Corpus of Electronic Texts Edition
Congal Cinnmagair (Author: [unknown])
p.108
- Congal Cinnmaghair maith rí,
blíadain, dá blíadhain fo trí
d'Éirinn gan coccadh, gan cath,
fa rí sona sechtbliadhnach.
- As uime do tréig Temhraigh
ar Chendmaghair móirmhenmnaigh,
cíos is cáin Érenn re hedh
i t-tír Conaill co caithfedh.
- Braighde Éirenn co ua seacht
gabhais tre ríghe is tre neart,
secht rígh acht co n-dernta de
ar Inis Fáil férúaine.
- Co m-beth áiremh secht rígh n-décc
ar clannaibh Conaill na c-céd,
ós ríograidh Érenn uile
ga c-cor sa réim ríoghraidhe.
- Locht fíre ní raibhe ríamh
ar úa Conaill na c-caoimhgíall,
acht éd tre mergrádh a mná
do bí i mac Fergusa.
p.109
- Dá n-deachaid Congal a c-céin
'sa domhan soir ar sliocht Néill,
do ghébhadh ar ghabhsat soin,
Níall is Dathí co c-cathgoil.
- Lacht ocus íascc, mil is mes
in cech tír thúaith ocus tes,
tuc gach tír a thoradh trom
mar do bái ag Corbmac nó ag Conn.Congal.