Corpus of Electronic Texts Edition
Tréide cétna labratar iarna genemain (Author: [unknown])
{folio 126a}{BL diplomatic page 469}

p.272


14586] Cia tréde cétna-labrathar iarna genemain fó chétóir & cid ro
14587] labraiset? Ni h-annsa. mac Olloman meic Delbaíth. &
14588] Morand mac Cairpri Chind Chaitt & Noinniu Noíbrethach. Is
14589] de chétus ro labrastar Óe macc Olloman .i. Baí Fiachu mac Delbaíth
14590] h-Érend for cuairt ríg & a bráthair 'na farrad .i. Ollam mac
14591] Delbaíth. Bátar laa and ic tomailt i n-Inis Tige i n-iarthur h-Érend
14592] .i. in Fiachu & a bráthair Ollom. Leth in tige oc cechtar de. A
14593] druí dano for bélaib ind ríg .i. Fiachach. Ó ro bátar oc tomailt a
14594] fessi, do-thaet athach gaethe móre tarsin tech conos-tarat uile i socht
14595] mór mét in delma. ‘Cid for-canas ind athach?’ ar Fiachu frisin druid.
14596] ‘Iss ed for-canas’, or in druí, ‘dán ingnad do thurcbáil i nh-Érind’.
14597] ‘Cinnas dána ón?’ or in , ‘& cia ó n-genend & cia bale i n-genfe?’
14598] ‘Dán bas chom-gráid frit grád-so’, ol in druí, ‘& bid is tig-seo genfes & bid
14599] ón mnaí út tall do bráthar genfes. Is torrach & béraid mac innossa
14600] & bid com-gráid frit-so. & ticfa grád amra aile and bas úasliu, dia
14601] fo-génat for n-gráda-si .i. grád ecalsi’.


14602] Ra fírad trá anísin. Ra génair in mac fo chétóir & ro thríall
14603] in a marbad in meic, coro thairmisc a athair .i. Ollam; ar níba
14604] lia in is taig andá-side. In tan ro bás ocond imrádud imme, co
14605] cualatar in mac oca rád: ‘Dom-urcbaid súas coro acilliur in ríg’.
14606] Turgabair súas iar sin. ‘Ní dam-sa dot inchaib, a Fiachrai’, orse.
14607] ‘Cid do-bér duit?’ ar


p.273

in . ‘Ni h-andsa. Mo bruig, mo lánamain,
14608] lón-chore co n-dabaig dán-dlugæ, tucthar óm ríg mucra, escra, {folio 126b} cuach,
14609] carpat, calg, tricha bó, bró, fíann.Fiach ó Fiachna dam-sa in sin
14610] uile’, ar in mac. ‘Do-bérthar’, ar Fiachu. ‘Cia ainm regas arin mac-sa
14611] i fect-sa?’ ‘Tabar fair’, ar in druí. Conid as-sain trá ro ainmniged
14612] aí airchetail .i. ó mac Olloman. & is sí-sein ceta-érbairt mac
14613] Olloman.


14614] Morand im mac Carpri Chind Chait, is de ro labrastar sede .i.
14615] ro marbtha lasin Corpre h-ísin cech sóer-chland ro boí i nh-Érind.
14616] Ar ba di athech-thuathaib h-Érend dó. & ro gab ríge nh-Érend ar
14617] écin. & rap olc a ríge, ar ní bíd acht óen-gránne i cind cecha dési
14618] & óen-gráinne a c-cind na cuslindi & oen-dircu i m-mulluch na darach
14619] ina ré. Ructha trí meic don Chairpriu h-ísin & ro bádidís leis fo {BL diplomatic page 470} chétóir; ar ba dóig ropdís torathair, fo bíthin no bítis a cathbairr
14620] fó cennaib. In tres mac rucad dó .i. Morand, ro thriall in cétna
14621] do dénam fris .i. a bádud. Ro h-erbad dá óclach leis da chur i
14622] m-beolu na tuinne. Ó ro láiset úadib é i tuind mara, brissis in tond
14623] in cathbarr & tócbaid in tond úasa in mac, co n-accatar a gnúis
14624] for barr na tuinne. Is and as-bert-som: ‘Garg bé tond’, ar in mac.
14625] Fo-lengat chuce na ócláig & do-fócbat súas. ‘Nacham-turcbaid’, ar
14626] seseom, ‘úar bé gáeth’. ‘Cid do-génam din mac-sa?’ ar in dara fer.
14627] ‘Do-génam’, ar in fer aile, ‘fácbam é i téig ar beind chloche i n-dorus
14628] tige na cerda .i. Máen a ainm-side, cerd in ríg. & cométam in mac,
14629] dús in lessaigfe in cerd é’. Ó do-chuaid-side assa thig, co n-acca in
14630] mac isin téig & nom-beir leis isin tech. ‘Fursain caindel, a ben’, ar
14631] se, ‘co n-acther in fríthi-sea fuarusa’. Tucad cucu iar sin caindel.
14632] Conid and at-bert Morand: ‘Solus bé caindell’. Ro alt in mac la
14633] Moen iar sin for seilb féin. Ro-fetatar im na óclaíg út narbo
14634] les-seom in mac.


14635] Fecht and iarum do-lluid Carpre do ól lenna do thig Moín. In
14636] tráth rop ániu dóib oc ól, luid in mac as cach ucht i n-araile, co
14637] n-dechaid i n-ucht Chairpri. ‘Ro maínigther in gein’, ar Carpre,
14638] ‘cóich in mac-sa?’, la osnaid móir do chur.


p.274

Fo-cheird dana a máthair
14639] in meic .i. ben Charpri osnaid aile. ‘Cid i táid?’ ar Móen. ‘In format
14640] no far-geib? Cid inmain lem-sa in mac & cid mac dam, ropad ferr
14641] lem combad lib-si é ara mét far seirce lim & ara riachtain a lessa
14642] dúib’. ‘Ni tharla trá aní h-ísin dúinni’, ar Carpre. ‘Maith ém, a
14643] Chorpri’, ar in dias óclach út. ‘ropad maith a lúag neich do-bérad
14644] duit mac amlaid’. ‘Ropad maith im’, ar Carpre ‘ro béraind a
14645] chomthrom de argut dara chend & ropad trian de ór. Acht ní
14646] tarba a rád, ar is erlabra dímaín a n-do-gníd’. ‘Amal bid oca no
14647] bemmís’, ar na ócláech, ‘fo-naiscther fort-so’. Fo-naiscther fair. Ó ro
14648] naidmed fair, fo-lengat na óclaíg cuce co tucsat in mac ina ucht &
14649] coro dílsigset dó. ‘Is é in mac-sa rucsam uait dia bádud
14650] & iss ed-so da-rónsam de’. ‘Is fír uile’, ar in cerd. Is de-sin trá ro
14651] baí mac Maín fair-seom. & it é-sin teóra briathra tóesecha ro
14652] ráid Morand iarna genemain fo chétóir .i. ‘Garg bé tond. Úar bé gáeth. Solus bé caindel’.
14653] Gabais trá Morand ard-brithemnacht h-Érend iar sin. & ba
14654] marb a athair-seom .i. Cairpre. & ro faíd-seom a mac co Feradach
14655] Find Fechtnach
i crích n-Alban dia thócuriud i r-ríge nh-Érend. Ar
14656] ro theich-side ria Corpriu dar muir innund arna ro marbtha leiss. Co
14657] tánic-side fó gairm-seom & co r-ragab ardríge h-Érend. Ocus Morand
14658] i n-ard-brithemnacht h-Érend. &[gap: MS lacuna]