Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)
Section 5
V.
Adeir Stanihurst gurab í an Mhídhe fá cuid ronna do Shláinghe mac Deala mic Lóich; gidheadh ní fíor dó sin. Óir do réir an Leabhair Gabhála, ní raibhe do Mhídhe ann i n-aimsir Shláinghe acht an aon-tuaith fearainn atá láimh re h-Uisneach, go haimsir Thuathail theachtmhair: agus mar adeir gurab ó Shláinghe adeirthear baile Shláinghe adeirthear baile Shláine, agus, d'á réir sin,
gurab í an Mhídhe an mhír ronna ráinig ó n-a
bhráithribh é, níor chóra a mheas gurab í ráinig mar roinn
dó, ioná a mheas gurab í Cúigeadh Laighean
ráinig mar roinn chuige, agus gurab uaidh ainmnighthear Innbhear Sláinghe, shnigheas
tré lár Laighean go Loch-garman; agus fós gurab uaidh
ainmnighthear Dúmha Shláinghe ré' ráidhtear Dionn-ríogh ar bhruach Bearbha, idir Cheatharlach agus Léithghlinn, do'n leith thiar do'n
Bhearbha, agus gurab é fá longphort comhnuighthe dhó,
agus gurab ann fuair bás.
p.32
Ní hiongnadh gan fios an neith seo do bheith ag Stanihurst, agus nach faca seanchus Éireann riamh, as a mbiadh fios a dál aige; agus measaim nach mór an lorg do bhí aige orra, mar go bhfuil sé comh ainbhfiosach sin i ndálaibh Éireann go n-abair gurab i san Múmhain atá Ros-mic-Triuin, agus gurab cúigeadh nó
Proibhinnse an Mhídhe i n-aghaidh Chambrens féin, nach áirmheann an Mhídhe mar chúigeadh, agus i n-aghaidh Leabhair
Gabhála Éireann. Mar roinneas Stanihurst Éire, go ndéin leath d'Fhine Gall ar leith, agus an leath eile d'Éirinn ó sin amach idir Gall agus Gaedheal; agus fós mar adeir nachar bh'fiu leis an gcoilíneach is
lúgha i bh-Fine Gall cleamhnas do dhéanamh leis an n-Gaedheal budh uaisle i nÉirinn, mar adeir 'na chroinic: An tí is
ísle do na coilínibh d'á n-áitigheann i san gcúigeadh Gallda, ní
thiubhradh a inghean féin pósda do'n phrionnsa is mó
d'Éireannchaibh. {Colonorum omnium ultimus qui in Anglica provincia
habitat filiam suam vel nobilissimo Hibernorum principi in matrimonium non daret.}
Fiafraighim do
Stanihurst cia budh honóraighe, budh huaisle, nó budh dísle do choróin na Sacsan, nó cia budh feárr do bharántaibh re cosnamh na h-Éireann do choróin na Sacsan, coilínighe Fhine Gall 'náid na hiarlaidhe uaisle atá i n-Éirinn do Ghallaibh, mar atá iarla Chille-dara, do rinne cleamhnas le Mac Cárrthaigh Riabhach, le h-Ua Néill, agus le droing eile d'uaislibh Gaedheal; iarla Ur-Mhúmhan le h-Ua Briain, le Mac Giolla-Phádraig, [agus le h-Ua Cearbhaill]; iarla Deas-Mhúmhan le Mac Cárrthaigh Mór; agus Iarla Chlainne Riocaird le h-Ua Ruairc. Ní áirmhim 'uícoint' 'náid barúin do bhí comh uasal re haon-choilíneach d'á raibhe i
p.34
bh-Fine Gall riamh, ag ar' pósadh a n-ingheana go minic le huaislibh Gaedheal.
Is follus fós gur mionca do chuir coróin na Sacsan cúram cosnaimh agus coiméid
na h-Éireann ar iocht na n-iarladh do rinne cleamhnas le
Gaedhealaibh ioná ar iocht a rabhadar do choilíneachaibh i bh-Fine Gall
riamh. Mar sin ní mheasaim créad ar nach doghéanadaois cleamhnas le huaislibh Éireann acht munab do dhímheas ar a bhfoluigheacht féin,
ná'r mheasadar gur bh'fhiu iad comh-uaisle Gaedheal do bheith i n-a gcleamhnas.
