Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 8

VIII.

Dogheibh Seon Davis locht ar an mbreitheamhnas tuaithe, do bhrígh, dar leis féin, go bhfuilid trí droch-nóis ann. An ceud nós díobh, an tánaiste do theacht ar beulaibh mic tighearna an fhuinn. An dara nós, an roinn do bhí ar an bhfearann idir na comhmbráithribh, d'á ngairid Gaill ‘gabháil cinidh’, mar a ndéantaoi mion-roinn idir na comhmbáithribh ar an bhfearann. An treas nós, éiric do ghabháil a marbhadh duine. Mo fhreagradh ar an nídh so, nach fuil críoch 'san mbioth nach déantar malairt ar reachtaibh agus ar nósaibh innte, do réir mar théid malairt ar stáid na críche. Óir, ní rabhadar na nóis úd orduighthe i san mbreitheamhnas tuaithe, gur lingeadar Éireannaigh ar chogadh agus ar ‘choinbhliocht’ do bheith idir gach dá chrích dhíobh, ionnus go mbídís ag marbhadh, ag argain, agus ag creachadh a chéile: agus mar do connarcas d'uaislibh Éireann, agus d'á n-ollamhnaibh, an dochar do bhí ag teacht do'n easaontaidh do bhíodh idir fhoirinn a gcríche an tan soin, do mheasadar gur bh'oircheas na trí nóis úd d'ordughadh.

Ar dtús do thuigeadar gur chneasta an tánaisteacht, ionnus go mbiadh caiptín infheadhma ag déanamh barántais ar shluagh gacha críche d'á raibhe i n-Éirinn, ag cosnamh a gcreach agus a maoine dóibh. Óir, dámadh é an mac i


p.68

n-áit an athar do bhiadh ann, dob' fhéidir ar uairibh an mac do bheith 'na mhionaois, agus, mar sin, nach biadh infheadhma re cosnamh a chríche féin, agus go dtiocfadh lot na dúithche as a los sin. Níor bh'fhéidir fós gan an dara nós do bheith ar marthain i n-Éirinn an tan soin, mar atá roinn chomhmbráithreach do bheith ar an bhfearann. Óir, níor bh'fhiu cíos na críche an tuarasdal do rachadh do'n líon buannadh do choiseonadh í: gidheadh, an tan do roinntí an chríoch idir na comhmbráithribh, do bhiadh an bráthair budh lúgha mír dhi coimhéasgaidh re n-a cosnamh fá n-a dhícheall, agus do bhiadh an ceann-feadhna do bhíodh aca. Níor bh'fhéidir, mar an gceudna, gan an éiric do bheith ar bun mu'n am so: Óir, dá marbhadh neach duine an tráth soin, doghéabhadh comairce i san gcrích ba foicsi dhó, agus do bhrígh nach bíodh ar chumas carad an tí do marbhthaoi, cúitiughadh ná eineaclann do bhuain do'n tí do-ghníodh an marbhadh, do agradaois a ghaol i san gcion, mar smachtughadh ar an marbhthóir; agus do bhrígh nach bíodh rún an mharbhtha ag an ngaol, níor dhlightheach a bhfuil do dhortadh, gidheadh, do cuirthí cáin orra, mar smachtughadh ar an tí do-ghníodh an marbhadh, agus dochím an nós so ar marthain ag Gallaibh anois, mar go leantar an cion; comhgais leó. Is ionann, iomorro, éiric agus cion comhgais; óir is ionann cion agus coir, agus is ionann comgas nó comhfhogus agus gaol, agus is é chialluigheas an cion comhgais, cáin nó díol do bhuain amach i n-éiric nó i n-eineaclainn an loit nó an dochair do-ghní neach (gémadh marbhadh nó

p.70

míghníomh eile é), d'á charaid nó d'á chineadh; agus dochím go bhfuilid Gaill anois ag coiméad an nóis sin, mar go leantar an cion comhgais leó. D'á bhrígh sin, níor chneasta do Sheon Davis locht d'fhaghbháil ar an mbreitheamhnas tuaithe thríd; agus an mhéid bheanas ris an dá nós eile, ní raibhe teacht 'na n-éagmais ag Éirinn an tan do horduigheadh iad, agus mar sin, níor bh'inbhéime an breitheamhnas tuaithe tríotha. Óir, gion go bhfuilid oireamhnach d'Éirinn anois, do bhádar éigeantach an tan do horduigheadh iad.

