Corpus of Electronic Texts Edition
Egerton Annals: Mionannala (Author: Unknown)

Annal 702

702.0

702

702.1

Isin bliadain ba nesam .i. i sechtmad bliadain flatha Irgalaig ro marbad in t-Irgalach- sin. Ocus ro choinfec in adaig


p.408

riana marbad amail ro marbad. Tánaic iarum in tIrgalach in lá ar faicsin ind aislingthe-sin ar charraic áird immach. At- chuala in guth árd .i. fó na ferannaib comfhoicse dáib ar sé ocus dóighid {folio 64}ocus loiscid ocus airgid iat. At-chonnairc as a aithle-sin na sluaig ocus na sochaide oc innred in ferainn. ocus tánaic-sium co h-áird i n-áird ocus Inis Mac Nesain. Ocus issind uair-sin do-rála coblach Bretnach do chur i purt ann ocus anfadh lánmór dóib. Ro chonnaic dana mílid Bretnach díob-sin aislinge ind adaig reime .i. trét do thorcaib do chrithugud imme ocus in torc ba móam ann do marbad dó d' aenbuille saighte. Ocus iss ed ón ro fíorad. Uair ba h-é Irgalach in torc mór sin ocus ba h-iat a sluag pecach mallachtach-som in trét. Ó'n milid-sin imorro ro marbad-som Irgalach ind uair-sin d'aen- buille saigte.