702
I sechtmad bliadain flatha Loingsich do-rála itir Irgalach
Tánaic iarum Irgalach d' innsaigid in chléirig-sin ocus indar leis ba h-é Adamnán búi ann. Ro fiarfaig de: crét do-génu innocht a chléirig ar Irgalach. Fledugud ocus cotlad ar in cléirech. Do-róine dana Irgalach fledugud ocus cotlad ind adaig-sin. Do-róine dana Adamnán troscad ocus frithaire ocus beith issin abainn co matain.
In tan imorro ro búi Irgalach ina chotlud iss ed at-chonnairc Adamnán do beith conice a brághait issinn uisce. Ocus ro bídg co mór tríd-sin intí Irgalach as a chotlud ocus ro innis dá mnái. In bhen imorro ba h-umal inísil í do'n Choimdid ocus do Adamnán uair ba torrach í ocus ba h- ecal lé a cland do lot tria escaine Adamnáin. Ocus ro bíodh co meinic ac guide Adamnáin cen a cland d' escaine. Ro éirig Irgalach iarum mochtráth arna márach ocus do-rála Adamnán ina agaid ocus iss ed ro ráid Adamnán fris: A mic mallachtnaig ar sé ocus a dhuine as cródham ocus as mesam do-rigne Dia. Bíodh a fhios acut conid gairit corot-scérthar ri flaithes ocus raga dochum n-ifirn. Ó 't-chuala ben Irgalaig sin tánaic ar amus Adamnáin ocus ro luig fó a chosaib ocus ad-rubairt: Ná h-escain dam-sa in gen fil im broinn. Iss ed ro ráid Adamnán: Bad rí co deimin ar sé in gen fil it brú. Ocus bad briste a lethsúil innosa tria escaine a athar. Ocus is amlaid-sin do-rála. Rucad in mac fó chétóir ocus is amlaid ro búi ocus sé leth- chaech.