Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 3

III.

Cuirfeam síos ann so beagán do bhreugaibh na Nua-Ghall do scríobh ar Éirinn ar lorg Chambrens; agus doghéan tosach ar bhreugnughadh Chambrens féin, mar a n-abair go raibhe cíoscháin ag an rígh Artúr ar Éirinn, agus gurab é am fa'r cheangail an cíos orra i g-Cathair Leon, an tan fá haois do'n Tighearna cúig céad agus naoidheug, mar chuireas Campion 'na chroinic i san dara caibidil do'n dara leabhar, mar a n-abair gurab é Giolla Már fá rí Éireann an tan soin. Gidheadh tar cheann go luaidheann Policronicon agus Monomotensis agus drong eile do Nua-Ghallaibh an Giolla Már so do bheith 'na rígh Éireann a shlán fá aon d'á lorgairidhibh go bhfuil laoidh nó litir a seanchus Éireann i n-a bhfuil luadh nó iomrádh ar Ghiolla Már do bheith 'na rígh Éireann riamh: acht munab do Mhuircheartach mór mac Earca fá rí Éireann agus fá fear comhaimsire do rígh Artúr ghairmid é; agus níor bh'fhéidir Muircheartach do bheith fá chíoscháin ag an rígh Artúr, do bhrígh go raibhe sé féin treun i n-Éirinn agus i n- Albain, agus gurab é do chuir a sheisear dearbhráthar i n- Albain, agus gur fear dhíobh fá


p.14

céid-rí do Chineadh Scoit ar Albain, mar atá Fearghus Mór mac Earca, agus fós gurab le Scotaibh agus le Pictibh do thuit Rí Artúr féin. An Fearghus so adubhart do b'é céid-rí Alban do Scotaibh é: óir tar cheann go n-áirmheann Hector Boetius i stáir na h-Alban naoi ríogha dheug agus fiche do bheith ar Albain roimhe an bh-Fearghus so, maiseadh ní raibhe aoin-rí de Chineadh Scoit do réir an tseanchusa ar Albain roimhe: agus mar a n-abair gurab é Fearghus mac FearchairÉireann fá céid rí do Chineadh Scoit ar Albain, ní fíor dó sin, óir 'ní raibhe aoin-rí ar Éirinn riamh d'ar bh'ainm Fearchar, agus mar sin ní raibhe Fearghus mac Fearchair 'na rígh Alban, amhail adeir Hector Boetius: agus má do bhí gur thoil le Muircheartach mór a dhearbhráthair Fearghus mac Earca do bheith 'na rígh Alban, maiseadh, is é ainm gairthear do Mhuircheartach féin i n-annálaibh Éireann ‘Rex Scotorum’, d'á chur i gcéill go raibhe árdchor aige ar na Scotaibh i n-Éirinn agus i n-Albain; agus ní hinmheasta an tí do bhí i sna cúmhachtaibh seo do bheith fá chíoscháin ag an rígh Artúr. Agus fós adeir Spíd 'na chroinic nach cíoscháin do bhí ag an rígh Artúr ar rígh Éireann acht comhar cáirdeasa cogaidh, ionnus cibé haca ar a mbiadh leathtrom námhad, go raibhe d'fhiachaibh ar an dara fear congnamh sluagh do thabhairt do'n tí díobh ar a mbiadh leathtrom: agus is é ainm ghaireas Spíd do'n chongnamh so dligheadh cáirdeasa cogaidh, {Jus belli socialis}’’

amhail atá idir rí na Spáinne agus an t-Impir: óir cuiridh gach aon díobh congnamh re linn a riachtanais gus an tí eile, agus ní hiontuigthe as sin go bhfuil cíoscháin ag rígh na Spáinne ar an Impir, nó ag an Impir ar rígh na Spáinne. Mar an gceudna, má tharla

p.16

comhmbáidh cogaidh idir an rí Artúr agus Muircheartach mac Earca rí Éireann ionnus go gcleachtaoi leó a chéile d'fhortacht re linn leathtroim do bheith ar cheachtar díobh, ní hiontuighte as sin cíoscháin do bheith ag ceachtar díobh ar a chéile. Is móide is iontuigthe fírinne an neith seo an nídh adeir Nubrigiensis i san seiseadh caibidil fichead do'n dara leabhar d'á stáir, mar a labhrann ar Éirinn: níor luidh Éire riamh fá chumhachtaibh coigcríche. {Hibernia nunquam subiacuit externae ditoni.}’’

