Corpus of Electronic Texts Edition
Egerton Annals: Mionannala (Author: Unknown)

Annal 704

704.0

704

704.1

Fógartach mac Néill ro gab arís aen-bliadain ríge n-Eirenn .i. uair ro gab arís. Ocus tánic sluag i l-Laignib ocus do-ratsat Laigin cath do .i. cath Chlaenta. Ocus ro máid fair ocus ro cuired derg-ár a muinntire im Bodbchad mac nDiarmata Ruanaid lá féile Mártain.

Issin bliadain-sin ro faemsat fir Eirenn aen-smacht ocus aen-riagail uile ó Adamnán. Uair fairenn i n-Eirinn ac aentaid re Colum Cille im chéilebrad na Cásc ar cethramain déc ésca Apriel ocus im berrad Símoin druad. Fairenn aile ac seichem Pátraic im chéilebrad na Cásc ar cethramain déc ésca Apriel ar domnach. In tres fairenn imorro ro lensat sligid eturru sin. Co ro buaidredh i n-Eirinn uile trít-sin re reimhes fata ocus co tarat Dia dígla móra for feraib Eirenn trít-sin. Co tánaic Adamnán arna innarbad a h-abdaine Ia ar n- gabáil do féin na riagla rómáinche i senab Chantabric. Uair is seichem Choluim Chille ro búi for tús aice. Béd innisis sin issin Stair Béid. Issin bliadain-sin ba marb Adamnán féin ix. kal. Dec..