Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 7

VII.

Adeir Seon Barclaí, ag scríobhadh ar Éirinn, na briathra so: Lag-bhoth in tógbhaid (ar sé, ag labhairt ar Éireannchaibh), go n-áirde duine, mar a mbíd féin agus a spréidh i n-aoin-tigheas. {Fragiles domos ad altitudinem hominis exitant, sibi pecorique communes.}’’

Measaim ar an gcromadh do-ghní an fear so ar thuarasgbháil do thabhairt ar airdheanaibh agus ar árusaibh coilíneach agus fodhaoine mbeag ndearóil, nach éigcneasda a choimhmeas re proimpiollán, mar go gcromann ar a nós ar thuarasgbháil do thabhairt ar chróbhothaibh bochtán agus daoine ndearóil, agus nach gabhann ré' ais luadh ná iomrádh do dhéanamh ar phioláidibh palásda prionnsamhla na n-iarladh agus na n-uasal eile atá i n-Éirinn. Measaim fós nach cion stáraidhe dlighthear do thabhairt dó, ná do neach eile do leanfadh a lorg i san gcéim gceudna: agus mar sin, cuirim ó theist d'aon-fhocal Fines Morison, do scríobh go sgigeamhail ar Éirinn; óir, bíodh go raibhe a pheann cliste re scríobhadh i m-Beurla, ní shaoilim go raibhe an chiall do bhí aige ar chumas an phinn re fírinne do nochtadh, agus mar sin ní mheasaim gurab fiu é freagradh do thabhairt air. Óir, an stáraidhe chuireas roimhe tuarasgbháil foirne ar bioth d'á mbí i gcrích do chur síos, dleaghair dó a dteist féin go fírinneach do thabhairt orra, idir olc agus maith, agus do bhrígh gurab d'aon-toisg, tré olc agus tré an-chroidhe, (ar fhuráileamh daoine eile, ag a raibhe an rún ceudna d'Éireannchaibh), tug i ndearmad

p.56

gan maith na n-Éireannach do mhaoidheamh, do léig de gan an riaghail budh inleanta do stáraidhe do choiméad i n-a stáir, agus, mar sin, ní dleaghair cion stáire do thabhairt ar a scríbhinn. Is iad, iomorro, riaghlacha is ionchoiméadta re scríobhadh stáire, do réir Polidórus, 'san chéid leabhar ro scríobh de rerum inventoribus, mar a dtráchtann ar na riaghlachaibh is ionchoiméadta re scríobhadh stáire: ag so an chéid riaghail chuireas síos: an chéid riaghail, nach lámhadh aoinnídh breugach do rádh. {Prima est, nequid falsi dicere audeat.}’’

An dara riaghail:— go nach lámhadh gan gach fírinne do chur síos: ag so briathra an úghdair: ionnus (ar sé) nach biadh amhras cáirdeasa nó mío-cháirdeasa i san scríbhinn. {Deinde nequid veri dicere non audeat, neque suspitio gratiae sit in scribendo, neque simulatis.}’’

Adeir fós, i san áit cheudna, go ndleaghair do'n stáraidhe beusa agus beatha, comhairleacha, cúisi, briathra, gníomha, agus críochnughadh gach foirne d'á n-itigheann 'san gcrích ar a'r ghabh do láimh scríobhadh, idir maith agus olc do nochtadh: agus do bhrígh go dtug Fines Morison i ndearmad gan maith na n-Éireannach do chur síos, tug i ndearmad gan coiméad do dhéanamh ar na riaghlachaibh reamhráidhte, agus, d'á réir sin, ní cion stáire dleaghair do thabhairt ar a scríbhinn.

Cibé do chuirfeadh roimhe mion-chuartughadh do dhéanamh ar mhí-bheusaibh nó lorgaireacht ar lochtaibh fodhaoine, do b'urusa leabhar do líonadh dhíobh; óir ní bhí dúithche san mbioth gan daosgarshluagh. Feuchtar an-daoine na h-Alban, brusgarshluagh na Breatan Móire, fodhaoine Flondruis,


p.58

faingidhe na Fraince, spriosáin na Spáinne, aos anuasal na h-Iotáile, agus daor-aicme gacha dúithche ó sin amach, agus doghéabhthar iomad ndoibheus ndaorchlannda ionnta; gidheadh, ní hioncháinte an chrích go huilidhe ar a son. Mar an gceudna, má táid doibheusa i gcuid do dhaor-chlannaibh Éireann ní hioncháinte Éireannaigh uile ar a son; agus cibé doghéanadh, ní mheasaim go ndlighthear cion stáraidhe do thabhairt dó; agus ó's mar so do rinne Fines Morison ag scríobhadh ar Éireannchaibh, saoilim nach dleachtach cion stáraidhe do bheith air:—agus mar an gceudna adeirim re Campion.

