Corpus of Electronic Texts Edition
Wie die zwölf Söhne Cennétigs ihren Tod fanden (Author: [unknown])
p.119
1
Wie die zwölf Söhne Cennétigs ihren Tod fanden. (Aus dem Buche von Lecan, fo. 220b und 23 E 26, 244i.)
Mac Líag .cc.
- Dá mac déc Cheinnéidig cháid
meic Lorcáin meic Lachtna láin,
indésad dáib madh áil libh
amhail fúaradar oidhidh.
- Dubh ocus Fionn, clú cen acht,
torchradar le h-Eoganacht,
Echthigern is Donnchúan cain
torchradar le Goisgenaibh.
- Lachtna mac Cennéidigh chain
ba rí tenn ar Túathmumain,
ro marbsat h-Úi Floinn i fill
is h-Úi Chernaig cen choicill.
- Mathgamain, cían bus chumain,
ar n-gabáil gíall for Mumain,
ní ráinic acht ó Thaidc thair
ar Úib Echach Chuirc Caisil.
p.120
- Brían mac Cennéidig na cned,
ardrí Gall ocus Gáedel,
fer sochair soim in cach than,
adrochair le druing n-Danar.
- Aed mac Cennéidig na cned
slúag Connacht, leó do letrad,
Domnall, Cléirchén, Anlúan ard
fa marb do galar glégarg.
- Marcán díada, Día ro char,
fa chend ar cléirchib Muman,
ar forbad damliac co lí
ad-bath iar m-búaid n-aithrigi.
- Acsin a n-oidid éicin
chloinde cróda Cennéidig,
sochaide ro chuir a n-éc,
robo maith an dá mac déc.