Corpus of Electronic Texts Edition
Sex Aetates Mundi (Author: Dublittir Ua hUathgaile)

Section 2

Débi na fírinni ebraide frisin sechtmogait tintúdach inso sís.

    1. Cétaimmser in bethad bind
      óthá Ádam co dílinn
      sé blíadna cóicat, rád n-glé,
      ar sé cétaib ar míle.
    2. Ind aimser thánaisse trán
      ó dílinn co Abarám
      a dó nochat, guth n-glúair n-grinn,
      ar dá cét m-blíadan m-bláithbind.
    3. In tress amser, fég co fír,
      óthá Abrám co Dauíd,
      a dó cethrachat cen ail
      ar nói cétaib do blíadnaib.
    4. In chethramad chubaid chóir
      ó shain co brait m-Babilóin
      trí blíadna sechtmogat sain
      ar chethri cétaib cóemaib.
    5. In chúiced ón brait bláith bil
      co gein maic Dé i m-Bethil,
      a nóe ochtmogat fil ann
      ar cóic cétaib, cáin cumang.
    6. In t-sessed ó gein Críst chóir
      co lathe brátha bágmóir,
      ní fitir nech acht Día dil
      cid bías isind aimsir sin.
    7. Int sechtmad, is gním glan glé,
      i comsíniud friu h-uile
      ó Abél, fírfíal a dath,
      cosin fírían n-dédenach.
    8. {folio 41r}
    9. Ind ochtmad ó shain imach
      is í-side in t-sírsæglach,
      innisimm, is ní bréc dam,
      ná bía crích ar a cétmad.

      Cét.

    10. Críst ar cara rochain cess,
      Críst co rala frim arddless,
      Críst ron-cuinnig ó chéin chain
      Críst ar cuinnid íar cétib.
    11. Cétaimser in bethad binn.