Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)
Section 6
VI.
Cuiridh 'Doctor Hanmer' i n-a chroinic, gurab é
Bartolinus budh taoiseach ar Ghaedhealaibh ag teacht i n-Éirinn dóibh, agus is do Phartholón
ghaireas Bartolinus ann so. Gidheadh, do réir seanchuis na
h-Éireann do bhádar tuilleadh agus seacht gcéad bliadhan idir
theacht Phartholóin
p.44
agus teacht Chlainne Mhílidh go h-Éirinn. Óir i gcionn
trí chéad bliadhan iar ndílinn táinig Partholón, agus i gcionn míle ar cheithre fichid bliadhan i ndiaidh
díleann, tángadar mic Mhílidh go h-Éirinn. Agus do
bhreatnughadh Chamden is córa creideamhain do sheanchus Éireann i san nídh seo ioná do bhriathraibh Hanmer. Ag so mar adeir: Tugthar a urraim féin do'n tseanchus i sna
neithibh seo. {In his detur sua antiquitati venia.}(ar sé); agus má is
iontugtha do sheanchus i san mbioth ar son bheith arsaidh, is díol urrama da ríribh seanchus
Éireann do réir an Chamden cheudna, i san
leabhar d'á ngairthear Britannia Camdeni, mar a n-abair, ag
labhairt ar Éirinn: Ní héigcneasda a dubhradh le Plutarchus Ogigia, eadhon roarsaidh, ris an
oiléan so. {Non immerito haec insula Ogygia, id est perantiqua, Plutarcho dicta fuit.} A cuimhne ró-dhuibheacánta seanchusa
thairrngid a stáire féin (ag labhairt ar Éireannchaibh), ionnus nach fuil i
n-uile sheanchus na n-uile chineadh eile acht nuaidheacht, nó (beagnach) naoidheantacht, {A
profundissima enim antiquitatis memoria historias suas auspicantur, adeo ut prae illis omnis omnium gentium
antiquitas sit novitas aut quodammodo infantia.} láimh re seanchus na h-Éireann: agus uime sin, gur córa creideamhain dó ioná do
dhoctúir Hanmer, nach faca seanchus Éireann riamh.
Adeir an t-úghdar ceudna gurab é rí Lochlonn, d'ár bh'ainm Froto fá rí Éireann an tan rugadh Críost; gidheadh, ní fíor dó sin, óir do
réir an tseanchusa, is re linn Chriomhthainn Niadh Náir do bheith i bhflaitheas Éireann rugadh Críost; agus d'á
réir sin ní hé Froto rí Lochlonn fá rí
p.46
Éireann an tan soin. Is iongnadh liom Hanmer, do bhí na Shacsanach nach faca agus nachar thuig seanchus Éireann riamh, cionnus do bhiadh a fhios aige cia an rí do bhí ar
Éirinn re linn Chríost do bhreith,
agus gan a fhios aige go cinnte cia an rí do bhí ar an m-Breatain mhóir féin.
Óir atá Samuel Daniel, Gildas, Rider, agus Nennius, agus mórán
d'úghdaraibh eile do scríobh stáir na Breatan Móire, ag a admháil gurab
neamh-chruinn an seanchus atá aca féin ar dhálaibh seanda na Breatan, do bhrígh
go rugadar Rómhánaigh agus Sacsanaigh a seanchus agus a sein-scríbhne
uatha; ionnus nach bí aca acht amus nó baramhail do thabhairt do dh laibh seanda na Breatan
rés na Sacsanaibh agus rés na Rómhánchaibh: agus, uime sin, adeir Camden foghlamtha féin nach feas dó créad ó'n abharthar
Britannia re Breatain, acht a bharamhail do thabhairt mar gach fear. Adeir fós nach feas dó ca
ham tángadar na Picti d'áitiughadh na taoibhe tuaithe do'n Bhreatain Mhóir; agus mar go
rabhadar mórán do dhálaibh seanda na Breatan Móire i n-a bhfoilcheas air,
níor bh'iongnadh a mbeith nídh budh mhó 'na bhfoilcheas ar Hanmer, agus foilcheas budh ro-mhó ioná sin do bheith air i
sean-dálaibh Éireann: agus, d'á réir sin, ní
baránta inchreidthe é fá rígh Lochlann do bheith 'na rígh Éireann re linn beirthe Chríost.
Adeir, mar an gceudna, nach é Pádraic, apstol na h-Éireann (lér' síoladh an Creideamh Catoileaca 'san gcrích ar
dtús), fuair uaimh (purgadóra) Phádraic i
n-oiléan na purgadóra, acht Pádraic eile, abb, do mhair an
tan fá haois
p.48
do'n Tighearna, ocht gcéad ar chaogaid bliadhan. Gidheadh, ní
fíor dó so do réir Caesarius
naomhtha, do mhair leath istigh do sé céad bliadhan do Chríost, agus, d'á reir sin, do mhair dhá chéad go leith bliadhan
sul do bhí an dara Pádraic so ann. Ag so mar adeir 'san ochtmhadh caibidil deug a's fiche do'n
dara leabhar deug ro scríobh ré' ráidhtear 'Liber Dialogorum': an tí chuireas contabhairt i bPurgadóir, trialladh i n-Éirinn, téidheadh isteach i bpurgadóir Phádraic, agus ní bhiaidh contabhairt aige i bpianaibh purgadóra ó sin amach. {Qui de
purgatorio dubitat, Scotiam pergat, purgatorium Sancti Patricii intret, et de purgatorii poenis amplius non
dubitabit.} As so is iontuigthe nach é an dara Pádraic úd, luaidheas Hanmer, fuair purgadóir Phádraic ar dtús, acht an ceud Phádraic. Óir cionnus budh fhéidir go mbadh é an dara
Pádraic doghéabhadh ar dtús í, agus go raibhe
dhá chéad go leith bliadhan ó'n am fa'r scríobh Caesarius ar phurgadóir Phádraic go haimsir an dara Pádraic do
mharthain; agus fós atá seanchus agus beuloideas Éireann ag a
admháil gur bh'é Pádraic apstol fuair
purgadóir ar dtús i n-Éirinn. Uime sin, is follus gur breug
meabhlach do rinne Hanmer ann so, i ndóigh go mbadh
lughaide do bhiadh cádhas ag Éireannchaibh ar uaimh purgadóra é.
