirim rómham stáir na h-Éireann
do scríobhadh, acht do bhrígh gur mheasas ná'r bh'oircheas comhonóraighe na
h-Éireann do chrích, agus comh-uaisle gach foirne d'ár
áitigh í, do dhul i mbáthadh, gan luadh ná iomrádh do bheith orra: agus
measaim gurab córaide mo theist do ghabháil ar Éireannchaibh ar an
tuarasgbháil do-bheirim, do bhrígh gurab ar Ghaedhealaibh
is ro-mhó thráchtaim. Cibé lé n-ab mór a n-abraim riu, nach inmheasta go
mbéarainn breath le báidh ag tabhairt iomad molta tar mar do thuilleadar orra, agus mé
féin do Shean-Ghallaibh do réir bunadhasa.
Má atá, iomorro, go moltar an fonn leis gach stáraidhe d'á scríobhann ar
Éirinn, díommoltar an fhoireann leis gach Nua-Ghall-stáraidhe
d'á scríobhann uirre, agus is leis sin do gríosadh mise do chum na stáire seo do
scríobhadh
ar Éireannchaibh, ar mhéid na truaighe do ghabh mé fa'n eugcóir
fhollusaigh do-ghníthear orra leó. Dá dtugadaois, trá, a bhfír-theist
féin ar Éireannchaibh, ní fheadar creud as nach
p.78
cuirfidís i gcoimhmeas re haoin-chineadh 'san Eoraip iad i dtrí
neithibh, mar atá, i ngaisgeamhlacht,
i léigheantacht, agus i n-a mbeith daingean i san gcreideamh
Catoileaca: agus an mhéid bheanas re naomhaibh Éireann,
ní rachadh d'á mhaoidheamh créad a
líonmhaire do bhádar, do bhrígh go bhfuilid
úghdair coigcríche na h-Eorpa ag a admháil, agus go n-abraid
gur líonmhaire Éire fá naomhaibh ioná
aoin-chríoch i san Eoraip; agus fós go n-admhaid go raibhe
árdfhlaitheas na fóghluma i n-Éirinn coimh-líonmhar
[agus] sin gur bhrúcht sí foirne
fóghlumtha uaithe do'n Fhrainc, do'n Iotáile, do'n
Ghearmaine, go Flondrus, go Sacsain, agus go h Albain, mar is follus as
an mbrollach atá ag an leabhar i n-ar' scríobhadh beatha
Phádraic, Choluimcille, agus Bhríghde i
m-Beurla: agus an mhéid bheanas *re seanchus Éireann, is inmheasta go raibhe barántamhail, do bhrígh go
nglántaoi i bh-Feis Teamhrach gach treas bliadhain é, do
láthair uaisle, eaglaise, agus ollamhan Éireann; agus ó do
ghabhadar Éireannaigh creideamh, do cuireadh ar fhorlamhas préalaideadh eaglaise
[é]. Bíodh a fhiadhnaise sin ar na prímh-leabhraibh seo síos, atá re a
bhfaicsin fós, mar atá Leabhar Árda-Mácha; Saltair Chaisil, do scríobh Cormac
naomhtha mac Chuileann in (rí dá chúigeadh Múmhan agus áirdeaspog Chaisil); Leabhar na hUachongmhála; Leabhar Chluana
heidhneach Fionntain i Laoighis; Saltair na Rann,
ro scríobh Aonghus Céile Dé; Leabhar
Ghlinne-dá-loch; Leabhar na g-Ceart, ro sgríobh Beinén naomhtha mac Seisgnéin;
