Corpus of Electronic Texts Edition
Egerton Annals: Mionannala (Author: Unknown)

Annal 703

703.0

703

703.1

Inn ochtmad bliadain flatha in Loingsich remráidte do-rónad mórshluaiged leis i Connachtaib dá n-arccain ocus dá n-innriud. Ro bátar dana filid Loingsich ac aerad ríg Chonnacht .i. Chellaig mic Ragallaig. Ocus bítís cá rád nár ba chubaid do shen-ríg chriothánach mar Chellach comtócbáil nó commórtus ria ríg nEirenn. Ocus cia do-gnédh ro bud fair bud maidm.

Acht chena ní h-amlaid-sin do-rála acht a chotarsna. Uair ó 't-chonnairc in Cellach Chonnacht a thír ocus a thalam 'cá l-lot ocus cá h-arcain ro ghairm chuice in dá nDúnchad .i. Dúnchad Muirisce ocus in Dúnchad aile. Ocus ro chinn reime aice combad iat ro biad i r-ríge Chonnacht dá éise féin. Ro búi féin imorro arna fothracad ocus ar cur ola ocus luibe imda fó a rígdae. Do-rat fer do'n dís remthechtaig .i. in dá Dúnchad dá leith deis ocus fer aile dá leith chlí. Ocus ro chóraig Connachtu imme dochum in chatha. Ro ling féin iarum .i. Cellach as a charput immach co fata ocus co tric. Ocus do-chuala cách brisclech a chnám in t-senórach ac léim as a charput. Ocus ro ráid ar sin ó ghuth mór ac léim dochum na cath co máidmech: ‘a Chonnachta’ ar se ‘dítnid ocus coimétaid féin sáire uair ní sáire ocus ní beoda in cined fuil in bar n-agaid indáthái. Ocus ní mó do-rónsat do maith cus indiu.’ Ocus is amlaid ro búi 'cá ráda-sin ocus a guth for crith ocus a shúile for lasair.

Do-ratsat iarum Connachta dá n- úid sin. Ocus ro gab in criothánach sin rempaib i g-cenn ríg Eirenn. Ocus ro máidh rempu iartain ocus ro marbad Loingsech Eirenn ann ocus derg-ár a muintire imbe. Ocus a trí mic ocus dá mac Colgan.


p.409

ocus Dub Díberg mac Dúnghaile ocus Eochaid Lemna ocus Fergus Forcraith ocus Conall Gabra. i quart íd iuil sexta hora diei sabbati ro cuiredh in cath-sa .i. cath Chorainn. Is triasna rannaib-se imorro ro cuired in cath. Conall menn cecinit:-
    1. Rom-ba-sa adaig i g-Corann
      ba-sa uacht ba-sa omann:
      manbad dagh-óca lasmbá
      i Corann mac n-Dúnchadá
    2. Dia tí Loingsech do'n Bhanna
      cona tríochait cét imme:
      giallfaidh cid lebar a biach
      Cellach liath Locha Cimme
    3. Tescaid Cellach ceirtle cruinn
      cró trí rinne
      Bodb moslinge
      la ríg láim-derg Locha Cimme.
    4. Ba uilg thuilg ón ba uilg thuilg
      matan romba oc Glais Chuilg:
      beo-sa Longsech ann do chailg
      airdríg Eirenn imme chuird.

{folio 64b}

703.1

Ro-chuaid iar sin Cellach mac Ragallaig in n-aithrige do eclais ocus ro fácaib in dá Dúnchad issin ríge Ba marb i g-ciunn dá bliadain iartain in Cellach.