Tig fós Cambrens féin leis an nídh seo, i san seiseadh caibidil fichead, mar a n-abair: do bhí Éire saor ó thús ó iomruagadh an uile chinidh coigcríche. {Hibernia ab initio ab omni alienarum gentium incursu libera permansit.}’’

Ar na briathraibh seo is follus nach raibhe árdchor ag Artúr, nó ag árdfhlaith eile coigcríche ó thús riamh ar Éirinn go gabháltas Gall: agus fós ní hinmheasta go raibhe cor ag Breatainibh ar Éirinn, mar nach fuaradar Rómhánaigh ionnta féin lámh do chur innte, agus ní headh amháin gan cor do bheith ag Rómhánchaibh nó ag eachtrannaibh eile uirre, acht is í Éire fá cúl dídin do na críochaibh eile re n-a gcaomhnadh ar fhoirneart [na] Rómhánach agus eachtrann [eile].

Ag so mar thig Camden leis so 'san leabhar d'á ngairthear Britannia Camden i, mar a n-abair; Ar mbeith do Rómhánchaibh ag foir-leathnughadh a bhflaithis, tangadar gan amhras an iomad ó'n Spáinn, ó'n bh-Frainc, agus ó'n m-Breatain annso (ag labhairt ar Éirinn), do réidheachadh a muineul féin ó chuing ró-urchóidigh na Rómhánach. {Cum suum Romani imperium undique propagassent, multi, procul dubio, ex Hispania, Gallia, et Britannia hic se receperunt, ut iniquuissimo Romanorum iugo, colla subducerunt.}’’

As so is iontuigthe nach eadh amháin gan Rómhánaigh do theacht i n-Éirinn, acht fós gurab innte do cumhduighthí lucht na

p.18

gcríoch eile ó Rómhánchaibh. Ag so fós mar adeir an Camden ceudna, ag breugnughadh na droinge adeir, do réir baramhla, go raibhe cor ag Rómhánchaibh ar Éirinn:— Is ar éigin do chreidfinn i'm intinn go raibhe Éire riamh fá chumhacht na Rómhánach. {Ego animum vix inducere possum ut hanc regionem in Romanorum potestatem ullo tempore concessione credam.}’’

Adeir Cambrens i san naomhadh caibidil, go dtugdaois na fir i n-Éirinn na mná do bhíodh pósta ag a ndearbhráithribh i ndiaidh báis na ndearbhráithreadh soin: agus adeir nach díoltaoi an deachmhaidh i n-Éirinn, agus nach bíodh cion ar phósadh innte, go teacht an cháirdionáil Johannes Papiron; gidheadh, ní fíor dhó so, amhail chruthócham i gcorp na stáire, agus mar bhus follus as an díonbhrollach so féin go grod i n-ár ndiaidh. Adeir i san seachtmhadh caibidil, mar a dtráchtann ar iongantaibh na h-Éireann go bhfuil tobar 'san Múmhain, do-ghní duine liath do láthair an tan fhoilceas a fholt nó a fhionnfadh as, agus, mar an gceudna, go bhfuil tobar i n-Ultaibh do-ghní toirmeasg na léithe. Gidheadh, ní fhuilid samhail na dtobar so i n-Éirinn anois, agus ní shaoilim go raibhe i n-aimsir Chambrens, acht na hiongantais seo do chur síos mar dhathughadh ar a bhreugaibh.

Adeir Cambrens i san dara caibidil fichead, an tan bhíd daoine uaisle i n-Éirinn ag tabhairt daingin d'á chéile, do láthair easpoig, go bpógaid an tráth soin taise naoimh, agus go n-íbhid fuil a chéile, agus ann sin go mbíd ullamh re déanamh feille ar a chéile. Mo fhreagradh air ann so, nach fuil laoidh ná litir, seanchuis náid sein-scríbhne iris náid annálaigh ag teacht leis ar an mbréig seo: agus fós is follus go raibhe d'fhiachaibh ar na seanchadhaibh gan a shamhail seo do dhroch-nós do cheilt, agus fós a chur i gcairt


p.20

i bpéin a n-ollamhantachta do chaill, dá mbíodh sé ar gnáthughadh i n-Éirinn. Uime sin is follus gur breug do rinne Cambrens ann so. Adeir Cambrens, i san deachmhadh caibidil, gurab cineadh neimhfhial Gaedhil; ag so mar adeir: Cineadh, iomorro, neimhfhial an cineadh so, (arsé) {Est autem gens haec, gens inhospita.}’’