Uidhir Chiaráin, ro
p.80
scríobhadh i g-Cluain-mhic-nóis; Leabhar
Buidhe Moling, agus Leabhar
Dubh Molaga. Ag so síos suim na leabhar do
bhí scríobhtha ionnta-san, mar atá, an Leabhar Gabhála,
Leabhar na g-Cúigeadh, Réim
Ríoghraidhe, Leabhar na n-Aos, Leabhar
Comhaimseardhachta, Leabhar Dinnseanchuis, Leabhar
Bainseanchuis, an leabhar d'á ngairthí Cóir anmann, an
leabhar d'á ngairthí Uraicheapt, ro scríobh Ceannfaolaidh na fóghluma, agus an leabhar d'á
ngairthear Amhra Choluimcille ro scríobh Dallán
Forgaill go grod i ndiaidh báis Choluimcille. Atáid fós iomad do stáiribh eile ré a bhfaicsin i
n-Éirinn, i n-éagmais na bprímh-leabhar do luaidheamar, mar a
bhfuil mórán seanchusa ré a fhaisnéis, mar atá Cath Muighe
Muccraimhe, Forbhais Droma Dámhghaire, Oidhidh na g-Curadh,
Cath Chrionna, Cath Fionnchoradh, Cath Ruis na Ríogh,
Cath Mhuighe Léana, Cath Mhuighe Rath, Cath Mhuighe Tualaing,
agus mórán do stáiribh eile nach luaidhfeam ann so. Is móide fós is
inmheasta seanchus Éireann do bheith barántamhail, mar do bhí
ós cionn dá chéad ollamh re seanchus ag coiméad seanchusa na h-Éireann, agus cothughadh ó uaislibh Éireann ag gach aon díobh d'á chionn, agus fromhadh uaisle agus
eaglaise Éireann orra ó aimsir go haimsir. Is móide, mar an
gceudna, is inchreidte dhó an ársaidheacht atá ann, agus, fós, nach deachaidh
béarnadh ná múchadh air le foirneart eachtrann. Óir, tar cheann go rabhadar
Lochlonnaigh ag buaidhreadh Éireann seal, do bhí an oiread soin
d'ollamhnaibh ag coiméad an tseanchusa, gur caomhnadh suim an tseanchusa leó, bíodh go
ráinig iomad do leabhraibh na Lochlonnaigh. Gidheadh, ní mar sin do chríochaibh eile na
p.82
h-Eorpa, do bhrígh gur mhúchadar Rómhánaigh, Galli,
Goti, Vandali, Sacsanaigh, Saraceni, Múraigh agus Lochlonnaigh a seanchus i ngach ruathar
ríogh d'á dtugadar fútha: gidheadh, ní tháinig d'aon-droing
díobh-san Éire d'argain, do réir Chambrens, 'san seiseadh caibidil a's dá fhichid,
mar a n-abair, ag labhairt ar Éirinn:
Do bhí Éire saor ó thús ó ruathar an uile chinidh
choigcríche. {Hibernia, ab initio, ab omni alienarum gentium incursu libera
permansit.} As so is iontuigthe go raibhe Éire saor ó
iomruathar námhad lé' múchfaidhe a seanchus agus a sean-dála; agus ní mar
sin d'aoin-chrích eile 'san Eoraip. Uime sin measaim gurab córa
creideamhain do sheanchus Éireann ioná do sheanchus
aoin-chríche eile 'san Eoraip, agus fós mar do sgagadh le
Pádraic, agus le naoimh-chléir Éireann é, ó
aimsir go haimsir.
