Corpus of Electronic Texts Edition
Egerton Annals: Mionannala (Author: Unknown)

Annal 675

675.0

675

675.2

Do-ratad cath co cróda iarum itir Fhinnachta ocus Chenn Faelad. Ocus ro marbad Cenn Faelad ann ocus sochaide immaille fris. Ro gab iarum Finnachta airdríge n-Eirenn ra ré fichet m-bliadan.

Is é in Finnachta ro maith in borama do Mo l-Ling arna tobach la cethrachait ríg reme-sium anall .i. ó Thuathal Techtmar co Finnachta. Tánaic iarum Mo l- Ling ó Laignib uile do iarraid maithme na boraime ri lá ocus adaig. Ocus andar lá Finnachta ba h-aen-lá ocus aen-adaig. Ocus ní ba h-edh ac Mo l-Ling acht tria bithu. Do-rat iarum Finnachta in cáirde-sin imorro. Táinic Mo lLing reime immach ocus iss ed ro ráid: ‘Tucais cáirde impi tria bithu’. Ro thuic dana Finnachta corro mell Mo l-Ling é. Ocus at-rubairt fria muintir: ‘Éirgid co l-luath i n-degaid in duine náim ocus abraid fris ná tucas-sa cáirde acht aen-lá co n-aidche do’. ‘Uair dar lem’ ar sé ‘Ro mell in duine naem mé. Ár ní fuil achtmad lá ocus adaig isin m-bith uile’. Ó ro fitir Mo l-Ling imorro co ticfaidthea ina degaid ro reth co tric tinnesnach co ránaic a tech ocus ní rucsat itir muinter in ríg fair. At-berat araile co ruc Mo l-Ling duan lais do'n ríg. Ocus is fíor sin imorro conid í so in duan .i.{folio 62}

    1. Finnachta for Úib Néill
      amail gréin i tracht:
      is é in barc uas tuinn
      is é in tonn uas tracht
    2. Is é in cath for tír
      ar ná lámat ríg a n- gres:
      is é Temra catiath
      is é in triath dá tic a l-les
    3. Is é in tuile glonn fri gail
      is é in tonn immaig 's immach:
      is é rí na Temrach tuaid
      is é in t-iarn cruaid résin cath
    4. Is é cride cerna Chuinn
      bile Temra tinn a tinn:
      is é in Finnachta nach fann
      is é in crann fíngharta finn
    5. At-chuala ria senaib sunn
      ferr molad iná cach mod:
      nach fitir Finnachta fial
      connach cian marus in crod
    6. Téit in crod a seilb cach áin
      ac síol Adaim im gharuar:
      baegal cach nech fó nim náir
      téit fá sech a saegal uad
    7. Coirpre is Cormac ocus Art
      Conn ria riched ríg-leptha:
      cia ro gabsat Temair tenn
      dar lem is ferr Fínnachta

Ro maithed tra in borama cidb é mod do Mo l- Ling. Ocus ciarbo h-aithrech la Finnachta nír fhét a tobach arís ó Laignib.