Adeir Camden gurab nós i n-Éirinn na sagairt go n-a gclainn agus go n-a leannánaibh do bheith ag áitiughadh i sna teamplaibh, agus bheith ag ól agus ag fleadhughadh ionnta: agus fós gurab nós innte mac an easpuig, mac an abbadh, mac an phríora agus mac an tsagairt do ghairm do chlainn na gcléireach soin. Mo fhreagradh air ann so gurab é am fa'r thionnsgnadar cliar Éireann an droch-nós soin, i ndiaidh an t-ochtmhadh Henrí do mhalairt a chreidimh, agus, an tan soin féin agus ó sin i leith, ní chleachtadh an droch-nós soin acht an chuid díobh do lean d'á n-ainmianaib féin, agus do dhiult do na huachtaránaibh dlightheacha do bhí ós a gcionn. Tig Camden féin leis an bhfreagradh so, mar a n-abair ag labhairt ar Éirinn:Cibé drong díobh, (ar sé), do-bheir iad féin do riaghaltacht, congbhaid iad féin go míorbhaileach i ngné chruadhdála riaghalta, ag fuireachras, ag guidhe, agus ag trosgadh d'á seargadh féin. {Si qui religioni se consecrant, religiosa quadam austeritate ad miraculum usque se continent, vigilando, orando, et jejuniis se macerando.}’’

Ag so mar adeir Cambrens i san seachtmhadh caibidil fichead ag

p.60

labhairt ar chléir Éireann mar an gceudna:— Atá (ar sé ag labhairt ar Éirinn) cliar na talmhan so somholta go lór i riaghaltacht, agus i measg gach subhailce eile d'á bhfuil ionnta, do sháruigh a ngeanmnaidheacht na huile shubhailce eile ionnta. {Est autem terrae illius clerus satis religione commendabilis, et inter varias quibus pollet virtutes, castitatis praerogativa praeeminet atque praecellit.}’’

As so is iontuigthe go raibhe an gheanmnaidheacht ar marthain ag cléir Éireann i n-aimsir Chambrens: agus fós is iontuigthe as so nach iad gach aon drong do chléir Éireann do chleachtadh an droch-nós úd, acht an drong ainmhianach do bhlódhadh a gcuing amháin, agus do theidheadh go siosmaiticeamhail i n-easumhla ar a n-uachtaránaibh eaglaise. Tig Stanihurst leis an nídh seo i san stáir ro scríobh ar Éirinn an tan fá haois do'n Tighearna ceithre bliadhna ar cheithre fichid ar chúig céad ar mhíle. Ag so mar adeir:— bí roichion ag urmhór na n-Éireannach (ar sé), ar chrádhbhadh nó ar riaghaltacht, {Hibernici etiam magna ex parte sunt religionis summe colentes.}’’

As so is iontuigthe nach raibhe an droch-nós úd luaidheas Camden coitcheann i n-Éirinn, acht ag an gcléir do chlaon a gcuing amháin, [amhail adubhramar thuas].

Adeir Camden nach mór an coiméad do bhí ar phósadh i n-Éirinn ó bhailtibh móra amach: gidheadh ní fíor dó so, agus do-bheir masla mór d'fhíor-uaislibh Éireann do bhrígh gurab ar an tuaith áitighid a n-urmhór, idir Ghall agus Ghaedheal. Gidheadh, ní abraim nach bíd drong díobh ainmhianach, amhail bhíos i ngach uile chrích, nach bíd umhal d'á n-uachtaránaibh eaglaise; agus, d'á réir sin, níor dhlightheach do Chamden an choir nach raibhe coitcheann do chur i leith na n-Éireannach áitigheas i san tuaith mar oilbhéim dóibh. Óir, dá raibhe


p.62

duine nó dias nó beagán ainmhianach dhíobh, ní hioncháinte foireann na críche uile chuca-san: agus, d'á réir sin, ní cneasda do Chamden [an nídh] do rádh [gurab annamh bhíos cion ar phósadh ag Éireannchaibh, acht ag lucht bailte mór nó cathrach amháin]: agus an drong adeir go mbíodh an pósadh bliadhna ar gnáthughadh i n-Éirinn, is dearbh nachar cleachtadh riamháinnte é, acht le daoinibh ainmhianacha nach bíodh umhal d'uachtaránaibh eaglaise, agus, d'á réir sin, ní hiontugtha toibhéim choitcheann d'Éireannchaibh tré bheagán do dhaoinibh domhúinte díochoisge d'á ghnáthughadh.