Nídh eile adeir i san gceathramhadh leathanach fichead gurab do Lochlonnaibh ó'n
Dania Fionn mac Chúmhaill; gidheadh ní fíor dó so, do
réir an tseanchusa, acht is do shliocht Nuadhat Neacht rí Laighean é, táinig ó Éireamhón
mac Mhílidh. Adeir fós i san gcúigeadh leathanach fichead, gurab mac do
rígh Tuath-Mhúmhan an tí d'á ngairid na húghdair Giolla Már, rí Éireann; gidheadh is
lór linn an breugnughadh tugamar ar an nídh seo cheana.
p.50
Saoilim gurab tré fhonómhad chuireas Hanmer
Cath Fionntrágha síos ag fochuidmheadh go fallsa
fá na seanchadhaibh, ionnus go gcuirfeadh i gcéill do'n léaghthóir nach fuil
tabhacht i seanchus Éireann acht mar chath
Fionntrágha. Gidheadh,is follus nach fuil agus nach raibhe meas stáire
fírinnighe ag na seanchadhaibh ar chath Fionntrágha, acht
gurab dearbh leo gurab finnsceul filidheachta do cumadh mar chaitheamh aimsire é. An freagradh ceudna
do-bheirim ar gach sceul eile d'á gcuireann síos ar an
bh-Féinn. Ní fíor dó fós mar adeir go raibhe Sláinghe mac Deala tríocha bliadhan i bhflaitheas Éireann, óir, do réir an tseanchusa, ní raibhe i
bhflaitheas acht aon bhliadhain amháin.
Is neimhfhíor dó, mar an gceudna, a rádh go raibhe cor ó aimsir Augustín manach ag áirdeaspog Chaintearbuiridh ar chléir Éireann. Óir is dearbh nach raibhe cor ag áirdeaspog
Chaintearbuiridh ar chléir Éireann go haimsir Williaim 'Concur', agus nach raibhe cor aca an tráth soin
féin acht ar chléir Átha-cliath, Locha-garman, Phoirt-lairge, Chorcaige agus Luimnigh;
agus is iad an chliar soin féin tré chomhmbáidh fialasa le lucht na Normandie, ar
mbeith dhóibh féin d'iarmhar na Lochlonnach d'á ngairthí
Normanni, agus fós tré neamhmbáidh re Gaedhealaibh, tugsad iad
féin fá smacht áirdeaspoig Chaintearbuiridh; agus ní measaim go raibhe cor aige
orra sin féin acht re linn trí n-áirdeaspog d'á raibhe i g-Caintearbuiridh, mar
atá Radulf, Lanfranc agus Anselm. Mar sin is
breugach dhó a rádh go raibhe cor
p.52
ag áirdeaspog Chaintearbuiridh ar chléir Éireann ó aimsir Augustín manach.
Is breugach adeir, mar an gceudna, go raibhe Murchadh mac Cochlain 'na
rígh ar Éirinn an tan fá haois do'n Tighearna sé bliadhna ar thrí fhichid ar chéad ar mhíle,
óir is dearbh gurab é Ruaidhrí Ua Conchubhair do bhí
ag gabháil ceannais Éireann re a ais an tan soin, agus gurab
cheithre bliadhna ria ngabháltas Gall an uair sin.
Adeir arís gurab i san m-Breatain Mhóir rugadh Comhghall, abb Beannchair i n-Áird
Uladh: gidheadh ní fíor dó sin, óir léaghtar i n-a bheathaidh
gurab i n-Dál Aruidhe i dtuaisceart Uladh rugadh
é, agus gurab do Chineadh Dhál n-Aruidhe dhó. Is uime do mheas Hanmer Breathnach do dhéanamh do Chomhghall,
do bhrígh gurab é Comhghall do thógaibh Mainistir
Bheannchair i n-Áird Uladh, fá máthair do mhainistreachaibh
Eorpa uile, agus gur thógaibh mainistir eile i Sacsaibh, láimh re
Westchester, d'á ngairthear Bangor: agus dá dteagmhadh do Hanmer a chur i gcéill do'n léaghthóir gur Bhreathnach Comhghall, go gcuirfeadh d'á réir sin i gcéill, gach oirdhearcas
d'á bhfuil ar mhainistir Bheannchair Uladh do
dhul i gclú do Bhreathnachaibh a los Chomhghaill do bheith
dhíobh, nó gach clú d'ár thuill Beannchar Uladh go
gcuirfidhe i leith na mainistreach atá i Sacsaibh darab ainm Bangor í.
Adeir Hanmer gur chlann bastáird do rígh
Laighean Fursa, Faolán, agus Ultán; gidheadh go
fírinneach is clann d'Aodh Beannáin rí Mhúmhan iad, do réir naomh-sheanchusa Éireann. Mar so, do mhórán eile do bhreugaibh Hanmer
p.54
ag scríobhadh ar Éirinn, agus léigim díom gan
leanmhain orra níos faide, do bhrígh go mbadh liosta re a luadh uile iad.