Gidheadh, tuig, a léaghthóir, go ndéarna mé malairt ar an áireamh
bliadhan innistear do bheith i bhflaitheas beagáin do ríoghaibh págánta na
h-Éireann seach mar cuirthear síos i san Réim Ríoghraidhe, agus i sna duantaibh atá cumtha orra é;
agus is é is fáth dham chuige sin nach faghbhaim ag teacht le háireamh na n-aimsear
ó Ádhamh go gein Chríost, do réir úghdair bharántamhail ar bioth coigcríche
iad. Adhbhar eile fós atá agam, go bhfaicthear dham go dtugthar áireamh
éigcneasda bliadhan do dhroing dhíobh, mar atá Síorna
saoghlach, d'á dtugthar trí chaogaid bliadhan, agus go léaghtar linn i
sein-leabhar Gabhála go raibhe Síorna céad
p.84
bliadhan sul do ghabh flaitheas Éireann, agus dá gcuirinn
síos a bheith i bhflaitheas trí chaogaid bliadhan, ní creidfidhe mé. Uime sin,
do-bheirim bliadhain agus fiche dhó, do réir an rainn
atá 'n-a fhlaitheas, nach tugann do Shíorna acht bliadhain agus
fiche, mar bhus follus do'n léaghthóir, do-bheirid caoga
bliadhan do fhlaitheas do Chobhthach caolmbreágh, gidheadh ní
hiontugtha dhó acht tríocha: óir Moirriath inghean Scoirriath, rí Chorca Dhuibhne, tug grádh do Mhaon, d'á
ngairthí Labhruidh Loingseach, ar mbeith ar deoraidheacht i dtigh a hathar
dhó 'na ógán, agus íse 'na hainnir óig; agus ar dteacht ó n-a
dheoraidheacht i n-Éirinn dó, agus iar marbhadh Chobhthaigh, is í do budh bainchéile dhó, agus do chuir sliocht
air. Mar sin, dá dtugainn caoga bliadhan flaithis do Chobhthach, do bhiadh
sise trí fichid bliadhan, an tan rug clann do Labhruidh Loingseach, agus
ó nach féidir so do bheith fírinneach, níor bh'fhéidir Cobhthach do bheith i bhflaitheas caoga bliadhan. Mar sin, ar fháthaibh eile,
do-ghním malairt ar áireamh bliadhan flaithis beag in do ríoghaibh Éireann ria gcreideamh: acht measaim nach tré ainbhfios na seanchadh
táinig an mhalairt áirimh seo do dhéanamh, acht tré ainbhfios na droinge do
scríobhadh 'na ndiaidh, do bhí gan ealadhain aca acht scríbhneoireacht amháin do
dhéanamh: agus mar do thréigeadar Éireannaigh ó'n tráth
fá ráinig forlamhas Éireann do Ghallaibh gan an fromhadh do
cleachtaoi leó do dhéanamh gach treas bliadhain ar an seanchus, agus go dtugadar ollamhain an
tseanchusa faill i n-a ghlanadh, iar gcaill an tearmainn agus an tsochair do cleachtaoi leó
d'fhaghbháil ó Ghaedhealaibh a los an tseanchusa do chongbháil
p.86
ar bun; agus fós mar do bhíodh easaonta gnáthach idir Ghallaibh agus Ghaedhealaib i
n-Éirinn, ré' gcuirthí míoshuaimhneas ar na
hollamhnaibh d'á gcur ó fhromhadh, agus ó ghlanadh an tseanchusa ó aimsir go
haimsir.
Agus dá gcuireadh aoinneach i n-iongantas an neimhtheacht ré' chéile atá ag cuid
d'úghdaraibh an tseanchusa 'san áireamh aimsire atá ó Ádhamh go gein Chríost, is neimhiongnadh é, do bhrígh gur beag d'úghdaraibh
barántamhla na h-Eorpa uile thig ré' chéile ar
chomháireamh na haimsire ceudna. Bíodh a fhiadhnaise sin ar an neimhtheacht ré'
chéile do-ghníd na príomh-úghdair seo síos:
Ar dtús do na húghdaraibh Eabhruidheacha:
Baalsederhelm, 3518: na Talmudisti, 3784: na Nuadh-Rabbidhe, 3760: Rabbi Nahsson, 3740: Rabbi
Lébhi, 3786: Rabbi Maoise, 4058: Joséphus, 4192.
Do na húghdaraibh Greugacha:
Metrodorus, 5000: Eusebius, 5190: Teophilus, 5476.
Do na húghdaraibh Laidianda:
Sanctus Hieronimus, 3941: Sanctus Augustinus, 5351: Isidóir, 5270: Orosius, 5199: Béda,
3952: Alphonsus, 5984.