Adeir Campion i san seiseadh caibidil do'n chéid leabhar d'á stáir, go mbíd Éireannaigh chomh soichreidmheach sin, ionnus cibé nídh adéaradh a n-uachtarán, dá doichreidte é, go measaid a bheith 'na fhírinne, [agus] do-bheir fuair-sceul fabhaill leis ag a shuidhiughadh so. Mar atá, go raibhe ‘préaláid’ ainmhianach i n-Éirinn, do bhí ineamhail re gach nídh d'á n-aibeoradh do chur 'na luidhe ar a phobul, agus teirce airgid air: agus i ndóigh go bhfuighbheadh fóirithin uatha, nochtais dóibh, go raibhe Pádraic do leith istigh do bheagán bliadhan, agus Peadar ag imreasain ré' raile do thaoibh gallóglaigh Ghaedhealaigh do bhí ag Pádraic ag a chur isteach i bhflaitheas Dé, agus gur ghabh fearg Peadar, agus leis sin gur bhuail d'eochair flaithis Dé Pádraic 'na cheann, gur bhris a bhaitheas, agus adeir Campion go bhfuair an ‘préal id’ cothughadh tré san sceul so. Mo fhreagradh air annso, gurab cosmhala é re cluithcheoir do bhiadh ag reic sceul sgigeamhail ar scafoll ioná re stáraidhe. Óir,


p.64

cionnus budh fhéidir go gcreidfeadh Críostaidhe ar bioth d'á raibhe i n-Éirinn go mbrisfidhe baitheas Phádraic, agus é iar bhfaghbháil báis tuilleadh agus míle bliadhan ó shoin: agus fós gurab dearbh leis gach aon gurab eochair úghdardh is do bhí ag Peadar, agus nach eochair iarainn lé' mbrisfidhe baitheas ar bioth. Uime sin, measaim gurab breug bhaothánta do rinne Campion i san nídh seo do chumadh ar Éireannchaibh; agus do bhrígh go n-admhann féin 'san 'epistil' scríobhas i dtús a leabhair, nachar chaith acht deich seachtmhaine re scríobhadh stáire na h-Éireann, measaim nach fiu é freagradh do thabhairt ar thuilleadh d'á bhreugaibh.

Ag so an teist do-bheir ‘Mr. Good’, sagart Sacsanach do bhí ag seoladh scoile i Luimneach, ar Éireannchaibh, an tan fá haois do'n Tighearna, míle, cúig céad, sé bliadhna a's trí fichid: Cineadh so (ar sé), atá láidir i gcorp, agus atá lúthmhar, ag a mbí intinn fhoirtill árd, intleacht gheur, bhíos cogthamhail, neamhchoigealtach ar a bheathaidh, ag a mbí fulang saothair, fuachta, agus ocrais, ag a mbí claonadh re déanamh drúise, bhíos rói-cheannsa re haoidheadhaibh, buainseasmhach i ngrádh, doshásuighthe i bhfaltanas, bhíos soichreidmheach, bhíos fonnmhar ar chlú d'faghbháil, bhíos neamhfhoighidneach ar mhasla nó ar eugcóir d'fhulang. {Gens haec corpore valida et in primis agilis, animo forti et elato, ingenio acri, bellicosa, vitae prodiga, laboris, frigoris et inediae patiens, veneri indulgens, hospitibus perbenigna, amore constans, inimicis implacabilis, credulitate levis, gloriae avida, contumeliae et iniuria impatiens.}’’

Ag so fós an teist do-bheir Stanihurst orra: dream ró-fhuilngtheach ar shaothraibh, tar an uile chinéal do dhaoinibh, agus is annamh bhíos tláith i nguasachtaibh. {In laboribus ex omni hominum genere patientissimi, in rerum angustiis raro fracti.}’’

Adeir Spenser gurab ó Éireannchaibh fuaradar na


p.66

Sacsanaigh aibghidir ar dtús, agus, d'á réir sin, ní raibhe fios liteardhachta ar bioth ag na Sacsanaighibh go bhfuaradar ó Éireannchaibh í.