Corpus of Electronic Texts Edition
Foras Feasa ar Éirinn (Book I-II) (Author: Geoffrey Keating)

p.2

An Díonbhrollach. Ón úghdar gus an léaghthóir.

Section 1

I.

Cibé duine 'san mbioth chuireas roimhe Seanchus nó Sinnseardhacht críche ar bioth do leanmhain nó do lorgaireacht, is eadh dhligheas cinneadh ar an slíghe is soiléire nochtas fírinne stáide na críche, agus dáil na foirne áitigheas í, do chur go soléir síos: agus do bhrígh gur ghabhas rém' ais Foras Feasa ar Éirinn d'fhaisnéis, do mheasas ar dtús cuid d'á leathtrom agus d'á heugcómlann d'eugnach; agus go háirithe an t-eugcomhthrom atá ag a dhéanamh ar a háitigtheoiribh, mar atáid na Sean-Ghaill atá 'na seilbh tuilleadh agus ceithre chéad bliadhan ó ghabháltas Gall i leith, mar aon re Gaedhealaibh atá 'na seilbh (beagnach), re trí mhíle bliadhan. Óir ní fhuil stáraidhe ó shoin i leith d'á scríobhann uirre nach ag iarraidh lochta agus toibhéime do thabhairt do Shean-Ghallaibh agus do Ghaedealaibh bhíd.

Bíodh a fhiadhnaise sin ar an dteist do-bheir Cambrens,


p.4

Spenser, Stanihurst, Hanmer, Camden, Barclaí, Morison, Davis, Campion, agus gach Nua-Ghall eile d'á scríobhann uirre ó shoin amach, ionnus gur b'é nós, beagnach, an phroimpiolláin do-ghníd, ag scríobhadh ar Éireannchaibh. Is eadh, iomorro, is nós do'n phroimpiollán, an tan thógbhas a cheann i san samhradh, bheith ar foluamhain ag imtheacht, agus gan cromadh ar mhion-scoith d'á mbí 'san machaire, nó ar bhláth d'á mbí i lubhghort, gémadh rós nó líle uile iad, acht bheith ar fuaidreadh go dteagmhann bualtrach bó nó otrach capaill ris, go dtéid d'á unfairt féin ionnta. Mar sin do'n droing thuas; ní cromadh ar shubhailcibh nó ar shoibheusaibh na n-uasal do Shean-Ghallaibh agus do Ghaedhealaibh do bhí ag áitiughadh Éireann re n-a linn do rinneadar, mar atá scríobhadh ar a gcródhacht agus ar a gcrábhadh, ar ar' thógbhadar do mhainistreachaibh, agus ar a dtugadar d'fhearann agus d'fhódaibh re haltóir dhóibh; ar ar' bhronnadar do thearmannaibh d'ollamhnaibh Éireann agus ar gach cádhas d'á dtugsad do phearsannaibh agus do phreuláidibh eaglaise: ar gach comhall síotha d'á dtugdaois d'á n-ollamhnaibh, agus ar gach cothughadh d'á n-ollamhnaib, agus ar gach cothughadh d'á dtugdaois do bhochtaibh agus do dhílleachtaibh; ar gach bronntanas d'a dtugdaois d'éigsíbh agus do lucht iarratais, agus ar mhéid a n-einigh d'aoidheadhaibh, ionnus nach féadtar go fírinneach a rádh go raibhe lucht a s ruighthe i bhféile nó i n-eineach 'san Eoraip riamh do réir a gcumais féin i gcomhaimsir dhóibh. Bíodh a fhiadhnaise sin ar gach gairm scoile d'á dtugadar uatha (nós ná'r chlos ag aon droing eile 'san Eoraip), ionnus go raibhe an oiread soin d'éigean féile agus einigh i Sean-Ghallaibh agus i n-Gaedhealaibh Éireann ná'r lór leo nídh do thabhairt do gach aon d'á dtiocfadh d'iarraidh neith orra,

p.6

gan cuireadh coitcheann do thabhairt dóibh d'á dtoghairm re bronnadh seod agus maoine dhóibh. Gidheadh, ní haoin-nídh dhíobh so lorgairthear le croinicibh Nua-Ghall na haimsire seo, acht is eadh do-ghníd cromadh ar bheusaibh fodhaoine agus cailleach mbeag n-uiríseal, ar dtabhairt maith-ghníomh na n-uasal i ndearmad: agus an méid bheanas ris na Sean-Ghaedhealaibh do bhí ag áitiughadh an oiléin seo ria ngabháltas na Sean-Ghall, feuchtar an raibhe dream 'san Eoraip budh chródha ioná iad, re cathughadh re Rómhánchaibh fá iomchosnamh na Rómhánchaibhh-Alban: óir tugsad fo-deara ar Bhreatainibh cloidhe do dhéanamh idir Bhreatain agus Albain, do chaomhnadh na Breatan ar iomruagadh na n-Gaedheal; agus tar cheann go mbídís dá mhíle deug agus dá fhichid míle do shluagh Rómhánach, agus dá chéad ar marcuigheacht ag cornamh an chloidhe, agus trí mhíle fichead mar aon riu coislighthe, agus trí chéad deug marcach ag cosnamh crioslaigh agus cuan na críche (ar fhoirneart na Scot agus na b-Pict); thairis sin do lingdís Gaedhil tar an gcloidhe, agus do hairgthí an chríoch leó d'aimhdheoin na mór-shluagh soin, do réir Samuel Daniel 'na chroinic. Adeir fór Cormac mac Chuileann in i n-a Shaltair go dtáinig d'fhoirneart Gaedheal agus Cruithneach, ré' ráidhtear Picti, ar Bhreatain, go ndearnadar Breathnaigh feall trí huaire ar uachtar naibh na Rómhánach do bhí ós a gcionn, mar cheannach ar bheith do shíoth re Gaedhealaibh agus re Cruithneachaibh. Tuig fós an cumhgach i n-ar chuirsead Gaedhil Breathnaigh re linn Vortigern do bheith 'na rígh orra, d'á dtáinig é do thabhairt buannachta do Hengist go n-a shluagh Gearmáineach, amhail léaghtar ag

p.8

Monomotensis. Léaghtar ag Samuel Daniel go rabhadar ceithre dún-phoirt deug ag Rómhánchaibh re hucht na Scot agus na bPict, agus go rabhadar na Scuit agus na Pict ag combuaidhreadh na Breatan, d'aimhdheoin na Rómhánach ó aimsir Juil Caesair go haimsir an treas Valentinian Impir, frí ré cúig céad bliadhan; agus is eadh fá haois do'n Tighearna an tan do thréigsead Rómhánaigh ceannas na Breatan seacht mbliadhna ceathrachad ar cheithre chéad, agus is do'n leith istigh do'n aimsir sin do fhás easaonta idir Teodosius agus Maximus, go dtáinig de sin go rug Maximus foireann mhór do lucht na Breataine leis go h-Armorica na Fraince, ré' ráidhtear an Bhreatain bheag, agus iar ndíbirt na foirne do bhí rompa 'san tir tug ar an bhfoirinn do chuaidh leis an chríoch d'áitiughadh, go bhfuil drong d'á sliocht indiu innte.