Corpus of Electronic Texts Edition
Nekrolog auf Art Buidhe mac Domhnaill Riabhaigh (Author: Unknown)

p.111

Calainn enair for dardáin anno Domini milesimo .ccccc. XVII.1 Macc Murchada ríg Laigen do écc im féil Catrach fíona2 isin bliadain si .i. Artt Buide m. Domnuill Riabaig m. Gerailt m. Airt m. Airt m. Murcheartaig m. Muiris m. Muircheartaig m. Domnaill m. Domnaill Chæmánaig m. Diarmata na nGall .i. Art Áinfer h-Érenn tar éis Airt m. Cuinn Chétchathaig, in t-áenmacc ríg is fearr táruill úir Érenn riam, is mó do rinne d'úaisli & d'ágh & d'orbert, {folio 3b} is mó fuair & tuc amach, intí nár ér óenduine riam fa athchuingid étualuing, in fer do lomairg Gaill Érenn uile ar crechad ocus ar madmannaib & in fer nár chotail én oidchi ríam gan maithes Gall da innluccud da dúintib ar a oman féin. Acht atá ní cena: noco rímter renna nime, noco n-dech comla fri haieór & noco n-áirmither míla in mara, ní hairémthar trian a maithiusa & a gnímrad. Acht ma tecmadh secht tengtha filed i cinn áenduine {folio 4a} ocus secht sírlabartha súadh in gach tengaidh díb, nó aingil nime dia n-aisnés, do beth ní dia chomrumuib gan turim asa haithli. Fir Érenn uili immorro ic comcáined in éca sin iter eclais & tuaith & aos gacho dána olchena. Is derb dono ní biaidh ith i n-úir & ní bia blicht ac búar ná íasc a n-inberuib ná lamhnad for cóir i Láighnib don bás hísin. A éc a múr na m-bráthar {folio 4b} Minabur a n-Inis Coirthaig. Et sepultus est isin mainistir cétna i n-otharlighe a athar fo dítin Dé & sin Frónséis iar m-breth búada ó doman & ó deman a h-aithli sechtmogat bliadan do forba .i. sé bliadna a lánrighe Laigen gan fresabra co m-bloidh do blíadain, & in cuid aile fri degmacacht rígh co sainemail ocus a derbráthair do rígad ina inat .i. Geralt Caemánach.