Measaim ar olcas an teastais do-bheir Stanihurst ar Éireannchaibh, gurab ionchuir ó theist é, do bhrígh gurab d'aon-toisg ar fhuráileamh droinge do bhí fuathmhar d'Éireannchaibh do scríobh go maslaightheach orra; agus saoilim gurab é fuath na n-Éireannach ceud-bhallán do tharraing iar ndul i Sacsaibh ar dtús do dhéanamh léighinn dó, agus go raibhe 'na thoirrcheas bronn aige nó gur sgeith le n-a scríbhinn é, ar dtoidheacht i n-Éirinn dó. Ní beag liom do chomhartha fuatha do bheith aige ar Éireannchaibh, mar dogheibh locht ar choilíneachaibh Fhine Gall tré n'ár dhíbirsiod an Ghaedhealg as an tír an tan do ruaigsiod an fhoireann do bhí ag áitiughadh na tíre rómpa. Adeir fós dá fheabhas do theangaidh an Ghaedhealg, an tí do bhlaisfeadh í, go mblaisfeadh maraon ria doibheusa na droinge d'ar theanga í. Créad is iontuigthe as so, acht go raibhe an oiread soin d'fhuath ag Stanihurst d'Éireannchaibh gurbh' olc leis gurab gabháltas Críost amhail do rinneadar Gaill ar Éirinn
p.36
agus ar Ghaedhealaibh, agus nach gabháltas pagánta. An tí, iomorro, do-ghní gabháltas Críostamhail, is lór leis umhlacht agus dísle d'fhaghbháil
ó'n bhfoirinn claoidhtear leis, agus foireann nuadh eile do chur uaidh féin
d'áitiughadh na tíre ar a dtéid a neart mar aon re lucht na críche sin. An
tí fós do-ghní gabháltas pagánta, is eadh is nós dó,
léirscrios do thabhairt ar an bhfoirinn claoidhtear leis, agus foireann uaidh féin do chur
d'áitiughadh na críche ghabhas le neart. An tí trá do-ghní
gabháltas Críostamhail, ní mhúchann an teanga bhíos roimhe i san
gcrích chuireas fá n-a smacht: agus is mar sin do rinne William Concor ar na Sacsaibh. Níor mhúch teanga na Sacsanach, do
bhrígh gur fhágaibh foireann na teangadh do choiméad i san gcrích, ionnus go
dtáinig de sin an teanga do bheith ar bun ag Sacsanchaibh ó sin i leith. Gidheadh, is
gabháltas pagánta do rinne Hengist taoiseach na Sacsanach ar na
Breathnachaibh, mar gur scrios sé a hurlár na Breatan iad, agus gur chuir foireann uaidh
féin i n-a n-áitibh; agus iar ndíbirt cháich go hiomlán dó, do
dhíbir a dteanga leo. Agus an nós ceudna fá mian le Stanihurst do dhéanamh ar Éireannchaibh; óir ní féidir an teanga do dhíbirt, gan an lucht d'ár teanga í do dhíbirt: agus do bhrígh go raibhe mian na teangadh do dhíbirt air, do bhí, mar an gceudna, mian díbeartha na foirne d'ár theanga í air, agus, d'á réir sin, do bhí fuathmhar d'Éireannchaibh; agus mar sin, níor bh'ionghabhtha a theist ar
Éireannchaibh.
p.38
Do-gheibh, mar an gceudna, Stanihurst locht ar bhreitheamhnaibh tuaithe na h-Éireann agus ar a leaghaibh: gidheadh is iongnadh liom mar fuair ann féin locht d'fhaghbháil ionnta, agus nachar thuig ceachtar díobh ná an teanga a raibhe
ealadha gach aicme dhíobh, ar mbeith dhó féin aineolach ainbhfiosach i san n-Gaedheilg
fá teanga dóibh-sean, agus i n-a raibhe an breitheamhnas tuaithe agus an leigheas
scríobhtha. Óir ní raibhe ar cumas dó-san an breitheamhnas tuaithe nó an
leigheas do léigheadh i san teangaidh i n-a rabhadar, agus dá léighthí dó
iad, ní raibhe tuigse aige orra. Measaim, d'á réir sin, gurab ionann dáil
dó ag díommoladh an dá ealadhan do luaidheamar, agus dáil an daill do
dhíommolfadh dath eudaigh seach a chéile: óir mar nach féadann an dall
breathnughadh do dhéanamh idir an dá dhath, do bhrígh nach faiceann ceachtar
díobh, mar an gceudna, níor bh'féidir leisean, breitheamhnas do dhéanamh idir an
dá ealadhain reamhráidhte, do bhrígh ná'r thuig riamh na leabhair i n-a rabhadar
scríobhtha, agus fós ná'r thuig na hollamhain d'ár bh'ealadhain iad, do
bhrígh gurbh' í an Ghaedhealg amháin fá teanga dhíleas dóibh, agus
go raibhe seisean tríd agus tríd aineolach innte.
