Corpus of Electronic Texts Edition
Prophezeiung Sétna's (Author: [unknown])
(Finnchú)
- {MS folio 121a}Apair rim, a Sétna,
scéla deiridh betha:
cinnus bías an líne
nách lorg fíre a m-bretha?
- Cinnus bías an popal
'ga m-bía cocar mebhla?
Ní racha díbh ænnech
andsa rígthech nemda.
(Sétna)
- Adeirim-si rit-sa
a chléirigh cháidh chunnla,
ní téit ar nem níamda
acht fer díada is umla.
- Adeirim-si rit-sa
cach rí tic is tír si,
cach réim tic ar Érinn,
ní hé grind do-chím-si.
- Lenfaid fallsacht bunaid
breithemain andligid1,
etir mac is athair
rachait síat da sligid2.
- Lenfaid cléirigh næmchell
adhaltras is écáir,
ní fághat dá taradh
ní asa fághat étáil.
- Tréicfit na mná a mbandacht
ar céilibh gan pósadh,
do-génait gan chagar
ní basgfas a nóssa.
p.32
- Tréigfidh talamh toradh
don réim sin aderim,
budh fás cach lis lomlán,
budh hé in comhrád neimmbind.
- Ticfat plágha troma
ar síl Ádhaim uili,
rachdait
[...]
a n-anréim
tré aimseir Mic Muiri.
- Scrisfuighther a Caisel
clann Carrthaig, clann Eogain,
co ná bía 'na falaid
acht Danair is deóraidh.
- Teilcfidhther síl sær Bríain
tar an Sinainn sribhglain,
do-cím mar a fuilim
a tuitim 'na cinntaibh.
(Finnchú)
- Cía scrisfus in líne
atá 'san tír ibraigh?
abair rim, a Sétna,
na scéla nách inmain.
(Sétna)
- A ticfa 'na n-inadh
do-gébhthar a fiss agam,
a Finnchú Brí Gobhann,
in slúagh rothrom echtrann.
- Ticfa cobhlach Saxan
a crislach cúain Érend,
terc ré n-dingnet míne
ar áidhe a n-glérend.
- {MS folio 121 b2}Beit nói fichit blíadan
a ríghi cláir Fodla,
no gu n-dernat fingail
gan bidbaid dá fógra.
- Fellfait ar a chéile
co scáilter a flaithius,
dergfait cloidbe is túagha,
beit úada gan maithius.
- Ticfa mac ríg Saxan
cuca-san tar sáili,
scéraid sé ré ríghe
Goill in tíre itáim-ni.
- Goill is Gáidil Érenn
do-níad ænlam daingen,
a n-agaid slúag Saxan,
ní scarthar a caingen.
- Toitfid mac ríg Saxan,
a tosach na slúagh sain,
ó cumusc dá chéili
bíaid Éiri gan úamain.
- Ríghait énrí ar Érinn
Goill is Gáidil glana,
ó ríghait in fer soin,
ní bía esbaid arra.A. b.