Gidheadh, ní beag liom Stanihurst i n-a stáir ag freagradh dhó i san nídh seo, ag labhairt ar eineach na n-Éireannach; ag so mar adeir: Go deimhin (ar sé), is daoine róifhiala iad, agus ní fhuil céim is mó i n-a b'fhéidir leat a mbuidheachas do thuilleamh ioná d'aithidhe do dhéanamh dod' dheoin agus dod' thoil d'á dtighthibh. {Sunt sane homines hospitalissimi, neque illis ulla in re magis gratificari potes, quam vel sponte ac voluntate eorum domos frequentare.}’’

As so is iontuigthe gurab daoine fiala fír-einigh fá bhiadh iad, gan cead do Chambrens. Adeir Cambrens mar a scríobhann ar Éirinn, gurab í bean rígh Mídhe do chuaidh ar eulódh le Diarmuid na n-Gall; gidheadh ní fíor dhó sin, acht fá hí bean Thighearnáin Uí Ruairc rí Breithfne í, agus fá hí inghean Mhurchadha mic Fhloinn mic Mhaoilseachlainn rí Mídhe í, agus Dearbhfhorgaill fá hainm di. Adeir fós gurab a Sliabh Bládhma fhásas Siuir agus Feoir agus Bearbha, gidheadh ní fíor dhó sin; óir is follus gurab a heudan Shléibhe Bládhma do'n leith thoir fhásas an Bhearbha, agus gurab a heudan Shléibhe Aildiuin ris a ráidhtear Sliabh an Bhearnáin i n-Uibh-Cairin fhásas Siuir agus Feoir.

Adeir arís i san gcúigeadh caibidil fichead do'n leabhar tuarasgbhála tug ar Éirinn, gurab amhlaidh do-ghníthí rí


p.22

Chinéil g-Conaill, eadhon Ua Domhnaill, cruinniughadh do chur ar lucht a thíre ar chnoc árd i n-a dhúthaigh, láir bhán do mharbhadh, a cur d'á bruith i gcoire mhór ar lár an mhachaire, agus iar n-a bruith, a bheith ag ól a hanbhruith amhail ghadhar nó choin le n-a bheul, agus bheith ag ithe na feola as a lámhaibh gan sgín gan arm d'á gearradh aige, agus go roinneadh an chuid eile do'n fheoil ar an gcomhdháil, agus go bhfothruigeadh é féin as an anbhruith. Is follus gur breugach an nídh seo adeir Cambrens, do réir seanchusa na h-Éireann; óir is amhlaidh fhoillsigheas gurab amhlaidh do gairthí Ua Domhnaill, i maille re suidhe dhó i measg uasal agus oireachta a chríche féin, agus taoiseach d'uaislibh a chríche féin do sheasamh i n-a fhiadhnaise, go slait ndírigh mb in i n-a láimh, agus an tan do dháileadh do rígh Chinéil g-Conaill í, is eadh adeireadh ris, ceannas a chríche féin do ghabháil, ceart agus comhthrom do chongbháil idir gach dá roinn d'á dhúthaigh; agus gurab uime do horduigheadh an tslat do bheith díreach bán, d'á chur i gcuimhne dhó, gurab eadh do dhlighfeadh bheith díreach i n-a bhreitheamhas, agus glan ionnraic i n-a ghníomhaibh. Is iongnadh liom Cambrens do luadh na bréige seo, agus measaim gurab le meabhail do chuir síos i n-a chroinic í. Óir is follus gur dhaoine cráibhtheacha caondúthrachtacha iad ó aimsir go haimsir, agus gur thréigeadar mórán díobh an saoghal, agus gur chríochnuighsead a mbeathaidh go rathmhar riaghalta, agus fós go dtáinig iomad do naomhaibh díobh, mar atá Columcille, Baoithín, agus Adhamnán, agus móran eile [do naomhaibh nach luaidhfeam ann so]. Ní hinchreidthe fós go dtiubhradaois uaisle Éireann fulang do rígh Chinéil g-Conaill an nós barbardha úd luaidheas Cambrens do bheith ar aithidhe aige;

p.24

agus an Creideamh Catoileaca ar marthain aca, ó aimsir Phádraig go gabháltas Gall: agus d'á réir sin, measaim gurab breug mheabhlach gan barántas do rinne Cambrens is ann so.