Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)
Section 4
IV.
Adeir Spenser i n-a chroinic go raibhe cor ag Egfrid, rí
Nortumbrorum, ar Éirinn, agus ag Eadgar
rí na Breatan,
amhail léaghtar 'san treas leathanach deug ar fhichid
d'á stáir: gidheadh ní fíor dhó so,
do bhrígh go bhfuil seanchus Éireann 'n-a aghaidh sin,
agus fós atáid úghdair na Breatan féin ag a
admháil ná'r fhágbhadar na Sacsanaigh
sein-scríbhne ná seod-chomharthaidhe aca re' mbiadh fios
dála na haimsire táinig rés na Sacsanchaibh
aca. Óir adeir Gildas, sean-úghdar Breathnach, gur
múchadh le Rómhánchaibh agus leis na Sacsanchaibh
monumenta nó seod-chomharthaidhe na m-Breathnach, agus
d'á réir sin a seanchus. Tig Samuel Daniel leis an
úghdar so ar an nídh gceudna, 'san cheud roinn
d'á chroinic, agus Rider 'san bhfoclóir Laidne ro
scríobh, mar a dtráchtann ar an bhfocal so Britannia,
agus fós adeir nach ó Bhrutus adeirthear Britannia re
Breatain, agus dámadh eadh go mbadh Brutia nó Brutica do
gairfidhe dhí; agus do budh cosmhail dá madh ó Bhrutus do
gairfidhe í, go luaidhfeadh Jul Caesar, Cornelius Tacitus, Diodorus Siculus, nó Béada, nó sean-úghdar éigin eile créad ó'
bhfuil an focal so Britannia; agus mar nachar bh'fheas dóibh créad ó bhfuil ainm a
gcríche féin, níor bh'iongnadh iad do bheith i n-ainbhfios i n-iomad do dhálaibh
seanda na Breatan, agus mar sin, ní hiongnadh Spenser
do bheith aineolach ionnta, mar an gceudna.
Is iongnadh an nídh do ghabh Spenser
ré' ais, seanchus do
p.26
leanmhain ar chuid d'uaislibh na h-Éireann, agus a rádh
gurab Gaill do réir a mbunadhais iad. Luaidhtear, iomorro, seacht sloinnte d'uaislibh
Gaedheal leis, mar atá Mac Mathghamhna, Clann
tSuibhne, Clann tSíthigh, Clann Mhic-Conmara,
Caomhánaigh, Tuathalaigh, agus Branaigh. Adeir gurab ó Ursula, nó FitzUrsula, sloinneadh áta i
Sacsaibh, táinig Mac Mathghamhna, agus gurab ionann Ursula agus
Beare, agus gurab ionann Beare agus mucgamhain nó macgamhain, agus d'á
réir sin gurab ó'n tigh thall táinig Mac Mathghamhna Uladh. Mo fhreagradh ar an 'reusún' so, ná'r chóra Mac Mathghamhna
Oirghiall do theacht ó'n tigh thall mar sin, do réir sanasáin an fhocail, ioná
Mac Mathghamhna Tuath-Mhúmhan agus Ua Mathghamhna Cairbreach, agus mar nach ó thigh Fitz
Ursula nó Beare i Sacsaibh cách, ní headh Mac Mathghamhna Uladh: acht go fírinneach is do shliocht Cholla
Dá-chríoch mic Eachach Doimhléin, [mic Fhiachaidh Sraibhtheine] mic Chairbre Lifeachair do
shíol Éireamhóin é. An dara cineadh, Clann tSuibhne, adeir gurab ó thigh i Sacsaibh d'á ngairtear Suyn
tángadar; gidheadh, ní hionann Suyn agus Suibhne, agus d'á réir sin
ní ó'n tigh thall táinig Mac Suibhne, acht go fírinneach
is do Chlannaibh Néill é: óir is ar shliocht Aodha Athláimh mic Fhlaithbheartaigh an
trostáin atá Mac Suibhne. Adeir fós gurab do Ghallaibh
Clann tSíthigh; gidheadh ní fíor dhó sin, óir is
follus gurab do shliocht Cholla Uais iad, agus gurab ó Shítheach mac Eachduinn mic Alasdair mic
Dhómhnaill, ó' ráidhtear Clann nDómhnaill Éireann agus Alban, tángadar. Adeir arís gurab do
p.28
Ghallaibh Clann Mhic Conmara, agus gurab ó'n gcineadh do Ghallaibh ré'
ráidhtear Mortimer tángadar; gidheadh ní fior sin, óir
is ó dhuine d'ár bh'ainm Cúmara ráidhtear Clann Mhic Conmara riu: agus is é is sloinneadh cinnte dhóibh Síol Aodha, agus is ó Chaisin mac Chais, mic
Chonaill eachluaith do shíol Eibhir
tángadar, amhail léaghtar i gcraoibhsgaoileadh Dhál g-Cais. Adeir, mar an gceudna,
gurab ó'n m-Breatain Móir tángadar na trí sloinnte seo, mar atá Síol m-Brain, Tuathalaigh agus Caomhánaigh; agus ní fírinneach an suidheadh do-bheir ar an nídh seo, mar go n-abair gurab focail Bhriottáinisi na
trí focail úd. Ar dtús adeir gurab ionann 'brin' agus coillteach: [fágbham gurab
ionann 'brin' agus coillteach,] gideadh, ní ó'n bhfocal so brin adeirthear Branaigh, acht ó ainm óglaoigh d'árbh' ainm Bran
Múit. An dara nídh adeir gurab ionann tol agus cnocach, [agus gurab uaidh sin
adeirthear Tuathalaigh]: [fágbhaim gurab ionann tol agus cnocach];
gideadh ní cosmhail ré' raile tol agus Tuathalaigh, óir
is ó ainm óglaoigh d'árbh' ainm Tuathal atá: uime sin
is breugach baramhail Spenser. Adeir arís gurab
ionann caomhán agus láidir, agus gurab uaidh adeirthear Caomhánaigh. Mo fhreagradh air, gurab ionann caomhán agus neach caomh
nó áluinn, agus gurab uime gairthear Caomhánaigh do Chaomhánchaibh ó Dhómhnall
Caomhánach, mac Dhiarmuda na n-Gall. Is uime do lean an forainm do
Dhómhnall féin, a bheith ar n-a oileamhain i g-Cill Caomh in i
n-íochtar Laighean; agus is do Chinnsiolachaibh do
réir a sloinnte iad. Gidheadh, is follus do réir fírinne an tseanchusa,
p.30
[gurab do Ghaedhealaibh na trí cineadha soin, agus] gurab do shliocht Fhiachaidh Aiceadha mic
Chathaoir mhóir rí Éireann na trí sloinnte seo, amhail
léaghtar i gcraobhsgaoileadh Laighean. Is iongnadh liom cionnus fuair Spenser ann féin lámh do chur i sna neithibh seo do
bhí 'na n-ainbhfios air, acht amháin munab ar sgáth bheith 'na fhilidh tug cead
cumadóireachta dhó féin; mar fá gnáth leisean agus le n-a shamhail eile,
iomad finnsgeul filidheachta do chumadh agus do chórughadh le briathraibh blasda, do bhreugadh an
léaghthóra.