Corpus of Electronic Texts Edition
Der Tribut des Königs von Ess Rúaid (Author: [unknown])
p.115
- Atá sunn senchus nách súaill
do rígh Eassa ro ghloin Rúaidh,
gach ní dlighes, ní dúaithnid,
is sires ó phríomhthúathaib.
p.116
- Dá dabaigh décc do lionn maith,
a thrí urdáil do deghbraith,
cét muc, cét mart arna mhes,
céd brat, céd matal móirdhes.
- Trí céd bairghen co ma trí,
cíos Cairpri sin don airdrí
gacha bliadhna, líth gan locht,
'sa adhlacadh coa ardport.
- Dartraighe ocus Túath Rátha,
Fir Luircc co n-ilur fátha,
do rígh Erne, rúathar nglé,
bíadh úathaib gacha ráithe.
- Cenél Luighdhech, ní dlecht díbh
acht comaitecht re hairdrígh,
a tríath chuca ar cúairt ar sin
gan bíadh d'iodhlacadh úaithibh.
- As edh fodera dóib sin
gan bíadh d'iodhlacadh úaithibh,
a líonmaire thúaid ga toigh
is burba an t-slúaigh ó Thoraigh.
- Atád trí túatha 'na tír,
cíos nó cáin ní dlegar dhíbh,
clann Murchada an lámaigh luinn,
clann Dálaigh is clann Domhnaill.
- As uime nach dlegait soin
cíos nó cáin do rígh úathaibh,
dáibh as dúthaig an ríghe,
ní chráidh cách a coimhdíne.
- Anúair nách leis Temair tend
ocus airdríghe n-Érenn,
do rígh Eassa Rúaidh ní dlecht
cíos ná cáin ná comhuidecht.
- Ge deach rí Conaill a c-céin
ar slúaiged rí Temhra tréin,
ní héiccen beires ó thoigh
acht do thuillemh túarastoil.
- Dá t-tegmadh a c-cath cend i c-cend
slúagh Conaill is rí Érenn,
cecha marbthar díobh 'sa c-cath
dlighid a íoc rí Temrach.
- Ní dlegait lón leo for sét
laochradh Conaill na c-cóemhcéd,
acht an c-céin rabhaitt amuigh
rí Érenn da b-friotháilimh.
- Ge mór doníad for conair
ní dlecht a accra oruibh,
túarustal rí cúiccid crúaidh
dligid rí Essa ríoghrúaidh.
- Túarustal trí n-uirrigh n-oll
da gach uirrigh a Conall
re taobh a thecht slán da thoigh
gan dál, gan agra orthoibh.
- Is túarustal uirrigh díobh
gacha tóisigh tre bioth síor,
túarustal tóisigh amuigh
da gach énbrucchaid úathaibh.
- Adhbair asa n-dleghait soin
clanna Conaill Gulbain gloin,
do chinn t-slóighidh nách dlecht díobh
is ar cródhacht a c-caithgníomh.
- Pátraicc dofáccaibh dóibh soin,
úadh do sgríobadh i l-leabraib,
gach ní dleghait línibh lá
Críst da choimét mar atá. Atá.