[Ag so áireamh an dá fhear dheug agus trí fichid ar na
ceithre ceud aosaibh do'n domhan, maille ris an áireamh tugsad na daoine feasacha fóghlumtha
do lean iad 'san lorg díreach, ar na haosaibh ó chruthughadh an domhain go gein Chríost, ar n-a roinn 'na gcúig rannaibh, .i. ó Ádhamh go dílinn, 2242, ó'n dílinn go
h-Abraham 942, ó Abraham go Dabhidh, 940, ó Dabhidh go bruid na
Babiolóin, 485, ó'n bhruid go gein Chríost [590]: Summa 5199: is uime do chuireadar na daoine
p.88
úghdardha do lean an dá fhear seachtmhoghad an cúigeadh aimsir le n-a n-aimsir
féin, do bhrígh gurab amhlaidh coimhlíontar an aimsir seo, 5199, ó chruthughadh
Ádhaimh go gein Chríost: agus is
do na húghdaraibh leanas an dá fhear seachtmhoghad i sna ceithre ceud aimsearaibh, eadhon,
Eusebius, áirmheas 'na chroinic ó chruthughadh an domhain go gein Chríost, 5199; Orosius, 'san cheud chaibidil d'á chéid leabhar, adeir go
bhfuil ó Ádhamh go h-Abraham, 3184, agus ó Abraham go gein Chríost, 2015; agus is í a suim araon, 5199. Adubhairt S. Hieronimus i n-a epistil chum Tituis, ná'r coimhlíonadh
sé míle bliadhan d'aois an domhain go gein Chríost.
Adeir, (tráth), Augustinus naomhtha i san deachmhadh caibidil do'n dara leabhar deug de ciuitate
Déi, nach áirmhthear sé míle bliadhan ó chruthughadh an domhain go
gein Chríost. Cuirthear 'na leith sin araon, go dteagaid leis an
lucht áirimh seo, i n-uimhir contais ó chruthughadh an domhain go gein Chríost naoi mbliadhna deug ar cheithre fichid ar chéad ar chúig
mhíle. Dearbhadh eile ar an áireamh ceudna, an "Martirologia" Rómhánach,
dheimhnigheas iomláine na n-aos so, ó chruthughadh Ádhaimh
go gein Chríost, cúig míle, céad, nocha, agus a
naoi.]
Agus mar nach tigid na príomh-úghdair seo le n-a chéile ar áireamh na
haimsire atá ó Ádhamh go gein Chríost, ní hiongnadh neimhtheacht lé' chéile do bheith ag cuid
do sheanchadhaibh na h-Éireann ar an áireamh gceudna. Gidheadh,
ní fuaras eadorra áireamh is mó shaoilim do bheith fírinneach ioná an
t-áireamh do-ghní drong díobh do-bheir ceithre
míle, caoga, a's dá bhliadhain, do'n aimsir ó Ádhamh go gein Chríost; agus is eadh is
mian liom an t-úghdar barántamhail is foigse thig do'n áireamh so do leanmhain i
gcomhaimseardhacht na n-árdfhlaitheadh, na n-aos, na bpápadh, agus na
p.90
ngcomhairleadh gcoitcheann i ndeireadh an leabhair i n-a n-áitibh cinnte féin.
[Dá gcuireadh neach i n-iongantas orm, créad as a dtugaim
iomad rann mar shuidheamh ar an stáir as an seanchus, mo fhreagradh air gurab é is fáth
ris sin dam gur chumadar úghdair an tseanchusa suim iomlán an tseanchusa i nduantaibh, ionnus
gurab lughaide doghéantaoi malairt ar an seanchus é, agus fós gurab amhlaidh is
mó do cuirthí do mheamhair leis na*] macaibh fóghluma do bhíodh aca
é: óir is tré bheith i méadardhach dána do gairthí Saltair na Teamhrach do'n phrímhleabhar do bhíodh ar fhorlamhas
ollamhan ríogh Éireann féin, agus Saltair Chaisil do chroinic Chormaic mic
Chuileannáin, agus Saltair na Rann do chroinic Aonghusa
Céile Dé: óir, mar is ionann 'salm' agus duan nó dán, is ionann
saltair nó 'psalterium' agus duanaire, i n-a mbiadh iomad do dhuantaibh nó do
dhántaibh; agus do bhrígh gurab i nduantaibh atá cnáimh agus smior an
tseanchusa, measaim gurab oircheas dam cinneadh mar úghdardhás air, ag tráchtadh ar an
seanchus. Is uime adubhart go minic i gcoinne na n-úghdar do breugnuigheadh linn, go raibhe an
seanchus 'na n-aghaidh, do bhrígh gur mheasas gur mhó d'úghdardhás an seanchus
do bhí coitcheann, agus do fromhadh go minic, amhail adubhramar, ioná aon úghdar
amháin go haonar nach d'á bhfuil 'san seanchus.