p.405

675.2

At-berat araile dana is do chiunn nime ro maith Finnachta in borama et hoc verius est. Uair táinic Adamnán fó chétóir d' innsaigid Fhinnachta dar éis Mo l-Ling ocus ro chuir cléirech dia muintir ar chenn Fhinnachta co tísedh dia acallaim. Is ann búi Finnachta ac imbirt fhidchille. ‘Tair do acallaim Adamnáin’ or in cléirech. ‘Ní rag’ ol Finnachta ‘co tair in cluiche-se’. Tánaic in cléirech reime co dú i r-raibe Adamnán ocus ro innis dó frecra Finnachta. ‘Éirg-se chuice-sium’, ar Adamnán ‘ocus abair ris co n-gébat-sa caecait salm ind airet-sin. Ocus atá salm isin chaecait-sin ocus iarrfat-sa ar in g-Coimdid 'sin salm-sin connach géba mac ná ua dó-sum ná fer comanma ríge n-Eirenn co bráth. Ní tarat dana Finnachta do mod-sain acht ro imbir a fidchill co ruc in cluiche. ‘Tair do acallaim Adamnáin’ or in cléirech. ‘Ní ragh’ or Finnachta ‘co tair in cluiche-se’. Ro innis in cléirech do Adamnán, ‘Abair-siu fris-sium’ ar Adamnán ‘Gébat-sa caecait aile sunn ocus atá salm isin chaecait-sin ocus iarfat-sa for in g-Coimdid isin t-sal-sin gairde shaegail do-sum’. Do innis in cléirech sin do Finnachta. ‘Ní tarat Finnachta dá úid acht ro imbir a chluiche co tarnacair do ar in fidchill’. ‘Tair do acallaim Adamnáin’or in cléirech. ‘Ní rag’ ar Finnachta ‘co tair in cluiche-se’. Tánaic in cléirech d'innsaigid Adamnáin ocus ro innis do frecra Finnachta. ‘Éirg-siu’ar Adamnán ‘ar amus Finnachta, ocus abair fris gébat-sa in tres caecait ocus atá salm isin chaecait-sin ocus cuindech-sa ar in Coimdid cin flaithes nime do faghbáil dó-sum. Ro innis in cléirech sin do Finnachta. Mar at-chuala Finnachta sin ro chuir in fidchill uad co tric ocus táinic conice bail i r-raibe Adamnán. ‘Cid dot-uc innosa’ ar Adamnán ‘ocus ná tánacais risin cét-techtairecht’. ‘Iss ed fodera’ ar Finnachta: ‘In tómaithem do-rónais form .i. cin mac ná ua uaim ná fer mo chomanma do ghabáil ríge Eirenn ocus gairde shaegail do beith ocum. Étrom forum sin. Do gell Mo l-Ling nem dam. Ocus ro gellais-se innosa cin chennsa in Choimded d' faghbáil dam. Is uime thánac ocus ní fhuil a fhulang-saide acum-sa’. {folio 63}‘In fíor’ or Adamnán ‘in borama do maithem duit lá ocus adaig do Mo l- Ling’. ‘Is fíor’ or Finnachta’. ‘Ro mellad tu’ ar Adamnán, ‘uair is inann sin ocus a maithem tria bithu.’ Ocus is amlaid ro búi oc tabairt achmasáin do. Ocus ro chan:-’

    1. Indiu cia chenglaid cuaca
      in crín-liath cin déta:
      in buar do maith do Mo Ling
      deithbir do'n ching nisn-éta
    2. Dámad meise Finnachta
      is comad mé flaith Temra:
      co bráth nocha tibérainn
      's ní dingénainn 'na n-derna

    3. p.406

    4. Cach nach maithenn a chíos
      is fata bít a scéla:
      mairc do-rat in dáil do-rat
      in tí as lag is dó as méla
    5. Do-arnacair do ghaesa
      is ar baesa co m-bine:
      mairc rí ro maith in cíos-sa
      a Iossa nemda nime
    6. Sochla cach nech ó threbus
      is mairc lenus do liatha:
      fata in dál-sa mad caide
      is faite comad fiacha
    7. Dámsam ríse ruadus crú
      ro tairnfinn mo bídbada:
      ro thóicébainn mo diongna
      ropsat iomda m' írgala
    8. Roptís imda m' írgala
      mo bretha niptís guacha:
      roptís fíora mo dála
      roptís lána mo tuatha
    9. Roptís imfaicse m' airde
      roptís diangne mo chaingne:
      in dál-sa ciamad tecmaing
      nocha lecfainn re Laigne
    10. Guidim-se itche for Dia
      nachom-tair bás ná baegal:
      co ro térna indiu Mo l-Ling
      ní taeth do rinn ná d' faebar
    11. Mac Failléin fer dar múra
      ní chláidfiter dar cúla:
      ro fhitir rúna Meic Dé
      ro fhitir Mac Dé a rúna
    12. Trí caecait salm cach dia
      iss ed ghaibius ar Dia:
      trí caecait bocht seol soirthe
      iss ed biathus cach n-oidche
    13. In bile buada bisig
      in fisid cosna fesaib:
      long lerda fo-fuair fáilte
      tonn Berba báirce Bresail
    14. Ind long óir is án inne
      in clár óir ós na clanna:
      éicne Dubghlaise duinne
      fuaim tuinne tonn fri h-alla