Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

Section 2

II.

Atáid cuid do na sean-úghdaraibh chuireas neithe breugacha i leith na n-Éireannach; mar adeir Strabo, 'san g-ceathramhadh leabhar, gurab lucht feola daoine d'ithe na h-Éireannaigh. Mo fhreagradh ar Strabo, gurab breug dó a rádh gurab lucht feola daoine d'ithe na h-Éireannaigh; óir ní léaghtar i san Seanchus go raibhe neach i n-Éirinn riamh ler' cleachtadh feoil daoine d'ithe, acht Eithne Úathach inghean Chriomhthainn mic Eanna ChinnsiolaighLaighean, do bhí ar daltachas ag Déisibh Múmhan: agus do hoileadh riu ar fheoil naoidhean í, i ndóigh go mbadh luathaide do bhiadh ionnuachair é. Óir do tairrngireadh dhóibh féin fearann d'fhaghbháil ó'n bhfear le mbiadh sí pósda; agus is le


p.10

h-Aonghus mac Nadfraoich rí Múmhan do pósadh í, amhail adéaram d'á éir so i gcorp na stáire. Tuig, a léaghthóir, mar nach sochtaid na seanchadha an nídh déistineach so, do budh masla d'inghin rígh Laighean agus do mhnaoi rígh Múmhan, nach ceilfidísgan a nochtadh ar dhaoinibh budh lúgha ioná iad sin é, dá madh nós [do bhiadh] ar aithidhe i n-Éirinn é: mar sin gurab breugach do Strabo a rádh gurab nós d'Éireannchaibh feoil daoine d'ithe, agus nach déarnadh riamh an nós so aca acht leis an inghin reamhráidhte, agus sin féin re linn na págántachta. Mo fhreagradh fós ar San Ieróm, luaidheas an nídh ceudna so, ag scríobhadh i n-aghaidh Iobhinian, go bhfeudfadh ainteastach breug do reic ris, agus mar sin ná'r dhligh sí dul í bhfiachaibh ar Éireannchaibh.

Adeir Solinus, 'san aonmhadh caibidil fichead nach fuilid beich i n-Éirinn; agus adeir gurab do dhéis chlaidhimh fromhthar an chéid-mhír le gein mic i n-Éirinn. Adeir fós go ndéin an t-Éireannach a dhealbh d'ionnlat a fuil a námhad an tan marbhthar leis é. Is follus as an seanchus bhias i san stáir gach nídh dhíobh so do bheith breugach. Adeir Pomponius Mela i san treas leabhar ag labhairt ar Éireannchaibh na briathra so: drong ainbhfiosach i sna huile subhailcibh {Omnium virtutum ignari}’’

: agus mar sin do mhórán do shean-úghdaraibh eile coigcríche do scríobh go meardhána mítheasta ar Éirinn, ar bhréig-sgeulaibh ainteastach d'á ná'r chóir creideamhain 'na shamhail so do nídh: agus is uime sin adeir Camden, ag cur teastais na muinntire seo síos ar Éirinn, na briathra so: Ní fhuil, (ar sé), fiadhnaise inchreidte ar

p.12

na neithibh seo againn. {Horum quae commemoramus, dignos fide testes non habemus.}’’

Is follus gurab breug a rádh nach rabhadar beich i n-Éirinn, do réir an Chamden cheudna, mar a n-abair ag labhairt ar Éirinn: Atá an oiread soin do bheachaibh innte, nach eadh amháin i mbeachlannaibh nó i gcorcógaibh, acht i gceapaibh crann agus i gcuasaibh talmhan dogheibhthear iad. {Apum est tanta multitudo, ut non solum in alveariis sed etiam in arborum truncis et terrae cavernis reperiantur.}’’