Cuirid drong i n-iongantas cionnus budh fhéidir seanchus aon duine do bhreith go h-Ádhamh. Mo fhreagradh air sin, gur
p.92
bh'urus do Ghaedhealaibh iad féin do choiméad go h-Ádamh, do
bhrígh, ó aimsir Ghaedhil i leith, go mbídís draoithe aca do choiméadadh
a nglúine geinealaigh, agus a ndála i ngach turus d'á dtárla dhóibh go
rochtain Éireann, mar is iontuigthe as an stáir síos: agus
fós do bhíodh báidh re healadhain aca, do bhrígh gurab i ngiall ar a fhoghluim
fuair Niul athair Ghaedhil gach innmhe d'á bhfuair; agus fós a fhad
atáid Gaedhil gan a malairt i seilbh aoin-chríche amháin, agus feabhas an orduighthe do
chuirsiod síos re coiméad an t-seanchusa, amhail adubhramar. Ag so síos sompla ó
úghdar Breathnach, mar a dtabhair geinealach rígh do bhí ar an m-Breatain go h-Ádhamh, as a measfaidh an léaghthóir gurab fhéidir do
Ghaedhealaibh an nídh ceudna do dhéanamh; agus is é ainm an úghdair Asser: ag so ainm an rígh sin Aelfred,
mac Aetelmhuilf, mic Egbeirt, mic Etalmuind, mic Eafa, mic Eomhua, mic Ingild, mic Coenreid, mic
Ceolbhaild, mic Cudaim, mic Cutbhuin, mic Cheaulin, mic Cinric, mic Creoda, mic Cerdic, mic Elesa, mic
Gebhuis, mic Broind, mic Beild, mic Uodein, mic Fritilbhaild, mic Frealaf, mic Fritilmhuilf, mic
Fingodmhuilf, mic Geada, mic Caetua, mic Beabhua, mic Sceldua, mic Eremoid, mic Itermoid, mic Atra, mic
hUala, mic Beduig, mic Jafeit, mic Naoi, &c., &c.
* [Ag so díonbhrollach, nó brollach cosnaimh Forais Feasa ar Éirinn, mar a bhfuil suim seanchusa Éireann go cumair: atá ar n-a thiomsughadh agus ar n-a thionól a
prímh-leabhraibh
p.94
seanchusa Éireann, agus a hiliomad d'úghdaraibh barántamhla
coigcríche le Seathrún Céitinn, sagart agus doctúir
diadhachta; mar a bhfuil suim chumair príomh-dhála Éireann
ó Pharthalón go Gabháltas Gall: agus cibé thoigeoras
scríobhadh go foirleathan líonmhar ar Éirinn d'á
éis so, doghéabhaidh i sna sein-leabhraibh ceudna mórán do neithibh
inscríobhtha uirre do fágbhadh amuigh d'aon-toisg ann so, d'eagla gurab lughaide do thiocfadh
an tsuim seo do chum soluis, iad uile do chur i n-aon obair, ar a mhéid do dhuadh a gcur i
n-aon-chairt.]
Atá an stáir rannta 'na dá leabhar: an ceud leabhar nochtas dála Éireann ó Ádhamh go teacht
Phádraic i n-Éirinn; agus an dara leabhar ó theacht Phádraic go gabháltas Gall, nó gus an am so.
Saoilim nach fuil léagthóir comhthrom soshásuighthe lé' mbeanann fromhadh do
dhéanamh ar sheanchus Éireann, acht neach bhus riarach ó n-a
ndubhramar i san díonbhrollach so: agus dá dteagmhadh nach lór leis gach sásadh
d'á dtugaim uaim, is tar mo dhícheall-sa do rachadh. Uinic sin, gabhaim cead aige, agus
gabhadh agam, má thárla dham dul do'n tslighe i n-aoinnídh d'á n-abraim i san
leabhar so, óir má atá aoinnídh inbhéime ann, ní ó
mhailís acht ó aineolas atá.
Bhur mbocht-chara bithdhíleas go bhás, Seathrún
Céitinn
p.96
Foras Feasa ar Éirinn
An ceud leabhar