Dogheibh fós locht i n-aos seanma na gcláirseach i n-Éirinn, agus adeir nach raibhe ceol ionnta. Is cosmhail nachar bhreitheamh
éisean ar cheol 'san mbioth, agus go háirithe ar an gceol n-Gaedhealach, ar mbeith aineolach i
sna riaghlachaibh bheanas ris dó. Saoilim nachar thuig Stanihurst gurab amhlaidh do bhí Éire 'na ríoghacht ar leith léi féin, amhail domhan mbeag, agus na huaisle agus na
p.40
hollamhain do bhí innte i n-allód, gur chumadar breitheamhnas, leigheas, filidheacht agus ceol
agus riaghlachaibh cinnte riu do bheith ar bun i n-Éirinn: agus mar sin
níor chneasda dhó-san breitheamhnas meardhána do dhéanamh [nó do bhreith]
ar cheol na h-Éireann d'á lochtughadh. Is iongnadh liom nachar
léigh Cambrens i san naomhadh
caibidil deug, mar a molann ceol na n-Éireannach, acht munab eadh do chuir roimhe
céim do bhreith tar Chambrens
ag cáineadh na n-Éireannach: óir ní fhuil nídh 'san mbioth is
mó i n-a molann Cambrens
Éireannaigh ioná i san gceol n-Gaedhealach. Ag so mar adeir i san gcaibidil cheudna:
I n-adhbhadhaibh ceoil amháin dogheibhim dícheall an chinidh seo somholta, mar a bhfuil tar
an uile chineadh d'á bhfacamar cliste go doimheasta. {In musicis solum instrumentis
commendabilem invenio gentis istius diligentiam, in quibus, prae omni natione quam vidimus incomparabiliter
est instructa.} Ag so mar adeir fós do réir na caibidile ceudna an tuarasgbháil
do-bheir ar an gceol n-Gaedhealach, ag a mholadh: Do-ghnidhthear a
n-oirfide (ar sé) iomlán oireamhnach le luas taighiuir, le comhthrom eugcosmhail, agus le
coimhtheacht ainfhreagarthach ré chéile. {Tam suavi velocitate, tam dispari
paritate, tam discordi concordia, consona redditur et completur melodia.} As so is iontuigthe, do
theist Chambrens, gurab breugach do
Stanihurst a rádh nach bí ceol i san oirfide
Éireannaigh. Ní fíor dó, mar an gceudna, an nídh adeir gurab
dall do bhídís urmhór aosa seanma na h-Éireann;
óir is follus an tan ro scríobh seisean a stáir, gurab lia neach súileach do
bhí re seinm i n-Éirinn ioná duine dall, agus mar sin
ó sin i leith, agus anois, bíodh a fhiadhnaise sin ar ár lucht comhaimsire.
Tuig, a léaghthóir, go rabhadar trí heasbadha ar Stanihurst re scríobhadh stáire na h-Éireann as ná'r chóir cion stáraidhe do thabhairt air. Ar dtús, do bhí sé
p.42
ró-óg, ionnus nach raibhe uain aige ar chuartughadh do dhéanamh ar sheanchus na
críche seo ar ar' ghabh do láimh scríobhadh. An dara heasbaidh, do bhí sé
dall aineolach i dteangaidh na tíre i n-a raibhe seanchus agus seandála na críche, agus
gach foirne d'ár áitigh innte; agus mar sin, níor bh'fhéidir dó a bhfios
do bheith aige. An treas easbaidh, do bhí sé uaillmhianach, agus d'á réir sin,
do bhí súil aige le meudughadh d'fhaghbháil ó'n droing lér'
gríosadh é le scríobhadh go holc ar Éirinn: agus
fós, re linn bheith 'na shagart 'na dhiaidh sin dó, do gheall gairm tar ais do dhéanamh
ar mhórán do na neithibh maslaightheacha do scríobh ar Éirinn, agus dochluinim go bhfuil sé i gclódh anois re n-a
thaisbéanadh i n-Éirinn.
Adeir Stanihurst an tan bhíd Éireannaigh ag comhrac,
nó ag bualadh a chéile, go n-abraid mar chomhairc do ghuth árd, Pharo, Pharo,
agus saoilidh seisean gurab ó'n bhfocal so Pharao, fá hainm do rígh
Éigipte chleachtaid mar chomhairc é: gidheadh ní fíor dó sin, óir
is ionann é agus faire, faire ó, nó ó faire, ag a rádh ris
an rann eile bheith ar a gcoiméad, amhail adeir an Francach garda, garda, an tan dochí
a chomharsa i nguais.