Adeir Camden gurab nós d'Éireannchaibh, breitheamhain, leagha, seanchadha, filidh, agus aos teud do bheith ag a n-uaislibh, agus tearmainn do bhronnadh dóibh, agus fós saoirse do bheith ag a bpearsannaibh, ag a bhfearann, agus ag a spréidh. Ag so mar adeir, ag labhairt orra:— Atá (ar sé), ag na flathaibh seo a ndlightheoiridhe féin, d'á ngairid breitheamhain, a stáirtheoiridhe re scríobhadh a ngníomh, a leagha, a bhfilidh, d'á ngairid báird, agus a lucht seanma, agus fearann cinnte do gach aon díobh so, agus gach aon díobh ag áitiughadh i n-a fhearann féin, agus fós gach aon díobh do threibh chinnte fá seach; mar atáid na breitheamhain do threibh agus do shloinneadh d'áirithe, na seanchadha nó na stáirtheoiridhe do threibh agus do shloinneadh eile, agus mar sin do chách ó sin amach, do sheoladaois a gclann agus a ngaolta, gach aon díobh i n-a chéird féin, agus bíd lucht a leanta i sna healadhnaibh seo díobh féin do shíor. {Habent hi magnates suos iuridicos, quos vocant Brehonos, suos historicos, qui res gestas describunt, medicos, poetas, quos bardos vocant, et citharaedos, quibus singulis sua praedia assignata sunt, et singuli sunt in unoquoque territorio, et é certis et singulis familiis; scilicet, brehoni unius stirpis et nominis, historici alterius, et sic de coeteris, qui suos liberos sive cognatos in sua qualibet arte erudiunt, et semper successores habent.}’’


p.72

As na briathraibh seo Chamden , is follus gurab maith an t-ordughadh do chuireadar Éireannaigh síos re coiméad na n-ealadhan so i n-Éirinn ó aimsir go haimsir. Óir tugadar fearann ollamhantachta do gach treibh díobh, ionnus go mbiadh cothughadh aca orra féin, le saothrughadh na n-ealadhan go nach cuirfeadh bochtacht d'á ndruim iad; agus fós is é an tí fá dearsgnaighthe do'n treibh sin, nó do'n treibh eile, dogheibheadh ollamhantacht na flaithe fearainn do bhíodh aige, agus tigeadh de sin gach aon díobh do [dhéanamh díchill ar] bheith rói-eolach i n-a n-ealadhain féin [i ndóigh] re greamughadh na hollamhantachta tar an gcuid eile d'á threibh: agus is mar sin do-ghníthear do'n leith thall d'fhairrge anois le mórán théid do bhuain cathaoireach amach a los a bhfóghluma. Is móide fós do féadadh na healadhna so do choiméad mar do orduigheadar uaisle Éireann tearmann agus comairce do bheith ag fearann, ag pearsannaibh, agus ag spréidh na n-ollamhan; óir, an tan do bhídís Gaedhil agus Gaill easaontadhach ré' chéile, nach cuirfidís buaidhreadh ná toirmeasg ar na hollamhnaibh ná ar na daltadhaibh fóghluma do bhíodh aca, d'á dtoirmeasg ó shaothrughadh na n-ealadhan. Léaghtar ag Jul Caesar, i san seiseadh leabhar d'á stáir, go raibhe an tearmann ceudna ag na draoithibh táinic ó iarthar Eorpa do sheoladh scol do'n Fhrainc, agus saoilim gurab a h-Éirinn rugadar an nós soin leó.


p.74